European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/927

17.2.2025

Caingean arna tabhairt an 23 Nollaig 2024 – GY v an Coimisiún Eorpach

(Cás T-671/24)

(C/2025/927)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: GY (ionadaí: N. de Montigny, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cinneadh PMO.01 an 18 Eanáir 2024 lena ndiúltaítear síneadh a chur leis an liúntas dúbailte do leanaí cleithiúnacha a chur ar neamhní;

cinneadh an 7 Deireadh Fómhair 2024 mar fhreagairt ar ghearán an iarratasóra a chur ar neamhní a mhéid is gá;

a ordú don chosantóir euro amháin a íoc leis an iarratasóir mar chúiteamh siombalach i leith an damáiste neamhábhartha a d’eascair as earráid an chosantóra sa bhainistíocht a rinne sé ar an gcéim réamhchonspóideach;

a ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach mheasúnaithe sa mhéid is gur léir ón gcomhad go bhfuil siondróm mí-ionsú iomlán dá dtagraítear in Airteagal 56-1 den scála rátála Eorpach do mhíchumas coirp agus meabhrach chun críocha leighis ag mac an iarratasóra. Braitheann an t-iarratasóir ar neamhréireachtaí inmheánacha, a mhéid atá na tuairimí éagsúil, d’ainneoin nár tháinig aon athrú ar staid sláinte a mhic, agus ar an bhfíoras nach ndearnadh aon scrúdú sonrach agus mionsonraithe agus go raibh ceanglas an chosantóra maidir le scrúdú ar raon feidhme na dtástálacha a rinneadh nó atá le déanamh míchuí.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear easpa réasúnaíochta sa chinneadh agus, go príomha, i dtuairimí na n-oifigeach leighis ar glacadh an cinneadh ar a mbonn agus, ar a laghad, réasúnaíocht nach bhfuil leordhóthanach chun na cúiseanna leis an gcinneadh sin a thuiscint, a chlaonann ó chinntí roimhe seo.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/927/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)