European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/1022

27.2.2025

P9_TA(2024)0130

An Gníomh um Chibear-athléimneacht

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 (COM(2022)0454 – C9-0308/2022 – 2022/0272(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2025/1022)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0454),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0308/2022),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Nollaig 2022  (1),

ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Nollaig 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0253/2023),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.

ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i Sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

3.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


(1)   IO C 100, 16.3.2023, lch. 101.


P9_TC1-COD(2022)0272

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Márta 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Chibear-Athléimneacht)

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/2847)


IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas comhpháirteach polaitiúil ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hacmhainní ENISA, tráth a glacadh Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Chibear-athléimneacht)

Measann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go dtugtar cúraimí breise do ENISA leis an Rialachán seo, ar cúraimí iad a bhfuil ualach oibre breise mar thoradh orthu agus ar ghá acmhainní breise ina leith, ó thaobh saineolais agus fórsa saothair araon de. I bhfianaise an mhéid sin, chun a chur ar chumas ENISA na cúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh go héifeachtach, measann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go bhféadfadh sé go mbeadh gá lena acmhainní a mhéadú, go háirithe a acmhainní daonna agus an saineolas leormhaith a ghabhann leis sin. D’fhéadfaí foráil a dhéanamh don mhéadú sin sa nós imeachta bliantúil a bhaineann le plean bunaíochta ENISA. Dá réir sin, maidir leis an gCoimisiún, atá freagrach as na meastacháin a measann sé gá a bheith leo do phlean bunaíochta ENISA a iontráil i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais, faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh a leagtar amach in Airteagal 314 CFAE agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa Ghníomh um Chibearshlándáil, déanfaidh sé measúnú ar na meastacháin do phlean bunaíochta ENISA arna n-iontráil don chéad bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus aird á tabhairt ar na hacmhainní is gá, go háirithe acmhainní daonna, chun a chur ar chumas ENISA a chúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh go leormhaith.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1022/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)