|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/875 |
17.2.2025 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 4 Deireadh Fómhair 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó Hoge Raad der Nederlanden – an Ísiltír) – X BV v Staatssecretaris van Financiën
[Cás C 585/22 (1) , Staatssecretaris van Financiën (Ús a bhaineann le iasacht inghrúpa)]
(Tarchur chun réamhrialú - Saoirse bunaíochta - Airteagal 49 CFAE - Cáin chorparáide - Iasacht trasteorann inghrúpa chun fáil nó síneadh i leith scairsheilbh a mhaoiniú i gcuideachta nach mbaineann leis an ngrúpa lena mbaineann a bhíonn agus a thagann chun bheith, mar thoradh ar an idirbheart sin - Asbhaint d’ús a íocadh ar an iasacht sin - Iasacht a thabhú ar neamhthuilleamaí - An coincheap ‘socrú go hiomlán saorga’ - Prionsabal na comhréireachta)
(C/2025/875)
Teanga an cháis: an Ollainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Hoge Raad der Nederlanden
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: X BV
Cosantóir: Staatssecretaris van Financiën
Ábhar
Maidir le hAirteagal 49 CFAE,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
ní chuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta faoina dtiocfaidh, agus brabúis an duine inchánaigh á gcinneadh, asbhaint úis a íocadh i leith dliteanais iasachta arna thabhairt i gcrích i leith eintiteas gaolmhar a bhaineann le scairsheilbh in eintiteas eile a fháil nó a shíneadh chun bheith, mar thoradh ar an bhfáil nó an síneadh sin, ina heintiteas a bhaineann leis an duine inchánach sin, diúltófar go hiomlán dó, i gcás ina meastar gur socrú iomlán saorga é an dliteanas sin nó gur cuid de shocrú den sórt sin é, fiú más ar neamhthuilleamaí a tabhaíodh an dliteanas sin agus nach mó méid an úis sin ná an méid a chomhaontófaí idir gnóthais neamhspleácha.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/875/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)