|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/877 |
17.2.2025 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 4 Deireadh Fómhair 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón gCúirt Uachtarach –Éire) – Friends of the Irish Environment CLG v Rialtas na hÉireann, An tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Éire, An tArd-Aighne
(Cás C-727/22 (1) , Friends of the Irish Environment (Project Ireland 2040))
(Tarchur chun réamhrialú - Comhshaol - Treoir 2001/42/CE - Measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí ar an gcomhshaol atá ag pleananna agus cláir áirithe - Airteagal 2(a) - An coincheap ‘pleananna agus clár [...] atá riachtanach de réir forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin’ - Beart arna ghlacadh ag rialtas Ballstáit ar bhonn fhoráil Bhunreacht an Ballstáit sin lena bhforáiltear gurb é an Rialtas a oibreoidh, nó is le húdarás an Rialtais a oibreofar, cumhacht chomhallach an rialtais sin, agus ar an mbonn amháin)
(C/2025/877)
Teanga an cháis: an Béarla
An chúirt a rinne an tarchur
an Chúirt Uachtarach
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Friends of the Irish Environment CLG
Cosantóir: Rialtas na hÉireann, An tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Éire, An tArd-Aighne
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 2(a) de Threoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí atá ag pleananna agus cláir áirithe ar an gcomhshaol,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
ní chomhlíontar an choinníoll ‘riachtanach de réir forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin’ le beart arna ghlacadh ag rialtas Ballstáit ar bhonn fhoráil Bhunreacht an Bhallstáit sin lena bhforáiltear gurb é an Rialtas a oibreoidh, nó gur le húdarás an Rialtais a oibreofar, cumhacht chomhallach an Stáit, agus ar an mbonn sin amháin agus, dá bhrí sin, ní féidir gur ‘plean’ nó ‘clár’ é de réir bhrí Airteagal 2(a).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/877/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)