|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/1032 |
27.2.2025 |
P9_TA(2024)0144
Sábháilteacht bréagán agus Treoir 2009/48/CE a aisghairm
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht bréagán agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/48/CE (COM(2023)0462 – C9-0317/2023 – 2023/0290(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
(C/2025/1032)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0462), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0317/2023), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
g féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 13 Nollaig 2023 (1), |
|
— |
ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A9-0044/2024), |
|
1. |
ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é; |
|
2. |
á iarraidh go ndnfadh an Coimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta. |
(1) IO C, 2024/1577, 5.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1577/oj.
P9_TC1-COD(2023)0290
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna nglacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht bréagán agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/48/CE
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Glacadh Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) chun ardleibhéal sábháilteachta bréagán agus a saorghluaiseacht ar an margadh inmheánach a áirithiú. |
|
(2) |
Is grúpa an-leochaileach iad leanaí. Tá sé fíor-riachtanach leibhéal ard sábháilteachta a áirithiú do leanaí agus iad ag súgradh le bréagáin. Ba cheart go mbeadh leanaí, lena n-áirítear leanaí cosanta go hoiriúnach faoi mhíchumas, a chosaint go leordhóthanach ar rioscaí a d’fhéadfadh teacht as bréagáin, go háirithe lena n-áirítear ó na substaintí ceimiceacha a d’fhéadfadh a bheith i mbréagáin.An tráth céanna, ba cheart go mbeadh bréagáin chomhlíontacha in ann gluaiseacht faoi shaoirse ar fud an mhargaidh inmheánaigh gan ceanglais bhreise. [Leasú 1] |
|
(3) |
Thángthas ar an gconclúid i meastóireacht an Choimisiúin ar Threoir 2009/48/CE go bhfuil an Treoir ábhartha agus éifeachtach go ginearálta maidir le leanaí a chosaint. Mar sin féin, sainaithníodh inti freisin roinnt easnamh a tháinig chun cinn le linn chur i bhfeidhm praiticiúil na Treorach ó glacadh in 2009 í. Go háirithe, sainaithníodh sa mheastóireacht easnaimh áirithe maidir leis na rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as ceimiceáin dhíobhálacha i mbréagáin. Thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht freisin go bhfanann roinnt mhaith bréagán neamhchomhlíontach agus neamhshábháilte ar mhargadh an Aontais. |
|
(4) |
Iarradh sa Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht (3) go neartófaí cosaint tomhaltóirí ar na ceimiceáin is díobhálaí agus go leathnófaí an cur chuige cineálach i dtreo ceimiceáin dhíobhálacha (bunaithe ar thoirmisc choisctheacha chineálacha) chun a áirithiú go gcosnófar tomhaltóirí, grúpaí leochaileacha agus an comhshaol ar bhealach níos comhsheasmhaí. Go háirithe, gealltar leis an straitéis go neartófar Treoir 2009/48/CE maidir le cosaint ar na rioscaí a bhaineann leis na ceimiceáin is díobhálaí agus na héifeachtaí comhcheangailte a d’fhéadfadh a bheith ag ceimiceáin. |
|
(5) |
Ós rud é gur gá na rialacha lena leagtar amach na ceanglais maidir le bréagáin, go háirithe na ceanglais fhíor-riachtanacha agus na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud an Aontais, agus nach féidir leis na Ballstáit iad a chur chun feidhme ar bhealaí éagsúla, ba cheart rialachán a chur in ionad Threoir 2009/48/CE. |
|
(6) |
Tá bréagáin faoi réir Rialachán (AE) 2023/988 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí freisin (4), a bhfuil feidhm aige ar bhealach comhlántach maidir le hábhair nach gcumhdaítear le reachtaíocht earnála shonrach maidir le táirgí tomhaltais. Go háirithe, tá feidhm ag Roinn 2 de Chaibidil III agus Caibidil IV i ndáil le díolacháin ar líne, Caibidil VI maidir leis an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate agus an Tairseach Ghnó um Fholáireamh maidir le Sábháilteacht Táirgí agus Caibidil VIII maidir leis an gceart chun faisnéise agus leighis maidir le bréagáin freisin. Dá bhrí sin, ní áirítear sa Rialachán seo forálacha sonracha maidir le ciandíolacháin agus díolacháin ar líne, tuairisciú timpistí ag oibreoirí eacnamaíocha agus an ceart chun faisnéise agus leighis ach, ina ionad sin, ceanglaítear ar oibreoirí eacnamaíocha a sholáthraíonn faisnéis faoi shaincheisteanna sábháilteachta a bhaineann le bréagáin údaráis agus tomhaltóirí a chur ar an eolas i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2023/988. |
|
(7) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), leagtar síos rialacha maidir le creidiúnú comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus leagtar síos prionsabail ghinearálta na marcála CE. Ba cheart an Rialachán sin a bheith infheidhme maidir le bréagáin d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonann bréagáin a bhaineann tairbhe as an tsaorghluaiseacht earraí laistigh den Aontas ceanglais lena soláthraítear ardleibhéal cosanta ar shláinte agus ar shábháilteacht daoine agus go háirithe leanaí. |
|
(8) |
I gCinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) leagtar síos prionsabail choiteanna agus forálacha tagartha a bhfuil sé beartaithe feidhm a bheith acu maidir leis an reachtaíocht táirge ar fad san earnáil, chun bonn comhleanúnach a chur ar fáil le haghaidh reachtaíocht den sórt sin. Ba cheart, dá bhrí sin, an Rialachán seo a dhréachtú, a mhéid is féidir, i gcomhréir leis na prionsabail choiteanna agus na forálacha tagartha sin. |
|
(9) |
Ba cheart go leagfaí síos leis an Rialachán seo ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le bréagáin chun ardleibhéal cosanta a áirithiú le haghaidh sláinte agus sábháilteachta leanaí agus iad ag súgradh le bréagáin chomh maith le saorghluaiseacht bréagán san Aontas. Ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm chun feidhme agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal an réamhchúraim. [Leasú 2] |
|
(10) |
Chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ag monaróirí agus ag údaráis náisiúnta a éascú, ba cheart a raon feidhme a shainiú go soiléir. Ba cheart feidhm a bheith aige maidir leis na táirgí uile atá deartha nó beartaithe lena n-úsáid ag leanaí faoi bhun 14 bliana d’aois. Is féidir táirge a mheas mar bhréagán fiú mura bhfuil sé beartaithe go heisiach chun críocha súgartha agus má tá feidhmeanna breise eile aige. Cé acu a bhaineann nó nach mbaineann luach súgartha le táirge, braitheann sé ar an úsáid atá beartaithe ag an monaróir nó ar úsáid an táirge atá measartha intuartha ag tuismitheoir nó ag maoirseoir. An tráth céanna, is gá bréagáin áirithe nach bhfuil beartaithe d’úsáid tís a eisiamh óna raon feidhme, amhail trealamh clóis súgartha poiblí nó meaisíní uathoibríocha atá beartaithe d’úsáid phoiblí, nó bréagáin eile atá feistithe le hinnill dócháin nó gaile, ós rud é go bhféadfadh bréagáin den sórt sin rioscaí a chruthú do shláinte agus do shábháilteacht leanaí nach dtugtar aghaidh orthu leis an Rialachán seo. Ina theannta sin, ba cheart liosta de tháirgí a sholáthar a d’fhéadfaí a mheascadh le bréagáin ach nach meastar a bheith ina mbréagáin de réir bhrí an Rialacháin seo. |
|
(11) |
Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le bréagáin atá nua ar mhargadh an Aontais nuair a chuirtear ar an margadh iad, i.e. bréagáin nua arna ndéanamh ag monaróir atá bunaithe san Aontas nó bréagáin, bídís ina mbréagáin nua nó athláimhe, a allmhairítear ó thríú tír. Tagann sábháilteacht táirgí athláimhe eile faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). |
|
(12) |
Chun cosaint leordhóthanach a áirithiú ar leanaí agus ar dhaoine eile, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le gach cineál soláthair bréagán, lena n-áirítear ciandíolacháin dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). |
|
(13) |
Ba cheart go n-áiritheodh ceanglais fhíor-riachtanacha sábháilteachta do bhréagáin cosaint ar gach guais ábhartha sláinte agus sábháilteachta a bhaineann le bréagáin, d’úsáideoirí nó do thríú páirtithe. Ba cheart go gcumhdófaí le ceanglais sábháilteachta áirithe na hairíonna fisiceacha agus meicniúla, an inadhainteacht, na hairíonna ceimiceacha, na hairíonna leictreacha, an sláinteachas agus an radaighníomhaíocht chun a áirithiú go gcosnófar sábháilteacht leanaí go leordhóthanach in aghaidh na nguaiseacha sonracha sin. Ós rud é go bhféadfadh bréagáin a mbaineann guaiseacha leo agus nach gcumhdaítear le ceanglas sábháilteachta áirithe a bheith ann nó a fhorbairt, is gá ceanglas ginearálta sábháilteachta a choinneáil ar bun chun a áirithiú go gcosnófar leanaí i leith bréagáin den sórt sin. Ba cheart sábháilteacht bréagán a chinneadh trí thagairt a dhéanamh don úsáid atá beartaithe, agus an úsáid intuartha á cur san áireamh freisin, agus iompar leanaí á chur san áireamh, nach léiríonn an cúram céanna agus an gnáthúsáideoir fásta. I dteannta a chéile, ba cheart go mbeadh an ceanglas sábháilteachta ginearálta agus na ceanglais sábháilteachta áirithe ina gceanglais fhíor-riachtanacha sábháilteachta le haghaidh bréagán. |
|
(14) |
Mar thoradh ar a bheith ag brath ar theicneolaíochtaí digiteacha, tá guaiseacha nua ann i mbréagáin. Ní mór do bhréagáin raidió ceanglais fhíor-riachtanacha a chomhlíonadh maidir le chun príobháideachas agus bréagáin atá nasctha leis an idirlíon a chosaint, ní mór dóibh chun coimircí i dtreo na cibearshlándála agus cosaint ar chalaois a ionchorprú i gcomhréir le Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Comhlíonfaidh bréagáin lena n-áirítear ina n-áirítear an intleacht shaorga Rialachán (AE).../... [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach sraithuimhir don Rialachán lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga] (10). Dá bhrí sin, níor ba cheart go gcomhlíonfadh na bréagáin sin caighdeáin sábháilteachta, slándála agus príobháideachais trí dhearadh. Ba cheart déileáil le ceanglais sábháilteachta áirithe ar leith maidir leis an gcibearshlándáil, cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachais ná príobháideachas nó guaiseacha eile a eascraíonn as ionchorprú na hintleachta saorga i mbréagáin a leagan amach. Mar sin féin, le sláinte leanaí a chosaint, níor cheart a áirithiú nach é amháin gur ann d’easpa galair nó éiglíochta agus d’fhéadfadh rioscaí a bheith ag baint le brath ar theicneolaíochtaí digiteacha, ar rioscaí iad a théann níos faide ná a sláinte fhisiciúil laistigh den reachtaíocht shonrach . Chun a áirithiú go gcosnófar leanaí ar aon riosca a thagann ó úsáid teicneolaíochtaí digiteacha i mbréagáin, ba cheart go n-áiritheofaí leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta sláinte shíceolaíoch agus mheabhrach leanaí, chomh maith le folláine agus forbairt chognaíoch leanaí. [Leasú 3] |
|
(14a) |
Faoi Rialachán (AE).../... [IO cuir isteach an tsraithuimhir don Rialachán lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga], bréagáin ina bhfuil córais intleachta saorga mar chomhpháirteanna sábháilteachta, meastar gur IS ardriosca iad. Thairis sin, faoin nGníomh um an gCibear-Athléimneacht, meastar gur táirgí tábhachtacha a bhfuil gnéithe digiteacha acu (Aicme I) iad bréagáin atá nasctha leis an idirlíon a bhfuil gnéithe idirghníomhacha sóisialta acu (e.g. labhairt nó scannánú) nó a bhfuil gnéithe rianaithe suímh acu. Ar bhonn na Rialachán sin, is gá measúnú comhréireachta tríú páirtí a dhéanamh ar bhréagáin den sórt sin, ach amháin má tá caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha curtha i bhfeidhm ag an monaróir. [Leasú 4] |
|
(14b) |
Ba cheart a chur san áireamh sa mheasúnú sábháilteachta an riosca don tsláinte a bhaineann le bréagáin atá nasctha go digiteach, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear aon riosca don mheabhairshláinte. Dá bhrí sin, agus measúnú á dhéanamh ar shábháilteacht bréagán atá nasctha go digiteach ar dócha go mbeidh tionchar acu ar leanaí, ba cheart do mhonaróirí a áirithiú go gcomhlíonann na táirgí a chuireann siad ar fáil ar an margadh na caighdeáin is airde sábháilteachta, slándála agus príobháideachais trí dhearadh, ar mhaithe le leas leanaí. [Leasú 5] |
|
(15) |
Ba cheart go gcomhlíonfadh bréagáin ceanglais fhisiceacha agus mheicniúla a chuireann cosc ar leanaí gortú fisiciúil a fháil agus iad ag súgradh le bréagáin agus níor cheart go mbeadh baol tachta ná plúchta ann do leanaí. D’fhonn Chun leanaí a chosaint ar bhaol na héisteachta lagaithe, ba cheart luachanna uasta uasluachanna a leagan amach maidir le agus aird á tabhairt ar staidéir agus ar mholtaí ó shaineolaithe leighis don torann spreagtha agus tuairte agus don torann leanúnach a astaíonn bréagáin araon. atá ceaptha chun fuaim a astú. Bréagáin nó a bpáirteanna agus a bpacáistíocht ar féidir coinne a bheith leis go réasúnach go mbeidh siad i dtadhall le bia nó go n-aistreoidh siad a gcomhdhamhnaí chuig bia faoi ghnáthdhálaí úsáide nó faoi dhálaí úsáide intuartha, beidh siad faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Ina theannta sin, is iomchuí ceanglais shonracha sábháilteachta a leagan síos chun an ghuais shonrach a d’fhéadfadh a bheith ag baint le bréagáin i mbia a chumhdach, ós rud é go bhféadfadh an bhaint idir bréagán agus bia a bheith ina cúis le riosca tachta atá éagsúil leis na rioscaí a bhaineann leis an mbréagán amháin agus nach gcumhdaítear, dá bhrí sin, le haon bheart sonrach ar leibhéal an Aontais. Ba cheart go n-áiritheofar le bréagáin cosaint leordhóthanach a mhéid a bhaineann le hinadhainteacht nó airíonna leictreacha, go háirithe chun dónna nó turraingí leictreacha a chosc. Thairis sin, ba cheart go gcomhlíonfadh bréagáin caighdeáin sláinteachais áirithe chun rioscaí micribhitheolaíocha nó rioscaí eile ionfhabhtaithe nó éillithe a sheachaint. [Leasú 6] |
|
(16) |
Ceimiceáin a aicmítear mar cheimiceáin atá carcanaigineach, só-ghineach nó tocsaineach don atáirgeadh (substaintí CMR), ceimiceáin a mbíonn tionchar acu ar an gcóras inchríneach, ar an gcóras riospráide nó atá tocsaineach d’orgán sonrach ar leith nó atá soghluaiste, marthanach, bithbhailithe agus tocsaineach , tá siad thar a bheith díobhálach go háirithe do leanaí agus don chomhshaol agus ba cheart aghaidh a thabhairt orthu go sonrach i mbréagáin.I bhfianaise an róil ríthábhachtaigh atá ag an gcóras inchríneach le linn fhorbairt an duine, is féidir le nochtadh luath do shuaiteoirí inchríneacha le linn tréimhsí criticiúla, amhail luath-óige, a bheith ina chúis le héifeachtaí díobhálacha fiú ag dáileoga an-íseal agus is féidir tionchar a bheith aige ar an tsláinte ag céim níos déanaí den saol. Is féidir le híogróirí riospráide a bheith ina gcúis le méadú ar asma óige agus tá substaintí néarthocsaineacha go háirithe díobhálach d’inchinn leanaí atá i mbéal forbartha, rud atá níos leochailí ó thaobh gortú tocsaineach ná inchinn an duine fásta . Bíonn nochtadh leanúnach mar thoradh ar mharthanacht agus bithbhailiú agus, dá bhrí sin, cuireann sé leis an riosca go mbeidh éifeachtaí díobhálacha ann. Tá roinnt ceimiceán tocsaineach soghluaiste sa chomhshaol freisin . Ba cheart go mbeadh leanaí cosanta go hoiriúnach freisin ar shubstaintí ailléirgineacha agus ar mhiotail áirithe. Ní mór na ceanglais maidir le substaintí ceimiceacha a leagtar amach i dTreoir 2009/48/CE a thabhairt cothrom le dáta agus a neartú. Comhlíonfaidh bréagáin an reachtaíocht ghinearálta maidir le ceimiceáin, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). D’fhonn cosaint bhreise a thabhairt do leanaí, ar grúpa leochaileach tomhaltóirí iad, agus do dhaoine eile, ba cheart an creat dlíthiúil sin a fhorlíonadh le toirmisc chineálacha i mbréagáin lena gcumhdaítear ceimiceáin ghuaiseacha áirithe, mar a aicmítear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Ba cheart feidhm a bheith ag na toirmisc chineálacha sin maidir le substaintí CMR, suaiteoirí inchríneacha do shláinte an duine agus don chomhshaol , íogróirí riospráide agus substaintí atá dírithe ar orgán sonrach, a luaithe a aicmítear na substaintí sin mar shubstaintí guaiseacha ar leith nó atá soghluaiste, marthanach, bithbhailithe agus tocsaineach agus a chomhlíonann na critéir maidir le haicmiú nó atá aicmithe mar ghuaiseach faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 (14).Chun sábháilteacht bréagán a áirithiú, ba cheart go mbeadh substaintí toirmiscthe inghlactha ag ar rianleibhéil , ach sin sa chás ach amháin má bhíonn a láithreacht ar na leibhéil sin dosheachanta nach féidir a sheachaint ó thaobh na teicneolaíochta de go bhfuil siad i láthair ar na leibhéil sin le dea-chleachtais le dea-chleachtais mhonaraíochta agus má tá an bréagán sábháilte. [Leasú 7] |
|
(17) |
D’fhonn foráil a dhéanamh maidir le solúbthacht I gcás nach gcuirtear sábháilteacht leanaí i mbaol agus i gcás inar gá bréagáin áirithe a chur nach bhfuil aon substaintí nó meascáin mhalartacha oiriúnacha ar fáil ar an margadh, ba cheart a bheith in ann maolú a dhéanamh ar , d’fhéadfaí substaintí agus meascáin i mbréagáin a dhíolmhú ó na toirmisc chineálacha ar shubstaintí ceimiceacha i mbréagáin. Ba cheart feidhm ghinearálta teorainn ama a bheith ag maoluithe ar le díolúintí ó thoirmisc chineálacha lena gceadaítear substaintí toirmiscthe agus meascáin thoirmiscthe a úsáid , ba cheart iad a bheith infheidhme go ginearálta agus níor cheart iad a bheith indéanta ach amháin i gcás ina meastar go bhfuil úsáid na substainte ábhartha nó na meascán ábhartha sábháilte do leanaí, i gcás nach bhfuil sé indéanta go teicniúil substaintí toirmiscthe den sórt sin a dhíothú nó a ionadú trí athruithe deartha nó ábhair nó comhábhair eile, i gcás nach bhfuil aon roghanna malartacha atá aon rogha mhalartach inmharthana ó thaobh tráchtála de ann don go teicniúil ann maidir leis an tsubstaint nó meascán, i gcás inar cuireadh isteach plean ionadaíochta arna iarraidh sin don ECHA agus i gcás nach bhfuil toirmeasc ar úsáid na substainte nó an mheascáin in earraí tomhaltais faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Ba cheart do na coistí eolaíocha ábhartha sa Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht na substainte i mbréagáin d’fhonn comhsheasmhacht agus an tsubstaint sin chun a áirithiú go mbainfear úsáid chomhsheasmhach agus éifeachtúil as acmhainní a áirithiú agus agus substaintí agus meascáin á measúnú á dhéanamh ar shubstaintí ceimiceacha san Aontas. [Leasú 247] |
|
(18) |
Ba cheart an deis a bheith ag oibreoirí eacnamaíocha, comhlachais tionscail nó páirtithe leasmhara eile iarraidh ar mheasúnú a chur isteach maidir le húsáid cheadaithe a bhaineann le substaint áirithe atá faoi réir thoirmeasc cineálach ECHA. Ba cheart do ECHA an fhormáid agus an meán chun iarrataí ar mheasúnú a chur isteach a tharraingt suas agus a chur ar fáil. Ina theannta sin, ar chúiseanna trédhearcachta agus intuarthachta, ba cheart do ECHA treoraíocht theicniúil agus eolaíoch a eisiúint maidir le hiarrataí den sórt sin ar mheasúnú. |
|
(19) |
Mheas an Coiste Eolaíoch um Rioscaí Sláinte agus Comhshaoil, agus Rioscaí atá ag Teacht chun Cinn úsáid nicile i gcruach dhosmálta agus i gcomhpháirteanna lena dtarchuirtear sruth leictreach a bheith sábháilte i mbréagáin agus ba cheart an úsáid sin a cheadú. Ba cheart go gceadófaí substaintí eile atá riachtanach chun sruth leictreach a tharchur i mbréagáin chun go bhféadfar bréagáin leictreacha a chur ar fáil má tá substaintí den sórt sin dorochtana go hiomlán do leanbh atá ag súgradh leis an mbréagán agus nach mbaineann riosca leo dá bhrí sin. |
|
(20) |
Ós rud é go rialaítear ceallraí le Rialachán (AE).../... [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach sraithuimhir don Rialachán maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola] (15), níor cheart feidhm a bheith ag na ceanglais maidir le substaintí ceimiceacha i mbréagáin maidir leis na ceallraí a áirítear i mbréagáin. Mar sin féin, ba cheart bréagáin lena n-áirítear ceallraí a dhearadh sa chaoi go mbeidh sé deacair do leanaí rochtain a fháil ar na ceallraí. I gcásanna nach bhféadfaí an bréagán a dhearadh, mar gheall ar chineál, méid nó foirm na bréagán, nó na leictreonaice beag laistigh, ar bhealach ina mbeadh an ceallra inmheánach inbhainte agus in-athsholáthraithe ag an úsáideoir deiridh agus ag an am céanna sábháilteacht an linbh agus úsáid leanúnach shábháilte an bhréagáin a áirithiú, d’fhéadfaí an bréagán a dhearadh sa chaoi go mbeadh an ceallra inbhainte agus in-athsholáthraithe ag oibreoirí neamhspleácha. [Leasú 8] |
|
(21) |
Léiríodh gurb iomchuí iad na teorainnluachanna atá ann cheana le haghaidh substaintí ceimiceacha áirithe agus a modhanna tástála comhfhreagracha chun leanaí a chosaint a mhéid a bhaineann leis na substaintí sin agus ba cheart iad a choinneáil ar bun. Chun oiriúnú d’eolas eolaíoch nua, ba cheart an Coimisiún a chumhachtú na teorainnluachanna sin a athbhreithniú i gcás inar gá i gcomhréir le prionsabal an réamhchúraim agus le cur chuige na hAon Sláinte Amháin . Teorainnluachanna d’arsanaic, caidmiam, cróimiam VI, luaidhe, mearcair agus stán orgánach, atá sách tocsaineach agus nár cheart, dá bhrí sin, a úsáid d’aon ghnó i mbréagáin, ba cheart iad a leagan amach ag leath na luachanna a mheasann an comhlacht eolaíoch ábhartha a bheith sábháilte, chun a áirithiú nach bhfuil ach rianta atá comhoiriúnach le dea-chleachtas monaraíochta sa bhréagán. Níor cheart úsáid cróimiam VI, caidmiam, mearcair agus luaidhe, eilimintí an-tocsaineacha, a cheadú i mbréagáin, mura féidir a láithreacht a sheachaint go teicniúil faoi dhea-chleachtas monaraíochta agus mura sáraíonn a n-iarmhair teorainn an bhraite san ábhar aonchineálach. [Leasú 248] |
|
(21a) |
Is miotail tocsaineach a tharlaíonn go nádúrtha é luaidhe a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le hailse scamhóg, inchinne, ghoile, agus duáin i ndaoine. Is féidir leis dul isteach in uisce óil nuair a bhíonn ábhair phluiméireachta ann ina bhfuil corróid luaidhe iontu, go háirithe i gcás ina bhfuil aigéadacht ard nó cion mianrach íseal ag an uisce a chreimeann píopaí agus daingneáin. Leagtar amach i dTreoir (AE) 2020/2184 (16) forálacha maidir le cion luaidhe in uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine. Dá bhrí sin, ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfadh iarmhair íosta luaidhe a bheith i mbréagáin a tháirgtear le huisce mar gheall ar an uisce a úsáidtear sa phróiseas monaraíochta. Ba cheart a mheas go bhfuil iarmhair den sórt sin dosheachanta go teicniúil faoi dhea-chleachtas monaraíochta i gcás nach féidir iad a dhíothú trí mhodhanna scagtha nó ionsúcháin atá ar fáil. [Leasú 249] |
|
(22) |
Áirítear i dTreoir 2009/48/CE teorainnluachanna le haghaidh substaintí áirithe i mbréagáin atá beartaithe do leanaí faoi bhun 36 mhí nó a bheartaítear a chur sa bhéal. Tá sé léirithe ag na substaintí sin freisin go bhfuil riosca ag baint leo do leanaí níos sine, toisc go bhféadfaí iad a nochtadh mar an gcéanna do cheimiceáin den sórt sin trí theagmháil leis an gcraiceann nó trí ionanálú. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na teorainnluachanna sin maidir le gach bréagán. Ó glacadh na teorainnluachanna do bhisfeanól A i dTreoir 2009/48/CE, tá sonraí eolaíocha nua tagtha chun cinn. Rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) athmheastóireacht ar na rioscaí don tsláinte phoiblí ó nochtadh cothaithe do bhisfeanól A i mí Aibreáin 2023 agus chinn sé gur ábhar imní sláinte é nochtadh do bhisfeanól A do thomhaltóirí thar gach aoisghrúpa. Tá iontógáil laethúil nua infhulaingthe bisfeanóil A bunaithe ag EFSA atá i bhfad níos ísle ná an ceann roimhe sin. I bhfianaise na fianaise eolaíche sin, ba cheart go dtiocfadh bisfeanól A faoin toirmeasc cineálach ar shubstaintí CMR i mbréagáin. |
|
(22a) |
Is fine mhór de níos mó ná 10 000 ceimiceán de dhéantús an duine iad substaintí sárfhluarailcile agus polafluairailcile (PFASanna). Ó tháinig siad chun cinn go déanach sna 1940idí, baineadh úsáid as PFASanna i réimse táirgí tomhaltais atá ag éirí níos leithne de réir a chéile. Tá baint ag nochtadh do na PFASanna is mó a ndearnadh staidéar orthu le raon éifeachtaí díobhálacha sláinte, lena n-áirítear galar tíoróidigh, damáiste ae, otracht, diaibéiteas agus freagairt laghdaithe ar ghnáthvacsaínithe, chomh maith le riosca méadaithe ailse chíche, duáin agus uiríoch. Níor cheart go mbeadh aon substaintí sárfhluarailcile agus polafluairailcile (PFASanna) i mbréagáin. [Leasú 9] |
|
(23) |
Chun cosaint leordhóthanach ar shubstaintí sonracha ceimiceacha a áirithiú i gcás eolas eolaíoch nua, ba cheart go dtabharfaí an Coimisiún a chumhachtú gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena mbunófar teorainnluachanna sonracha d’aon substaint cheimiceach a úsáidtear i mbréagáin. Más rud é go bhfuil údar cuí leis i gcásanna bréagán lena mbaineann leibhéal níos airde nochta, ba cheart go leagfaí amach sna gníomhartha tarmligthe sin teorainnluachanna sonracha le haghaidh bréagáin atá beartaithe lena n-úsáid ag leanaí faoi bhun 36 mhí agus i mbréagáin eile a bheartaítear a chur sa bhéal, agus na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 agus na difríochtaí idir bréagáin agus ábhair a bhíonn i dteagmháil le bia nó le hearraí as a bhféadfadh rioscaí teacht chun cinn mar thoradh ar theagmháil béil trína n-úsáid mar ábhar a bhíonn i dteagmháil le bia á gcur san áireamh. Bíonn rioscaí speisialta ag cumhráin i mbréagáin do shláinte an duine. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha sonracha a leagan amach maidir le cumhráin a úsáid i mbréagáin agus maidir le cumhráin a lipéadú. Ba cheart an Coimisiún a chumhachtú gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na rialacha sin a leasú chun oiriúnuithe don dul chun cinn teicniúil agus eolaíochta a cheadú. |
|
(24) |
I gcás nach féidir aghaidh a thabhairt go hiomlán ar na guaiseacha a d’fhéadfadh a bheith ag bréagán trí dhearadh, ba cheart aghaidh a thabhairt ar an riosca iarmharach le faisnéis a bhaineann le táirge a bheidh dírithe ar mhaoirseoirí na leanaí i bhfoirm rabhadh, agus inniúlacht na maoirseoirí sin na réamhchúraimí is gá a dhéanamh á cur san áireamh. Chun a chinntiú go dtaispeántar an fhaisnéis go héifeachtúil, is féidir leis an monaróir cód QR a chur leis a sholáthraíonn nasc chuig an treoir i bhformáid dhigiteach, ach ba cheart dó rabhaidh a mharcáil ar an mbréagán i gcónaí, ar lipéad greamaithe nó ar an bpacáistíocht. [Leasú 10] |
|
(25) |
Chun mí-úsáid rabhadh chun dul timpeall ar na ceanglais sábháilteachta is infheidhme a chosc, níor cheart na rabhaidh a thugtar do chatagóirí áirithe bréagán a cheadú má tá siad i gcoinbhleacht leis an úsáid atá beartaithe don bhréagán. Chun a áirithiú go bhfuil mbeidh maoirseoirí ar an eolas faoi aon riosca rioscaí a bhaineann leis an mbréagán, is gá a áirithiú go bhfuil mbeidh na rabhaidh intuigthe, inléite agus infheicthe go soiléir . [Leasú 11] |
|
(25a) |
Chun feasacht ar aon rioscaí a bhaineann leis an mbréagán a áirithiú, go háirithe i gcásanna ina ndéantar an ceannach trí chiandíolacháin agus díolacháin ar líne, ba cheart a áirithiú go mbeidh na rabhaidh ar líne soléite agus infheicthe láithreach. [Leasú 12] |
|
(26) |
Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha gníomhú go freagrach agus go hiomlán i gcomhréir leis na ceanglais dlí is infheidhme agus bréagáin á gcur ar an margadh nó bréagáin á gcur ar fáil ar an margadh acu. |
|
(27) |
Chun leibhéal ard cosanta do shláinte agus sábháilteacht leanaí agus iomaíocht chóir ar an margadh inmheánach a áirithiú, ba cheart gurb iad na hoibreoirí eacnamaíocha a bheidh freagrach as comhlíonadh bréagán leis an Rialachán seo, i ndáil leis na róil faoi seach atá acu sa slabhra soláthair. |
|
(28) |
Ós rud é nach féidir ach leis an monaróir cúraimí áirithe a chur i gcrích, is gá idirdhealú soiléir a dhéanamh idir oibleagáidí an mhonaróra agus oibleagáidí na n-oibreoirí níos faide síos sa slabhra dáilte. Is gá freisin idirdhealú soiléir a dhéanamh idir oibleagáidí an allmhaireora agus an dáileora, ós rud é go dtugann an t-allmhaireoir bréagáin ó thríú tíortha isteach i margadh an Aontais. Ba cheart don allmhaireoir a áirithiú go gcomhlíonann na bréagáin sin ceanglais an Aontais is infheidhme. |
|
(29) |
Chun cumarsáid a éascú idir oibreoirí eacnamaíocha, na húdaráis um fhaireachas margaidh agus tomhaltóirí nó úsáideoirí deiridh eile, ba cheart do mhonaróirí agus d’allmhaireoirí suíomh gréasáin, seoladh ríomhphoist nó teagmháil dhigiteach eile a chur in iúl chomh maith leis an seoladh poist. |
|
(30) |
Ós rud é go bhfuil eolas mionsonraithe faoin bpróiseas dearthóireachta agus táirgeachta ag an monaróir, tá sé freagrach as comhlíontacht an bhréagáin le ceanglais an Rialacháin seo agus is é is fearr chun an nós imeachta foriomlán um measúnú comhréireachta le haghaidh bréagán a dhéanamh. Dá bhrí sin, ba cheart an oibleagáid maidir le measúnú comhréireachta a bheith ar an monaróir amháin fós. |
|
(31) |
Chun go n-éascófar comhlíontacht a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo ag monaróirí, ba cheart a cheadú do mhonaróirí atá bunaithe san Aontas gníomhaire ginearálta a cheapadh chun cúraimí sonracha a dhéanamh ar a son. Thairis sin, chun a áirithiú go ndáilfear cúraimí go soiléir agus go comhréireach idir an monaróir agus an gníomhaire ginearálta, is gá liosta de chúraimí a leagan amach ar cheart cead a thabhairt do mhonaróirí iad a chur de chúram ar an ionadaí údaraithe. Ina theannta sin, chun in-fhorfheidhmitheacht agus comhlíontacht leis an Rialachán seo a áirithiú, i gcás ina gceapfaidh monaróir atá bunaithe lasmuigh den Aontas ionadaí údaraithe, ba cheart na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1020 a áireamh sa sainordú. |
|
(32) |
Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha a dhéanann idirghabháil sa slabhra soláthair agus dáilte bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú nach gcuirfidh mbeidh rioscaí ag baint leis na bréagáin a chuireann siad ar an margadh sábháilteacht agus sláinte do shábháilteacht agus do shláinte leanaí i mbaol faoi ghnáthchoinníollacha faoi ghnáthdhálaí úsáide agus faoi dhálaí úsáide a mbeadh coinne mbeifí ag súil go réasúnta leo , agus nach gcuireann siad ar fáil ar an margadh ach bréagáin a chomhlíonann reachtaíocht ábhartha an Aontais. [Leasú 13] |
|
(33) |
Is gá a áirithiú go gcomhlíonann bréagáin ó thríú tíortha a thagann isteach i margadh an Aontais ceanglais uile an Aontais is infheidhme, agus go háirithe go bhfuil nósanna imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta curtha i gcrích ag monaróirí maidir leis na bréagáin sin. Dá bhrí sin, ba cheart d’allmhaireoirí a áirithiú go gcomhlíonann na bréagáin a chuireann siad ar an margadh na ceanglais is infheidhme, go bhfuil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta déanta agus go bhfuil marcáil agus doiciméadacht an táirge arna dtarraingt suas ag monaróirí ar fáil do na húdaráis inniúla um fhaireachas margaidh le haghaidh iniúchadh. |
|
(34) |
Agus bréagán á chur ar an margadh acu, ba cheart d’allmhaireoirí a n-ainm agus an seoladh ag ar féidir teagmháil a dhéanamh leo a léiriú ar an mbréagán. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí i gcásanna nach gceadaíonn méid ná cineál an bhréagáin tásc den sórt sin, lena n-áirítear i gcás ina mbeadh ar allmhaireoirí an pacáistiú a oscailt chun a n-ainm agus a seoladh a chur ar an táirge. I gcásanna den sórt sin, ba cheart an t-ainm agus an seoladh a léiriú ar an bpacáistíocht nó ar dhoiciméad a ghabhann léi. |
|
(35) |
Ós rud é go gcuireann an dáileoir bréagán ar fáil ar an margadh tar éis an bréagán a bheith curtha ar an margadh ag an monaróir nó ag an allmhaireoir, ba cheart don dáileoir gníomhú leis an gcúram cuí chun a áirithiú nach ndéanfaidh láimhseáil an bhréagáin dochar diúltach do chomhlíonadh an Rialacháin seo ag an mbréagán sin. |
|
(36) |
Tá dáileoirí agus allmhaireoirí gar don mhargadh agus, dá bhrí sin, ba cheart dóibh a bheith rannpháirteach i gcúraimí faireachais margaidh arna ndéanamh ag na húdaráis náisiúnta inniúla, agus ba cheart dóibh a bheith faoi cheangal a bheith rannpháirteach go gníomhach i gcúraimí den sórt sin agus an fhaisnéis uile is gá a bhaineann leis an mbréagán lena mbaineann a thabhairt do na húdaráis sin. |
|
(37) |
Maidir le hoibreoirí eacnamaíocha Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann bréagán ar an margadh faoina n-ainm ainm nó faoina dtrádmharc thrádmharc féin nó a mhodhnaíonn bréagán ar bhealach ina bhféadfaí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíonadh cheanglais infheidhme an Rialacháin seo, ba cheart a mheas gur monaróir é chun críocha an Rialacháin seo is infheidhme, ba cheart iad a mheas mar mhonaróirí agus ba cheart dóibh dó oibleagáidí na monaróirí an mhonaróra a ghlacadh chucu chuige féin. [Leasú 14] |
|
(37a) |
Tá ról ríthábhachtach ag margaí ar líne sa slabhra soláthair, rud a fhágann gur féidir le hoibreoirí eacnamaíocha dul i dteagmháil le líon mór custaiméirí. I bhfianaise an róil thábhachtaigh atá acu maidir le hidirmheánú a dhéanamh ar dhíol bréagán idir oibreoirí eacnamaíocha agus custaiméirí, ba cheart do mhargaí ar líne freagracht a ghlacadh as aghaidh a thabhairt ar dhíol bréagán nach gcomhlíonann an Rialachán seo agus ba cheart dóibh comhoibriú leis na húdaráis faireachais margaidh. Le Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, soláthraítear an creat ginearálta le haghaidh ríomhthráchtála agus leagtar síos oibleagáidí áirithe le haghaidh ardáin ar líne. Le Rialachán (AE) 2022/2065 rialaítear freagracht agus cuntasacht soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ar líne maidir le hábhar neamhdhleathach, lena n-áirítear táirgí nach gcomhlíonann an Rialachán seo. [Leasú 15] |
|
(38) |
Cuidíonn Trí inrianaitheacht bréagán a áirithiú na hinrianaitheachta bréagáin ar fud an tslabhra soláthair iomláin chun an ina iomláine, i gcomhréir le Rialachán 2023/988, cuidítear le faireachas margaidh a dhéanamh níos simplí agus níos éifeachtúla.Le córas éifeachtúil inrianaitheachta, éascaítear cúram na n-údarás um fhaireachas margaidh rianú a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a chuir bréagáin neamhchomhlíontacha ar fáil ar an margadh. [Leasú 16] |
|
(39) |
D’fhonn Chun an measúnú ar chomhréireacht le ceanglais an Rialacháin seo a éascú, is gá foráil a dhéanamh maidir le toimhde comhréireachta i gcás bréagáin le haghaidh bréagán atá i gcomhréir le leis na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme a ghlactar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) agus a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. [Leasú 17] |
|
(40) |
In éagmais caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha, ba cheart an Coimisiún a chumhachtú gníomhartha cur chun feidhme tarmligthe a ghlacadh lena leagtar amach sonraíochtaí bhforlíontar an Rialachán seo trí shonraíochtaí coiteanna a leagan amach maidir le ceanglais riachtanacha sábháilteachta le haghaidh cheanglais fhíor-riachtanacha an Rialacháin seo, ar choinníoll go n-urramaítear leo, agus an méid sin á dhéanamh aige, ról agus feidhmeanna na n-eagraíochtaí um chaighdeánú, mar réiteach cúltaca eisceachtúil chun éascú a dhéanamh ar oibleagáid an mhonaróra na ceanglais fhíor-riachtanacha riachtanacha a chomhlíonadh, nuair a bhíonn bac ar an bpróiseas caighdeánaithe nó nuair a bhíonn moill ar bhunú na gcaighdeán comhchuibhithe iomchuí. [Leasú 18] |
|
(41) |
Is é marcáil CE, lena gcuirtear comhréireacht táirge in iúl, an toradh sofheicthe ar phróiseas iomlán ina bhfuil measúnú comhréireachta sa chiall is leithne. Tá na prionsabail ghinearálta lena rialaítear an mharcáil CE leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008. Ba cheart rialacha sonracha lena rialaítear greamú na marcála CE maidir le bréagáin a leagan síos sa Rialachán seo. Ba cheart go n-áiritheofaí leis na rialacha sin infheictheacht leordhóthanach na marcála CE chun faireachas margaidh ar bhréagáin a éascú. |
|
(42) |
Ba cheart do mhonaróirí pas táirge digiteach a chruthú chun faisnéis a sholáthar maidir le comhlíonadh bréagán leis an Rialachán seo agus le haon reachtaíocht eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le bréagáin. Ba cheart go gcuirfí dóibh an pas táirge digiteach a choinneáil cothrom le dáta de réir iarrachtaí réasúnta is fearr agus aon athrú is gá a dhéanamh nuair is gá. Ba cheart an pas táirge digiteach a chur in ionad dhearbhú comhréireachta an Aontais faoi Threoir 2009/48/CE , faoi Threoir 2014/53/AE agus faoi aon reachtaíocht eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le bréagáin. agus Ba cheart go n-áireofaí ann a áireamh ann freisin na heilimintí is gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an bhréagáin leis na ceanglais is infheidhme agus leis agus na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme nó le sonraíochtaí nó eilimintí eile. Chun seiceálacha ag údaráis um fhaireachas margaidh ar bhréagáin ag údaráis faireachais margaidh a éascú agus chun ligean do na gníomhaithe sa slabhra soláthair agus do thomhaltóirí rochtain a fháil ar fhaisnéis faoin ar an mbréagán agus ar bhealaí cumarsáide , ba cheart an fhaisnéis ar an bpas táirge digiteach a sholáthar go digiteach agus ar bhealach atá inrochtana go díreach a bhfuil rochtain dhíreach air , trí iompróir sonraí atá greamaithe den bhréagán, dá bpacáistiú nó de na doiciméid a phacáistíocht nó an doiciméadacht a ghabhann leis. Ag brath ar chearta rochtana, ba cheart go mbeadh rochtain láithreach a bheith ag údaráis um fhaireachas margaidh, ag údaráis chustaim, ag oibreoirí eacnamaíocha agus ag tomhaltóirí ar an bhfaisnéis faoin faoi seach maidir leis an mbréagán tríd an iompróir sonraí. [Leasú 19] |
|
(43) |
Chun dúbailt na hinfheistíochta sa digitiú ó na gníomhaithe uile lena mbaineann a sheachaint, lena n-áirítear monaróirí, údaráis um fhaireachas margaidh agus údaráis chustaim, nuair a cheanglaítear le reachtaíocht eile de chuid an Aontais pas táirge le haghaidh bréagán, ba cheart pas táirge aonair a bheith ar fáil ina mbeadh an fhaisnéis a cheanglaítear faoin Rialachán seo agus faoi reachtaíocht eile an Aontais. Ina theannta sin, ba cheart don phas go mbeadh an pas táirge a bheith idir-inoibritheach digiteach go hiomlán idir-inoibritheach le haon phas táirge a cheanglaítear faoi reachtaíocht eile de chuid an Aontais. [Leasú 20] |
|
(44) |
Go háirithe, le Rialachán (AE).../... [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach sraithuimhir don Rialachán maidir le ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí inbhuanaithe] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), leagtar síos ceanglais agus sonraíochtaí teicniúla freisin le haghaidh pas táirge digiteach , chun clárlann lárnach de chuid an Choimisiúin a bhunú ina ndéantar faisnéis faoi phasanna a stóráil agus ina mbíonn idirnasc idir an chlárlann sin agus na córais TF custaim. Féadfar bréagáin laistigh dá raon feidhme a áireamh sa Rialachán sin sa mheántéarma, rud lena gceanglófaí dá bhrí sin pas táirge digiteach a chur ar fáil le haghaidh bréagán. Dá bhrí sin, ba cheart gurbh fhéidir é a bheith indéanta amach anseo faisnéis níos beaichte a áireamh sa phas táirge amach anseo, go háirithe faisnéis a bhaineann le hinbhuaine comhshaoil digiteach. Dá bhrí sin , amhail lorg comhshaoil táirge, faisnéis atá úsáideach chun críocha athchúrsála, ábhar athchúrsáilte ábhair áirithe, faisnéis faoin slabhra soláthair, agus faisnéis chomhchosúil eile. ba cheart don phas táirge digiteach le haghaidh bréagán arna chruthú a chruthaítear faoin Rialachán seo na ceanglais chéanna agus na gnéithe heilimintí teicniúla céanna a chomhlíonadh leo siúd agus a leagtar amach i Rialachán (AE).../... [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach sraithuimhir don Rialachán maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe], lena n-áirítear gnéithe teicniúla, séimeantacha agus eagraíochtúla na cumarsáide a bhaineann le cumarsáid ó cheann go ceann agus an mhalartaithe le malartú sonraí. [Leasú 21] |
|
(45) |
Ós rud é go bhfuil an pas táirge digiteach le cur in ionad dhearbhú comhréireachta an Aontais, tá sé ríthábhachtach go mbeadh sé soiléir, trí phas táirge digiteach le haghaidh bréagán a chruthú agus tríd an marcáil CE a ghreamú díobh, go ndearbhaíonn an monaróir go bhfuil an bréagán i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo agus go nglacann an monaróir freagracht iomlán astu. [Leasú 22] |
|
(46) |
I gcás ina soláthraítear faisnéis eile seachas na heilimintí atá riachtanach don phas táirge digiteach go digiteach, is gá a shoiléiriú gur gá na cineálacha difriúla faisnéise a sholáthar ar leithligh agus iad a idirdhealú go soiléir óna chéile ach trí mheán iompróirí sonraí aonair. Éascófar leis sin obair na n-údarás um fhaireachas margaidh ach soláthrófar leis freisin soiléireacht do thomhaltóirí maidir leis na cineálacha difriúla faisnéise atá ar fáil dóibh i bhformáid dhigiteach. [Leasú 23] |
|
(46a) |
Is micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide (FBManna) iad formhór na monaróirí bréagán atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo, a bhfuil dúshlán suntasach ó thaobh an riaracháin agus na hoibríochta de ag baint le pas táirge digiteach a tharraingt suas ina leith. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún tacaíocht bhreise a chur ar fáil do FBManna chun cabhrú leo na ceanglais nua a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún treoirlínte praiticiúla agus treoir shaincheaptha a fhoilsiú do FBManna. Go háirithe, ba cheart bealach díreach cumarsáide le saineolaithe a chur ar bun chun cabhrú leo measúnuithe sábháilteachta a dhéanamh agus chun pas táirge digiteach a bhunú le haghaidh na mbréagán a tháirgeann siad. [Leasú 24] |
|
(47) |
Caibidil VII de Rialachán (AE) 2019/1020, lena mbunaítear na rialacha maidir le rialuithe ar tháirgí a thagann isteach i margadh an Aontais, tá feidhm aici maidir le bréagáin. Caithfidh na húdaráis atá i gceannas ar na rialuithe, is é sin na húdaráis chustaim i bhformhór na mBallstát, na rialuithe a fheidhmiú ar bhonn anailís riosca dá dtagraítear in Airteagail 46 agus 47 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), ar bhonn a reachtaíochta cur chun feidhme agus na treoraíochta comhfhreagraí. Dá bhrí sin, ní mhodhnaítear ar dhóigh ar bith leis an Rialachán seo Caibidil VII de Rialachán (AE) 2019/1020 ná an chaoi a n-eagraíonn na húdaráis atá i gceannas ar rialuithe ar tháirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais iad féin nó a ndéanann siad a gcuid gníomhaíochtaí. |
|
(48) |
Sa bhreis ar chreat na rialuithe a bhunaítear le Caibidil VII de Rialachán (AE) 2019/1020, ba cheart do na húdaráis chustaim a bheith in ann a fhíorú go huathoibríoch gur ann do phas táirge digiteach le haghaidh bréagáin allmhairithe atá faoi réir an Rialacháin seo chun na rialuithe ag teorainneacha seachtracha an Aontais a neartú agus chun cosc a chur le bréagáin neamhchomhlíontacha teacht isteach i margadh an Aontais. [Leasú 25] |
|
(49) |
Nuair a chuirtear bréagáin ó thríú tíortha faoin nós imeachta custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht, ba cheart don oibreoir eacnamaíoch an tagairt do phas táirge digiteach le haghaidh na mbréagán sin a chur ar fáil do na húdaráis chustaim. Ba cheart go mbeadh an tagairt don phas táirge digiteach ag comhfhreagairt d’aitheantóir uathúil táirge a stóráiltear i gclárlann le haghaidh pasanna táirge arna bhunú faoi Airteagal 12 de [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach sraithuimhir do Rialachán (AE).../... maidir le Ceanglais Éicidhearthóireachta le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe] (an ‘chlárlann’). Ba cheart d’údaráis chustaim fíorú uathoibríoch a dhéanamh ar an bpas táirge a thíolactar don bhréagán sin, chun a áirithiú nach scaoilfear i saorchúrsaíocht ach amháin bréagáin a bhfuil tagairt bhailí acu d’aitheantóir uathúil táirge mar a áirítear sa chlárlann. Chun an fíorú uathoibríoch sin a dhéanamh, ba cheart an t-idirnasc idir an chlárlann agus na córais TF chustaim dá bhforáiltear in [Airteagal 13 de Rialachán (AE).../... maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe] a úsáid. [Leasú 26] |
|
(50) |
I gcás ina stóráiltear faisnéis eile seachas an t-aitheantóir uathúil táirge agus an t-aitheantóir uathúil oibreora sa chlárlann, ba cheart an Coimisiún a chumhachtú gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena gceadaítear d’údaráis chustaim an chomhsheasmhacht a fhíorú idir an fhaisnéis bhreise sin agus an fhaisnéis a chuireann an t-oibreoir eacnamaíoch ar fáil do lucht custaim, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh bréagáin a cuireadh faoin nós imeachta custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht an Rialachán seo. |
|
(51) |
Leis an bhfaisnéis atá sa phas táirge digiteach , ceadaítear do na húdaráis chustaim bainistíocht riosca a shaibhriú agus a éascú agus déantar rialuithe níos spriocdhírithe ag teorainneacha seachtracha an Aontais a chumasú. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh an deis ag na húdaráis chustaim an fhaisnéis a chuimsítear sa phas táirge digiteach agus sa chlárlann a aisghabháil agus a úsáid chun a gcúraimí a dhéanamh i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais, lena n-áirítear bainistíocht riosca i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. [Leasú 27] |
|
(52) |
Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le foilsiú fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a léiríonn an dáta a thiocfaidh an t-idirnasc idir an chlárlann agus Córas Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam dá dtagraítear in Airteagal 13 de [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach sraithuimhir do Rialachán (AE).../... maidir le Ceanglais Éicidhearthóireachta do Tháirgí Inbhuanaithe] i bhfeidhm chun rochtain phoiblí ar an bhfaisnéis sin a éascú. Ba cheart foilseachán comhchosúil a chur ar fáil i gcás ina dtiocfaidh tuilleadh córas TF custaim de chuid an Aontais i bhfeidhm. [Leasú 28] |
|
(53) |
Níor cheart fíorú uathoibríoch na gcustam ar an tagairt do phas táirge digiteach le haghaidh bréagán a thagann isteach i margadh an Aontais a chur in ionad fhreagrachtaí na n-údarás um fhaireachas margaidh ná iad a mhodhnú, ach chun creat foriomlán na rialuithe ar tháirgí a thagann isteach i margadh an Aontais a chomhlánú. Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2019/1020 fós maidir le bréagáin chun a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh seiceálacha ar an bhfaisnéis atá i bpasanna táirgí, seiceálacha ar bhréagáin laistigh den mhargadh i gcomhréir leis an Rialachán sin agus, i gcás ina gcuireann na húdaráis atá ainmnithe chun rialuithe a dhéanamh ag teorainneacha seachtracha an Aontais scaoileadh i saorchúrsaíocht ar fionraí, comhlíontacht agus rioscaí maidir le bréagáin a rialú de bhun Chaibidil VII de Rialachán (AE) 2019/1020. [Leasú 29] |
|
(54) |
Bíonn Nochtar leanaí nochta ar bhonn go laethúil do réimse leathan ceimiceán difriúil de thionscnamh foinsí éagsúil a thagann ó fhoinsí éagsúla a mbíonn éifeachtaí diúltacha acu mar shubstaintí nó mar mheascáin aonair, ach freisin trí nochtadh comhcheangailte . Tá dul chun cinn nach beag déanta chun roinnt bearnaí eolais a dhúnadh maidir leis an tionchar atá ag éifeacht chomhcheangailte na gceimiceán sin. Mar sin féin, déantar measúnú faoi láthair ar shábháilteacht ceimiceán de ghnáth trí mheastóireacht a dhéanamh ar shubstaintí aonair agus i gcásanna áirithe ar mheascáin a chuirtear leo d’aon ghnó le haghaidh úsáidí áirithe. D’fhonn Tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun tuiscint níos fearr a fháil ar thionchar chomhéifeacht na gceimiceán. Chun an chosaint is airde a thabhairt do leanaí agus don chomhshaol i gcoitinne , ba cheart na substaintí is díobhálaí a thoirmeasc go ginearálta i mbréagáin chun a áirithiú nach nochtar iad i mbréagáin. Sna teorainnluachanna sonracha do cheimiceáin i mbréagáin, ba cheart a chur san áireamh nochtadh comhcheangailte ó fhoinsí éagsúla don tsubstaint cheimiceach chéanna. Ina theannta sin, ba cheart go gceanglófaí ar mhonaróirí anailís a dhéanamh ar na guaiseacha éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ag an mbréagán agus measúnú a dhéanamh ar an nochtadh a d’fhéadfadh a bheith ann do ghuaiseacha den sórt sin agus, mar chuid den mheasúnú ar ghuaiseacha ceimiceacha, iarmhairtí carnacha nó sineirgisteacha aitheanta na gceimiceán atá sa bhréagán a mheas, d’fhonn a áirithiú go gcuirfear rioscaí ó nochtadh comhuaineach do cheimiceáin iolracha san áireamh. Thairis sin, comhlíonfaidh bréagáin an reachtaíocht ghinearálta maidir le ceimiceáin, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; ní mhodhnaítear leis an Rialachán seo na hoibleagáidí maidir le measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht na substaintí ceimiceacha nó na meascán ceimiceach iad féin a d’fhéadfadh a bheith infheidhme i gcomhréir leis an Rialachán sin. [Leasú 250] |
|
(54a) |
Chun saineolas leormhaith, tacaíocht agus meastóireachtaí eolaíocha críochnúla a sholáthar, ba cheart cistiú iomchuí cobhsaí a áirithiú don ECHA. [Leasú 30] |
|
(55) |
Ba cheart do mhonaróirí an doiciméadacht theicniúil a ullmhú ina dtugtar tuairisc ar ghnéithe ábhartha uile na mbréagán, lena n-áirítear an measúnú sábháilteachta ar na guaiseacha uile a d’fhéadfadh a bheith ag an mbréagán agus ar an gcaoi ar tugadh aghaidh orthu, ionas go mbeidh na húdaráis um fhaireachas margaidh in ann a gcúraimí a dhéanamh go héifeachtúil. Ba cheart a cheangal ar an monaróir an doiciméadacht theicniúil sin a chur ar fáil do na húdaráis náisiúnta arna iarraidh sin dóibh nó do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra i gcomhthéacs an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta. |
|
(56) |
Chun a áirithiú go gcomhlíonann bréagáin na ceanglais fhíor-riachtanacha, is gá nósanna imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta a leagan síos atá le leanúint ag an monaróir. Tá an rialú inmheánach táirgthe atá bunaithe ar fhreagracht an mhonaróra féin as an measúnú comhréireachta leordhóthanach i gcás inar lean sé na caighdeáin chomhchuibhithe ar foilsíodh tagairt dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó sonraíochtaí coiteanna lena gcumhdaítear na ceanglais sábháilteachta áirithe uile don bhréagán. I gcásanna nach ann do chaighdeáin chomhchuibhithe ná do shonraíochtaí coiteanna den sórt sin, ba cheart an bréagán a chur faoi réir fhíorú tríú páirtí, sa chás seo, cineálscrúdú AE. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an méid sin freisin más rud é gur foilsíodh ceann amháin nó níos mó de na caighdeáin sin le srian in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó murar chomhlíon an monaróir na caighdeáin ná na sonraíochtaí sin go hiomlán, nó i bpáirt amháin. Ba cheart don mhonaróir an bréagán a chur faoi chineálscrúdú AE i gcásanna ina measann sé gur gá fíorú tríú páirtí de bharr chineál, dhearadh, dhéanamh nó chuspóir na mbréagán. |
|
(57) |
Ós rud é gur gá ardleibhéal aonfhoirmeach feidhmíochta na gcomhlachtaí a dhéanann measúnú comhréireachta ar bhréagáin ar fud an Aontais a áirithiú, agus ós rud é gur cheart do gach comhlacht den sórt sin a bhfeidhmeanna a dhéanamh ar an leibhéal céanna agus faoi dhálaí córa iomaíochta, ba cheart ceanglais a shocrú do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta ar mian leo fógra a fháil uathu chun seirbhísí um measúnú comhréireachta a sholáthar faoin Rialachán seo. |
|
(58) |
Má léiríonn comhlacht um measúnú comhréireachta go bhfuil sé i gcomhréir comhréireacht na bréagán leis na critéir a leagtar síos sna caighdeáin i gcaighdeáin chomhchuibhithe, ba cheart glacadh leis a thoimhdiú go gcomhlíonann sé an bréagán na ceanglais chomhfhreagracha a leagtar amach sa Rialachán seo. [Leasú 31] |
|
(59) |
Ba cheart an córas a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlánú leis an gcóras creidiúnúcháin dá ndéantar foráil i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008. Ós rud é gur bealach fíor-riachtanach é an creidiúnú chun inniúlacht na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta a fhíorú, ba cheart é a úsáid freisin chun fógra a thabhairt. Go háirithe, ba cheart creidiúnú trédhearcach dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, lena n-áirithítear an leibhéal muiníne is gá as deimhnithe comhréireachta, a bheith mar an t-aon mhodh amháin chun inniúlacht theicniúil na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta a léiriú. |
|
(60) |
Is minic a ligeann comhlachtaí um measúnú comhréireachta codanna dá ngníomhaíochtaí a bhaineann le measúnú comhréireachta ar fochonradh nó is minic a théann siad in iontaoibh fochuideachta. Chun an leibhéal cosanta atá riachtanach chun na bréagáin a chur ar an margadh a chosaint, ní mór go gcomhlíonfadh fochonraitheoirí agus fochuideachtaí um measúnú comhréireachta na ceanglais chéanna a chomhlíonann comhlachtaí faoina dtugtar fógra i dtaca le cúraimí um measúnú comhréireachta a fheidhmiú. Dá bhrí sin, sa mheasúnú ar inniúlacht agus ar fheidhmíocht comhlachtaí faoina bhfuil fógra le tabhairt, agus san fhaireachán ar chomhlachtaí faoina bhfuil fógra tugtha cheana féin, tá sé tábhachtach gníomhaíochtaí a dhéanann fochonraitheoirí agus fochuideachtaí a chumhdach. Go háirithe, ba cheart a sheachaint go mbainfí leas iomarcach as fochuideachtaí agus fochonraitheoirí, ar bhealach ina dtarraingeofaí amhras ar inniúlacht an chomhlachta faoina dtugtar fógra nó ar mhaoirseacht an údaráis a thugann fógra. |
|
(61) |
D’fhonn leibhéal comhsheasmhach cáilíochta a áirithiú agus measúnú comhréireachta á dhéanamh ar bhréagáin, ní hamháin gur gá na ceanglais a chomhdhlúthú nach mór do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta ar mian leo fógra a fháil ina leith a chomhlíonadh, ach is gá freisin, i gcomhthreo leis sin, ceanglais a leagan síos nach mór do na húdaráis a thugann fógra agus do chomhlachtaí eile atá bainteach leis an measúnú, le fógra a thabhairt agus le faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra a chomhlíonadh. |
|
(62) |
Ós rud é gur féidir le comhlachtaí faoina dtugtar fógra a seirbhísí a thairiscint ar fud an Aontais, is iomchuí an deis a thabhairt do na Ballstáit eile agus don Choimisiún agóidí a dhéanamh maidir le comhlacht faoina dtugtar fógra. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le tréimhse inar féidir amhras nó ábhar imní ar bith maidir le hinniúlacht comhlachtaí um measúnú comhréireachta a shoiléiriú sula dtosóidís ag feidhmiú mar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra. Ba cheart don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, iarraidh ar an mBallstát a thugann fógra na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh maidir le comhlacht faoina dtugtar fógra nach gcomhlíonann na ceanglais chun fógra a thabhairt dó. |
|
(63) |
Ar mhaithe le hiomaíochas, tá sé ríthábhachtach go gcuirfidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i bhfeidhm gan ualaí nach bhfuil gá leo a chur ar na hoibreoirí eacnamaíocha. Ar an gcúis chéanna, agus chun cóir chomhionann do gach oibreoir eacnamaíoch a áirithiú, ní mór comhsheasmhacht i gcur i bhfeidhm teicniúil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a áirithiú. Is fearr is féidir é sin a bhaint amach trí chomhordú agus comhar iomchuí idir na comhlachtaí faoina dtugtar fógra. Ba cheart don chomhordú agus don chomhar sin rialacha iomaíochta an Aontais a urramú. |
|
(64) |
Is ionstraim fhíor-riachtanach é an faireachas margaidh sa mhéid go n-áirithítear leis cur i bhfeidhm ceart agus aonfhoirmeach reachtaíocht an Aontais. Leagtar amach an creat chun faireachas margaidh a dhéanamh ar tháirgí atá faoi réir reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú i Rialachán (AE) 2019/1020, lena n-áirítear bréagáin. Ós rud é go gcuirtear an Rialachán seo in ionad Threoir 2009/48/CE, na rialacha maidir le faireachas margaidh agus rialuithe ar tháirgí a thagann isteach i margadh an Aontais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/1020, lena n-áirítear an ceanglas sonrach a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán sin maidir le bréagáin a chur ar an margadh má tá oibreoir eacnamaíoch ann atá bunaithe san Aontas atá freagrach as na cúraimí a shonraítear san Airteagal sin, agus sa chás sin amháin, leanfaidh na rialacha sin d’fheidhm a bheith acu maidir le bréagáin. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit faireachas margaidh a eagrú agus a dhéanamh ar bhréagáin i gcomhréir leis an Rialachán sin. |
|
(65) |
Déantar foráil i dTreoir 2009/48/CE maidir le nós imeachta coimirce lena gceadaítear don Choimisiún agus do Bhallstáit eile scrúdú a dhéanamh ar an mbonn cirt atá le beart a rinne Ballstát in aghaidh bréagáin a mheasann an Ballstát a bheith neamhchomhlíontach. Áirithítear leis an nós imeachta sin go gcuirfear páirtithe leasmhara ar an eolas faoi bhearta a bheartaítear a dhéanamh maidir le bréagáin lena mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine agus go dtugann na húdaráis um fhaireachas margaidh uile i margadh an Aontais aghaidh go comhsheasmhach ar na bréagáin sin. Ba cheart, dá bhrí sin, an nós imeachta a choinneáil ar bun. |
|
(66) |
I gcás ina dtagann na Ballstáit agus an Coimisiún ar chomhaontú maidir le húdar cuí a thabhairt do bheart arna dhéanamh ag Ballstát, níor cheart go mbeadh gá le rannpháirtíocht an Choimisiúin a thuilleadh. I gcás ina ndéantar agóidí in aghaidh beart den sórt sin, ba cheart don Choimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cé acu atá nó nach bhfuil bonn cirt le beart náisiúnta i ndáil le bréagán. |
|
(67) |
Is léir ón taithí a fuarthas le Treoir 2009/48/CE go mbaineann riosca do leanaí le bréagáin nua atá ar fáil ar an margadh agus a bhí comhlíontach leis na ceanglais sábháilteachta áirithe is infheidhme nuair a cuireadh ar an margadh iad agus, dá bhrí sin, nach gcomhlíonann siad an ceanglas sábháilteachta ginearálta. Ba cheart forálacha a dhéanamh chun a áirithiú gur féidir leis na húdaráis um fhaireachas margaidh beart a dhéanamh in aghaidh aon bhréagáin lena mbaineann riosca do leanaí, fiú má chomhlíonann sé na ceanglais sábháilteachta áirithe. Ba cheart don Choimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cé acu atá nó nach bhfuil bonn cirt le beart náisiúnta i ndáil le bréagáin chomhlíontacha ina suíonn Ballstát gur riosca iad do shláinte agus do shábháilteacht leanaí nó daoine eile. |
|
(67a) |
Faoi Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2023/988 ceanglaítear ar mhonaróirí fógra a thabhairt, tríd an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht, faoi aon teagmhas díobhála mar thoradh ar tháirge a úsáid. Ar bhonn na faisnéise sin, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an ngá agus ar a indéanta atá bunachar sonraí uile-Eorpach maidir le díobháil a d’fhéadfadh faisnéis bhreise agus eolas breise a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha, do gheallsealbhóirí ábhartha agus do shaineolaithe ábhartha, d’fhonn measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht chreat rialála sonrach an Aontais maidir le bréagáin. [Leasú 32] |
|
(68) |
Chun dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch nó fianaise eolaíoch nua a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis an Rialachán seo a leasú trí na rabhaidh shonracha atá le greamú de bhréagáin a oiriúnú, trí cheanglais shonracha a ghlacadh maidir le substaintí ceimiceacha i mbréagáin agus trí mhaoluithe a dheonú chun úsáidí sonracha a áireamh a cheadaítear i mbréagáin de shubstaintí atá faoi réir toirmisc chineálacha. |
|
(69) |
Chun dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch a chur san áireamh chomh maith le leibhéal ullmhachta digití na n-údarás um fhaireachas margaidh agus na leanaí agus a maoirseoirí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún freisin i dtaca leis an Rialachán seo a leasú i ndáil leis an bhfaisnéis atá le háireamh sa phas táirge digiteach agus leis an bhfaisnéis atá le háireamh sa chlárlann le haghaidh pasanna táirge dhigiteacha . [Leasú 33] |
|
(70) |
Chun obair na n-údarás custaim i ndáil le bréagáin agus a gcomhlíontacht leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a éascú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an bhfaisnéis bhreise atá stóráilte sa chlárlann atá le rialú ag údaráis chustaim a chinneadh, agus maidir le leasú a dhéanamh ar liosta na gcód tráchtearraí agus na dtuairiscí ar tháirgí atá le húsáid le haghaidh rialuithe custaim i gcomhréir leis an Rialachán seo ar bhonn Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20). |
|
(71) |
Ar ghlacadh Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh faoin Rialachán seo, tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe agus na ngeallsealbhóirí , agus go ndéanfaí ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (21). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile an tráth céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus tá rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. [Leasú 34] |
|
(72) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na ceanglais theicniúla mhionsonraithe a bhunú le haghaidh an phas táirge digiteach do bhréagáin, agus chun a chinneadh cé acu a mheasfar nó nach measfar táirge sonrach nó grúpa táirgí mar bhréagán chun críocha an Rialacháin seo. I gcásanna eisceachtúla inar gá sin chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí nua atá ag teacht chun cinn agus nach dtugtar aghaidh orthu go hiomchuí leis na ceanglais sábháilteachta áirithe, ba cheart an Coimisiún a chumhachtú gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach bearta sonracha in aghaidh bréagán nó catagóirí bréagán a chuirtear ar fáil ar an margadh agus a bhfuil riosca ag baint leo do leanaí. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22). [Leasú 35] |
|
(73) |
Ba cheart go ndéanfadh na Ballstáit foráil maidir le pionóis a bheadh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo. Ba cheart go mbeadh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. |
|
(74) |
Chun dóthain ama a thabhairt do mhonaróirí agus d’oibreoirí eacnamaíocha eile oiriúnú do na ceanglais a leagtar síos leis an Rialachán seo, is gá foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse inar féidir bréagáin a chomhlíonann Treoir 2009/48/CE a chur ar an margadh. Ina theannta sin, ba cheart teorainn a chur leis an tréimhse ar lena linn a fhéadfar leanúint de bhréagáin atá curtha ar an margadh cheana i gcomhréir leis an Treoir sin a chur ar fáil ar an margadh tar éis chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
|
(75) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, is é sin ardleibhéal sábháilteachta bréagán a áirithiú d’fhonn sláinte agus sábháilteacht leanaí a áirithiú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh á ráthú an tráth céanna, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Cuspóir agus ábhar [Leasú 36]
Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha Is é cuspóir an Rialacháin seo feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú agus, ag an am céanna, foráil a dhéanamh maidir le sábháilteacht bréagán, lena n-áirithítear leibhéal ard hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus ardleibhéal cosanta do shláinte agus sábháilteacht do shábháilteacht leanaí agus daoine eile, agus maidir le saorghluaiseacht bréagán san Aontas. . [Leasú 37]
Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le sábháilteacht bréagán agus saorghluaiseacht bréagán san Aontas, rud a rannchuidíonn le neartú an mhargaidh inmheánaigh. [Leasú 38]
Airteagal 2
Raon feidhme
1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí atá deartha nó beartaithe, bídís go heisiach nó ná bídís, lena n-úsáid ag leanaí faoi bhun 14 bliana d’aois (‘bréagáin’).
Chun críocha an Rialacháin seo, measfar go bhfuil táirge beartaithe lena úsáid i súgradh ag leanaí faoi bhun 14 bliana d’aois, nó ag leanaí d’aoisghrúpa sonrach ar bith eile atá faoi bhun 14 bliana d’aois, i gcás inar féidir le tuismitheoir nó maoirseoir glacadh leis go réasúnta, de bhua fheidhmeanna, ghnéithe agus shaintréithe an táirge sin, go bhfuil sé beartaithe é a úsáid i súgradh ag leanaí den aoisghrúpa ábhartha. [Leasú 39]
2. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I.
3. Sula gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm de bhun Airteagal 56 agus i gcás inar gá chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sábháilteachta atá ann cheana tar éis chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, cumhachtófar an Coimisiún don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcinnfear cé cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann táirgí sonracha nó catagóirí sonracha táirgí na critéir a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo agus, dá bhrí sin, cé acu is féidir nó nach féidir a mheas gur bréagáin iad de réir bhrí an Rialacháin seo.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 50(2). [Leasú 40]
3a. Cuirfear an Rialachán seo chun feidhme agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal an réamhchúraim. [Leasú 41]
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ bréagán a sholáthar lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ bréagán a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘monaróir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn bréagán nó a dhéanann bréagán den sórt sin a dhearadh nó a mhonarú, agus a mhargaíonn an bréagán sin faoi ainm an duine sin nó faoi thrádmharc an duine sin; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘gníomhaire ginearálta’ ionadaí údaraithe’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe laistigh den Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ó mhonaróir chun gníomhú thar a cheann maidir ceann an duine sin i ndáil le cúraimí sonraithe maidir le hoibleagáidí an mhonaróra faoin Rialachán seo ; [Leasú 42] |
|
(5) |
ciallaíonn ‘allmhaireoir’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach atá bunaithe laistigh den Aontas agus a chuireann bréagán ó thríú tír ar mhargadh an Aontais; |
|
(6) |
ciallaíonn ‘dáileoir’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, a chuireann bréagán ar fáil ar an margadh; |
|
(7) |
Ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí comhlíonta’ soláthraí seirbhíse comhlíonta mar a shainmhínítear in Airteagal 2 3 , pointe 11, de Rialachán (AE) 2019/1020; [Leasú 43] |
|
(8) |
ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch’ an monaróir, an gníomhaire ginearálta, an t-allmhaireoir t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir , an dáileoir, agus an soláthraí seirbhíse comhlíonta nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile atá faoi réir oibleagáidí i ndáil le táirgí a mhonarú nó a chur ar fáil ar an margadh i gcomhréir leis an Rialachán seo ; [Leasú 44] |
|
(9) |
ciallaíonn ‘margadh soláthraí margaidh ar líne’margadh soláthraí seirbhíse idirghabhálaí a úsáideann comhéadan ar líne mar a shainmhínítear in lenar féidir le tomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe chun táirgí a dhíol de réir Airteagal 3, pointe (14), de Rialachán (AE) 2023/988; [Leasú 45] |
|
(10) |
ciallaíonn ‘caighdeán comhchuibhithe’ caighdeán comhchuibhithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012; |
|
(11) |
ciallaíonn ‘reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú’ reachtaíocht an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1020 agus aon reachtaíocht eile de chuid an Aontais lena ndéantar na coinníollacha maidir le margú táirgí a chomhchuibhiú, ar táirgí iad a bhfuil feidhm ag an Rialachán sin ina leith; |
|
(11a) |
ciallaíonn ‘beartaithe lena úsáid ag’ go mbeidh tuismitheoir nó maoirseoir in ann le réasún glacadh leis de bhua feidhmeanna, toisí agus tréithe bréagán go bhfuil sé beartaithe lena úsáid ag leanaí den aoisghrúpa sonraithe; [Leasú 46] |
|
(12) |
ciallaíonn ‘marcáil CE’ marcáil lena léiríonn an monaróir go bhfuil an bréagán i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú lena ndéantar foráil maidir lena greamú; |
|
(12a) |
ciallaíonn ‘ceanglais sábháilteachta riachtanacha’ an ‘ceanglas sábháilteachta ginearálta’ a leagtar síos in Airteagal 5(2) mar aon leis na ceanglais sábháilteachta ar leith a leagtar amach in Iarscríbhinn II; [Leasú 47] |
|
(13) |
ciallaíonn ‘múnla bréagán’ grúpa bréagán a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:
|
|
(13a) |
ciallaíonn ‘pas táirge digiteach’ tacar sonraí a bhaineann go sonrach le táirge lena n-áirítear an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn VI agus a bhfuil rochtain air trí mhodhanna leictreonacha trí iompróir sonraí; [Leasú 48] |
|
(14) |
ciallaíonn ‘iompróir sonraí’siombail barrachóid línigh, siombail dhéthoiseach nó meán gabhála iompróir sonraí eile um shainaithint uathoibríoch is féidir a léamh le feiste mar a shainmhínítear in Airteagal 2, mír 1, pointe 30 de Rialachán (AE).../...) [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an tsraithuimhir le haghaidh na gceanglas éicidhearthóireachta maidir le táirgí inbhuanaithe ; [Leasú 49] |
|
(15) |
ciallaíonn ‘aitheantóir táirge uathúil’teaghrán aitheantóir uathúil carachtar chun bréagáin a shainaithint lenar féidir nasc gréasáin a dhéanamh leis an bpas táirge mar a shainmhínítear in Airteagal 2, mír 1, pointe 31 de Rialachán (AE).../...) [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an tsraithuimhir le haghaidh Ceanglais Éicidhearthóireachta maidir le Táirgí Inbhuanaithe] ; [Leasú 50] |
|
(16) |
ciallaíonn ‘aitheantóir oibreora uathúil’teaghrán aitheantóir oibreora uathúil carachtar chun gníomhaithe atá bainteach leis an slabhra luacha bréagán a shainaithint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, mír 1, pointe 32 de Rialachán (AE).../...) [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach sraithuimhir le haghaidh Ceanglais Éicidhearthóireachta maidir le Táirgí Inbhuanaithe] ; [Leasú 51] |
|
(17) |
ciallaíonn ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’ an nós imeachta custaim a leagtar síos in Airteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013; |
|
(18) |
ciallaíonn ‘údaráis chustaim’ údaráis chustaim mar a shainmhínítear in Airteagal 5, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013; |
|
(19) |
ciallaíonn ‘Córas Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam’ an córas dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23); |
|
(20) |
ciallaíonn ‘measúnú comhréireachta’ an próiseas lena léirítear cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na ceanglais fhíor-riachtanacha riachtanacha sábháilteachta maidir le bréagán; [Leasú 52] |
|
(21) |
ciallaíonn ‘comhlacht um measúnú comhréireachta’ comhlacht a dhéanann gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, lena n-áirítear calabrú, tástáil, deimhniú agus cigireacht; |
|
(22) |
ciallaíonn ‘creidiúnú’ creidiúnú mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008; |
|
(23) |
ciallaíonn ‘comhlacht náisiúnta creidiúnaithe’ comhlacht náisiúnta creidiúnaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008; |
|
(24) |
ciallaíonn ‘guais’ foinse fhéideartha díobhála; |
|
(25) |
ciallaíonn ‘riosca’ an dóchúlacht go dtarlódh guais i gcomhcheangal lena thromchúisí a bheadh an díobháil a dhéantar leis an nguais sin; |
|
(26) |
ciallaíonn ‘aisghairm’ aon bheart a bhfuil sé d’aidhm aige go bhfaighfear bréagán a cuireadh ar fáil don úsáideoir deiridh cheana féin ar ais; |
|
(27) |
ciallaíonn ‘aistarraingt’ aon bheart a bhfuil sé d’aidhm aige cosc a chur ar bhréagán sa slabhra soláthair a chur ar fáil ar an margadh; |
|
(28) |
ciallaíonn ‘údarás um fhaireachas margaidh’ údarás um fhaireachas margaidh mar a shainmhínítear in arna ainmniú ag Ballstát faoi Airteagal 3, pointe 4, 10 de Rialachán (AE) 2019/1020 mar údarás atá freagrach as faireachas margaidh a eagrú agus a dhéanamh i gcríoch an Bhallstáit sin ; [Leasú 53] |
|
(28a) |
ciallaíonn ‘údarás a thugann fógra’ údarás arna ainmniú ag Ballstát faoin Rialachán seo mar údarás atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta i gcríoch an Bhallstáit sin agus fógra a thabhairt dóibh; [Leasú 54] |
|
(29) |
ciallaíonn ‘bréagán feidhmiúil’ bréagán a fheidhmíonn ar an gcaoi chéanna le táirge, fearas nó suiteáil agus a úsáidtear ar an gcaoi chéanna mbealach céanna le táirge, fearas nó suiteáil atá beartaithe lena úsáid ag daoine fásta, lena mbaineann an leibhéal céanna riosca leis an táirge a úsáideann daoine fásta agus a d’fhéadfadh a bheith ina mhúnla shamhail scála den táirge, den fhearas nó den tsuiteáil sin; [Leasú 55] |
|
(30) |
ciallaíonn ‘bréagán uisceach’ bréagán atá beartaithe lena úsáid in uisce éadomhain agus atá in ann leanbh a iompar san uisce nó tacú leis an leanbh sin; |
|
(31) |
ciallaíonn ‘bréagán gníomhaíochta’ bréagán lena úsáid sa bhaile ina bhfanann an struchtúr tacaíochta ina stad le linn don ghníomhaíocht a bheith ar siúl agus atá beartaithe chun dreapadóireacht, léim, luascadh, sleamhnú, luascadh, guairneáil, lámhacán, gluaiseacht go mall, a dhéanamh nó aon teaglaim díobh sin a dhéanamh; |
|
(32) |
ciallaíonn ‘bréagán ceimiceach’ bréagán atá beartaithe chun substaintí ceimiceacha agus meascáin cheimiceacha a láimhseáil go díreach agus a úsáidtear ar bhealach atá oiriúnach d’aoisghrúpa áirithe agus faoi mhaoirseacht duine fhásta ; [Leasú 56] |
|
(33) |
ciallaíonn ‘cluiche boird boltanach’ bréagán arb é is cuspóir dó cabhrú le leanbh foghlaim conas bolaithe nó blasanna difriúla a shainaithint nó a chomhcheangal ; [Leasú 57] |
|
(34) |
ciallaíonn ‘pacáiste cosmaideach’ bréagán arb é is cuspóir dó cabhrú le leanbh foghlaim conas táirgí cosmaideacha a dhéanamh amhail cumhráin, gallúnacha, uachtair, seampúnna, feabhsaitheoirí, cúir folctha, taois fiacla chomh maith le snasanna béil, béaldathanna agus smideadh eile; |
|
(35) |
ciallaíonn ‘cluiche blastachta’ bréagán arb é is cuspóir dó ligean do leanaí milseáin nó miasa a dhéanamh trí chomhábhair bhia a úsáid, lena n-áirítear leachtanna, púdair agus dea-bholaithe gan aon fhoinse teasa a úsáid ; [Leasú 58] |
|
(36) |
ciallaíonn ‘substaint ar údar imní í’ substaint ar údar imní í mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (28), de Rialachán (AE).../... [maidir le Ceanglais Éicidhearthóireachta le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe]. [Leasú 59] |
Airteagal 4
Saorghluaiseacht
1. Ní dhéanfaidh na Ballstáit, ar chúiseanna a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht nó ar ghnéithe eile a chumhdaítear leis an Rialachán seo, toirmeasc, srian ná bac a chur ar bhréagáin a chomhlíonann an Rialachán seo a chur ar fáil ar an margadh. [Leasú 60]
2. Ag aontaí trádála, taispeántais agus léirithe nó imeachtaí comhchosúla, ní chuirfidh na Ballstáit cosc ar bhréagán nach gcomhlíonann an Rialachán seo a chur ar taispeáint, ar choinníoll go gcuirtear in iúl ar chomhartha soléite nach gcomhlíonann sé an Rialachán seo agus nach gcuirfear ar fáil ar an margadh é go dtí go mbeidh sé tugtha chun comhréireachta.
Le linn aontaí, taispeántas agus léirithe, déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha bearta leordhóthanacha chun cosaint daoine a áirithiú.
Airteagal 5
Na ceanglais maidir le táirge Buncheanglais sábháilteachta [Leasú 61]
1. Ní chuirfear bréagáin ar an margadh ach amháin má chomhlíonann siad na ceanglais fhíor-riachtanacha sábháilteachta lena n-áirítear an ceanglas sábháilteachta a leagtar amach i mír 2 (‘an ceanglas sábháilteachta ginearálta’) agus na ceanglais sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II (na ‘ceanglais sábháilteachta áirithe’).
2. Ní bheidh riosca ag baint le bréagáin do shábháilteacht ná nó do shláinte úsáideoirí nó tríú páirtithe, lena n-áirítear sláinte shíceolaíoch agus mheabhrach, folláine agus forbairt chognaíoch leanaí, nuair a úsáidtear iad mar a bhí beartaithe nó ar bhealach intuartha, agus iompar leanaí á chur san áireamh. [Leasú 62]
Agus measúnú á dhéanamh ar an riosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh monaróir bréagán atá nasctha go digiteach san áireamh, i gcás inarb iomchuí, de réir na hiarrachtaí réasúnta is fearr, aon riosca do mheabhairshláinte, chomh maith le forbairt chognaíoch leanaí, a d’fhéadfadh teacht chun cinn nuair a úsáidtear bréagáin den sórt sin i gcomhréir leis an úsáid atá beartaithe dóibh. [Leasú 63]
Cuirfidh monaróir an dara fomhír i bhfeidhm ar bhealach atá comhréireach lena chumas i ndáil le measúnú leordhóthanach a dhéanamh ar na rioscaí sin. [Leasú 64]
Agus measúnú á dhéanamh ar an riosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfear san áireamh cumas na n-úsáideoirí agus, i gcás inarb iomchuí, a gcuid maoirseoirí. I gcás ina mbeartaítear bréagán a úsáid ag leanaí faoi bhun 36 mhí nó ag aoisghrúpaí sonraithe eile, déanfar cumas na n-úsáideoirí san aoisghrúpa sonrach sin a chur san áireamh.
3. Comhlíonfaidh bréagáin a chuirtear ar an margadh na ceanglais fhíor-riachtanacha sábháilteachta le linn a dtréimhse úsáide intuartha.
Airteagal 6
Rabhaidh
1. I gcás inar gá chun a n-úsáid shábháilte agus sláinte leanaí a áirithiú go n-úsáidfear go sábháilte iad, beidh rabhadh ginearálta ar bhréagáin ina sonrófar ag gabháil le bréagáin ina sonraítear teorainneacha iomchuí an úsáideora ar úsáideoirí .Áireofar leis na teorainneacha úsáideora aois íosta nó uasta an úsáideora ar a laghad agus, i gcás inarb iomchuí, na cumais is gá don úsáideoir, meáchan uasta nó meáchan íosta an úsáideora agus an gá lena áirithiú nach n-úsáidfear an bréagán ach faoi mhaoirseacht dhuine duine fásta. [Leasú 65]
2. Beidh rabhaidh ar na catagóirí bréagán seo a leanas i gcomhréir leis na rialacha maidir le gach catagóir a leagtar amach in Iarscríbhinn III: [Leasú 66]
|
(a) |
bréagáin nach bhfuil beartaithe lena n-úsáid ag leanaí faoi bhun 36 mhí; [Leasú 67] |
|
(b) |
bréagáin ghníomhaíochta; [Leasú 68] |
|
(c) |
bréagáin fheidhmiúla; [Leasú 69] |
|
(d) |
bréagáin cheimiceacha; [Leasú 70] |
|
(e) |
scátálaí, scátaí rollála, scátaí inlíne, cláir scátála, scútair agus rothair bréagán; [Leasú 71] |
|
(f) |
bréagáin uisceacha; [Leasú 72] |
|
(g) |
bréagáin i mbia; [Leasú 73] |
|
(h) |
aithrisí ar mhaisc agus clogaid chosanta; [Leasú 74] |
|
(i) |
bréagáin atá beartaithe le bheith sreangaithe trasna cliabháin nó naíchóiste trí shreangáin, cordaí, leaisticí nó strapaí; [Leasú 75] |
|
(j) |
pacáistíocht le haghaidh cumhrán i gcluichí boird boltanacha, pacáistí cosmaideacha agus cluichí blastachta. [Leasú 76] |
Ní bheidh ceann amháin nó níos mó de na rabhaidh a leagtar amach in Iarscríbhinn III ar bhréagáin i gcás ina mbeidh na rabhaidh sin i gcoinbhleacht le húsáid bheartaithe an bhréagáin, arna chinneadh de bhua a fheidhme, a thoise agus a shaintréithe.
3. Déanfaidh an monaróir rabhaidh a mharcáil ar bhealach atá infheicthe go soiléir, soléite, intuigthe agus cruinn ar an mbréagán, ar lipéad greamaithe nó ar an bpacáistíocht agus, más iomchuí, ar na treoracha úsáide a ghabhann leis an mbréagán. Beidh Bréagáin a dhíoltar gan phacáistiú, greamófar rabhaidh iomchuí díobh má cheadaítear é le dromchla an bhréagáin. Mura féidir é sin a dhéanamh, cuirfear na rabhaidh ar an lipéad. Féadfaidh an monaróir cód QR a chur leis lena soláthraítear nasc chuig na treoracha i bhformáid dhigiteach, ach déanfaidh sé rabhaidh a mharcáil ar an mbréagán i gcónaí, ar lipéad greamaithe de bhréagáin bheaga a dhíoltar gan phacáistíocht. nó ar an bpacáistíocht. [Leasú 77]
Beidh rabhaidh infheicthe lena gcinntear an cinneadh an bréagán a cheannach le feiceáil go soiléir ag an tomhaltóir roimh an gceannach, lena n-áirítear i gcásanna ina ndéantar an ceannach trí chiandíolacháin. agus trí dhíolacháin ar líne. Beidh rabhaidh ar de mhéid leordhóthanach chun a n-infheictheacht a áirithiú go mbeidh siad infheicthe agus inléite láithreach ar líne . Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena gcinnfear critéir a bhaineann le hinfheictheacht agus inléiteacht rabhadh, lena n-áirítear i gcás díolacháin ar líne, 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. [Leasú 78]
4. Ar Leis na lipéid agus na treoracha úsáide, tarraingeofar déanfar aird na leanaí nó a maoirseoirí a tharraingt ar na guaiseacha agus na rioscaí bunúsacha do shláinte agus do shábháilteacht leanaí i bhfianaise an aoisghrúpa leanaí a bhfuil baint acu le húsáid na mbréagán na bréagáin beartaithe dóibh , agus ar na bealaí chun guaiseacha agus rioscaí den sórt sin a sheachaint. [Leasú 79]
CAIBIDIL II
OIBLEAGÁIDÍ OIBREOIRÍ EACNAMAÍOCHA
Airteagal 7
Oibleagáidí monaróirí
1. Agus bréagáin á gcur ar an margadh acu, áiritheoidh monaróirí gur dearadh agus gur monaraíodh iad i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha sábháilteachta.
2. Sula ndéanann siad bréagáin a chur ar an margadh, tarraingeoidh monaróirí suas an doiciméadacht theicniúil a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 23 agus déanfaidh siad an nós imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 22 nó socróidh siad go ndéanfar é.
I gcás inar léiríodh leis an nós imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír go gcomhlíonann bréagán na ceanglais is infheidhme a leagtar síos sa Rialachán seo, déanfaidh monaróirí, sula gcuirfear an bréagán ar an margadh an méid seo a leanas:
|
(a) |
pas táirge digiteach a chruthú don bhréagán i gcomhréir le hAirteagal 17; [Leasú 80] |
|
(b) |
an t-iompróir sonraí a ghreamú den bhréagán nó de lipéad atá ceangailte den bhréagán, i gcomhréir le hAirteagal 17(5); [Leasú 81] |
|
(c) |
marcáil CE a ghreamú i gcomhréir le hAirteagal 16(1); |
|
(d) |
an t-aitheantóir uathúil táirge agus aitheantóir uathúil oibreora an bhréagáin sa chlárlann le haghaidh pasanna táirge dhigiteacha dá dtagraítear in Airteagal 19(1) a uaslódáil, chomh maith le haon fhaisnéis bhreise eile a chinnfear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 46(2). [Leasú 82] |
3. Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil cothrom le dáta agus an pas táirge go ceann digiteach ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis don bhréagán, an mhír dheireanach den mhúnla bréagán a chumhdaítear faoin leis an doiciméadacht sin agus leis an agus faoin bpas táirge digiteach sin, a bheith curtha a chur ar an margadh. [Leasú 83]
4. Áiritheoidh monaróirí go mbeidh nósanna imeachta atá i bhfeidhm le haghaidh bréagáin atá ina gcuid de tháirgeadh sraithe chun leanúint de bheith i gcomhréir leis an Rialachán seo. Athruithe ar dhearadh nó ar shaintréithe bréagán, agus athruithe ar na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 13 nó ar na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 14 trína ndéantar comhréireacht bréagán a dhearbhú nó ar trína gcur i bhfeidhm a fhíoraítear a chomhréireacht; cuirfear san áireamh go leordhóthanach iad.
I gcás ina measfaidh monaróirí, Nuair a mheastar é a bheith iomchuí maidir leis na rioscaí a bhaineann le bréagán, gur gá sin chun sláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí a chosaint, déanfaidh monaróirí tástáil shamplach ar bhréagáin mhargaithe a mhargaítear . [Leasú 84]
5. Áiritheoidh monaróirí go mbeidh uimhir chineáil, baiscuimhir, sraithuimhir nó uimhir mhúnla ar a mbréagáin nó go mbeidh eilimint eile orthu lenar féidir iad a shainaithint, nó, i gcás nach féidir sin a dhéanamh de dheasca mhéid nó chineál an bhréagáin, go soláthrófar an fhaisnéis riachtanach ar phacáistíocht an bhréagáin nó i ndoiciméad a ghabhann leis an mbréagán.
6. Is éard a léireoidh Déanfaidh monaróirí ar an mbréagán, a n-ainm nó a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, agus a agus an seoladh poist agus a nó an seoladh leictreonach teagmhála, nó ag ar féidir dul i dteagmháil leo a léiriú ar an mbréagán nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh bhfuil sé sin indéanta , is ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an mbréagán a léireofar iad. nó ar an bpas táirge digiteach. Léireoidh monaróirí pointe aonair ag ar féidir dul i dteagmháil leo. [Leasú 85]
7. Áiritheoidh monaróirí go bhfuil mbeidh treoracha úsáide agus faisnéis sábháilteachta ag gabháil leis an mbréagán i dteanga nó i dteangacha atá sothuigthe do thomhaltóirí agus d’ ag tomhaltóirí agus ag úsáideoirí deiridh eile, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, más indéanta, de réir mar a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann.Beidh na treoracha agus an fhaisnéis sin soiléir, intuigthe agus inléite. [Leasú 86]
8. I gcás ina measann monaróirí, nó ina bhfuil cúis chun acu a chreidiúint , ar bhonn na faisnéise atá i seilbh an mhonaróra sin , nach gcomhlíonann bréagán atá curtha ar an margadh acu an Rialachán seo, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá láithreach chun an bréagán sin a thabhairt chun comhréireachta, chun é a tharraingt siar nó chun é a aisghairm, de réir mar is iomchuí. [Leasú 87]
I gcás ina measann monaróirí, nó ina bhfuil cúis acu a chreidiúint , ar bhonn na faisnéise atá i seilbh an mhonaróra sin , go bhfuil riosca ag baint leis an mbréagán, cuirfidh siad faisnéis ina leith ar fáil láithreach don mhéid do na daoine seo a leanas: [Leasú 88]
|
(a) |
údaráis um fhaireachas faireachais margaidh na mBallstát ina bhfuil inar chuir siad an bréagán curtha ar fáil acu, tríd an Tairseach Ghnó um Fholáireamh maidir le Sábháilteacht Táirgí dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2023/988, lena ina dtugtar mionsonraí, go háirithe, faoi aon neamhchomhlíontacht agus faoi aon bheart ceartaitheach a rinneadh; agus maidir le haon neamhchomhlíonadh agus aon bhearta ceartaitheacha a rinne an Ballstát agus, má tá sé ar fáil, maidir le cainníocht na mbréagán atá fós ar an margadh; agus [Leasú 89] |
|
(b) |
na tomhaltóirí nó na húsáideoirí deiridh eile, i gcomhréir le hAirteagal 35 nó 36 de Rialachán (AE) 2023/988, nó iad araon. |
9. Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, cuirfidh monaróirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá chun comhréireacht an bhréagáin a léiriú ar fáil dó, i dteanga atá sothuigthe don údarás sin. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, a mhéid a bhaineann le gníomhaíocht ar bith a dhéanfar chun na rioscaí a bhaineann le bréagáin atá curtha ar an margadh acu a dhíothú.
10. Áiritheoidh monaróirí go ndéanfar gcoinneofar oibreoirí eacnamaíocha eile, an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/1020, agus soláthraithe margaí ar líne, sa slabhra soláthair lena mbaineann, a choinneáil ar an eolas go tráthúil faoi aon neamh-chomhréireacht atá sainaitheanta ag neamhchomhréireacht a shainaithin na monaróirí. [Leasú 90]
11. Déanfaidh monaróirí cainéil cumarsáide amhail uimhir theileafóin, seoladh leictreonach, roinn cuid ar leith dá suíomh gréasáin nó cainéal cumarsáide eile a chur ar fáil go poiblí, rud a chuirfidh ar chumas tomhaltóirí nó úsáideoirí deiridh eile gearáin a dhéanamh thíolacadh maidir le sábháilteacht bréagán agus chun na monaróirí a chur ar an eolas faoi aon tionóisc nó saincheist sábháilteachta a bhí acu le leis na bréagáin den sórt sin. Ar an mbealach sin, déanfaidh na monaróirí na riachtanais inrochtaineachta atá ag daoine faoi mhíchumas a chur san áireamh. Áireofar sa chainéal cumarsáide nasc chuig an roinn den Tairseach Safety Gate dá dtagraítear in Airteagal 34(3) de Rialachán 2023/988 chun faisnéis a tharchur faoi bhréagáin a d’fhéadfadh a bheith ina riosca do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí. [Leasú 91]
12. Imscrúdóidh monaróirí gearáin agus faisnéis dá dtagraítear i mír 11 agus coimeádfaidh siad clár inmheánach de na gearáin sin agus den fhaisnéis sin, chomh maith le haisghairmeacha agus aon bheart ceartaitheach eile a rinneadh chun na bréagáin a chur i gcomhréir leis an Rialachán seo.
13. Ní bheidh sa chlár inmheánach dá dtagraítear i mír 12 ach sonraí pearsanta atá riachtanach chun go ndéanfaidh an monaróir imscrúdú ar an ngearán nó ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 11. Ní choinneofar sonraí den sórt sin ach chomh fada agus is gá chun críocha an imscrúdaithe agus, in aon chás, go ceann tréimhse nach faide ná 5 bliana tar éis iontráil na sonraí sa chlár.
Airteagal 8
Gníomhairí ginearálta
1. Féadfaidh an monaróir ionadaí údaraithe a cheapadh trí shainordú i scríbhinn. Nuair a fhoirceannann monaróirí sainordú a n-ionadaí údaraithe, cuirfidh siad é sin in iúl don údarás um fhaireachas margaidh. Féadfaidh monaróir atá bunaithe san Aontas ionadaí údaraithe a cheapadh freisin. [Leasú 92]
2. Ní bheidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 7(1) ná an oibleagáid doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas dá dtagraítear in Airteagal 7(2) mar chuid de shainordú an ghníomhaire ghinearálta.
3. Feidhmeoidh gníomhaire ginearálta na cúraimí arna sonrú sa sainordú a gheofar ón monaróir agus cuirfidh sé cóip den sainordú ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh arna iarraidh sin dóibh. Ceadófar leis an sainordú don ghníomhaire ginearálta na nithe seo a leanas a dhéanamh ar a laghad:
|
(a) |
an doiciméadacht theicniúil a choinneáil ar fáil do na húdaráis faireachais margaidh náisiúnta agus a áirithiú go mbeidh bhfuil an pas táirge digiteach ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 17(2), go ceann ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis an mhír dheireanach den mhúnla bréagán a chumhdaítear leis na doiciméid sin a chur ar an margadh; [Leasú 93] |
|
(b) |
tar éis dó mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe a fháil ó údarás náisiúnta inniúil, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá a chur ar fáil don údarás sin chun comhréireacht bréagáin bréagán a léiriú i dteanga oifigiúil, teanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint ; [Leasú 94] |
|
(c) |
comhoibriú oibriú i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta inniúla, arna iarraidh sin dóibh nuair a iarrann siad sin , maidir le haon bheart a dhéanfar ghníomhaíocht a dhéantar chun deireadh a chur ar bhealach éifeachtach leis na rioscaí a bhaineann le bréagáin a chumhdaítear leis an sainordú. i scríbhinn; [Leasú 95] |
|
(ca) |
na húdaráis inniúla náisiúnta a chur ar an eolas faoi aon ghníomhaíocht a rinneadh chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann le bréagáin a chumhdaítear lena sainordú trí fhógra a thabhairt sa Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht Táirgí, i gcás nár chuir an monaróir an fhaisnéis ar fáil cheana nó ar threoir a fháil chuige sin ón monaróir. [Leasú 96] |
4. I gcás ina gceapfaidh monaróir nach bhfuil bunaithe san Aontas gníomhaire ginearálta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, áireofar sa sainordú i scríbhinn na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2019/1020.
Airteagal 9
Oibleagáidí allmhaireoirí
1. Ní chuirfidh allmhaireoirí ar an margadh ach bréagáin a chomhlíonann an Rialachán seo.
2. Sula ndéanann siad bréagáin a chur ar an margadh, áiritheoidh allmhaireoirí na nithe seo a leanas:
|
(a) |
gur chuir an monaróir an nós imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta i gcrích agus gur tharraing sé suas an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 7(2); |
|
(b) |
go bhfuil treoracha úsáide agus faisnéise maidir le húsáid agus faisnéis sábháilteachta i gcomhréir le hAirteagal 7(7) ag gabháil leis an mbréagán i dteanga nó i dteangacha atá sothuigthe do thomhaltóirí nó d’úsáideoirí deiridh eile, arna cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann; [Leasú 97] |
|
(c) |
gur chruthaigh an monaróir pas táirge digiteach don bhréagán i gcomhréir le hAirteagal 7(2); [Leasú 98] |
|
(d) |
go bhfuil ngreamófar iompróir sonraí ar an mbréagán i gcomhréir le hAirteagal 17(5); [Leasú 99] |
|
(e) |
gur áiríodh an fhaisnéis ábhartha sa phas táirge digiteach sa chlárlann le haghaidh pasanna táirge dhigiteacha i gcomhréir le hAirteagal 19(1); [Leasú 100] |
|
(f) |
go bhfuil an mharcáil CE ar an mbréagán i gcomhréir le hAirteagal 16; |
|
(g) |
gur chomhlíon an monaróir na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 7(5) agus (6). |
I gcás ina measann allmhaireoirí, nó ina bhfuil cúis acu a chreidiúint, ar bhonn na faisnéise atá i seilbh an allmhaireora sin, nach bhfuil táirge bréagán i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha buncheanglais sábháilteachta, ní chuirfidh cuirfidh siad an monaróir ar an eolas faoi sin agus staonfaidh siad ón bréagán a chur ar an margadh go dtí go mbeidh sé tugtha dtabharfaidh an monaróir chun comhréireachta é . [Leasú 101]
I gcás ina measann allmhaireoirí, nó ina bhfuil cúis acu a chreidiúint , ar bhonn na faisnéise atá i seilbh an allmhaireora sin , go bhfuil riosca ag baint leis an mbréagán, cuirfidh siad faisnéis ina leith ar fáil láithreach don mhéid do na daoine seo a leanas: [Leasú 102]
|
(a) |
an monaróir; |
|
(b) |
na húdaráis um fhaireachas margaidh tríd an Tairseach Ghnó um Fholáireamh maidir le Sábháilteacht Táirgí dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2023/988; |
|
(c) |
tomhaltóirí nó úsáideoirí deiridh eile, i gcomhréir le hAirteagal 35 nó 36 de Rialachán (AE) 2023/988, nó iad araon. [Leasú 103] |
3. Is éard a léireoidh allmhaireoirí ar an táirge, a n-ainm nó a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, agus a seoladh poist agus a seoladh leictreonach teagmhála, nó i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, is ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an mbréagán a léireofar iad.
4. Áiritheoidh allmhaireoirí, fad a bheidh bréagán faoina bhfreagracht, nach ndéanfaidh a ndálaí stórála ná iompair comhlíonadh na gceanglas fíor-riachtanach sábháilteachta a chur i mbaol.
5. I gcás ina measann allmhaireoirí, maidir leis na rioscaí a bhaineann le bréagán, gur gá sin chun sláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí nó úsáideoirí deiridh eile a chosaint, déanfaidh siad tástáil shamplach ar bhréagáin arna margú.
6. I gcás ina measann allmhaireoirí, nó ina bhfuil cúis acu a chreidiúint, nach bhfuil bréagán atá curtha ar an margadh acu i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais um chomhchuibhiú, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá láithreach chun an bréagán sin a thabhairt chun comhréireachta, chun é a tharraingt siar nó chun é a aisghairm, de réir mar is iomchuí.
I gcás ina measann allmhaireoirí, nó ina bhfuil cúis acu a chreidiúint, go bhfuil mbaineann riosca do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile ag baint le bréagán atá curtha a chuir siad ar an margadh acu, cuirfidh siad an monaróir agus údaráis inniúla náisiúnta inniúla na mBallstát inar chuir siad an bréagán ar fáil ar an eolas láithreach chuige ina thaobh sin, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíontacht neamhchomhlíonadh agus faoi aon bheart ceartaitheach bhearta ceartaitheacha a rinneadh agus cuirfidh siad tomhaltóirí nó úsáideoirí deiridh eile ar an eolas, i gcomhréir le hAirteagal 35 nó le hAirteagal 36 de Rialachán (AE) 2023/988, nó leo araon . [Leasú 104]
7. Coinneoidh allmhaireoirí, go ceann ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis an mhír dheireanach den mhúnla bréagán a chur ar an margadh, aitheantóir táirge uathúil táirge an bhréagáin ar fáil do na húdaráis um fhaireachas faireachais margaidh agus áiritheoidh siad gur féidir an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 23 a chur ar fáil do na húdaráis sin, arna iarraidh sin dóibh nuair a iarrtar sin . [Leasú 105]
8. Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, cuirfidh monaróirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá chun comhréireacht an bhréagáin a léiriú ar fáil dó, i dteanga atá sothuigthe don údarás sin. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, a mhéid a bhaineann le gníomhaíocht ar bith a dhéanfar chun na rioscaí a bhaineann le bréagáin atá curtha ar an margadh acu a dhíothú.
9. Fíoróidh allmhaireoirí cé acu a rinne nó nach ndearna an monaróir cainéal cumarsáide cainéil chumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 7(11) a chur ar fáil go poiblí do thomhaltóirí nó d’úsáideoirí deiridh eile, rud a chuirfidh ar a gcumas gearáin a dhéanamh maidir le sábháilteacht bréagán agus faisnéis a chur ar fáil maidir le haon timpiste nó saincheist sábháilteachta a bhí acu leis an mbréagán. Mura bhfuil cainéal cumarsáide cainéil chumarsáide ar fáil, déanfaidh allmhaireoirí foráil maidir le cainéal den sórt sin dóibh , agus riachtanais inrochtaineachta do dhaoine faoi mhíchumas á gcur san áireamh. [Leasú 106]
10. Imscrúdóidh allmhaireoirí gearáin agus faisnéis dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal seo a fuair siad trí chainéal cumarsáide a chuir an monaróir ar fáil, nó trí bhealach cumarsáide a chuirfidh na hallmhaireoirí féin ar fáil, agus a bhaineann leis na bréagáin a chuir siad ar fáil ar an margadh. Comhdóidh allmhaireoirí na gearáin sin, chomh maith le haisghairmeacha agus aon bheart ceartaitheach eile a dhéanfar chun na bréagáin a chur i gcomhréir leis an Rialachán seo, sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 7(12), nó ina gclár inmheánach féin.
Coimeádfaidh na hallmhaireoirí an Coinneoidh allmhaireoirí monaróir, na dáileoirí agus, i gcás inarb ábhartha, soláthraithe margaí ar líne ar an eolas go tráthúil faoin imscrúdú a rinneadh agus faoi thorthaí an imscrúdaithe. [Leasú 107]
11. Ní bheidh sna sonraí pearsanta atá i gclár inmheánach na n-allmhaireoirí dá dtagraítear i mír 10 ach na sonraí pearsanta sin atá riachtanach chun go bhféadfaidh an t-allmhaireoir an gearán nó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 9 a imscrúdú. Ní choinneofar sonraí den sórt sin ach chomh fada agus is gá chun críocha an imscrúdaithe agus, in aon chás, go ceann tréimhse nach faide ná 5 bliana tar éis iontráil na sonraí sa chlár.
Airteagal 10
Oibleagáidí dáileoirí
1. Ar bhréagán a chur ar fáil ar an margadh dóibh, gníomhóidh dáileoirí le cúram cuí i ndáil le ceanglais an Rialacháin seo.
2. Sula gcuirfear bréagán ar fáil ar an margadh, fíoróidh dáileoirí gur comhlíonadh na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
áiritheoidh na monaróirí go bhfuil treoracha úsáide agus faisnéis sábháilteachta ag gabháil leis an mbréagán i dteanga nó i dteangacha atá sothuigthe do thomhaltóirí, de réir mar a chinneann an Ballstát ina gcuirtear an mbréagán ar fáil ar an margadh; [Leasú 108] |
|
(b) |
go bhfuil iompróir sonraí ar an mbréagán i gcomhréir le hAirteagal 17(5)agus marcáil CE a chur leis i gcomhréir le hAirteagal 16 agus |
|
(c) |
gur chomhlíon an monaróir agus an t-allmhaireoir na ceanglais a leagtar amach dara fomhír d’Airteagal 7(2), in Airteagal 7(5), (6) agus (11) agus in Airteagal 9(3) faoi seach. |
I gcás ina measann dáileoirí, nó ina bhfuil cúis acu a chreidiúint, ar bhonn na faisnéise atá i seilbh an dáileora sin, nach bhfuil táirge bréagán i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha sábháilteachta riachtanacha, cuirfidh , ní chuirfidh siad an bréagán monaróir ar an eolas faoi sin agus staonfaidh siad ón táirge a chur ar fáil ar an margadh go dtí go mbeidh sé tugtha chun comhréireachta ag an monaróir . [Leasú 109]
I gcás ina measann dáileoirí, nó ina bhfuil cúis acu a chreidiúint, ar bhonn na faisnéise atá i seilbh an dáileora sin, go bhfuil riosca ag baint leis an bréagán mbréagán , cuirfidh siad faisnéis ina leith ar fáil láithreach don mhéid do na daoine seo a leanas: [Leasú 110]
|
(a) |
an monaróir nó an t-allmhaireoir; |
|
(b) |
na húdaráis um fhaireachas margaidh tríd an Tairseach Ghnó um Fholáireamh maidir le Sábháilteacht Táirgí dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2023/988; |
|
(c) |
tomhaltóirí nó úsáideoirí deiridh eile, i gcomhréir le hAirteagal 35 nó 36 de Rialachán (AE) 2023/988, nó iad araon. [Leasú 111] |
3. Áiritheoidh dáileoirí, fad atá bréagán faoina bhfreagracht, nach gcuireann dálaí stórála ná iompair a chomhlíontacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha sábháilteachta i mbaol.
4. I gcás ina measann dáileoirí, nó ina bhfuil cúis acu a chreidiúint, ar bhonn na faisnéise atá i seilbh an dáileora sin, nach bhfuil táirge atá curtha bréagán a chuir siad ar fáil ar an margadh acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, áiritheoidh siad go ndéanfar nglacfar láithreach na bearta ceartaitheacha is gá chun an bréagán sin a thabhairt chun comhréireachta, chun é a tharraingt siar nó chun é a aisghairm, más iomchuí. [Leasú 112]
I gcás ina measann dáileoirí, nó ina bhfuil cúis acu a chreidiúint, go bhfuil riosca ag baint le bréagán atá curtha a chuir siad ar fáil ar an margadh acu, cuirfidh siad an monaróir nó an t-allmhaireoir, de réir mar is infheidhme agus údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát inar chuir siad an bréagán ar fáil , ar an eolas láithreach ina thaobh chuige sin, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíontacht neamhchomhlíonadh agus faoi aon bheart ceartaitheach bhearta ceartaitheacha a rinneadh agus cuirfidh siad tomhaltóirí nó úsáideoirí deiridh eile ar an eolas, i gcomhréir le hAirteagal 35 nó le hAirteagal 36 de Rialachán (AE) 2023/988, nó leo araon . [Leasú 113]
5. Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, cuirfidh monaróirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá chun comhréireacht an bhréagáin a léiriú ar fáil dó, i dteanga atá sothuigthe don údarás sin. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, a mhéid a bhaineann le gníomhaíocht ar bith a dhéanfar chun na rioscaí a bhaineann le bréagáin atá curtha ar fáil ar an margadh acu a dhíothú.
Airteagal 11
Cásanna ina bhfuil feidhm ag oibleagáidí monaróirí maidir le hallmhaireoirí agus dáileoirí daoine eile [Leasú 114]
Measfar allmhaireoir nó dáileoir a bheith ina mhonaróir gur monaróir é duine nádúrtha nó dlítheanach chun críocha an Rialacháin seo , agus beidh sé faoi réir oibleagáidí an mhonaróra faoi Airteagal 7 , i gcás ina gcuirfidh an t-allmhaireoir nó an dáileoir gcuireann an duine nádúrtha nó dlítheanach sin bréagán ar an margadh faoina ainm nó faoina thrádmharc, nó i gcás ina modhnaíonn sé bréagán atá curtha ar an margadh cheana féin ar bhealach a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíonadh cheanglais is infheidhme an Rialacháin seo. [Leasú 115]
Airteagal 12
Oibreoirí eacnamaíocha a shainaithint
1. Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, arna iarraidh sin, an méid seo a leanas a shainaithint do na húdaráis um fhaireachas margaidh:
|
(a) |
aon oibreoir eacnamaíoch a sholáthair bréagán dóibh; |
|
(b) |
aon oibreoir eacnamaíoch ar sholáthair siad bréagán dó. |
2. Beidh oibreoirí eacnamaíocha in ann an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a thíolacadh go ceann tréimhse 10 mbliana tar éis an bréagán a chur ar an margadh, i gcás an mhonaróra, agus go ceann tréimhse 10 mbliana tar éis an bréagán a bheith soláthraithe dóibh, i gcás oibreoirí eacnamaíocha eile.
CAIBIDIL IIA
OIBLEAGÁIDÍ MARGAÍ AR LÍNE
Airteagal 12a
Chun críocha an Rialacháin seo, comhlíonfaidh soláthraithe margaí ar líne na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2023/988. [Leasú 116]
CAIBIDIL III
COMHRÉIREACHT BRÉAGÁN
Airteagal 13
Toimhde chomhréireacht na mbréagán na comhréireachta [Leasú 117]
Bréagáin atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe nó codanna díobh, ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, measfar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha sábháilteachta a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin sin nó le codanna díobh.
Airteagal 14
Sonraíochtaí coiteanna
1. Measfar go bhfuil bréagáin atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, nó le codanna díobh, i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha sábháilteachta a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na sonraíochtaí coiteanna sin nó le codanna díobh.
2. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme tarmligthe lena bhforlíontar an Rialachán seo , sonraíochtaí coiteanna comhchoiteanna a bhunú do na ceanglais fhíor-riachtanacha le haghaidh na mbuncheanglas sábháilteachta ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas: [Leasú 118]
|
(a) |
níl aon chaighdeán comhchuibhithe ann a chumhdaíonn gur iarr an Coimisiún, de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin Eorpacha a dhréachtú nó a athbhreithniú maidir leis na ceanglais sin, a bhfoilsítear an tagairt dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó ní chomhlíonann an caighdeán na ceanglais a bhfuil sé d’aidhm aige iad a chumhdach; agus:
|
|
(b) |
d’iarr an Coimisiún, de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin Eorpacha do níor foilsíodh aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais sin a dhréachtú nó a athbhreithniú agus go gcomhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas: táirge in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus ní mheastar go bhfoilseofar aon tagairt den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta. [Leasú 120]
|
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(3). [Leasú 123]
2a. Agus an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 á ullmhú, cuirfidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí agus na ngrúpaí saineolaithe ábhartha san áireamh. [Leasú 124]
3. Nuair a fhoilsítear tagairtí do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá na gníomhartha cur chun feidhme tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo lena gcumhdaítear an ceanglas fíor-riachtanach riachtanach sábháilteachta céanna a aisghairm nó a leasú. [Leasú 125]
Airteagal 15
Prionsabail ghinearálta maidir le marcáil CE
Beidh marcáil CE ar na bréagáin a chuirfear ar fáil ar an margadh.
Beidh marcáil CE faoi réir na bprionsabal ginearálta a leagtar amach in Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.
Airteagal 16
Rialacha agus coinníollacha maidir le marcáil CE a ghreamú
1. Déanfar an mharcáil CE a ghreamú den bhréagán go feiceálach, go soléite agus go doscriosta nó déanfar é a ghreamú de lipéad a bheidh ag gabháil leis an mbréagán.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás bréagáin bheaga agus bréagáin ina bhfuil codanna beaga, féadfar an mharcáil CE a ghreamú de bhileog a ghabhann leis an mbréagán.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás bréagáin a dhíoltar i dtaispeántais cuntair nach féidir go teicniúil marcáil CE a ghreamú de gach bréagán aonair ann, féadfar an mharcáil CE a ghreamú den taispeántas cuntair ar an gcoinníoll gur úsáideadh an taispeántas cuntair ar dtús mar phacáistíocht don bhréagán.
I gcás nach bhfuil an mharcáil CE atá greamaithe den bhréagán infheicthe ón taobh amuigh den phacáistíocht, greamófar ar an bpacáistíocht í freisin.
2. Greamófar an mharcáil CE sula gcuirfear an bréagán ar an margadh.
3. Déanfar picteagram nó aon rabhadh eile lena léirítear riosca nó úsáid speisialta a chur i ndiaidh na marcála CE, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 6.
4. Cuirfidh na Ballstáit le sásraí atá ann cheana chun a áirithiú go bhfeidhmeofar an réimeas lena rialaítear an mharcáil CE i gceart agus déanfaidh siad gníomhaíocht iomchuí i gcás go mbainfear úsáid mhíchuí as an marcáil sin.
CAIBIDIL IV
PAS TÁIRGE DIGITEACH [Leasú 126]
Airteagal 17
Pas táirge digiteach [Leasú 127]
1. Sula gcuirfidh siad gcuirfear bréagán ar an margadh, cruthóidh déanfaidh monaróirí pas táirge digiteach a tharraingt suas don bhréagán sin.Comhlíonfaidh an pas táirge digiteach na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo agus in Airteagal 18 agus reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha eile de chuid an Aontais lena gceanglaítear dearbhú comhréireachta de chuid an Aontais agus tiocfaidh sé in ionad gach dearbhaithe comhréireachta de chuid an Aontais is gá . [Leasú 128]
2. Déanfaidh an pas táirge digiteach an méid seo a leanas: [Leasú 129]
|
(a) |
comhfhreagróidh sé do mhúnla sonrach bréagáin; |
|
(b) |
luafar ann gur léiríodh go gcomhlíonann an bréagán na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus i reachtaíocht chomhchuibhithe eile de chuid an Aontais lena gceanglaítear dearbhú comhréireachta de chuid an Aontais , go háirithe, na ceanglais fhíor-riachtanacha riachtanacha sábháilteachta; [Leasú 130] |
|
(c) |
beidh an fhaisnéis a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn VI ann; |
|
(d) |
go mbeidh sé cothrom le dáta; |
|
(e) |
beidh sé ar fáil sa teanga nó sna teangacha a éilíonn an Ballstát ina gcuirtear an bréagán ar fáil ar an margadh; |
|
(f) |
ag brath ar chearta rochtana, beidh sé inrochtana do thomhaltóirí nó d’úsáideoirí deiridh eile , d’údaráis um fhaireachas margaidh, d’údaráis chustaim, do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra, don Choimisiún agus d’oibreoirí eacnamaíocha eile i gcomhréir le mír 2a, agus aird á tabhairt ar an ngá atá le faisnéis rúnda ghnó agus rúin trádála a chosaint i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/943 ; [Leasú 131] |
|
(g) |
beidh sé siad ar fáil go ceann ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis an mhír dheireanach den tsamhail bréagán a chur ar an margadh, agus freisin i gcásanna freisin de dhócmhainneacht dócmhainneachta , leachtú nó scor de ghníomhaíocht gníomhaíochta san Aontas de chuid an oibreora eacnamaíoch a chruthaigh an pas táirge digiteach ; [Leasú 132] |
|
(h) |
beidh sé inrochtana trí iompróir sonraí; |
|
(i) |
comhlíonfaidh sé na ceanglais shonracha agus theicniúla a leagtar síos de bhun mhír 10. a chomhlíonadh chun fíorú chomhlíonadh na dtáirgí ag na húdaráis náisiúnta inniúla a éascú; [Leasú 133] |
2a. Is éard a bheidh sna cearta rochtana dá dtagraítear i mír 2, pointe (f) den Airteagal seo:
|
(a) |
faisnéis atá inrochtana do thomhaltóirí nó d’úsáideoirí deiridh eile a liostaítear i bpointí (c), (d), (i), (j), (ja), (jb) agus (jc) de Chuid I d’Iarscríbhinn VI agus, i gcás inarb infheidhme, i bpointí (a) agus (b) de Chuid II d’Iarscríbhinn VI; |
|
(b) |
faisnéis nach bhfuil inrochtana ach amháin d’údaráis faireachais margaidh, d’údaráis chustaim, do chomhlachtaí dá dtugtar fógra, agus don Choimisiún a liostaítear i bpointí (a) go (j) de Chuid I d’Iarscríbhinn VI agus, i gcás inarb infheidhme, pointí (a) agus (b) de Chuid II d’Iarscríbhinn VI. [Leasú 134] |
3. I dteannta na faisnéise dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh an fhaisnéis a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn VI a bheith sa phas táirge digiteach . [Leasú 135]
4. Tríd an bpas táirge digiteach a chruthú, glacfaidh an monaróir freagracht air féin go gcomhlíonfaidh an bréagán an Rialachán seo agus aon reachtaíocht eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le comhlíonadh an Rialacháin seo ag an mbréagán bréagáin . [Leasú 136]
5. Beidh an t-iompróir sonraí i láthair go fisiciúil ar an mbréagán nó ar lipéad a bheidh ceangailte den bhréagán, i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le mír 10. I gcás bréagáin bheaga agus bréagáin ina a bhfuil codanna páirteanna beaga iontu, greamófar an t-iompróir , féadfar an t-iompróir sonraí a ghreamú dá phacáistíocht mar mhalairt rogha. Beidh sé le feiceáil go soiléir don tomhaltóir roimh aon cheannachán agus do na húdaráis um fhaireachas margaidh, lena n-áirítear i gcásanna ina gcuirtear an bréagán ar fáil trí chiandíolacháin. [Leasú 137]
6. I gcás ina gceanglaítear le reachtaíocht eile an Aontais go mbeidh faisnéis faoin mbréagán ar fáil trí mheán iompróir sonraí, úsáidfear iompróir aonair sonraí chun an fhaisnéis a cheanglaítear faoin Rialachán seo agus faoi reachtaíocht eile an Aontais den sórt sin a sholáthar.
7. I gcás ina gceanglaítear pas táirge digiteach le reachtaíocht eile de chuid an Aontais a bhfuil feidhm aici maidir le bréagáin, cruthófar pas táirge digiteach aonair le haghaidh bréagáin ina bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear faoin Rialachán seo chomh maith le faisnéis eile a cheanglaítear le haghaidh an phas táirge digiteach leis an reachtaíocht eile sin de chuid an Aontais. [Leasú 138]
8. De mhaolú ar mhír 2, pointe (c), i gcás ina mbunófar ceanglais faisnéise a bhaineann le substaintí ar údar imní iad i mbréagáin i ngníomh tarmligthe arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán.../... [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach: an Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe], níl gá a thuilleadh leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i gCuid I, pointe (k), d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo. [Leasú 139]
9. De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 6 agus 7, féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha faisnéis eile a chur ar fáil tríd an iompróir sonraí dá dtagraítear i mír 5. I gcás inarb amhlaidh sin, déanfar an fhaisnéis sin a dheighilt go soiléir ón bhfaisnéis a cheanglaítear faoin Rialachán seo agus, i gcás inarb ábhartha, faoi reachtaíocht eile an Aontais.
10. Glacfaidh an Coimisiún Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena gcinnfear na ceanglais shonracha agus tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 47 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na buncheanglais theicniúla a bhaineann leis an bpas táirge maidir le bréagáin. digiteach le haghaidh bréagán a chinneadh faoin... [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Leis an gceanglas seo cumhdófar na nithe seo a leanas go háirithe: [Leasú 140]
|
(a) |
na cineálacha iompróra sonraí atá le húsáid; |
|
(b) |
an leagan amach ina gcuirfear an t-iompróir sonraí i láthair agus a shuíomh; |
|
(c) |
eilimintí teicniúla an phas a n-úsáidfear caighdeáin shainithe Eorpacha nó idirnáisiúnta ina leith; |
|
(d) |
na gníomhaithe a fhéadfaidh an fhaisnéis a thabhairt isteach nó a thabhairt cothrom le dáta sa phas táirge digiteach , lena n-áirítear, i gcás inar gá, pas táirge nua a chruthú, lena n-áirítear monaróirí, comhlachtaí faoina dtugtar fógra, údaráis náisiúnta inniúla, agus an Coimisiún, nó aon eagraíocht atá ag gníomhú thar a gceann, agus na cineálacha faisnéise a fhéadfaidh siad a thabhairt isteach nó a thabhairt cothrom le dáta. [Leasú 141] |
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme tarmligthe sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 50(3) 46 (2) . [Leasú 142]
Airteagal 18
Dearadh teicniúil agus oibriú an phas táirge dhigitigh [Leasú 143]
1. Beidh an pas táirge digiteach go hiomlán idir-inoibritheach le pasanna táirge dhigiteacha a cheanglaítear le reachtaíocht eile an Aontais i ndáil leis na gnéithe teicniúla, séimeantacha agus eagraíochtúla a bhaineann le cumarsáid agus le haistriú sonraí ó cheann go ceann. [Leasú 144]
2. Beidh an fhaisnéis uile a bheidh áirítear sa phas táirge digiteach bunaithe ar chaighdeáin oscailte arna bhforbairt i bhformáid idir-inoibritheach, lena n-áirítear chun faisnéis a tharchur tríd an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht agus tríd an Tairseach Safety Gate dá dtagraítear in Airteagail 27 agus 34 de Rialachán 2023/988. le formáid idir-inoibritheach agus Beidh sí sé inléite ag meaisín, struchtúrtha agus inchuardaithe i gcomhréir leis na buncheanglais a leagtar amach i Rialachán . ../... [An Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe]. Déanfar an pas táirge digiteach a dhearadh agus a oibriú ar bhealach inrochtana, agus ionchorprófar ann prionsabal na slándála agus an phríobháideachais trí dhearadh. [Leasú 145]
3. Beidh rochtain shaor saor in aisce ag tomhaltóirí nó úsáideoirí deiridh eile , oibreoirí eacnamaíocha agus gníomhaithe ábhartha eile , ar bhonn a gceart rochtana faoi seach, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais, ar an bpas táirge digiteach . [Leasú 146]
3a. Ní iarrfar ar thomhaltóirí aon bhogearra, clárú ná pasfhocal a íoslódáil agus a shuiteáil chun rochtain a fháil ar an bpas táirge digiteach. [Leasú 147]
4. Is é an t-oibreoir eacnamaíoch atá freagrach as an bpas táirge digiteach a chruthú, nó oibreoirí atá údaraithe chun gníomhú thar a cheann, a stórálfaidh na sonraí a chuimsítear sa phas táirge digiteach . [Leasú 148]
5. I gcás ina ndéanfaidh oibreoir atá údaraithe chun gníomhú thar ceann na n-oibreoirí eacnamaíocha a chuireann an bréagán ar an margadh na sonraí atá sa phas táirge digiteach a stóráil nó a phróiseáil ar shlí eile, ní cheadófar don oibreoir eile sin na sonraí sin a dhíol, a athúsáid ná a phróiseáil, ina n-iomláine nó i bpáirt, thar a bhfuil riachtanach chun na seirbhísí stórála nó próiseála ábhartha a sholáthar. [Leasú 149]
6. Ní fhéadfaidh dhéanfaidh oibreoirí eacnamaíocha aon fhaisnéis úsáide a rianú, a anailísiú ná a úsáid chun críoch críocha seachas an méid is gá atá fíor-riachtanach chun an fhaisnéis faoin ar an bpas táirge digiteach a sholáthar ar líne. [Leasú 150]
Airteagal 19
Clárlann le haghaidh pasanna táirge dhigiteacha [Leasú 151]
1. Sula gcuirfear bréagán ar an margadh, uaslódálfaidh agus tar éis gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17(10) den Rialachán seo, déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, an t-aitheantóir táirge uathúil agus an t-aitheantóir oibreora uathúil le haghaidh an bhréagáin sin a uaslódáil sa chlárlann arna bunú faoi Airteagal 12(1) de Rialachán (AE).../... [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach sraithuimhir maidir le Ceanglais an tsraithuimhir le haghaidh na gceanglas éicidhearthóireachta do Tháirgí maidir le Táirgí Inbhuanaithe] (an ‘chlárlann’), an t-aitheantóir táirge uathúil agus an t-aitheantóir oibreora uathúil le haghaidh an bhréagáin sin. clárlann’). [Leasú 152]
2. Beidh rochtain éifeachtúil ag an gCoimisiún, ag na húdaráis um fhaireachas margaidh agus ag na húdaráis chustaim ar an bhfaisnéis arna stóráil atá stóráilte sa chlárlann dá dtagraítear i mír 1 chun a gcuid dualgas ndualgais a chomhlíonadh de bhun an Rialacháin seo. [Leasú 153]
Airteagal 20
Rialuithe custaim a bhaineann leis an bpas táirge digiteach [Leasú 154]
1. Beidh bréagáin a thagann isteach i margadh an Aontais faoi réir fíoruithe agus bearta eile a leagtar síos san Airteagal seo.
2. Cuirfidh dearbhóirí mar a shainmhínítear in Airteagal 5, pointe (15), de Rialachán (AE) 952/2013 an t-aitheantóir uathúil táirge san áireamh sa dearbhú custaim maidir le haon bhréagán a scaoileadh i saorchúrsaíocht.
3. Fíoróidh na húdaráis chustaim cé acu atá nó nach bhfuil an t-aitheantóir uathúil táirge arna shonrú ag an dearbhóir i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo ag teacht le haitheantóir táirge uathúil a áirítear sa chlárlann i gcomhréir le hAirteagal 19(1).
4. De bhreis ar an bhfíorú dá dtagraítear i mír 3, fíoróidh na húdaráis chustaim comhsheasmhacht na faisnéise a chuireann dearbhóirí ar fáil do lucht custaim le faisnéis eile arna stóráil sa chlárlann agus a liostaítear sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 46(3).
5. Déanfar na fíoruithe dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo go leictreonach agus go huathoibríoch trí úsáid a bhaint as an idirnasc idir an chlárlann dá dtagraítear in Airteagal 19(1) agus Córas Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam dá dtagraítear in [Airteagal 13 de [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach sraithuimhir do Rialachán (AE).../... maidir le Ceanglais Éicidhearthóireachta do Tháirgí Inbhuanaithe]].
6. Beidh feidhm ag míreanna 3, 4 agus 5 den Airteagal seo ón lá a thiocfaidh an t-idirnasc idir an chlárlann agus Córas Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam dá dtagraítear in [Airteagal 13 de [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach sraithuimhir do Rialachán (AE).../... maidir le Ceanglais Éicidhearthóireachta do Tháirgí Inbhuanaithe]] i bhfeidhm.
Foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chuige sin ina luafar an dáta a chuirfear an t-idirnasc i mbun feidhme.
7. Féadfaidh na húdaráis chustaim an fhaisnéis faoi bhréagáin atá sa phas táirge digiteach agus sa chlárlann a aisghabháil agus a úsáid chun a ndualgais a dhéanamh de bhun reachtaíocht an Aontais, lena n-áirítear le haghaidh bainistiú riosca i gcomhréir le hAirteagail 46 agus 47 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. [Leasú 155]
8. Déanfar na fíoruithe agus na bearta eile a leagtar síos san Airteagal seo ar bhonn an liosta de chóid tráchtearraí agus tuairiscí ar tháirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.
9. Ní dhéanfaidh na fíoruithe agus na bearta a leagtar síos san Airteagal seo difear do chur i bhfeidhm gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena rialaítear scaoileadh i saorchúrsaíocht táirgí, lena n-áirítear Airteagail 46, 47 agus 134 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, chomh maith leis na rialuithe dá dtagraítear i gCaibidil VII de Rialachán (AE) 2019/1020.
Airteagal 20a
Cúnamh do FBManna
1. Cuirfidh an Coimisiún cúnamh cuimsitheach ar fáil, i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta ábhartha, do FBManna a bhfuil ceangal orthu pas táirge digiteach a bhunú le haghaidh bréagán, trí threoir shaincheaptha a sholáthar dóibh maidir le conas pas táirge digiteach a bhunú agus a oibriú go héifeachtúil le haghaidh bréagán agus uirlis aistriúcháin uathoibríoch le haghaidh na dteangacha dá dtagraítear in Airteagal 17(2) pointe (e).
Soláthrófar an tacaíocht sin, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tráth nach déanaí ná... [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
2. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an bhféidearthacht uirlis ar líne a bhunú chun an fhaisnéis bhunúsach agus na feidhmeanna bunúsacha is gá a sholáthar do FBManna chun pas táirge digiteach a bhunú dá dtáirgí. [Leasú 156]
CAIBIDIL V
MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA
Airteagal 21
Measúnú sábháilteachta
1. D’fhonn a léiriú go gcomhlíonann bréagán na ceanglais fhíor-riachtanacha buncheanglais sábháilteachta, déanfaidh monaróirí, sula gcuirfidh siad bréagán ar an margadh, measúnú sábháilteachta lena n-áirítear anailís ar na guaiseacha a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an mbréagán, chomh maith le measúnú ar an nochtadh féideartha do ghuaiseacha den sórt sin. ina dhéanfar an méid seo a leanas ar a laghad:
|
(a) |
cumhdófar leis na guaiseacha ceimiceacha, fisiceacha, meicniúla, leictreacha, inadhainteachta, sláinteachais agus radaighníomhaíochta uile agus an nochtadh féideartha do ghuaiseacha den sórt sin; |
|
(b) |
i ndáil le guaiseacha ceimiceacha, cuirfear san áireamh an nochtadh a d’fhéadfadh a bheith ann do cheimiceáin aonair, agus aon ghuaiseacha breise atá ar eolas mar gheall ar chomhnochtadh do na ceimiceáin éagsúla atá sa bhréagán, agus na hoibleagáidí faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus na coinníollacha a leagtar amach ann á gcur san áireamh; |
|
(c) |
tabharfar cothrom le dáta é cibé uair a bheidh faisnéis ábhartha bhreise ar fáil. |
Áireofar an measúnú sábháilteachta sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 23. [Leasú 157]
2. Déanfaidh an measúnú sábháilteachta na nithe seo a leanas go háirithe:
|
(a) |
cumhdófar leis na guaiseacha ceimiceacha, fisiceacha, meicniúla, leictreacha, inadhainteachta, sláinteachais agus radaighníomhaíochta uile agus an nochtadh féideartha do ghuaiseacha den sórt sin; |
|
(b) |
i ndáil le guaiseacha ceimiceacha, cuirfear san áireamh an nochtadh a d’fhéadfadh a bheith ann do cheimiceáin aonair, agus aon ghuais bhreise atá ar eolas mar gheall ar chomhnochtadh do na ceimiceáin éagsúla atá sa bhréagán, agus na hoibleagáidí faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus na coinníollacha a leagtar amach ann á gcur san áireamh; |
|
(c) |
tabharfar cothrom le dáta é cibé uair a bheidh faisnéis ábhartha bhreise ar fáil. |
Áireofar an ráiteas maidir le sábháilteacht sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 23. [Leasú 158]
Airteagal 22
Nósanna imeachta um measúnú comhréireachta
1. Úsáidfidh monaróirí na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3.
2. Má tá caighdeáin chomhchuibhithe curtha i bhfeidhm ag an monaróir ar foilsíodh a dtagairt in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó sonraíochtaí coiteanna lena gcumhdaítear na ceanglais sábháilteachta ábhartha uile don bhréagán, úsáidfidh an monaróir an nós imeachta um rialú inmheánach táirgthe a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn IV.
3. Sna cásanna seo a leanas, úsáidfidh an monaróir an nós imeachta chineálscrúdú AE a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn IV mar aon leis an nós imeachta maidir le cineál-chomhréireacht a leagtar amach i gCuid III den Iarscríbhinn sin:
|
(a) |
i gcás nach ann do chaighdeáin chomhchuibhithe curtha i bhfeidhm ar foilsíodh a dtagairt in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ná do shonraíochtaí coiteanna lena gcumhdaítear na ceanglais sábháilteachta uile don bhréagán; |
|
(b) |
i gcás inarb ann do chaighdeáin chomhchuibhithe nó do shonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i bpointe (a) ach nár chuir an monaróir i bhfeidhm iad nó nár chuir sé i bhfeidhm iad ach i bpáirt; |
|
(c) |
i gcás inar foilsíodh ceann amháin nó níos mó de na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear i bpointe (a) maille le srian , i gcás ina mbaineann an srian leis an mbréagán i dtrácht ; [Leasú 159] |
|
(d) |
i gcás ina measann an monaróir gur gá fíorú tríú páirtí mar gheall ar chineál, dearadh, déanamh nó cuspóir an bhréagáin. |
4. Déanfar athbhreithniú ar an deimhniú ar chineálscrúdú AE arna eisiúint i gcomhréir le Cuid II, pointe 6, d’Iarscríbhinn IV cibé uair is gá, go háirithe i gcás athrú ar an bpróiseas monaraíochta, ar na hamhábhair nó ar chomhpháirteanna an bhréagáin, agus, i gcás ar bith, gach 5 bliana.
Airteagal 23
Doiciméadacht theicniúil
1. Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na sonraí uile is ábhartha do na modhanna a úsáideann an monaróir chun a áirithiú go gcomhlíonann an bréagán na ceanglais fhíor-riachtanacha sábháilteachta. Go sonrach, beidh na doiciméid a liostaítear in Iarscríbhinn V inti.
2. Déanfar an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais.
3. Tar éis iarraidh réasúnaithe a fháil ó údarás um fhaireachas margaidh Ballstáit, cuirfidh an monaróir aistriúchán de na codanna ábhartha den doiciméadacht theicniúil ar fáil i dteanga an Bhallstáit sin.
I gcás ina n-iarrfaidh údarás um fhaireachas margaidh an doiciméadacht theicniúil nó aistriúchán ar chodanna di ó mhonaróir, féadfaidh sé sprioc-am a shocrú chun an comhad sin nó an t-aistriúchán sin a fháil, ar sprioc-am 30 lá é, mura rud é go bhfuil údar le sprioc-am níos giorra i gcás inarb ann do riosca tromchúiseach láithreach do shláinte agus do shábháilteacht.
4. Mura gcomhlíonann an monaróir na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 3, féadfaidh an t-údarás um fhaireachas margaidh a cheangal ar an monaróir tástáil a dhéanamh ar an monaróir ar a chostas féin laistigh de thréimhse shonraithe chun comhlíonadh na gceanglas fíor-riachtanach sábháilteachta a fhíorú.
CAIBIDIL VI
FÓGRA A THABHAIRT MAIDIR LE COMHLACHTAÍ UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA
Airteagal 24
Fógra
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi chomhlachtaí arna n-údarú chun cúraimí um measúnú comhréireachta tríú páirtí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.
Airteagal 25
Údaráis a thugann fógra
1. Ainmneoidh na Ballstáit údarás a thugann fógra a bheidh freagrach as na nósanna imeachta is gá a chur ar bun agus a chur i gcrích chun measúnú a dhéanamh ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta agus fógra a thabhairt dóibh chun críocha an Rialacháin seo, agus as faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra, lena n-áirítear Airteagal 30 a chomhlíonadh.
2. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go ndéanfaidh comhlacht náisiúnta creidiúnaithe an measúnú agus an faireachán dá dtagraítear i mír 1 de réir bhrí agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.
3. I gcás ina dtarmligfidh nó ina gcuirfidh toscairí an údaráis a thugann fógra an measúnú, an fógra nó an faireachán dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar iontaoibh comhlachta ar shlí eile, nach eintiteas rialtais é, beidh an comhlacht sin ina eintiteas dlítheanach agus comhlíonfaidh sé na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26 mutatis mutandis. Anuas air sin, beidh socruithe ag an gcomhlacht sin chun dliteanais a eascraíonn as a chuid gníomhaíochtaí a chumhdach.
4. Glacfaidh an t-údarás a thugann fógra lánfhreagracht as na cúraimí arna bhfeidhmiú ag an gcomhlacht dá dtagraítear i mír 3.
Airteagal 26
Ceanglais maidir le húdaráis a thugann fógra
1. Bunófar údarás a thugann fógra sa chaoi nach mbeidh aon choinbhleacht leasa ann leis na comhlachtaí um measúnú comhréireachta.
2. Eagrófar agus riarfar údarás a thugann fógra ar bhealach a chaomhnóidh oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a chuid gníomhaíochtaí.
3. Eagrófar údarás a thugann fógra ar bhealach gur daoine inniúla a bheidh difriúil leo siúd a dhéanann an measúnú, a dhéanfaidh gach cinneadh a bhaineann le fógra a thabhairt faoi chomhlacht um measúnú comhréireachta.
4. Ní thairgfidh ná ní sholáthróidh an t-údarás údarás a thugann fógra aon ghníomhaíocht ghníomhaíochtaí a dhéanann comhlachtaí um measúnú comhréireachta , ná ní thairgfidh ná ní sholáthróidh siad ná seirbhísí comhairleachta comhairliúcháin ar bhonn tráchtála nó ná ar bhonn iomaíoch , ach soláthróidh an t-údarás a thugann fógra faisnéis do na hoibreoirí eacnamaíocha faoi na nósanna imeachta le haghaidh an mheasúnaithe agus faoi na comhlachtaí um measúnú comhréireachta má iarrtar orthu déanamh amhlaidh a chur ar fáil. [Leasú 160]
5. Déanfaidh na húdaráis a thugann fógra rúndacht na faisnéise a fhaigheann sé a choimirciú.
6. Beidh líon leordhóthanach de phearsanra pearsanra inniúil ag na húdaráis agus acmhainní leordhóthanacha ar fáil d’údarás a thugann fógra le húsáid chun a gcúraimí a fheidhmiú i gceart chuid cúraimí a chomhlíonadh go héifeachtúil . [Leasú 161]
7. Déanfaidh údarás a thugann fógra faireachán ar chineál agus ar líon na gcúraimí a dhéanann fochuideachtaí de chomhlachtaí faoina dtugtar fógra nó fochonraitheoirí leo i gcomhréir le hAirteagal 30.
Airteagal 27
Oibleagáid faisnéise na n-údarás a thugann fógra
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoina nósanna imeachta chun na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a mheasúnú agus chun fógra a thabhairt fúthu agus chun faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra, agus faoi aon athruithe ar na nósanna imeachta sin.
Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.
Airteagal 28
Na ceanglais a bhaineann leis na comhlachtaí faoina dtugtar fógra
1. Chun críocha fógra a thabhairt faoin Rialachán seo, comhlíonfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos i míreanna 2 go 11. Déanfar a chreidiúnú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.
2. Bunófar comhlachtaí um measúnú comhréireachta faoi dhlí náisiúnta Ballstáit agus beidh pearsantacht dhlítheanach acu.
3. Beidh comhlacht um measúnú comhréireachta ina chomhlacht tríú páirtí atá neamhspleách ar an eagraíocht nó ar an mbréagán ar a ndéanann sé measúnú.
Maidir le comhlacht a bhaineann le comhlachas gnó nó le cónaidhm ghairmiúil a dhéanann ionadaíocht ar ghnóthais a bhfuil baint acu le dearthóireacht, monaraíocht, soláthar, cóimeáil, úsáid nó cothabháil bréagán a ndéanann sé measúnú orthu, féadfar a mheas gur comhlacht tríú páirtí é chun críocha na chéad fhomhíre, ar choinníoll go léirítear go bhfuil sé neamhspleách agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann.
4. Ní hé dearthóir, monaróir, soláthróir, suiteálaí, ceannaitheoir, úinéir, úsáideoir ná cothabhálaí na mbréagán arna measúnú acu, ná gníomhaire ginearálta aon duine de na páirtithe sin, a bheidh i gceist leis an gcomhlacht um measúnú comhréireachta, lena lucht bainistíochta ardleibhéil ná leis an bpearsanra a bheidh freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a chomhlíonadh. Ní choiscfidh sé sin na bréagáin mheasúnaithe is gá le haghaidh oibríochtaí an chomhlachta um measúnú comhréireachta a úsáid ná na bréagáin sin a úsáid chun críoch pearsanta.
Ní bheidh baint dhíreach ag comhlacht um measúnú comhréireachta, ag a lucht bainistíochta ardleibhéil ná ag an bpearsanra a bheidh freagrach as cúraimí an mheasúnaithe comhréireachta a chomhlíonadh le dearthóireacht, monaraíocht, margú, suiteáil, úsáid ná cothabháil na mbréagán sin, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht do na páirtithe atá i gceist leis na gníomhaíochtaí sin. Ní rachaidh siad i mbun aon ghníomhaíochta a d’fhéadfadh a bheith i gcoimhlint lena neamhspleáchas breithiúnais nó lena n-ionracas i ndáil le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta dá dtugtar fógra ina leith. Beidh feidhm aige sin go háirithe maidir le seirbhísí comhairleachta.
Áiritheoidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí a bhfochuideachtaí ná a bhfochonraitheoirí difear do rúndacht, oibiachtúlacht ná neamhchlaontacht a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta.
5. Déanfaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus a bpearsanra na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta le hard-ionracas gairmiúil agus leis an inniúlacht theicniúil a bhíonn riachtanach sa réimse sonrach, agus beidh siad saor ó gach brú agus mealladh, ó thaobh airgid de go háirithe, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a mbreithiúnas nó ar thorthaí a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, go háirithe a mhéid a bhaineann le brú agus mealladh ó dhaoine nó ó ghrúpaí daoine a bhfuil leas acu i dtorthaí na ngníomhaíochtaí sin.
6. Beidh sé ar chumas comhlachta um measúnú comhréireachta na cúraimí tríú páirtí uile sa phróiseas um measúnú comhréireachta a shanntar dó i gcomhréir le hIarscríbhinn IV agus ar tugadh fógra dó ina leith a chur i gcrích, cé acu a chuirfidh an comhlacht um measúnú comhréireachta féin na cúraimí sin i gcrích nó a chuirfear i gcrích thar a cheann agus faoina fhreagracht iad.
I dtaca le gach nós imeachta um measúnú comhréireachta agus le gach cineál nó catagóir bréagáin ar tugadh fógra dó ina leith, beidh an méid seo a leanas ar fáil don chomhlacht um measúnú comhréireachta, nó beidh an méid seo a leanas ar bun aige i gcónaí:
|
(a) |
foireann ag a bhfuil eolas teicniúil agus taithí leordhóthanach agus iomchuí chun na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh; |
|
(b) |
tuairiscí ar nósanna imeachta a ndéantar measúnú comhréireachta i gcomhréir leo, lena n-áiritheofar trédhearcacht na nósanna imeachta sin agus an cumas iad a atáirgeadh; |
|
(c) |
beidh beartais iomchuí agus nósanna imeachtaí iomchuí i bhfeidhm aige lena ndéantar idirdhealú idir cúraimí a chomhlíonann sé mar chomhlacht faoina dtugtar fógra agus gníomhaíochtaí eile; |
|
(d) |
na nósanna imeachta is gá maidir le gníomhaíochtaí a chur i gcrích lena dtugtar aird chuí ar mhéid an ghnóthais, ar an earnáil ina bhfuil sé ag oibriú, ar a struchtúr, ar chastacht theicneolaíocht an bhréagáin i gceist agus mais an phróisis táirgeachta nó cineál srathach an phróisis sin. |
Beidh na hacmhainní is gá ag comhlacht um measúnú comhréireachta chun na cúraimí teicniúla agus riaracháin a bhaineann leis na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh ar bhealach iomchuí go héifeachtúil agus beidh rochtain aige ar an trealamh nó ar na saoráidí uile is gá. [Leasú 162]
7. Beidh na nithe seo a leanas ag an bpearsanra (an ‘pearsanra measúnaithe’) a bheidh freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a chomhlíonadh:
|
(a) |
oiliúint theicniúil fhónta agus gairmoiliúint fhónta lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí uile um measúnú comhréireachta ar tugadh fógra don chomhlacht um measúnú comhréireachta i ndáil leo; |
|
(b) |
eolas sásúil domhain ar cheanglais na measúnuithe a dhéanann siad agus údarás leormhaith leordhóthanach chun na measúnuithe sin a dhéanamh; [Leasú 163] |
|
(c) |
eolas domhain agus tuiscint iomchuí dhomhain ar na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, ar na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 13 den Rialachán seo agus ar na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 14 den Rialachán seo; [Leasú 164] |
|
(d) |
an cumas deimhnithe, taifid agus tuarascálacha a tharraingt suas lena léireofar go mbeidh measúnuithe curtha i gcrích. |
8. Áiritheofar neamhchlaontacht comhlachtaí um measúnú comhréireachta, a n-ardbhainistíocht ardleibhéil agus a bhfoireann measúnaithe.
Ní bheidh luach saothair bhainistíocht ardleibhéil agus fhoireann measúnaithe an chomhlachta um measúnú comhréireachta ag brath ar líon na measúnuithe a chuirfear i gcrích ná ar thorthaí na measúnuithe sin.
9. Rachaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta faoi árachas dliteanais ach amháin má ghabhann an Ballstát dliteanas air féin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó i gcás inarb é an Ballstát féin atá freagrach go díreach as an measúnú comhréireachta.
10. Urramóidh pearsanra de chuid comhlacht comhlachta um measúnú comhréireachta an rúndacht ghairmiúil maidir leis an bhfaisnéis uile a gheobhaidh siad fhaightear agus a gcuid gcúraimí á gcomhlíonadh acu de bhun faoi Iarscríbhinn IV, ach amháin i ndáil maidir le húdaráis inniúla an Bhallstáit ina ndéanfaidh an pearsanra sin a gcuid ndéantar a chuid gníomhaíochtaí.Déanfar cearta maoine intleachtúla agus rúin trádála a chosaint , i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/943 . [Leasú 165]
11. Beidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta rannpháirteach i ngníomhaíochtaí caighdeánaithe ábhartha agus i ngníomhaíochtaí ghrúpa comhordúcháin an chomhlachta faoina dtugtar fógra arna bhunú faoi Airteagal 40, gníomhaíochtaí a n-áiritheoidh siad go bhfuil a bhfoireann measúnaithe ar an eolas fúthu, agus cuirfidh siad i bhfeidhm, mar threoraíocht ghinearálta, na cinntí agus na doiciméid riaracháin arna gcur i dtoll a chéile de thoradh obair an ghrúpa sin.
Airteagal 29
Toimhde maidir le comhréireacht na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra
I gcás ina léireoidh comhlacht um measúnú comhréireachta a chomhréireacht leis na critéir a leagtar síos sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha nó sna codanna díobh a bhfuil a gcuid tagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, toimhdeofar go gcomhlíonfaidh an comhlacht na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 28 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme.
Airteagal 30
Fochuideachtaí comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus fochonraitheoireacht ag na comhlachtaí sin
1. I gcás ina ndéanfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra cúraimí sonracha i dtaca le measúnú comhréireachta a chur amach ar fochonradh nó i gcás ina bhféadfaidh an comhlacht dul ar iontaoibh fochuideachta, áiritheoidh sé go gcomhlíonann an fochonraitheoir nó an fhochuideachta na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 28 agus cuirfidh sé an t-údarás a thugann fógra ar an eolas faoi sin dá réir.
2. Glacfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra lánfhreagracht as na cúraimí arna bhfeidhmiú ag fochonraitheoirí nó ag a gcuid fochuideachtaí, cibé áit a bhfuil siad sin bunaithe.
3. Beidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra in ann athbhreithniú a dhéanamh ar na cúraimí a dhéanann na fochonraitheoirí nó na fochuideachtaí ina ngnéithe uile.
4. Ní fhéadfar gníomhaíochtaí a chur amach ar fochonradh ná ní fhéadfaidh fochuideachta iad a dhéanamh ach amháin le comhaontú ón gcliant.
5. Déanfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra na doiciméid ábhartha a bhaineann le measúnú ar cháilíochtaí an fhochonraitheora nó na fochuideachta, maille leis na doiciméid a bhaineann leis an obair a dhéanfaidh an fochonraitheoir nó an fhochuideachta faoi Iarscríbhinn IV, a choinneáil ar fáil don údarás a thugann fógra.
Airteagal 31
Iarratas a dhéanamh ar fhógra
1. Déanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta iarratas ar fhógra faoin Rialachán seo a chur faoi bhráid an údaráis a thugann fógra de chuid an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe.
2. Beidh tuairisc ar na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta in éineacht leis an iarratas dá dtagraítear i mír 1, agus tuairisc ar an modúl nó ar na modúil um measúnú comhréireachta agus ar na bréagáin dá maíonn an comhlacht sin a bheith inniúil, chomh maith le deimhniú creidiúnaithe, arna eisiúint ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta lena bhfianaítear go gcomhlíonann an comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 28.
Airteagal 32
An nós imeachta um fhógra a thabhairt
1. Na húdaráis a thugann fógra, ní thugann siad fógra ach do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta a mbeidh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 28 comhlíonta acu.
2. Cuirfidh na húdaráis a thugann fógra an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas agus úsáid á baint as an uirlis leictreonach um fógra a thabhairt arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún.
3. Beidh sonraí iomlána na ngníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta agus an deimhnithe creidiúnaithe ábhartha san fhógra. Áireofar san fhógra freisin faisnéis faoi aon chúram a bheidh le déanamh ag fochuideachtaí agus ag fochonraitheoirí.
4. Ní fhéadfaidh an comhlacht lena mbaineann na gníomhaíochtaí a dhéanann comhlacht faoina dtugtar fógra a chur i gcrích ach i gcás nach ndéanfaidh an Coimisiún ná na Ballstáit eile agóid laistigh de 2 mhí ón uair a dhéantar an fógra a thabhairt.
Ní mheasfar ach comhlacht den sórt sin a bheith ina chomhlacht faoina dtugtar fógra chun críocha an Rialacháin seo.
5. Tabharfaidh an t-údarás a thugann fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir le haon athrú ábhartha arna ndéanamh ar an bhfógra ina dhiaidh sin.
Airteagal 33
Uimhreacha aitheantais agus liostaí comhlachtaí faoina dtugtar fógra
1. Sannfaidh an Coimisiún uimhir aitheantais do gach comhlacht faoina dtugtar fógra.
Sannfaidh sé aon uimhir aitheantais amháin fiú i gcás ina dtugtar fógra don chomhlacht faoi roinnt gníomhartha Comhphobail.
2. Cuirfidh an Coimisiún liosta na gcomhlachtaí ar tugadh fógra fúthu faoin Rialachán seo ar fáil go poiblí, lena n-áirítear na huimhreacha aitheantais arna sannadh dóibh agus na gníomhaíochtaí faoinar tugadh fógra dóibh.
Áiritheoidh an Coimisiún go gcoinneofar an liosta cothrom le dáta.
Airteagal 34
Athruithe ar fhógraí
1. I gcás ina bhfionnfaidh an t-údarás a thugann fógra nach bhfuil comhlacht faoina dtugtar fógra ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 28 a thuilleadh nó go bhfuil an comhlacht ag mainneachtain a oibleagáidí a chomhlíonadh nó i gcás ina gcuirfear é sin in iúl dó, déanfaidh an t-údarás a thugann fógra an fógra a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí, de réir thromchúis na mainneachtana na ceanglais sin a chomhlíonadh nó na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh. Cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach dá réir sin.
2. I gcás fógra a bheith srianta, curtha ar fionraí nó tarraingthe siar, nó i gcás deireadh a bheith curtha lena ghníomhaíocht ag an gcomhlacht faoina dtugtar fógra, déanfaidh an Ballstát a thugann fógra bearta iomchuí chun a áirithiú go bpróiseálfaidh comhlacht eile faoina dtugtar fógra comhaid an chomhlachta sin nó go gcoinneofar na comhaid sin ar fáil do na húdaráis a thugann fógra agus do na húdaráis um fhaireachas margaidh a bheidh freagrach arna iarraidh sin dóibh.
Airteagal 35
Agóid in aghaidh inniúlacht na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra
1. Imscrúdóidh an Coimisiún gach cás a bhfuil amhras air ina leith, nó a gcuirtear amhras ina leith in iúl dó, maidir le hinniúlacht comhlachta faoina dtugtar fógra nó maidir leis an gcaoi a bhfuil comhlacht faoina dtugtar fógra ag leanúint de bheith ag comhlíonadh na gceanglas agus na bhfreagrachtaí a bhfuil sé faoina réir.
2. Soláthróidh an t-údarás a thugann fógra don Choimisiún, arna hiarraidh sin dó, an fhaisnéis uile a bhaineann leis an mbonn leis an bhfógra nó le hinniúlacht an chomhlachta faoina dtugtar fógra lena mbaineann a choinneáil ar bun.
3. Áiritheoidh an Coimisiún go gcoinneofar faoi rún an fhaisnéis íogair uile a gheofar le linn a chuid imscrúduithe.
4. I gcás ina bhfionnann an Coimisiún nach gcomhlíonann comhlacht faoina dtugtar fógra na ceanglais maidir le fógra a thabhairt ina leith, glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme lena n-iarrtar ar an údarás a thugann fógra na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh, lena n-áirítear an fógra a tharraingt siar más gá.
Airteagal 36
Oibleagáidí oibriúcháin na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra
1. Déanfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra measúnuithe comhréireachta i gcomhréir leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta dá ndéantar foráil in Iarscríbhinn IV.
2. Déanfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a leagtar amach sa Rialachán seo ar bhealach comhréireach, agus seachnófar ualaí nach bhfuil gá leo ar oibreoirí eacnamaíocha. Déanfaidh siad a ngníomhaíochtaí faoin Rialachán seo agus aird chuí á tabhairt ar mhéid gnóthais, ar an earnáil ina bhfuil sé ag oibriú, ar a struchtúr, ar chastacht theicneolaíocht an bhréagáin atá i gceist agus ar chineál an phróisis táirgthe, cé acu is olltáirgeadh nó táirgeadh sraithe atá ann.
Agus a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu, urramóidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra an déine agus an leibhéal cosanta is gá chun go gcomhlíonfaidh an bréagán an Rialachán seo.
3. I gcás ina suíonn comhlacht faoina dtugtar fógra nach gcomhlíonann an bréagán na ceanglais fhíor-riachtanacha sábháilteachta, na ceanglais sna caighdeáin chomhchuibhithe chomhfhreagracha, i gcás ina gcuirtear na caighdeáin sin i bhfeidhm nó na ceanglais i sonraíochtaí coiteanna comhfhreagracha dá dtagraítear in Airteagal 14, i gcás ina gcuirtear sonraíochtaí den sórt sin i bhfeidhm, ceanglóidh sé ar an monaróir sin bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus ní eiseoidh sé deimhniú ar chineálscrúdú AE dá dtagraítear i gCuid II, pointe 6, d’Iarscríbhinn IV.
4. Le linn faireacháin ar chomhréireacht a dhéanfar tar éis eisiúint an deimhnithe ar chineálscrúdú AE, i gcás ina suíonn comhlacht faoina dtugtar fógra nach bhfuil caighdeáin á gcomhlíonadh ag bréagán, ceanglóidh sé ar an monaróir bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus cuirfidh sé ar fionraí nó tarraingeoidh sé siar an deimhniú ar chineálscrúdú más gá.
5. I gcás nach ndéantar bearta ceartaitheacha ná nach bhfuil an éifeacht leo a bhfuil gá leis, déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra aon deimhniú ar chineálscrúdú AE a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí.
6. I gcás ina gcuirfidh údarás um fhaireachas margaidh in iúl do chomhlacht faoina dtugtar fógra nach bhfuil bréagán ar eisigh an comhlacht faoina dtugtar fógra deimhniú ar chineálscrúdú AE ina leith i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha sábháilteachta, tarraingeoidh sé siar an deimhniú ar chineálscrúdú AE i ndáil leis an mbréagán sin.
Airteagal 37
Achomharc in aghaidh chinntí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra
Áiritheoidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra go mbeidh nós imeachta achomhairc trédhearcach agus inrochtana ar fáil in aghaidh a gcuid cinntí.
Airteagal 38
Oibleagáid faisnéise na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra
1. Cuirfidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra an t-údarás a thugann fógra ar an eolas faoin méid seo a leanas:
|
(a) |
aon diúltú, srianadh, fionraí nó tarraingt siar a dhéantar i ndáil le deimhnithe ar chineálscrúdú AE; |
|
(b) |
aon toisc a dhéanann difear do raon feidhme agus do choinníollacha a bhfógra; |
|
(c) |
aon iarraidh ar fhaisnéis a gheobhaidh siad ó údaráis um fhaireachas margaidh maidir le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta; |
|
(d) |
arna iarraidh sin, gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a fheidhmítear faoi raon feidhme a bhfógra agus aon ghníomhaíocht eile dá bhfeidhmítear, lena n-áirítear gníomhaíochtaí trasteorann agus fochonraitheoireacht. |
2. Déanfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra faisnéis ábhartha a sholáthar do na comhlachtaí eile faoina dtugtar fógra faoin Rialachán seo a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla um measúnú comhréireachta ina gcumhdaítear na bréagáin chéanna maidir le saincheisteanna a bhaineann le torthaí diúltacha agus, arna iarraidh sin, torthaí dearfacha ar mheasúnú comhréireachta.
3. Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás um fhaireachas margaidh, cuirfidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile a bhaineann le haon deimhniú ar chineálscrúdú AE atá eisithe nó aistarraingthe acu, nó a bhaineann le haon diúltú deimhniú den sórt sin a eisiúint, lena n-áirítear tuarascálacha tástála, agus an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 23 ar fáil dó.
Airteagal 39
Malartú taithí
Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le malartú taithí idir údaráis náisiúnta na mBallstát a eagrú, údaráis náisiúnta atá freagrach as beartas maidir le fógra a thabhairt.
Airteagal 40
Comhlachtaí faoina dtugtar fógra a chomhordú
Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear comhordú agus comhar iomchuí i bhfeidhm idir comhlachtaí faoina dtugtar fógra faoin Rialachán agus go bhfeidhmeofar an comhordú agus comhar sin i gceart i bhfoirm ghrúpa earnála nó ghrúpaí de chomhlachtaí faoina dtugtar fógra.
Glacfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra páirt in obair an ghrúpa sin, go díreach nó trí bhíthin ionadaithe ainmnithe.
CAIBIDIL VII
FAIREACHAS MARGAIDH
Airteagal 41
Nós imeachta chun déileáil Bearta náisiúnta maidir le bréagáin a bhfuil riosca ag baint leo ar an leibhéal náisiúnta nach gcomhlíonann na ceanglais shonracha sábháilteachta [Leasú 166]
1. I gcás ina mbeidh cúiseanna leordhóthanacha ag na húdaráis um fhaireachas margaidh de chuid aon Bhallstáit amháin le creidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine leanaí le bréagán a chumhdaítear leis an Rialachán seo , déanfaidh siad meastóireacht i ndáil leis an mbréagán lena mbaineann ó thaobh na gceanglas ábhartha uile a leagtar síos sa Rialachán seo. Cuirfidh siad an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha ar an eolas láithreach, i gcomhréir le hAirteagal 4(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/1020, faoin nós imeachta a thionscain siad agus faoin riosca atá sainaitheanta acu a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an mbréagán, agus tabharfaidh siad deis don oibreoir eacnamaíoch freagairt a thabhairt. Comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha de réir mar is gá leis na húdaráis um fhaireachas margaidh chun na críche sin. [Leasú 167]
I gcás ina suíonn na húdaráis um fhaireachas margaidh le linn na meastóireachta sin nach gcomhlíonann bréagán na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ceanglóidh siad, gan mhoill, ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2019/1020, laistigh de thréimhse réasúnta arna forchur ag na húdaráis um fhaireachas margaidh agus cineál an riosca á chur san áireamh.
Cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh an comhlacht ábhartha faoina dtugtar fógra ar an eolas dá réir sin.
2. I gcás ina measann na húdaráis um fhaireachas margaidh nach bhfuil an neamhchomhlíontacht srianta dá gcríoch náisiúnta, cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi thorthaí na meastóireachta agus faoi na gníomhaíochtaí a d’éiligh siad ar an oibreoir eacnamaíoch a dhéanamh.
3. Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch go nglacfar gach beart ceartaitheach iomchuí i dtaca leis na bréagáin uile lena mbaineann a chuir an t-oibreoir eacnamaíoch ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais.
4. I gcás nach ndéanann an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha beart ceartaitheach leordhóthanach laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1, déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh gach beart sealadach iomchuí chun toirmeasc nó srian a chur ar an mbréagán a chur ar fáil ar a margadh náisiúnta, chun an bréagán a tharraingt siar ón margadh nó é a aisghairm.
Cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas, gan mhoill, maidir leis na bearta sin.
5. Áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 4 na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun bréagán neamhchomhlíontach a shainaithint, tionscnamh an bhréagáin sin, an cineál neamh-chomhlíontachta a líomhnaítear agus an riosca a bhaineann leis, cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh agus na hargóintí a chuir an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha chun tosaigh. Tabharfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh le fios go háirithe cé acu ar tharla nó nár tharla an neamhchomhlíontacht i ngeall ar aon cheann de na nithe seo a leanas:
|
(a) |
mainneachtain an bhréagáin na ceanglais fhíor-riachtanacha sábháilteachta a chomhlíonadh; |
|
(b) |
easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 13; |
|
(c) |
easnaimh sna sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 14. |
6. Na húdaráis um fhaireachas margaidh sna Ballstáit seachas an Ballstát a thionscnaíonn an nós imeachta faoin Airteagal seo, déanfaidh siad aon bheart a ghlactar agus aon fhaisnéis bhreise atá faoina réir acu agus a bhaineann le neamhchomhlíontacht an bhréagáin lena mbaineann, agus, i gcás easaontas leis an mbeart náisiúnta ar tugadh fógra ina leith, a n-agóidí a chur in iúl gan mhoill don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.
7. Más rud é, laistigh de 3 mhí tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 4 a fháil, nach ndéanann údarás um fhaireachas margaidh de chuid Ballstáit ná an Coimisiún agóid maidir le beart sealadach a rinne Ballstát, measfar go bhfuil údar leis an mbeart sin.
8. Áiritheoidh údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát eile go ndéanfar bearta sriantacha iomchuí gan mhoill, amhail an bréagán a tharraingt siar óna margadh, i ndáil leis an mbréagán lena mbaineann, agus cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi na bearta sin.
9. Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 2, 4, 6 agus 8 den Airteagal seo a chur in iúl tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020. Ní dhéanfaidh an teachtaireacht sin difear don oibleagáid atá ar údaráis um fhaireachas faireachais margaidh fógra a thabhairt faoi bhearta arna ndéanamh in aghaidh a dhéantar i gcoinne táirgí a bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leo i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/1020 agus Airteagal 19 den Rialachán sin a fhorfheidhmiú go docht i bhfianaise leochaileacht leanaí i leith táirgí lochtacha, neamhshábháilte nó góchumtha . [Leasú 168]
Airteagal 42
Nós imeachta coimirce an Aontais
1. Más rud é, tar éis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 41(3) agus (4) a chur i gcrích, go ndéantar agóidí in aghaidh beart arna ghlacadh ag Ballstát, nó i gcás ina bhfuil cúiseanna ag an gCoimisiún lena chreidiúint go bhféadfadh beart náisiúnta a bheith contrártha do reachtaíocht an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle gan mhoill leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus déanfar meastóireacht ar an mbeart náisiúnta.
Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena gcinnfear cé acu atá nó nach bhfuil údar maith leis an mbeart náisiúnta.
Díreoidh an Coimisiún a chinneadh chuig na Ballstáit uile agus cuirfidh sé é in iúl dóibh gan mhoill agus don oibreoir eacnamaíoch nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha.
2. I gcás ina meastar bonn cirt a bheith leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh na Ballstáit uile na bearta is gá chun a áirithiú go dtarraingeofar an bréagán neamhchomhlíontach siar óna margadh agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.
Má mheastar nach bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta, tarraingeoidh an Ballstát lena mbaineann siar an beart sin.
3. I gcás ina meastar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta agus ina gcuirfear neamh-chomhlíonadh an bréagán i leith easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 13 den Rialachán seo nó sna sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 14 den Rialachán seo, cuirfidh an Coimisiún an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 i bhfeidhm nó leasóidh sé na sonraíochtaí coiteanna de réir mar is iomchuí.
Airteagal 43
Neamhchomhlíontacht fhoirmiúil
1. Gan dochar d’Airteagal 41, i gcás ina suíonn údarás um fhaireachas margaidh ceann amháin de na cinntí seo a leanas maidir le bréagán, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha deireadh a chur leis an neamhchomhlíontacht lena mbaineann:
|
(a) |
greamaíodh an mharcáil CE de shárú ar Airteagal 15 nó 16; |
|
(b) |
níor greamaíodh an mharcáil CE; |
|
(c) |
níor tarraingíodh suas an pas táirge digiteach i gcomhréir le hAirteagal 17; [Leasú 169] |
|
(d) |
níor greamaíodh an t-iompróir sonraí trína bhfuil rochtain ar an bpas táirge digiteach i gcomhréir le hAirteagal 17(5); [Leasú 170] |
|
(e) |
níl an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 23 ar fáil nó tá sí neamhiomlán. |
2. I gcás ina leantar den neamhchomhlíontacht dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an t-údarás um fhaireachas margaidh lena mbaineann bearta iomchuí chun srian nó toirmeasc a chur ar an mbréagán a chur ar fáil ar an margadh, nó chun a áirithiú go n-aisghairfear an bréagán nó go dtarraingeofar siar ón margadh é.
Airteagal 44
Bearta náisiúnta maidir le bréagáin a chomhlíonann na ceanglais sábháilteachta áirithe ach a mbaineann riosca leo
1. Más rud é, tar éis meastóireacht a dhéanamh faoi Airteagal 41(1), go gcinneann údarás um fhaireachas margaidh go bhfuil bréagán a chuirtear ar fáil ar an margadh ina riosca do shláinte agus do shábháilteacht daoine cé go gcomhlíonann sé na ceanglais sábháilteachta áirithe sin, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gach beart iomchuí a dhéanamh, laistigh de thréimhse réasúnach ama a fhorordóidh an t-údarás um fhaireachas margaidh, agus cineál an riosca á chur san áireamh chun a áirithiú nach mbeidh an riosca sin ag baint leis an mbréagán, nuair a chuirfear ar fáil ar an margadh é, chun an bréagán a tharraingt siar ón margadh nó é a aisghairm.
2. Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch go ndéanfar beart ceartaitheach maidir leis na bréagáin uile lena mbaineann atá curtha ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais ag an oibreoir eacnamaíoch.
3. Cuirfidh údarás um fhaireachas margaidh an Bhallstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach faoina thorthaí agus faoi aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch ina dhiaidh sin. Áireofar san fhaisnéis sin na mionsonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun an bréagán lena mbaineann a shainaithint, lena n-áirítear an t-aitheantóir uathúil táirge, tionscnamh agus slabhra soláthair an bhréagáin, an cineál riosca atá i gceist agus cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh.
4. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle gan mhoill leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus déanfar meastóireacht ar na bearta náisiúnta a rinneadh. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena gcinnfear cé acu atá nó nach bhfuil údar maith leis an mbeart náisiúnta agus, i gcás inar gá, molfaidh sé bearta iomchuí.
Díreoidh an Coimisiún a chinneadh chuig na Ballstáit uile agus cuirfidh sé é in iúl láithreach dóibh agus don oibreoir eacnamaíoch nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha.
5. Déanfar an fhaisnéis don Choimisiún agus do na Ballstáit eile de bhun mhír 3 den Airteagal seo a chur in iúl tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020. Ní dhéanfaidh an teachtaireacht sin difear don oibleagáid atá ar údaráis um fhaireachas margaidh fógra a thabhairt faoi bhearta arna ndéanamh in aghaidh táirgí a bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leo i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/1020.
Airteagal 45
Gníomhaíocht an Choimisiúin maidir le bréagáin a bhfuil riosca ag baint leo
1. I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún amach faoi bhréagán nó faoi chatagóir shonrach bréagán a chuirtear ar fáil ar an margadh agus lena mbaineann riosca do shláinte agus do shábháilteacht daoine ach atá, mar sin féin, i gcomhréir leis na ceanglais sábháilteachta áirithe nó atá ag cur amhrais ar an gcomhlíontacht sin, cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach bearta chun a áirithiú nach mbeidh an riosca sin ag baint leis an mbréagán nó leis an gcatagóir bréagán, nuair a chuirtear ar fáil ar an margadh iad, chun é a tharraingt siar ón margadh nó chun é a aisghairm i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
|
(a) |
tagann sé chun solais ó chomhairliúcháin roimhe seo leis na húdaráis um fhaireachas margaidh go bhfuil a gcur chuige maidir le déileáil leis an riosca éagsúil ó údarás um fhaireachais margaidh amháin go ceann eile; |
|
(b) |
i bhfianaise a chineáil, ní féidir déileáil leis an riosca faoi nósanna imeachta eile a leagtar síos leis an Rialachán seo. |
2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(3). Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht daoine a chosaint, cumhachtaítear an Coimisiún gníomh cur chun feidhme is infheidhme láithreach a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 50(4).
CAIBIDIL VIII
CUMHACHTAÍ TARMLIGTHE AGUS NÓS IMEACHTA COISTE
Airteagal 46
Cumhachtaí tarmligthe
1. Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 47 chun Iarscríbhinn VI a leasú maidir leis an bhfaisnéis atá le soláthar sa phas táirge digiteach , chun í a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch agus do leibhéal ullmhachta digití na n-údarás um fhaireachas margaidh agus na n-úsáideoirí agus a maoirseoirí. [Leasú 171]
2. Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 47 chun Airteagal 19(1) a leasú tríd an bhfaisnéis bhreise sin a leagan amach i measc na faisnéise a liostaítear in Iarscríbhinn VI nó an fhaisnéis sin maidir le neamhchomhlíontacht an bhréagáin nuair a dhéanfar bearta i gcomhréir le hAirteagal 41(2) nó (4) agus Airteagal 44(1) a stóráil sa chlárlann.
Agus na gníomhartha tarmligthe á nglacadh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:
|
(a) |
comhleanúnachas le gníomhartha ábhartha eile de chuid an Aontais, i gcás inarb ábhartha; |
|
(b) |
an gá atá ann a fhágáil gur féidir barántúlacht an phas táirge digiteach a fhíorú; [Leasú 172] |
|
(c) |
ábharthacht na faisnéise chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht seiceálacha faireachais margaidh agus rialuithe custaim le haghaidh bréagán; |
|
(d) |
an gá atá ann ualach díréireach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a sheachaint. |
3. Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 47 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trína chinneadh cé acu den fhaisnéis atá stóráilte sa chlárlann a bheidh le rialú ag údaráis chustaim, de bhreis ar an bhfaisnéis a leagtar amach in Airteagal 20(3).
4. Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 47 chun Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú chun an liosta de chóid tráchtearraí agus tuairiscí ar tháirgí a bheidh le húsáid chun críocha Airteagal 20(8) a oiriúnú. Beidh na hoiriúnuithe sin bunaithe ar an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87.
5. Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 47 chun Iarscríbhinn III a leasú chun í a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.
6. Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 47 chun Cuid C den Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn II a leasú go ceann tréimhse sonraithe chun úsáid áirithe i mbréagáin a cheadú de shubstaint shonrach nó de mheascán sonrach a thoirmisctear faoi Chuid III, pointe 4, d’Iarscríbhinn II, nó chun úsáid áirithe a ceadaíodh a theorannú. Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar na hiarrataí ar dhíolúine agus ar fhad na n-iarrataí sin, cuirfidh sé san áireamh infhaighteacht roghanna malartacha agus aon drochthionchar a d’fhéadfadh a bheith ar an nuálaíocht. Beidh feidhm ag smaointeoireacht saolré ar thionchair fhoriomlána na díolúine, i gcás inarb ábhartha. Sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 47 chun Cuid C den Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn II maidir le nicil a leasú, chun an tréimhse bhailíochta a leagan amach don tsubstaint sin don díolúine ón toirmeasc cineálach faoi Chuid III, pointe 4, d’Iarscríbhinn II. Tabharfaidh an Coimisiún údar cuí le haon díolúine a dheonaítear agus cuirfidh sé an díolúine sin ar fáil go poiblí ar bhealach a bheidh inrochtana go héasca agus soláimhsithe. [Leasú 251]
7. Ní cheadófar substaint nó meascán a úsáid i mbréagáin a thoirmisctear atá toirmiscthe faoi Chuid III, pointe 4, pointí (a), (b), (db), (dc), (dd) agus (de) d’Iarscríbhinn II a úsáid i mbréagáin ach amháin nuair a má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas: [Leasú 174]
|
(a) |
chinn go bhfuair an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) go bhfuil sé sábháilte, go háirithe i bhfianaise nochtadh, lena n-áirítear toisc nach féidir nochtadh foriomlán ó fhoinsí eile, agus a dhéanamh faoi dhálaí úsáide atá measartha intuartha i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an chéad fhomhír, agus aird ar leith á tabhairt ar leochaileacht leanaí á cur san áireamh go háirithe; [Leasú 175] |
|
(aa) |
ní féidir go teicniúil díothú nó ionadú a dhéanamh trí athruithe ar an dearadh nó trí ábhair nó comhábhair eile a úsáid gan substaintí nó meascáin den sórt sin; [Leasú 176] |
|
(b) |
níl aon substaint ná meascán malartach oiriúnach ar fáil, de réir mar a leagtar síos ag ECHA bunaithe ar anailís ar roghanna malartacha; |
|
(c) |
nach bhfuil toirmeasc ar an tsubstaint ná ar an meascán a úsáid in earraí tomhaltais faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. |
7a. Ní cheadófar substaint nó meascán a thoirmisctear faoi Chuid III, pointe 4, pointí (c), (d) agus (da) d’Iarscríbhinn II a úsáid i mbréagáin ach amháin má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
chinn ECHA go bhfuil sé sábháilte, go háirithe i bhfianaise nochta, lena n-áirítear an nochtadh foriomlán ó gach foinse fhéideartha chomh maith le haon ghuaiseacha breise aitheanta ó nochtadh comhcheangailte do na substaintí agus meascáin éagsúla atá ann sa bhréagán, agus leochaileacht leanaí á cur san áireamh, go háirithe; |
|
(b) |
ní féidir go teicniúil díothú nó ionadú a dhéanamh trí athruithe ar an dearadh nó trí ábhair nó comhábhair eile a úsáid gan substaintí nó meascáin den sórt sin; |
|
(c) |
níl aon substaint ná meascán malartach oiriúnach ar fáil, de réir mar a bhunaítear ag ECHA bunaithe ar anailís ar roghanna malartacha; |
|
(d) |
nach bhfuil toirmeasc ar an tsubstaint ná ar an meascán a úsáid in earraí tomhaltais faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. [Leasú 177] |
7b. Beidh teorainn ama le díolúintí ón toirmeasc ginearálta i gcomhréir le míreanna 7 agus 7a. Beidh an tréimhse bhailíochta le haghaidh gach díolúine faoi réir athbhreithniú agus féadfar í a athnuachan, de réir an cháis, do gach substaint nó meascán. [Leasú 252]
8. Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 47 chun Codanna A agus B den Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn II a leasú chun iad a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
coinníollacha a thabhairt isteach maidir le substaintí nó meascáin a bheith i mbréagáin agus, go háirithe, teorainnluachanna le haghaidh substaintí nó meascán ar leith i mbréagáin, lena n-áirítear teorainnluachanna le haghaidh rianta substaintí nó meascán toirmiscthe dá dtagraítear i gCuid III, pointe 4, d’Iarscríbhinn II; |
|
(b) |
na coinníollacha nó na teorainnluachanna maidir le substaintí agus meascáin a bheith i mbréagáin a mhodhnú. |
9. Chun críocha mhíreanna 6 agus 7 - 8 , déanfaidh an Coimisiún meastóireacht chórasach agus thráthrialta ar shubstaintí guaiseacha ceimiceacha nó ar mheascáin ghuaiseacha cheimiceacha i mbréagáin. Sna meastóireachtaí sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh tuarascálacha ó chomhlachtaí faireachais margaidh agus fianaise eolaíoch arna tíolacadh ag na Ballstáit agus ag páirtithe leasmhara. [Leasú 178]
Airteagal 47
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 46 a thabhairt don Choimisiún go ceann cúig bliana amhail ón... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse neamhchinntithe ama cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta . Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse. [Leasú 179]
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 46 a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le geallsealbhóirí ábhartha agus le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. [Leasú 180]
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 46 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. [Leasú 181]
Airteagal 48
Iarrataí ar mheasúnú chun críocha Airteagal 46(6)
1. Cuirfear iarrataí ar mheasúnú ar shubstaint nó ar mheascán a thoirmisctear faoi Chuid III, pointe 4, d’Iarscríbhinn II chun críocha Airteagal 46(6) faoi bhráid ECHA agus úsáid á baint as na huirlisí formáide agus cur isteach dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Cuirfear na hiarrataí ar fáil go poiblí ar bhealach a bheidh inrochtana go héasca agus soláimhsithe. [Leasú 182]
2. Gan dochar don dara fomhír den mhír seo, féadfaidh aon duine a bhfuil chuirfidh iarraidh isteach ar mheasúnú á cur isteach aige faoi mhír 1 a iarraidh nach gcuirfear faisnéis rúnda áirithe ghnó ar fáil go poiblí. i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais. Ag gabháil leis an iarraidh ar rúndacht beidh bonn cirt maidir leis an bhfáth a bhféadfadh nochtadh na faisnéise dochar a dhéanamh do leasanna tráchtála an duine atá ag tíolacadh na hiarrata ar mheasúnú nó aon pháirtí eile lena mbaineann.
Déanfar an fhaisnéis seo a leanas atá i seilbh ECHA a chur ar fáil go poiblí, saor in aisce, agus i bhformáid sholáimhsithe don úsáideoir:
|
(a) |
ainm an duine dhlítheanaigh a dhéanann an iarraidh; |
|
(b) |
ainm na substainte nó an mheascáin a n-iarrtar díolúine ina leith; |
|
(c) |
cineál bréagáin nó comhpháirt bréagáin |
|
(d) |
an plean ionadaíochta, i gcás inarb ábhartha; [Leasú 183] |
3. Roimh an... [an chéad lá den mhí tar éis mí amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh ECHA formáid agus uirlisí a tharraingt suas agus a chur ar fáil go poiblí chun iarrataí ar mheasúnú dá dtagraítear i mír 1 a thíolacadh chomh maith le treoir theicniúil agus eolaíoch maidir le conas iarrataí den sórt sin a thíolacadh. [Leasú 184]
Airteagal 49
Tuairimí ó ECHA
1. Chun críocha Airteagal 46(6), tabharfaidh ECHA tuairimí don Choimisiún maidir le substaintí nó meascáin a úsáid i mbréagáin a thoirmisctear faoi Chuid III, pointe 4 d’Iarscríbhinn II, i gcás ina gcuirtear iarraidh ar mheasúnú faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 48(1). Déanfaidh ECHA measúnú ina thuairimí i dtaobh cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na critéir a leagtar amach in Airteagal 46(6), an dara fomhír, pointí (a) agus (b) 46(7) agus Airteagal 46(7a) , maidir le húsáid shonrach. [Leasú 185]
1a. Eiseoidh an Coimisiún treoirlínte maidir leis an gcaoi a ndéanfar an measúnú sin, go háirithe maidir le hinfhaighteacht substaintí malartacha nó meascán malartach agus conas aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí nochta comhcheangailte faoin Rialachán seo. [Leasú 186]
2. Féadfaidh ECHA a iarraidh ar an duine a bhfuil an iarraidh ar mheasúnú á cur isteach aige nó ar aon tríú páirtí faisnéis bhreise a chur isteach laistigh de thréimhse shonraithe. Cuirfidh ECHA aon fhaisnéis a thíolacfaidh tríú páirtithe san áireamh. Nuair a mheasann ECHA gur gá é chun tréimhse bailíochta leordhóthanach a chinneadh don díolúine, féadfaidh sé freisin a iarraidh ar an duine atá ag tíolacadh na hiarrata ar mheasúnú plean ionadaíochta a chur isteach. [Leasú 187]
3. Seolfar na tuairimí dá dtagraítear i mír 1 chuig an gCoimisiún agus cuirfear ar fáil go poiblí iad ar bhealach a bheidh inrochtana go héasca agus soláimhsithe don úsáideoir laistigh de thréimhse 12 mhí ón iarraidh ar mheasúnú a fháil. [Leasú 188]
4. Féadfar síneadh suas le 6 mhí a chur leis an tréimhse sin uair amháin más gá do ECHA faisnéis a iarraidh ó thríú páirtí nó má chuirtear líon ard iarrataí ar mheasúnú faoi bhráid ECHA faoi Airteagal 48(1).
5. Déanfaidh ECHA athbhreithniú ar a thuairimí maidir le substaintí nó meascáin a liostaítear i gCuid C den Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn II a úsáid i mbréagáin gach 5 bliana ar a laghad ó dháta theacht i bhfeidhm gnímh tharmligthe arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 46(6).
6. Iarrfaidh an Coimisiún tuairim ó ECHA maidir le substaintí nó meascáin a liostaítear i gCuid C den Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn II a úsáid i mbréagáin a luaithe a bheidh fios ag an gCoimisiún faoi fhaisnéis eolaíoch nua nó forbairtí teicniúla nua a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’úsáid cheadaithe substainte nó meascáin ar leith i mbréagáin. [Leasú 189]
7. Chun críocha Airteagal 46(7) , (7a) agus (8) , féadfaidh an Coimisiún tuairim a iarraidh ar ECHA maidir le sábháilteacht substainte nó meascáin ar leith i mbréagáin., ina gcuirfear san áireamh an nochtadh foriomlán don tsubstaint nó don mheascán ó fhoinsí eile agus leochaileacht leanaí. [Leasú 190]
8. Agus tuairim á hullmhú aige i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach san Airteagal seo, déanfaidh ECHA an fhaisnéis maidir le tús an mheasúnaithe, glacadh na tuairime chomh maith le haon chéim idirmheánach sa nós imeachta measúnaithe a chur ar fáil go poiblí. Go háirithe, cuirfidh ECHA na dréacht-tuairimí ar fáil go poiblí agus tabharfaidh sé deis d’aon pháirtí leasmhar barúil a thabhairt ar na tuairimí sin laistigh de thréimhse 4 seachtaine ar a laghad.
8a. Cuirfear na hacmhainní leordhóthanacha ar fáil do ECHA chun tacú lena chuid oibre. [Leasú 191]
Airteagal 50
Nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh Coiste um Shábháilteacht Bréagán cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
4. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i gcomhar le hAirteagal 5 de.
CAIBIDIL IX
RÚNDACHT AGUS PIONÓIS
Airteagal 51
Rúndacht
1. Urramóidh na húdaráis náisiúnta inniúla, na comhlachtaí faoina dtugtar fógra , ECHA agus an Coimisiún rúndacht na faisnéise agus na sonraí seo a leanas a gheofar agus a gcúraimí á ndéanamh acu i gcomhréir leis an Rialachán seo: [Leasú 192]
|
(a) |
sonraí pearsanta; |
|
(b) |
faisnéis rúnda tráchtála agus rúin cheirde atá ag duine nádúrtha nó duine dlítheanach, lena n-áirítear cearta maoine intleachtúla; ach amháin más ar mhaithe le leas an phobail é go nochtfar iad. |
|
(ba) |
cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo, go háirithe chun críche imscrúduithe, cigireachtaí nó iniúchtaí. [Leasú 193] |
2. Gan dochar do mhír 1, faisnéis a mhalartaítear ar bhonn rúnda idir na húdaráis náisiúnta inniúla agus idir na húdaráis náisiúnta inniúla agus an Coimisiún, ní nochtfar í gan tuairim an údaráis náisiúnta inniúil tionscnaimh a chur san áireamh.
3. Ní dhéanfaidh míreanna 1 ná 2 difear do chearta ná d’oibleagáidí an Choimisiúin, na mBallstát agus comhlachtaí faoina dtugtar fógra maidir le malartú faisnéise agus scaipeadh rabhadh, ná d’oibleagáidí na ndaoine lena mbaineann faisnéis a thabhairt faoin dlí coiriúil.
4. Féadfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún faisnéis rúnda a mhalartú le húdaráis rialála tríú tíortha a bhfuil socruithe rúndachta déthaobhacha nó iltaobhacha tugtha i gcrích acu leo.
Airteagal 52
Pionóis
Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad na bearta uile is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Na Ballstáit faoin... [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta: an chéad lá den mhí i ndiaidh 30 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus tabharfaidh sé fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
CAIBIDIL IXa
LEASUITHE
Airteagal 52a
Leasú ar Threoir 2014/53/AE
In Airteagal 10(3) de Threoir 2014/53/AE, cuirtear isteach an téacs seo a leanas:
‘ Má tá an trealamh raidió i mbréagán, áirítear freisin sa phas táirge digiteach arna bhunú le Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an... maidir le sábháilteacht bréagán na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn VI agus in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Treoir seo. ’ [Leasú 194]
CAIBIDIL X
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 53
Aisghairm
Déantar Treoir 2009/48/CE a aisghairm le héifeacht ón... [OP: cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 30 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Déanfar tagairtí don Treoir 2009/48/CE aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn VIII.
Airteagal 54
Forálacha idirthréimhseacha
1. Maidir le bréagáin a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le Treoir 2009/48/CE roimh an... [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 30 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], féadfar leanúint dá gcur ar fáil ar an margadh go dtí an... [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 42 50 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. [Leasú 195]
1a. Bréagáin a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le Treoir 2009/48/CE agus atá i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní mheasfar iad a bheith neamhchomhlíontach mar gheall ar easpa pas táirge dhigitigh amháin, ar choinníoll go gcuireann an monaróir an fhaisnéis chéanna atá sa phas ar fáil nuair a iarrann na páirtithe atá i dteideal rochtain a bheith acu ar an bpas táirge digiteach sin faoin Rialachán seo. [Leasú 196]
2. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Caibidil VII den Rialachán seo in ionad Airteagail 42, 43 agus 45 de Threoir 2009/48/CE maidir le bréagáin a cuireadh ar an margadh i gcomhréir leis an Treoir sin roimh... [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta: an chéad lá den mhí i ndiaidh 30 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], lena n-áirítear bréagáin ar tionscnaíodh nós imeachta ina leith cheana faoi Airteagal 42 nó 43 de Threoir 2009/48/CE roimh... [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta: an chéad lá den mhí i ndiaidh 30 50 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. [Leasú 197]
3. Leanfaidh deimhnithe ar chineálscrúdú CE arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 20 de Threoir 2009/48/CE de bheith bailí go dtí... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta: an chéad lá den mhí i ndiaidh 42 24 mhí tar éis dháta theacht chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], mura rachaidh siad in éag roimh an dáta sin. [Leasú 245]
Airteagal 55
Meastóireacht agus athbhreithniú
1. Faoin... [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 60 68 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Déanfar an méid a leanas a mheas leis an tuarascáil:
|
(1) |
ar baineadh amach leis an Rialachán seo, agus go háirithe na forálacha i gCaibidil IV, an cuspóir maidir le hardleibhéal cosanta sláinte agus sábháilteachta leanaí a áirithiú agus an bhféadfaí bréagáin oiriúnaitheacha a áireamh faoi raon feidhme an Rialacháin seo; |
|
(2) |
éifeacht an Rialacháin ar shábháilteacht úsáideoirí bréagán agus ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, chomh maith le hachoimre mhionsonraithe ar na héifeachtaí ar ghnólachtaí, lena n-áirítear costais oibríochtaí agus iomaíochas, go háirithe do FBManna; |
|
(3) |
cróimiam, caidmiam, mearcair agus luaidhe a bheith i mbréagáin agus an tionchar atá acu ar shábháilteacht úsáideoirí bréagán. [Leasú 199] |
2. I gcás ina measfaidh an Coimisiún é a bheith iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil chun na forálacha ábhartha den Rialachán seo a leasú.
Airteagal 56
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 30 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagail 2(3), 17(10), 24 go 40 agus 46 go 52 ón...[Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. [Leasú 200]
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa …,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
(1) IO C,, lch..
(2) Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht bréagán (IO L 170, 30.6.2009, lch. 1).
(3) COM(2020) 667 final
(4) IO L 11, 15.1.2002, lch. 4.
(5) Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).
(6) Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le creat comhchoiteann le haghaidh margú táirgí, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lch. 82).
(7) Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE ón gComhairle (IO L 135, 23.5.2023, lch. 1).
(8) Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).
(9) Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62).
(10) Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO an Rialacháin sin san fhonóta.
(11) Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus earraí a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia agus lena n-aisghairtear Treoracha 80/590/CEE agus 89/109/CEE (IO L 338, 13.11.2004, lch. 4).
(12) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).
(13) Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).
(14) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoir 91/155/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/67/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/105/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).
(15) Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin …. agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO an Rialacháin sin san fhonóta.
(16) Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (athmhúnlú) IO L 435, 23.12.2020, lch. 1-62
(17) Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).
(18) Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta a shocrú do tháirgí inbhuanaithe agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE... agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO an Rialacháin sin san fhonóta.
(19) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (athmhúnlú) (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
(20) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim, IO L 256, 7.9.1987, lch. 1.
(21) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(22) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(23) Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena mbunaítear Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custam agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (IO L 317, 9.12.2022, lch. 1).
Iarscríbhinn I
TÁIRGÍ NACH bhFUIL FEIDHM AG AN RIALACHÁN SEO MAIDIR LEO
Cuid I – Bréagáin atá eisiata ó raon feidhme an Rialacháin seo
|
1. |
Trealamh clóis súgartha atá beartaithe lena úsáid ag an bpobal; |
|
2. |
meaisíní súgartha uathoibríocha, bídís bonn-oibrithe nó ná bídís, atá beartaithe lena n-úsáid ag an bpobal; |
|
3. |
feithiclí bréige atá feistithe le hinnill dócháin; |
|
4. |
innill gaile bréige |
Cuid II- Táirgí nach meastar gur bréagáin iad de réir bhrí an Rialacháin seo
|
1. |
Nithe maisiúla le haghaidh imeachtaí ceiliúrtha; |
|
2. |
táirgí le haghaidh bailitheoirí, ar choinníoll go bhfuil tásc sofheicthe soléite ar an táirge nó ar a phacáistíocht á rá go bhfuil sé beartaithe do bhailitheoirí atá 14 bliana d’aois nó os a chionn. I measc samplaí den chatagóir sin tá:
|
|
3. |
trealamh spóirt, lena n-áirítear scátaí rollála, scátaí lannrollála agus modhanna eile iompair, amhail cláir scátála agus scútair atá beartaithe do leanaí ar mó a gcorpmhais mais choirp ná 20 kg; [Leasú 201] |
|
4. |
rothair ar mó uasairde a ndiallaite ná 435 mm, arna tomhas mar an fad ingearach ón talamh go dtí barr dhromchla an tsuíocháin, agus an suíochán suite go ceartingearach agus an cuaille diallaite socraithe ag an marc ionsáite is lú; |
|
5. |
scútair agus modhanna eile iompair atá deartha le haghaidh spóirt nó atá beartaithe lena n-úsáid chun taisteal ar bhóithre poiblí nó ar chosáin phoiblí; [Leasú 202] |
|
6. |
feithiclí a thiomáintear go leictreach atá beartaithe lena n-úsáid chun taisteal ar bhóithre poiblí, ar chonairí poiblí nó ar a bhfuil pábháilte díobh; |
|
7. |
trealamh uisceach atá beartaithe lena úsáid in uisce domhain, agus feistí foghlama snámha do leanaí, amhail suíocháin snámha agus áiseanna snámha; |
|
8. |
puzail a bhfuil níos mó ná 500 píosa acu; |
|
9. |
gunnaí agus piostail a úsáideann gas comhbhrúite, cé is moite de ghunnaí uisce agus piostail uisce, agus boghanna boghdóireachta ar faide iad ná 120 cm; |
|
10. |
tinte ealaíne, lena n-áirítear caipíní forbhuailte nach bhfuil deartha go sonrach le haghaidh bréagán; |
|
11. |
táirgí agus cluichí a úsáideann teilgeáin a bhfuil bior géar orthu, amhail tacair dairteanna a bhfuil bior miotalach orthu; |
|
12. |
Táirgí oideachasúla feidhmiúla, amhail oighinn leictreacha, iarainn nó táirgí feidhmiúla eile a oibrítear ar voltas ainmniúil ar mó é ná 24 volta a dhíoltar go heisiach chun críoch múinteoireachta faoi mhaoirseacht duine fhásta. |
|
13. |
táirgí atá beartaithe lena n-úsáid chun críoch oideachais i scoileanna nó i gcomhthéacsanna oideolaíocha faoi fhaireachas teagascóra fhásta, amhail trealamh eolaíochta; |
|
14. |
trealamh leictreonach, amhail ríomhairí pearsanta agus consóil cluichí, a úsáidtear chun rochtain a fháil ar bhogearraí idirghníomhacha agus na forimeallaigh nó na comhpháirteanna atá bainteach leo, ach amháin má tá an trealamh leictreonach nó na forimeallaigh bhainteacha nó na comhpháirteanna bainteacha deartha go sonrach do leanaí agus spriocdhírithe orthu agus má tá luach súgartha dá gcuid féin acu, amhail ríomhairí pearsanta, méarchláir, luamháin stiúrtha nó rothaí stiúrtha saindeartha; [Leasú 203] |
|
15. |
bogearraí idirghníomhacha, atá beartaithe le haghaidh fóillíochta agus siamsaíochta, amhail cluichí ríomhaire, agus a meáin stórála; |
|
16. |
gobáin naíonán; |
|
17. |
fearais solais atá tarraingteach do leanaí; |
|
18. |
claochladáin leictreacha le haghaidh bréagán; |
|
19. |
gabhálais faisin do leanaí nach bhfuil le húsáid le linn súgradh. |
|
19a. |
Leabhair atá beartaithe do leanaí níos sine ná 36 mhí, atá déanta go hiomlán as páipéar nó cairtchlár, gan ábhair ná comhpháirteanna breise. [Leasú 204] |
Iarscríbhinn II
CEANGLAIS SÁBHÁILTEACHTA ÁIRITHE
Cuid I – Airíonna Fisiceacha agus Meicniúla
|
1. |
Beidh an neart meicniúil agus, i gcás inarb iomchuí, an chobhsaíocht is gá ag bréagáin agus a bpáirteanna agus, i gcás bréagáin sheasta, ag a ndaingnithe, chun na struis a chuirfear orthu le linn úsáide a sheasamh gan bhriseadh nó gan cur as a riocht ar fhaitíos go ndéanfaí díobháil choirp. |
|
2. |
Imill, goba, cordaí, cáblaí agus ceangail inrochtana ar bhréagáin, dearfar agus monarófar iad ar bhealach a laghdófar a mhéid is féidir na rioscaí díobhála coirp a bhaineann le teagmháil a dhéanamh leo. |
|
3. |
Dearfar agus monarófar bréagáin ar bhealach nach mbeidh aon riosca sláinte ná sábháilteachta ag baint leo nó ar bhealach nach mbainfear leo ach an riosca íosta is gné dhílis dá n-úsáid arbh fhéidir gurb í gluaiseacht a bpáirteanna is cúis leis. |
|
4. |
|
|
5. |
Dearfar agus monarófar bréagáin uisceacha ar bhealach a laghdófar a mhéid is féidir, agus úsáid mholta an bhréagáin á cur san áireamh, aon riosca go dteipfeadh ar shnámhacht an bhréagáin agus ar an tacaíocht a thugann sé don leanbh. |
|
6. |
Bréagáin ar féidir dul isteach iontu agus atá ina spás iata dá bhrí sin dóibh siúd atá laistigh díobh, beidh bealach amach astu a mbeidh an t-úsáideoir beartaithe in ann a oscailt go héasca ón taobh istigh. |
|
7. |
Bréagáin a thugann soghluaisteacht dá n-úsáideoirí, beidh córas coscánaithe iontu, a mhéid is féidir, a bheidh oiriúnach don chineál bréagáin agus i gcomhréir leis an bhfuinneamh cinéiteach a ghineann sé. Beidh sé éasca don úsáideoir an córas sin a oibriú gan riosca eisteilgin ná díobhála coirp don úsáideoir ná do thríú páirtithe.
I gcás bréagáin mharcaíochta a thiomáintear go leictreach, beidh teorainn leis an uasluas luas oibriúcháin ionchasach ionadaíoch arna chinneadh ag an dearadh ar bhealach lena n-íoslaghdófar an riosca díobhála. |
|
8. |
Foirm agus comhdhéanamh teilgeán agus an fuinneamh cinéiteach a d’fhéadfaidís a ghiniúint nuair a theilgtear iad as bréagán atá deartha chun na críche sin, beidh siad i riocht agus nach mbeidh aon riosca díobhála coirp don úsáideoir ná do thríú páirtithe ann, agus cineál an bhréagáin á chur san áireamh. |
|
9. |
Monarófar bréagáin ar bhealach a n-áiritheofar an méid seo a leanas:
|
|
10. |
Dearfar agus monarófar bréagáin atá deartha chun fuaim a astú ar bhealach nach lagófar éisteacht an linbh de dheasca na fuaime a dhéanann siad, i dtéarmaí uasluachanna torainn tuairte agus torainn leanúnaigh Socrófar na luachanna teorantacha trí ghníomh tarmligthe, agus ní rachaidh na luachanna uasta thar na luachanna a leagtar síos i dTreoir 2003/10/CEE . [Leasú 205] |
|
11. |
Monarófar bréagáin ghníomhaíochta ar bhealach a laghdófar a mhéid is féidir an riosca brúite nó gaistithe ball coirp nó gaistithe éadaí agus an riosca titime, an riosca tuairte agus riosca an bhá. Go sonrach, aon dromchla de bhréagán den sórt sin atá inrochtana le haghaidh súgradh ag leanbh amháin nó níos mó, beidh sé deartha chun a n-ualach a iompar. |
Cuid II Inadhainteacht
|
1. |
Ní bheidh bréagáin ina n-eilimint inadhainte chontúirteach i dtimpeallacht an linbh. Beidh siad comhdhéanta dá bhrí sin d’ábhair a chomhlíonann ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:
Ní bheidh ábhair indóite sa bhréagán ina riosca adhainte d’ábhair eile a úsáidtear sa bhréagán. |
|
2. |
Bréagáin a chomhlíonann, mar atá siad, an dá choinníoll, ní bheidh substaintí ná meascáin iontu a d’fhéadfadh teacht chun bheith inadhainte mar gheall ar chaillteanas comhpháirteanna so-ghalaithe neamh-inadhainte:
|
|
3. |
Ní bheidh bréagáin, seachas caipíní forbhuailte bréige, pléascach ná ní bheidh eilimintí ná substaintí iontu ar dócha go bpléascfaidh siad nuair a bhainfear úsáid astu mar a shonraítear in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír. |
|
4. |
Bréagáin agus, go háirithe, cluichí ceimiceacha agus bréagáin cheimiceacha, ní bheidh substaintí ná meascáin iontu:
|
Cuid III Airíonna Ceimiceacha
|
1. |
Dearfar agus monarófar bréagáin ar bhealach nach bhfuil aon riosca ann go mbeidh éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine mar gheall ar nochtadh do na substaintí ceimiceacha nó do na meascáin díobh atá sna bréagáin nó dá bhfuil na bréagáin comhdhéanta, nuair a úsáidtear na bréagáin mar a shonraítear in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír.
Comhlíonfaidh bréagáin reachtaíocht ábhartha an Aontais a bhaineann le catagóirí áirithe táirgí nó le srianta ar shubstaintí agus meascáin áirithe. Bréagáin nó a bpáirteanna agus a bpacáistíocht ar féidir coinne réasúnach a bheith leis go mbeidh siad i dtadhall le bia nó go n-aistreoidh siad a gcomhdhamhnaí chuig bia faoi ghnáthdhálaí úsáide nó faoi dhálaí úsáide intuartha, comhlíonfaidh siad Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 freisin. |
|
2. |
Bréagáin ar substaintí nó meascáin iad féin, comhlíonfaidh siad Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 freisin chomh maith leis na ceanglais lipéadaithe a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh . 1223/2009. [Leasú 207] |
|
3. |
Comhlíonfaidh bréagáin na ceanglais agus na coinníollacha sonracha maidir le substaintí ceimiceacha a leagtar amach i gCuid A den Fhoscríbhinn agus na ceanglais lipéadaithe a leagtar amach i gCuid B den Fhoscríbhinn. |
|
4. |
Tá toirmeasc ar úsáid
substaintí nó
meascán
a
chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 57 den Rialachán seo agus atá sainaitheanta i gcomhréir le hAirteagal 59(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006,
meascáin
a
aicmítear i gCuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008
nó a chomhlíonann na critéir maidir le haicmiú
in aon cheann de na catagóirí seo a leanas, tá toirmeasc ar a n-úsáid i mbréagáin, i gcomhpháirteanna bréagán nó i gcodanna
i bpáirteanna bréagán atá leithleach
go mionstruchtúrach i mbréagáin
ó thaobh micreastruchtúir de: [Leasú 208]
|
|
(4a) |
Tá toirmeasc ar shubstaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile (PFAS) agus ar bhisfeanóil a úsáid i mbréagáin, i gcomhpháirteanna bréagán nó i gcodanna éagsúla micreastruchtúracha de bhréagáin. Ní bheidh aon chumhrán i mbréagáin atá beartaithe lena n-úsáid ag leanaí faoi bhun 36 mhí ná i mbréagáin eile a bhfuil sé beartaithe iad a chur sa bhéal. [Leasú 215] |
|
5. |
Láithreacht neamhbheartaithe substainte nó meascáin dá dtagraítear i bpointe 4 a eascraíonn as eisíontais i gcomhábhair nádúrtha nó shintéiseacha, nó as an bpróiseas monaraíochta agus atá dosheachanta go teicniúil sa dea-chleachtas monaraíochta, formheasfar iad ar choinníoll go mbeidh bréagáin i gcomhréir leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta i gcónaí, d’ainneoin na láithreachta sin. |
|
6. |
De mhaolú ar phointe 4, féadfar substaintí nó meascáin a thoirmisctear faoin bpointe sin a úsáid i mbréagáin má liostaítear iad i gCuid C den Fhoscríbhinn, faoi na coinníollacha a shonraítear inti. |
|
7. |
Ní bheidh feidhm ag pointí 4 go 6 maidir leis na nithe seo a leanas:
|
|
8. |
Bréagáin chosmaideacha, amhail cosmaidí bréige do bhábóga nó do leanaí , slam, méarphéint nó cré shamhaltaithe , comhlíonfaidh siad na ceanglais maidir le comhdhéanamh agus lipéadú a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). [Leasú 217] |
Cuid IV Airíonna Leictreacha
|
1. |
Ní chumhachtófar bréagáin le leictreachas ar de voltas ainmniúil is mó ná 24 volta srutha dhírigh (SD) é nó an voltas srutha ailtéarnaigh (SA) coibhéiseach, agus ní bheidh níos mó ná 24 volta SD nó voltas SA coibhéiseach sna páirteanna díobh atá inrochtana.
Ní bheidh voltais inmheánacha níos mó ná 24 volta SD ná voltas SA coibhéiseach ach amháin má áirithítear nach mbeidh aon riosca don tsláinte agus don tsábháilteacht ná aon turraing leictreach díobhálach ag baint leis an gcomhcheangal den voltas agus den sruth arna ghiniúint, fiú i gcás ina mbeidh an bréagán briste. [Leasú 218] |
|
2. |
Páirteanna bréagán atá ceangailte, nó a d’fhéadfadh tadhall a dhéanamh, le foinse leictreachais a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le turraing leictreach, agus aon chábla nó aon seoltóir eile trína seoltar leictreachas chuig páirteanna den sórt sin, insleofar i gceart agus cosnófar go meicniúil iad chun an riosca turrainge sin a chosc. |
|
3. |
Dearfar agus monarófar bréagáin leictreacha ar bhealach lena n-áiritheofar nach mbeidh na huasteochtaí a shroichfidh gach dromchla atá inrochtana go díreach ina gcúis le dónna de dheasca tadhaill leo. |
|
4. |
Faoi dhálaí intuartha fabht, tabharfaidh bréagáin cosaint ar ghuaiseacha leictreacha a eascraíonn as foinse cumhachta leictrí. |
|
5. |
Tabharfaidh bréagáin leictreacha cosaint leormhaith ar ghuaiseacha dóiteáin. |
|
6. |
Dearfar agus monarófar bréagáin leictreacha ar bhealach a ndéanfar réimsí leictreacha, maighnéadacha agus leictreamaighnéadacha a theorannú a mhéid is gá chun an bréagán a oibriú, agus oibreoidh siad ar leibhéal sábháilte i gcomhréir leis an úrscothacht a nglactar léi i gcoitinne, agus bearta sonracha de chuid an Aontais á gcur san áireamh. |
|
7. |
Bréagáin a bhfuil córas rialaithe leictreonach acu, dearfar agus monarófar iad ar bhealach a n-oibreoidh an bréagán go sábháilte fiú i gcás ina dtosóidh an córas leictreonach ag mífheidhmiú nó ina dteipfidh air mar gheall ar chliseadh an chórais féin nó ar thoisc sheachtrach. |
|
8. |
Dearfar agus monarófar bréagáin ar bhealach nach mbeidh aon ghuais sláinte ag baint leo, ná riosca díobhála do na súile ná don chraiceann, ar riosca é a bhaineann le léasair, dé-óidí astaithe solais (LEDanna) nó aon chineál eile radaíochta. |
|
9. |
Ní bheidh claochladán leictreach bréagáin ina chuid dhílis den bhréagán. |
Cuid V Sláinteachas
|
1. |
Dearfar agus monarófar bréagáin ar bhealach nach mbeidh aon riosca ionfhabhtaithe, breoiteachta ná éillithe ag baint leo maidir lena sláinteachas agus a nglaineacht. |
|
2. |
Bréagán atá beartaithe lena úsáid ag leanaí faoi bhun 36 mhí d’aois, dearfar agus monarófar é ar bhealach ar 36 mhí nó a bheartaítear a chur sa bhéal, déanfar é a dhearadh agus a mhonarú sa chaoi gur féidir é a ghlanadh. Chuige sin, beidh bréagán teicstíle in-nite, ach amháin má tá meicníocht ann dá bhféadfaí damáiste a dhéanamh dá gcuirfí ar maos é lena ní. Comhlíonfaidh an bréagán na ceanglais sábháilteachta tar éis a ghlanta i gcomhréir leis an bpointe seo agus le treoracha an mhonaróra freisin. [Leasú 219] |
|
3. |
Bréagáin a bhfuil ábhair uiscí inrochtana acu, dearfar agus monarófar iad ar bhealach a n-áiritheofar nach mbeidh riosca micribhitheolaíoch ag baint leo. |
Cuid VI Radaighníomhaíocht
Comhlíonfaidh bréagáin na bearta ábhartha uile a glacadh faoi Chaibidil III den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.
(1) Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (IO L 342, 22.12.2009, lch. 59).
Foscríbhinn
Coinníollacha sonracha maidir le substaintí ceimiceacha áirithe nó meascáin díobh a bheith i mbréagáin
Cuid A. Substaintí faoi réir teorainnluachanna sonracha
|
1. |
Ní shárófar na teorainneacha ascnaimh seo a leanas, ó bhréagáin, ó chomhpháirteanna bréagán ná ó pháirteanna bréagán atá leithleach ó thaobh micreastruchtúir de:
|
[Leasú 257]
Ní bheidh feidhm ag na teorainnluachanna sin maidir le bréagáin ná comhpháirteanna bréagán ná páirteanna bréagán atá leithleach ó thaobh micreastruchtúir de lena n-eisiatar go soiléir, i ngeall ar a n-inrochtaineacht, a bhfeidhm, a dtoirt nó a mais, aon riosca a bhaineann lena ndiúl, lena lí, lena slogadh nó lena bheith i dteagmháil fhada leis an gcraiceann i gcás ina n-úsáidfear iad mar a shonraítear in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír.
|
1a. |
Ní bheidh cróimiam VI, caidmiam, mearcair ná luaidhe i mbréagáin, mura féidir a láithreacht a sheachaint go teicniúil faoi dhea-chleachtas monaraíochta agus mura sáraíonn sé an teorainn braite san ábhar aonchineálach. [Leasú 255] |
|
2. |
Tá toirmeasc ar nítreasaimíní agus ar shubstaintí in-níotrósáithithe i mbréagáin atá beartaithe lena n-úsáid ag leanaí faoi bhun 36 mhí nó i mbréagáin eile atá beartaithe lena gcur sa bhéal i gcás ina mbeidh ascnamh na substaintí sin níos airde ná 0.01 mg/kg i gcás nítreasaimíní agus 0.1 mg/kg i gcás substaintí in-níotrósaithe nó cothrom leis na luachanna sin i ngach bréagán . Ní rachaidh ascnamh na substaintí sin ó bhréagáin, ó chomhpháirteanna bréagán nó ó chodanna éagsúla micreastruchtúracha de bhréagáin, thar 0,01 mg/kg le haghaidh nítreasaimíní agus 0,1 mg/kg i gcás substaintí in-níotrósáithithe. [Leasú 256] |
|
3. |
Ní shárófar na teorainnluachanna seo a leanas, i mbréagáin nó i gcomhpháirteanna bréagán nó i bpáirteanna bréagán atá leithleach ó thaobh micreastruchtúir de:
|
|
4. |
Ní bheidh na cumhráin ailléirgineacha seo a leanas i mbréagáin ach amháin má tá a láithreacht sa bhréagán dosheachanta go teicniúil faoin dea-chleachtas monaraíochta agus nach mó iad ná 100 mg/kg
10 mg/kg
: [Leasú 221]
|
Cuid B. Substaintí faoi réir ceanglais shonracha lipéadaithe
|
1. |
Beidh ainmneacha na gcumhrán ailléirgineach seo a leanas liostaithe ar an mbréagán, ar lipéad atá greamaithe de, ar an bpacáistíocht nó i mbileog a ghabhann leis, agus sa phas táirge
digiteach
, má chuirtear na hailléirginí sin le bréagán, i gcás ina mbeidh tiúchaintí is mó ná 100
10
mg/kg díobh sa bhréagán: [Leasú 222]
|
|
2. |
Cumhráin dá dtagraítear in iontrálacha 41 go 55 sa tábla i gCuid A, pointe 4, agus cumhráin dá dtagraítear i bpointí 1 go 10 sa tábla i bpointe 1 den Chuid seo, ceadófar a n-úsáid i gcluichí boird boltanacha, trealamh cosmaidí agus cluichí blastachta, faoi na coinníollacha seo a leanas:
Cluichí boird boltanacha, trealamh cosmaidí agus cluichí blastachta den sórt sin, ní bhainfidh leanaí faoi bhun 36 mhí d’aois úsáid astu agus comhlíonfaidh siad pointe 2 d’Iarscríbhinn III. |
Cuid C. Úsáidí formheasta substaintí atá faoi réir toirmisc chineálacha faoi Chuid III, pointe 4, d’Iarscríbhinn II
|
Substaint |
Aicmiú |
Úsáid fhormheasta |
Dátaí infheidhmeachta [Leasú 258] |
|
Nicil |
Carc 2 |
I mbréagáin agus i gcomhpháirteanna bréagán cruach dosmálta. I gcomhpháirteanna bréagán atá beartaithe sruth leictreach a sheoladh. |
|
Iarscríbhinn III
RABHAIDH AGUS TÁSCA DE RÉAMHCHÚRAIMÍ ATÁ LE DÉANAMH I gCÁS INA nÚSÁIDFEAR CATAGÓIRÍ ÁIRITHE BRÉAGÁN
1. Ceanglais ghinearálta - cuir i láthair
Roimh gach rabhadhBeidh an focal ‘Rabhadh’ roimh gach rabhadh nó, mar mhalairt de rogha air sin, picteagram cineálach amhail an picteagram ceann seo a leanas , a thaispeánfar ar bhealach feiceálach : [Leasú 223]
2. Bréagáin nach bhfuil beartaithe lena n-úsáid ag leanaí faoi bhun 36 mhí
Bréagáin a d’fhéadfadh a bheith contúirteach do leanaí faoi bhun 36 mhí d’aois, beidh rabhadh orthu amhail ‘Ní oireann do leanaí faoi bhun 36 mhí d’aois’ nó ‘Ní oireann do leanaí faoi bhun 3 bliana’ nó rabhadh i bhfoirm an phicteagraim seo a leanas:
Beidh trastomhas 10 mm ar a laghad ar an bpicteagram agus beidh ciorcal dearg a bhfuil cúlra bán air agus an téacs agus an éadan i ndath dubh. Leis na rabhaidh sin gabhfaidh tásc gearr, a d’fhéadfadh a bheith le feiceáil sna treoracha úsáide, den ghuais shonrach arb í is siocair leis an réamhchúram sin. [Leasú 224]
Ní bheidh feidhm ag an bpointe sin maidir le bréagáin atá neamhoiriúnach go follasach do leanaí faoi bhun 36 mhí d’aois, i ngeall ar a bhfeidhm, a dtoisí, a saintréithe ná a n-airíonna ná ar fhorais áititheacha eile.
3. Bréagáin ghníomhaíochta
Beidh an rabhadh seo a leanas ar bhréagáin ghníomhaíochta:
‘Le haghaidh úsáid tí amháin’.
Le bréagáin ghníomhaíochta atá ceangailte le bíoma trasna chomh maith le bréagáin ghníomhaíochta eile, i gcás inarb iomchuí, gabhfaidh treoracha lena dtugtar aird ar an bhfíoras gur gá seiceálacha agus cothabháil a dhéanamh ar na príomhpháirteanna (crochtaí, fosúcháin, daingnithe, etc.) ag eatraimh áirithe, agus lena dtugtar le fios go bhféadfadh an bréagán a bheith ina chúis le titim nó go bhféadfadh sé iompú béal faoi mura ndéantar na seiceálacha sin.
Tabharfar treoracha freisin chun an bréagán a chóimeáil i gceart, lena léirítear na páirteanna a d’fhéadfadh a bheith contúirteach mura gcóimeáiltear i gceart iad. Tabharfar faisnéis shonrach maidir leis an dromchla oiriúnach a bhféadfar an bréagán a chur ina shuí air.
4. Bréagáin fheidhmiúla
Beidh an rabhadh seo a leanas ar bhréagáin fheidhmiúla:
‘Le húsáid faoi mhaoirseacht dhíreach duine fhásta’.
Ina theannta sin, gabhfaidh treoracha le bréagáin fheidhmiúla lena dtabharfar treoir oibriúcháin chomh maith le réamhchúraimí atá le déanamh ag an úsáideoir, agus an rabhadh ann go nochtfar an t-úsáideoir do na guaiseacha atá bainteach de ghnáth le cur i bhfeidhm nó táirgeacht an ruda, ar samhail de réir scála nó bréagshamhail de é an bréagán, mura leantar an treoir oibriúcháin sin nó mura ndéantar na réamhchúraimí sin. Sonrófar na guaiseacha sin sa rabhadh. Léireofar freisin go bhfuil an bréagán le coimeád amach ó leanaí faoi aois áirithe, a shonróidh an monaróir.
5. Bréagáin cheimiceacha
Gan dochar do chur i bhfeidhm na bhforálacha a leagtar síos i reachtaíocht infheidhme an Aontais maidir le haicmiú, pacáistiú agus lipéadú substaintí nó meascán áirithe, sna treoracha úsáide le haghaidh bréagáin ina bhfuil substaintí nó meascáin atá contúirteach ó nádúr beidh rabhadh maidir le cineál contúirteach na substaintí nó na meascán sin agus tásc de na réamhchúraimí atá le déanamh ag an úsáideoir chun na guaiseacha atá bainteach leo a sheachaint. Sonrófar na réamhchúraimí sin go hachomair agus bainfidh siad leis an gcineál bréagáin. Luafar freisin an gharchabhair atá le tabhairt i gcás timpistí tromchúiseacha a leanann as an gcineál ábhartha bréagáin a úsáid. Luafar freisin go bhfuil an bréagán le coimeád amach ó leanaí faoi bhun aois áirithe, a shonróidh an monaróir.
I dteannta na faisnéise dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh an rabhadh seo a leanas ar phacáistíocht bréagán ceimiceach:
‘Ní oireann do leanaí faoi bhun... (1) bliana d’aois. Úsáidtear faoi mhaoirseacht duine fhásta’.
6. Scátaí, scátaí rollála, scátaí lannrollála, cláir scátála, scútair agus rothair bhréige
I gcás ina gcuirfear scátaí, scátaí rollála, scátaí lannrollála, cláir scátála, scútair agus rothair bhréige ar díol mar bhréagáin, beidh an rabhadh seo a leanas orthu:
‘Ba cheart trealamh cosanta a chaitheamh. Ná húsáidtear sa trácht’.
Beidh meabhrúchán sna treoracha úsáide go bhfuil an bréagán le húsáid go cúramach, ós gá an-scil a bheith ag duine ann, ionas nach dtitfear nó nach dtarlóidh imbhuailtí a bheadh ina gcúis le díobháil don úsáideoir nó do thríú páirtithe. Tabharfar tásca freisin den trealamh cosanta a mholtar (clogaid, lámhainní, cosaintí glúine, cosaintí uillinne, etc.).
7. Bréagáin uisceacha
Beidh an rabhadh seo a leanas ar bhréagáin uisceacha:
‘Ná húsáidtear ach in uisce nach bhfuil ródhomhain don leanbh agus faoi mhaoirseacht duine fhásta’.
8. Bréagáin laistigh de bhia
Pacáistiú bia ina bhfuil bréagáin atá laistigh de bhia nó pacáistiú bia nó pacáistiú bia cóimheasctha le bréagáin bia, beidh an rabhadh seo a leanas orthu: [Leasú 225]
‘Bréagán laistigh. Moltar maoirseacht ag duine fásta’.
9. Bréagmhaisc chosanta agus bréagchlogaid
I gcás ina gcuirfear bréagmhaisc chosanta agus bréagchlogaid ar díol mar bhréagáin, beidh an rabhadh seo a leanas orthu:
‘Ní thugann an bréagán seo cosaint’.
10. Bréagáin atá beartaithe lena sreangú trasna cliabháin, leaba linbh nó naíchóiste trí bhíthin sreangán, cordaí, leaisticí nó strapaí
I gcás bréagáin atá beartaithe lena sreangú trasna cliabháin, leaba linbh nó naíchóiste trí bhíthin sreangán, cordaí, leaisticí nó strapaí, tabharfar an rabhadh seo a leanas ar phacáistíocht an bhréagáin agus marcálfar go buan ar an mbréagán é:
‘Chun díobháil fhéideartha de dheasca dul i bhfostú a chosc, bain an bréagán seo den leanbh nuair a thosóidh sé ag déanamh iarracht dul ag lámhacán ar na ceithre boinn’.
11. Pacáistíocht le haghaidh cumhrán i gcluichí boird boltanacha, i bpacáistí cosmaideacha agus i gcluichí blastachta
Pacáistíocht le haghaidh cumhrán i gcluichí boird boltanacha, trealamh cosmaidí agus cluichí blastachta ina bhfuil cumhráin dá dtagraítear in iontrálacha 41 go 55 sa tábla i gCuid A, pointe 4, den Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn II agus cumhráin dá dtagraítear in iontrálacha 1 go 10 sa tábla i gCuid B, pointe 1, den Fhoscríbhinn sin, beidh an rabhadh seo a leanas inti:
‘Tá cumhráin ann a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hailléirgí’.
(1) Aois le sonrú ag an monaróir.
Iarscríbhinn IV
NÓSANNA IMEACHTA UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA
Cuid I - Modúl A: Rialú inmheánach táirgthe
|
1. |
Is é is rialú inmheánach táirgthe ann an nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí 2, 3 agus 4, agus ina n-áirithíonn agus ina ndearbhaíonn sé, faoi fhreagracht an mhonaróra amháin, go gcomhlíonann an bréagán ceanglais an Rialacháin seo. |
|
2. |
Doiciméadacht theicniúil
Is é an monaróir a bhunóidh an doiciméadacht theicniúil. De bhíthin na ndoiciméad sin, féadfar measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an táirge leis na ceanglais ábhartha; AGUS beidh iontu anailís agus measúnú leordhóthanach ar an riosca (nó na rioscaí). Sonrófar leis an doiciméadacht theicniúil na ceanglais is infheidhme agus cumhdófar léi, a mhéid is ábhartha don mheasúnú, dearadh, monarú agus oibriú an bhréagáin. Beidh na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn V, ar a laghad, sa doiciméadacht theicniúil. |
|
3. |
Monaraíocht
Déanfaidh an monaróir na bearta uile is gá ionas go n-áiritheoidh an próiseas monaraíochta agus an faireachán air comhlíontacht na dtáirgí monaraithe leis an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 2 agus ceanglais is infheidhme an Rialacháin seo. |
|
4. |
Marcáil CE agus pas táirge digiteach [Leasú 226] |
|
4.1. |
Feisteoidh an monaróir marcáil CE ar gach bréagán aonair a chomhlíonann ceanglais is infheidhme an Rialacháin seo. |
|
4.2. |
Déanfaidh an monaróir an pas táirge digiteach a tharraingt suas le haghaidh samhail bhréagáin múnla bréagán agus áiritheoidh sé go mbeidh an pas ar fáil, in éineacht leis an doiciméadacht theicniúil, go ceann 10 mbliana, ar feadh 10 mbliana tar éis don táirge a bheith curtha an mhír dheireanach den mhúnla bréagán a chur ar an margadh. Leis an bpas táirge digiteach , sainaithneofar an bréagán ar lena aghaidh a tarraingíodh suas é. [Leasú 227] |
|
5. |
Gníomhaire ginearálta
Féadfaidh gníomhaire ginearálta an mhonaróra oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach i bpointe 4 a chomhlíonadh, thar ceann an mhonaróra agus faoi chúram an mhonaróra, ar choinníoll go sonraítear iad sa sainordú. |
Cuid II - Modúl B: Cineálscrúdú AE
|
1. |
Is é is cineálscrúdú AE ann an chuid de nós imeachta um measúnú comhréireachta ina ndéanann comhlacht faoina dtugtar fógra scrúdú ar dhearadh teicniúil bréagáin agus ina bhfíoraíonn sé agus ina ndearbhaíonn sé go gcomhlíonann dearadh teicniúil an bhréagáin ceanglais an Rialacháin seo. |
|
2. |
Féadfar cineálscrúdú AE a dhéanamh ar aon cheann de na bealaí seo a leanas:
|
|
3. |
Cuirfidh an monaróir iarratas ar chineálscrúdú AE isteach le comhlacht amháin faoina dtugtar fógra, ar comhlacht de rogha an mhonaróra é.
Beidh na nithe seo a leanas san iarratas:
|
|
4. |
Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an méid seo a leanas:
I dtaca leis an mbréagán: |
|
4.1. |
scrúdú a dhéanamh ar an doiciméadacht theicniúil agus ar an bhfianaise thacaíochta chun measúnú a dhéanamh ar a leordhóthanaí atá a dhearadh teicniúil;
I dtaca leis an sampla: |
|
4.2. |
a fhíorú gur monaraíodh an sampla i gcomhréir leis an doiciméadacht theicniúil, agus na heilimintí a dearadh i gcomhréir le forálacha infheidhme na gcaighdeán comhchuibhithe ábhartha agus/nó na sonraíochtaí teicniúla coiteanna a shainaithint, mar aon leis na heilimintí a dearadh gan forálacha ábhartha na gcaighdeán sin a chur i bhfeidhm; |
|
4.3. |
scrúduithe agus tástálacha iomchuí a dhéanamh, nó socrú lena ndéanamh, le seiceáil a dhéanamh cé acu, i gcásanna inar roghnaigh an monaróir na réitigh sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus/nó na sonraíochtaí coiteanna a chur i bhfeidhm, a cuireadh nó nár cuireadh i bhfeidhm i gceart iad; |
|
4.4. |
scrúduithe agus tástálacha iomchuí a dhéanamh, nó socrú lena ndéanamh, le seiceáil a dhéanamh cé acu, i gcás nár cuireadh i bhfeidhm na réitigh sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus/nó na sonraíochtaí coiteanna, a comhlíonann nó nach gcomhlíonann na réitigh a ghlac an monaróir ceanglais fhíor-riachtanacha chomhfhreagracha na hionstraime reachtaí; |
|
4.5. |
suíomh ar a ndéanfar na scrúduithe agus tástálacha a aontú leis an monaróir. |
|
5. |
Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra tuarascáil mheastóireachta a tharraingt suas ina dtaifeadfar na gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhréir le pointe 4 maille lena dtorthaí. Gan dochar dá oibleagáidí i leith na n-údarás a thugann fógra, ní scaoilfidh an comhlacht faoina dtugtar fógra ábhar na tuarascála sin, go hiomlán nó go páirteach, ach amháin le comhaontú an mhonaróra. |
|
6. |
I gcás ina gcomhlíonann an cineál ceanglais an Rialacháin seo, eiseoidh an comhlacht faoina dtugtar fógra deimhniú ar chineálscrúdú AE don mhonaróir. Sa deimhniú ar chineálscrúdú AE, áireofar tagairt don Rialachán seo, íomhá dhaite, tuairisc shoiléir ar an mbréagán, lena n-áirítear a thoisí, agus liosta de na tástálacha a rinneadh, in éineacht le tagairt don tuarascáil tástála ábhartha. Sa deimhniú beidh ainm agus seoladh an mhonaróra, tásc den áit mhonaraíochta, conclúidí an scrúdaithe, na coinníollacha maidir lena bhailíocht (más ann dóibh) agus na sonraí is gá chun an cineál formheasta a shainaithint. Féadfar iarscríbhinní a chur i gceangal leis an deimhniú.
Sa deimhniú agus sna hiarscríbhinní a bheidh ag gabháil leis, beidh gach faisnéis ábhartha is gá chun go bhféadfar comhréireacht táirgí monaraithe leis an gcineál a scrúdaíodh a mheas agus chun go bhféadfar rialú inseirbhíse a dhéanamh. I gcás nach gcomhlíonann an cineál ceanglais is infheidhme an Rialacháin seo, diúltóidh an comhlacht faoina dtugtar fógra deimhniú ar chineálscrúdú AE a eisiúint agus cuirfidh sé é sin in iúl don iarratasóir, agus tabharfaidh sé cúiseanna mionsonraithe lena dhiúltú. |
|
7. |
Áiritheoidh an comhlacht faoina dtugtar fógra go mbeidh sé ar an eolas faoi aon athrú ar staid na teicníochta a bhfuil glacadh ginearálta léi a léireodh gur féidir nach gcomhlíonann an cineál a formheasadh ceanglais is infheidhme an Rialacháin seo a thuilleadh, agus cinnfidh sé cé acu an gá nó nach gá imscrúdú breise a dhéanamh de bharr na n-athruithe sin. Más amhlaidh, cuirfidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an monaróir ar an eolas dá réir.
Maidir leis na modhnuithe uile a rinneadh ar an gcineál formheasta agus a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhréireacht an bhréagáin, le ceanglais fhíor-riachtanacha an Rialacháin seo nó le coinníollacha bailíochta an deimhnithe, cuirfidh an monaróir é sin in iúl don chomhlacht faoina dtugtar fógra atá i seilbh na doiciméadachta teicniúla a bhaineann leis an deimhniú ar chineálscrúdú AE. Fágfaidh modhnuithe den sórt sin nach mór formheas breise a dhéanamh anuas ar an mbundeimhniú ar chineálscrúdú AE. |
|
8. |
Gach comhlacht faoina dtugtar fógra, déanfaidh sé na húdaráis a thugann fógra a chur ar an eolas maidir le deimhnithe ar chineálscrúdú AE agus/nó maidir le breiseanna leo a d’eisigh sé nó a tharraing sé siar, agus cuirfidh sé liosta de dheimhnithe agus/nó d’aon bhreis a diúltaíodh, a cuireadh ar fionraí nó ar cuireadh srian orthu ar bhealach eile ar fáil don údarás a thugann fógra ar bhonn tréimhsiúil nó arna iarraidh sin dó.
Gach comhlacht faoina dtugtar fógra, cuirfidh sé na comhlachtaí eile sin faoina dtugtar fógra ar an eolas maidir le deimhnithe ar chineálscrúdú AE agus/nó maidir le haon bhreis a dhiúltaigh sé nó a tharraing sé siar, a chuir sé ar fionraí nó ar chuir sé srian uirthi ar bhealach eile agus, arna iarraidh sin air, maidir le deimhnithe agus/nó breiseanna a d’eisigh sé. Féadfaidh an Coimisiún, na Ballstáit agus na comhlachtaí eile faoina dtugtar fógra cóip a fháil de na deimhnithe ar chineálscrúdú AE agus/nó na breiseanna leo, arna iarraidh sin dóibh. Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit cóip den doiciméadacht theicniúil agus de thorthaí na scrúduithe a rinne an comhlacht faoina dtugtar fógra a fháil, arna iarraidh sin dóibh. An comhlacht faoina dtugtar fógra, coinneoidh sé cóip den deimhniú ar chineálscrúdú AE, dá iarscríbhinní agus breiseanna, chomh maith leis an gcomhad teicniúil lena n-áirítear an doiciméadacht a chuir an monaróir isteach, go dtí go rachaidh bailíocht an deimhnithe as feidhm. |
|
9. |
Coinneoidh an monaróir cóip den Maidir le deimhniú ar chineálscrúdú AE, na hiarscríbhinní de chuid an Aontais, a iarscríbhinní agus na breiseanna a ghabhann bhreiseanna mar aon leis, chomh maith leis an doiciméadacht theicniúil, coinneoidh an monaróir cóip díobh ar fáil do na húdaráis náisiúnta go ceann 10 mbliana náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis an táirge mhír dheireanach den mhúnla bréagán a chur ar an margadh. [Leasú 228] |
|
10. |
Féadfaidh gníomhaire ginearálta an mhonaróra an t-iarratas dá dtagraítear i bpointe 3 a chur isteach agus na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointí 7 agus 9 a chomhlíonadh, ar choinníoll go sonrófar sa sainordú iad. |
Cuid III - Modúl C: Cineál-chomhréireacht bunaithe ar rialú inmheánach táirgthe [Leasú 229]
|
1. |
Is é is cineál-chomhréireacht a bhunaítear ar rialú inmheánach phróiseas táirgthe ann an chuid sin den nós imeachta um measúnú comhréireachta lena gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí 2 agus 3, agus lena n-áirithíonn agus lena ndearbhaíonn sé go bhfuil na táirgí lena mbaineann, i gcomhréir leis an gcineál a bhfuil tuairisc air sa deimhniú ar chineálscrúdú AE, agus lena gcomhlíonann sé na ceanglais den ionstraim reachtach a bhfuil feidhm acu maidir leo. |
|
2. |
Monaraíocht
Déanfaidh an monaróir na bearta uile is gá ionas go n-áiritheoidh an próiseas monaraíochta agus an faireachán air comhréireacht na dtáirgí monaraithe leis an gcineál atá formheasta a thuairiscítear sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus le ceanglais na hionstraime reachtaí a bhfuil feidhm aici maidir leo. |
|
3. |
Marcáil CE agus pas táirge digiteach [Leasú 230] |
|
3.1. |
Greamóidh an monaróir an mharcáil CE de gach táirge aonair atá i gcomhréir leis an gcineál a dtugtar tuairisc air sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus a chomhlíonann ceanglais is infheidhme na hionstraime reachtaí. |
|
3.2. |
Cruthóidh an monaróir pas táirge digiteach le haghaidh samhail bhréagáin bréagán agus áiritheoidh sé go mbeidh an pas sé ar fáil go ceann 10 mbliana tar éis don bhréagán a bheith curtha an mhír dheireanach den mhúnla bréagán a chur ar an margadh. Leis an bpas táirge digiteach , sainaithneofar an bréagán ar lena aghaidh a tarraingíodh suas é. [Leasú 231] |
|
4. |
Gníomhaire ginearálta
Féadfaidh gníomhaire ginearálta an mhonaróra oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach i bpointe 3 a chomhlíonadh, thar ceann an mhonaróra agus faoi chúram an mhonaróra, ar choinníoll go sonraítear iad sa sainordú. |
Iarscríbhinn V
EILIMINTÍ ATÁ LE hÁIREAMH SA DOICIMÉADACHT THEICNIÚIL
(dá dtagraítear in Airteagal 23)
(1)
Tuairisc mhionsonraithe ar an dearadh agus ar an monarú, lena n-áirítear liosta de na comhpháirteanna agus na hábhair a úsáidtear sa bhréagán chomh maith le bileoga sonraí sábháilteachta maidir le substaintí agus meascáin a úsáidtear, atá le fáil ó sholáthróirí ceimiceán;
(2)
An measúnú (na measúnuithe) sábháilteachta a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 21;
(3)
Tuairisc ar an nós imeachta um measúnú comhréireachta a leanadh;
(4)
Seoltaí na n-áiteanna monaraíochta agus stórála;
(5)
Cóipeanna de na doiciméid a chuir an monaróir faoi bhráid aon chomhlachta faoina dtugtar fógra i gcás inarb ábhartha , [Leasú 232]
(6)
Tuarascálacha tástála agus tuairisc ar na modhanna trínar áirithigh an monaróir comhréireacht táirgeachta le caighdeáin chomhchuibhithe, má lean an monaróir an nós imeachta um rialú inmheánach táirgthe dá dtagraítear in Airteagal 22(2); agus
(7)
cóip den deimhniú ar chineálscrúdú AE, tuairisc ar na modhanna trínar áirithigh an monaróir comhréireacht na táirgeachta leis an gcineál táirge a dtugtar tuairisc air sa deimhniú ar chineálscrúdú AE, agus cóipeanna de na doiciméid a chuir an monaróir faoi bhráid an chomhlachta faoina dtugtar fógra, má chuir an monaróir an bréagán faoi bhráid cineálscrúdú AE agus má lean sé an nós imeachta um chineál-chomhréireacht dá dtagraítear in Airteagal 22(3).
Iarscríbhinn VI
PAS TÁIRGE DIGITEACH [Leasú 233]
Cuid I – Faisnéis atá le háireamh sa phas táirge digiteach [Leasú 234]
|
(a) |
aitheantóir uathúil táirge an bhréagáin; |
|
(b) |
ainm agus seoladh an mhonaróra nó gníomhaire ginearálta an mhonaróra, chomh maith lena aitheantóir uathúil oibreora; |
|
(c) |
ainm agus seoladh an oibreora eacnamaíoch atá freagrach as na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1020 a dhéanamh, chomh maith lena aitheantóir uathúil oibreora; |
|
(d) |
an ní is ábhar don phas (sainaithint an bhréagáin lena gceadaítear inrianaitheacht) , lena n-áirítear íomhá dhaite a bheidh soiléir a dóthain chun go mbeifear in ann an bréagán a shainaithint; [Leasú 235] |
|
(e) |
an cód tráchtearra faoina bhfuil an bréagán aicmithe tráth a chruthaítear an pas, mar a leagtar amach i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (1); |
|
(f) |
tagairtí do reachtaíocht uile an Aontais a chomhlíonann an táirge; |
|
(g) |
tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha a úsáideadh nó tagairtí do na sonraíochtaí coiteanna lena ndearbhaítear comhréireacht; |
|
(h) |
i gcás inarb infheidhme: ainm agus uimhir an chomhlachta faoina dtugtar fógra a rinne idirghabháil sa nós imeachta um measúnú comhréireachta agus a d’eisigh deimhniú, chomh maith leis an tagairt don deimhniú; |
|
(i) |
an comhartha CE; |
|
(j) |
liosta de na cumhráin ailléirgineacha atá sa bhréagán agus atá faoi réir ceanglais shonracha lipéadaithe a leagtar amach i gCuid B, pointe 1, den Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn II; |
|
(ja) |
an caineál cumarsáide dá bhforáiltear in Airteagal 7(11); [Leasú 236] |
|
(jb) |
má áirítear sa bhréagán trealamh raidió an fhaisnéis dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; [Leasú 237] |
|
(jc) |
nasc chuig an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht agus chuig an roinn den Tairseach Safety Gate dá dtagraítear in Airteagail 27 agus 34(3) de Rialachán 2023/988 chun faisnéis a tharchur faoi bhréagáin a d’fhéadfadh sláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí a chur i mbaol. [Leasú 238] |
|
(k) |
aon substaint sa bhréagán ar údar imní í. [Leasú 239] |
Cuid II – Faisnéis a fhéadfar a áireamh sa phas táirge digiteach [Leasú 240]
|
(a) |
faisnéis sábháilteachta agus rabhaidh; |
|
(b) |
treoracha úsáide. |
|
(ba) |
íomhá nó líníocht den bhréagán. [Leasú 241] |
(1) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).
Iarscríbhinn VII
LIOSTA DE CHÓID TRÁCHTEARRAÍ AGUS TUAIRISCÍ AR THÁIRGÍ CHUN CRÍOCHA AIRTEAGAL 20(8)
|
1 |
ex 3604 ; bréagáin phiriteicniúla |
|
2 |
ex 61, ex 62 Bréigéidí do leanaí faoi bhun 14 bliana d’aois, gan earraí a aicmítear faoi 6111 , 6112 , 6115 , 6116 , 6209 , 6211 , 6212 , 6213 , 6216 a áireamh |
|
3 |
ex 8711 , ex 8712 , ex 8714 Rothair do leanaí, bídís innealta nó ná bídís, agus páirteanna díobh. |
|
4 |
ex 9503 Trírothaigh, scútair, mótair throitheáin agus bréagáin rothaí chomhchosúla; carráistí bábóg; bábóga; bréagáin eile; mionsamhlacha laghdaithe (‘de réir scála’) agus mionsamhlacha áineasa comhchosúla, bídís ag oibriú nó ná bídís; puzail de gach cineál |
|
5 |
ex 9505 Earraí féile, carnabhail nó siamsaíochta eile, lena n-áirítear cleasanna draíodóireachta agus cleasanna iontais |
Iarscríbhinn VIII
TÁBLA COMHGHAOIL
|
Treoir 2009/48/CE |
An Rialachán seo |
|
Airteagal 1 |
Airteagal 1 |
|
Airteagal 2(1) |
Airteagal 2(1) |
|
Airteagal 2(2) |
Airteagal 2(2) |
|
Airteagal 3(1) |
Airteagal 3(1) |
|
Airteagal 3(2) |
Airteagal 3(2) |
|
Airteagal 3(3) |
Airteagal 3(3) |
|
Airteagal 3(4) |
Airteagal 3(4) |
|
Airteagal 3(5) |
Airteagal 3(5) |
|
Airteagal 3(6) |
Airteagal 3(6) |
|
Airteagal 3(7) |
Airteagal 3(8) |
|
Airteagal 3(8) |
Airteagal 3(10) |
|
Airteagal 3(9) |
— |
|
Airteagal 3(10) |
Airteagal 3(22) |
|
Airteagal 3(11) |
Airteagal 3(20) |
|
Airteagal 3(12) |
Airteagal 3(21) |
|
Airteagal 3(13) |
Airteagal 3(26) |
|
Airteagal 3(14) |
Airteagal 3(27) |
|
Airteagal 3(15) |
- |
|
Airteagal 3(16) |
Airteagal 3(12) |
|
Airteagal 3(17) |
- |
|
Airteagal 3(18) |
Airteagal 3(29) |
|
Airteagal 3(19) |
Airteagal 3(30) |
|
Airteagal 3(20) |
- |
|
Airteagal 3(21) |
Airteagal 3(31) |
|
Airteagal 3(22) |
Airteagal 3(32) |
|
Airteagal 3(23) |
Airteagal 3(33) |
|
Airteagal 3(24) |
Airteagal 3(34) |
|
Airteagal 3(25) |
Airteagal 3(35) |
|
Airteagal 3(26) |
- |
|
Airteagal 3(27) |
Airteagal 3(24) |
|
Airteagal 3(28) |
Airteagal 3(25) |
|
Airteagal 3(29) |
- |
|
Airteagal 4(1) |
Airteagal 7(1) |
|
Airteagal 4(2) |
Airteagal 7(2) |
|
Airteagal 4(3) |
Airteagal 7(3) |
|
Airteagal 4(4) |
Airteagal 7(4) |
|
Airteagal 4(5) |
Airteagal 7(5) |
|
Airteagal 4(6) |
Airteagal 7(6) |
|
Airteagal 4(7) |
Airteagal 7(7) |
|
Airteagal 4(8) |
Airteagal 7(8) |
|
Airteagal 4(9) |
Airteagal 7(9) |
|
Airteagal 5(1) |
Airteagal 8(1) |
|
Airteagal 5(2) |
Airteagal 8(2) |
|
Airteagal 5(3) |
Airteagal 8(3) |
|
Airteagal 6(1) |
Airteagal 9(1) |
|
Airteagal 6(2) |
Airteagal 9(2) |
|
Airteagal 6(3) |
Airteagal 9(3) |
|
Airteagal 6(4) |
Airteagal 9(2)(b) |
|
Airteagal 6(5) |
Airteagal 9(4) |
|
Airteagal 6(6) |
Airteagal 9(5) |
|
Airteagal 6(7) |
Airteagal 9(6) |
|
Airteagal 6(8) |
Airteagal 9(7) |
|
Airteagal 6(9) |
Airteagal 9(8) |
|
Airteagal 7(1) |
Airteagal 10(1) |
|
Airteagal 7(2) |
Airteagal 10(2) |
|
Airteagal 7(3) |
Airteagal 10(3) |
|
Airteagal 7(4) |
Airteagal 10(4) |
|
Airteagal 7(5) |
Airteagal 10(5) |
|
Airteagal 8 |
Airteagal 11 |
|
Airteagal 9 |
Airteagal 12 |
|
Airteagal 10(1) |
Airteagal 5(1) |
|
Airteagal 10(2) |
Airteagal 5(2) |
|
Airteagal 10(3) |
Airteagal 5(3) |
|
Airteagal 11(1), an chéad fhomhír |
Airteagal 6(1) |
|
Airteagal 11(1), an dara fomhír |
Airteagal 6(2) |
|
Airteagal 11(2) |
Airteagal 6(3) |
|
Airteagal 11(3) |
- |
|
Airteagal 12 |
Airteagal 4(1) |
|
Airteagal 13 |
Airteagal 13 |
|
Airteagal 14 |
- |
|
Airteagal 15 |
- |
|
Airteagal 16(1) |
Airteagal 15, an chéad fhomhír |
|
Airteagal 16(2) |
Airteagal 15 an dara fomhír |
|
Airteagal 16(3) |
- |
|
Airteagal 16(4) |
Airteagal 4(2) |
|
Airteagal 17(1) |
Airteagal 16(1) |
|
Airteagal 17(2) |
Airteagal 16(2)(3) |
|
Airteagal 18 |
Airteagal 21 |
|
Airteagal 19(1) |
Airteagal 22(1) |
|
Airteagal 19(2) |
Airteagal 22(2) |
|
Airteagal 19(3) |
Airteagal 22(3) |
|
Airteagal 20 |
- |
|
Airteagal 21(1) |
Airteagal 23(1) |
|
Airteagal 21(2) |
Airteagal 23(2) |
|
Airteagal 21(3) |
Airteagal 23(3) |
|
Airteagal 21(4) |
Airteagal 23(4) |
|
Airteagal 22 |
Airteagal 24 |
|
Airteagal 23(1) |
Airteagal 25(1) |
|
Airteagal 23(2) |
Airteagal 25(2) |
|
Airteagal 23(3) |
Airteagal 25(3) |
|
Airteagal 23(4) |
Airteagal 25(4) |
|
Airteagal 24(1) |
Airteagal 26(1) |
|
Airteagal 24(2) |
Airteagal 26(2) |
|
Airteagal 24(3) |
Airteagal 26(3) |
|
Airteagal 24(4) |
Airteagal 26(4) |
|
Airteagal 24(5) |
Airteagal 26(5) |
|
Airteagal 24(6) |
Airteagal 26(6) |
|
Airteagal 25 |
Airteagal 27 |
|
Airteagal 26(1) |
Airteagal 28(1) |
|
Airteagal 26(2) |
Airteagal 28(2) |
|
Airteagal 26(3) |
Airteagal 28(3) |
|
Airteagal 26(4) |
Airteagal 28(4) |
|
Airteagal 26(5) |
Airteagal 28(5) |
|
Airteagal 26(6) |
Airteagal 28(6) |
|
Airteagal 26(7) |
Airteagal 28(7) |
|
Airteagal 26(8) |
Airteagal 28(8) |
|
Airteagal 26(9) |
Airteagal 28(9) |
|
Airteagal 26(10) |
Airteagal 28(10) |
|
Airteagal 26(11) |
Airteagal 28(11) |
|
Airteagal 27 |
Airteagal 29 |
|
Airteagal 28 |
- |
|
Airteagal 29(1) |
Airteagal 30(1) |
|
Airteagal 29(2) |
Airteagal 30(2) |
|
Airteagal 29(3) |
Airteagal 30(4) |
|
Airteagal 29(4) |
Airteagal 30(5) |
|
Airteagal 30(1) |
Airteagal 31(1) |
|
Airteagal 30(2) |
Airteagal 31(2) |
|
Airteagal 30(3) |
- |
|
Airteagal 31(1) |
Airteagal 32(1) |
|
Airteagal 31(2) |
Airteagal 32(2) |
|
Airteagal 31(3) |
Airteagal 32(3) |
|
Airteagal 31(4) |
- |
|
Airteagal 31(5) |
Airteagal 32(4) |
|
Airteagal 31(6) |
Airteagal 32(5) |
|
Airteagal 32(1) |
Airteagal 33(1) |
|
Airteagal 32(2) |
Airteagal 33(2) |
|
Airteagal 33(1) |
Airteagal 34(1) |
|
Airteagal 33(2) |
Airteagal 34(2) |
|
Airteagal 34(1) |
Airteagal 35(1) |
|
Airteagal 34(2) |
Airteagal 35(2) |
|
Airteagal 34(3) |
Airteagal 35(3) |
|
Airteagal 34(4) |
Airteagal 35(4) |
|
Airteagal 35(1) |
Airteagal 36(1) |
|
Airteagal 35(2) |
Airteagal 36(2) |
|
Airteagal 35(3) |
Airteagal 36(3) |
|
Airteagal 35(4) |
Airteagal 36(4) |
|
Airteagal 35(5) |
Airteagal 36(5) |
|
Airteagal 36(1) |
Airteagal 38(1) |
|
Airteagal 36(2) |
Airteagal 38(2) |
|
Airteagal 37 |
Airteagal 39 |
|
Airteagal 38 |
Airteagal 40 |
|
Airteagal 39 |
- |
|
Airteagal 40 |
- |
|
Airteagal 41(1) |
Airteagal 38(1) |
|
Airteagal 41(2)(3) |
- |
|
Airteagal 42(1) |
Airteagal 41(1) |
|
Airteagal 42(2) |
Airteagal 41(2) |
|
Airteagal 42(3) |
Airteagal 41(3) |
|
Airteagal 42(4) |
Airteagal 41(4) |
|
Airteagal 42(5) |
Airteagal 41(5) |
|
Airteagal 42(6) |
Airteagal 41(6) |
|
Airteagal 42(7) |
Airteagal 41(7) |
|
Airteagal 42(8) |
Airteagal 41(8) |
|
Airteagal 43(1) |
Airteagal 42(1) |
|
Airteagal 43(2) |
Airteagal 42(2) |
|
Airteagal 43(3) |
Airteagal 42(3) |
|
Airteagal 44 |
- |
|
Airteagal 45(1) |
Airteagal 43(1) |
|
Airteagal 45(2) |
Airteagal 43(2) |
|
Airteagal 46 |
- |
|
Airteagal 47(1) |
Airteagal 47(1) |
|
Airteagal 47(2) |
- |
|
Airteagal 48 |
- |
|
Airteagal 49 |
Airteagal 51 |
|
Airteagal 50 |
- |
|
Airteagal 51 |
Airteagal 52 |
|
Iarscríbhinn I |
Iarscríbhinn I |
|
Iarscríbhinn II Cuid I |
Iarscríbhinn II Cuid I |
|
Iarscríbhinn II, Cuid II |
Iarscríbhinn II, Cuid II |
|
Iarscríbhinn II, Cuid III, 1-2 |
Iarscríbhinn II, Cuid III, 1-2 |
|
Iarscríbhinn II, Cuid III, 3 |
Iarscríbhinn II, Cuid III, 4 |
|
Iarscríbhinn II, Cuid III, 6 |
Foscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn II, Cuid C |
|
Iarscríbhinn II, Cuid III, 7 |
- |
|
Iarscríbhinn II, Cuid III, 8 |
Foscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn II, Cuid A, pointe 2 |
|
Iarscríbhinn II, Cuid III, 9 |
Airteagal 46(8) |
|
Iarscríbhinn II, Cuid III, 10 |
Iarscríbhinn II, Cuid III, 8 |
|
Iarscríbhinn II, Cuid III, 11 |
Foscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn II, Cuid A, pointe 4 agus Cuid B, pointe 1 |
|
Iarscríbhinn II, Cuid III, 12 |
Foscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn II, Cuid B, pointe 2 |
|
Iarscríbhinn II, Cuid III, 13 |
Foscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn II, Cuid A, pointe 1 |
|
Iarscríbhinn II, Cuid IV |
Iarscríbhinn II, Cuid IV |
|
Iarscríbhinn II, Cuid V |
Iarscríbhinn II, Cuid V |
|
Iarscríbhinn II, Cuid VI |
Iarscríbhinn II, Cuid VI |
|
Foscríbhinn A |
Foscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn II, Cuid C |
|
Foscríbhinn B |
- |
|
Foscríbhinn C |
Foscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn II, Cuid A, pointe 3 |
|
Iarscríbhinn III |
- |
|
Iarscríbhinn IV |
Iarscríbhinn V |
|
Iarscríbhinn V |
Iarscríbhinn III |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1032/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)