European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/916

17.2.2025

Ordú na Cúirte Ginearálta an 12 Nollaig 2024 – EH v an Coimisiún

(Cás T-322/24)  (1)

(Seirbhís shibhialta - Earcaíocht - Fógra comórtais - Comórtais oscailte EPSO/AD/382/20 - Riarthóirí (AD 5/AD 7) i réimse an chaidrimh sheachtraigh - Cinneadh gan ainm an iarratasóra a chur ar an liosta ionadaithe - Oibleagáid cúiseanna a lua - Rúndacht obair an mbord roghnúcháin - Measúnú ar hinniúlachtaí ginearálta - Comórtais chomhchosúla - Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

(C/2025/916)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: EH (ionadaí: N. De Montigny, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J.-F. Brakeland agus K. Talabér-Ritz, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí cinneadh ón mbord roghnúcháin an 11 Lúnasa 2023 lena ndeimhnítear, tar éis athscrúdú a dhéanamh, cinneadh ón mbord roghnúcháin an 6 Márta 2023 gan a ainm a chur ar liosta ionadaithe an chomórtas oscailte EPSO/AD/382/20 a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean toisc í a bheith gan bhunús sa dlí go follasach.

2)

Ordaítear do EH na costais a íoc.


(1)   IO C C/2024/4867, 12.8.2024.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/916/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)