European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/831

4.2.2025

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Eanáir 2025

lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta den Choiste Comhairleach um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta thar ceann na hÉireann

(C/2025/831)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (1), agus go háirithe Airteagal 75 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh an 21 Meán Fómhair 2020 (2), cheap an Chomhairle comhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta don tréimhse ón 20 Deireadh Fómhair 2020 go dtí an 19 Deireadh Fómhair 2025.

(2)

Tá suíochán comhalta i gcatagóir na n-ionadaithe rialtais tagtha chun bheith folamh anois mar gheall ar Mary O’SULLIVAN a bheith éirithe as oifig.

(3)

Tá iarrthóir ainmnithe ag rialtas na hÉireann don suíochán folamh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Kieran LEA ina chomhalta den Choiste Comhairleach um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta in ionad Mary O’SULLIVAN go ceann a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, dar críoch an 19 Deireadh Fómhair 2025.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Eanáir 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. SZŁAPKA


(1)   IO L 166, 30.4.2004, lch. 1.

(2)  Cinneadh ón gComhairle an 21 Meán Fómhair 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta (IO C 315 I, 23.9.2020, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/831/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)