European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/778

31.1.2025

Foilsiú iarratais ar chlárú ainm de bhun Airteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

(C/2025/778)

Tar éis an fhoilsithe seo, féadfaidh údaráis Bhallstáit nó údaráis tríú tír nó duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil leas dlisteanach agus atá bunaithe nó a bhfuil cónaí air i dtríú tír, freasúra a thaisceadh leis an gCoimisiún laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

(Tá an tsonraíocht táirge a chomhlíonann Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 le fáil i gclár an Aontais um thásca geografacha).

DOICIMÉAD AONAIR

‘Aydın Çam Fıstığı’

Uimh. AE: PDO-TR-02989 – 24.8.2023

TGFC ( ) ATFC (X)

1.   Ainm nó ainmneacha (ATFC nó TGFC)

‘Aydın Çam Fıstığı’

2.   Ballstát nó Tríú Tír

An Tuirc

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó an táirge bia

3.1.   Cineál an táirge (a liostaítear in Iarscríbhinn XI)

Aicme 1.6. Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte

3.2.   Cód AC

08 – TORTHAÍ AGUS CNÓNNA INITE; CRAICEANN TORTHAÍ CITRIS NÓ MEALBHACÁN

3.3.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Is é ‘Aydın Çam Fıstığı’ an toradh a fhaightear ón gcuid inspeirme de shíolta Pinus pinea Lin., crann a fhástar i gcúige Aydın, a scartar ón mbuaircín tar éis a bhuainte agus a ghlantar óna scannán agus óna bhlaosc, atá cosúil le héileapsóideach, is é sin go bhfuil ceann amháin de biorach agus an ceann eile éilipseach, agus ina bhfuil an suth freisin.

Bíonn éagsúlacht sa dath ar idir dath éadrom an uachtair go dath dorcha an uachtair, le gob an-bhiorach agus buí atá beagán salach, agus tá corp measartha ramhar aige.

Is iad seo a leanas roinnt airíonna céadfacha, fisiceacha agus ceimiceacha ‘Aydın Çam Fıstığı’:

Dath: Idir dath éadrom agus dath dorcha an uachtair

Cruth: An-bhiorach

Fad (mm): 12,4-14,2

Leithead (mm): 4,1-6,1

Meáchan 100 píosa (g): 13,3-21,2

Boladh: Boladh péine éadrom

Blas: Beagán olúil

Uigeacht: Briosc

Táirgeacht inmheánach (%): 21,3-28,6

Taise (%): 3,9-5,6

Luaith (%): 3,7-6,5

Substaintí mianracha

Fosfar (%): 1,9-3,4

Potaisiam (%): 2,1-2,8

Maignéisiam (%): 0,9-1,6

Cailciam (%): 0,18-0,46

Sóidiam (%): 0,01-0,03

Sinc (ppm): 160-260

Mangainéis (ppm): 120-296

Iarann (ppm): 137-276

Copar (ppm): 63-125

Próitéin (%): 30,3-39,6

Comhdhéanamh Aigéid Shailligh (%)

Aigéad pailmíteach (C16:0): 6,2-6,5

Aigéad stéarach (C18:0): 3,2-3,5

Aigéad oiléach (C 18:1): 34,6-38,0

Aigéad líonoiléach (C 18:2): 47,2-51,0

Aigéad líonoiléineach (C 18:3): 0,70-0,90

Aigéad éiceasaitríanóch (C 20:3): 1,5-1,8

Iomlán na n-aigéad sailleach sáithithe (%): 10,0-10,4

Iomlán na n-aigéad sailleach neamhsháithithe (%): 89,0-89,6

Iomlán na n-aigéad sailleach monai-neamhsháithithe (%): 35,4-37,2

Iomlán na n-aigéad sailleach polai-neamhsháithithe (%): 51,7-53,2

3.4.   Beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)

3.5.   Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Ba cheart gach céim a bhaineann le táirgeadh ‘Aydın Çam Fıstığı’ a dhéanamh laistigh den teorainn gheografach chinntithe. Is iad na céimeanna sin den chuid is mó saothrú síolóige, garraíodóireacht, prúnáil, uisciú, leasú, buaint, scaradh ‘Aydın Çam Fıstığı’ ó bhuaircíní péine agus blaoscanna, agus rialú talmhaíochta.

3.6.   Rialacha sonracha maidir le sliseadh, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

3.7.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Sa bhreis ar an bhfaisnéis éigeantach dá bhforáiltear sa reachtaíocht maidir le lipéadú agus cur i láthair táirgí bia, ní mór na nithe seo a leanas a bheith ar na lipéid:

Ainm an ainmniúcháin ‘Aydın Çam Fıstığı’,

Trádainm agus seoladh nó ainm gairid agus seoladh nó marc cláraithe an táirgeora,

Lógó ATFC an Aontais Eorpaigh

An lógó seo a leanas

Image 1

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Táirgtear ‘Aydın Çam Fıstığı’ laistigh de theorainneacha chúige Aydın. Tá Aydın ina ionad lonnaíochta tábhachtach ó bhí an chianaois ann mar gheall ar a shuíomh geografach. Tá cúige Aydın in aice le Izmir sa tuaisceart, Manisa san oirthuaisceart, Denizli san oirthear, Muğla sa deisceart, agus an Mhuir Aeigéach san iarthar. Is éard atá ann sléibhte a shíneann go hingearach i dtreo na Mara Aeigéiche agus na machairí a scarann iad. Tá 17 gceantar i gcúige Aydın: Efeler, Bozdoğan, Buharkent, Çine, Germencik, İncirliova, Karacasu, Karpuzlu, Koçarlı, Köșk, Kuyucak, Kușadası, Nazilli, Söke, Sultanhisar, Didim agus Yenipazar. Sa chúige, is i réigiún Koçarlı atá an táirgeadh is mó, is é sin 10 000 heicteár de chrainn phéine.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Sainiúlacht an limistéir gheografaigh

Sléibhte atá in 67 % de chúige Aydın, ardchláir in 15 % de, machairí in 21 % de. Tá na sléibhte ag síneadh go hingearach leis an Muir Aeigéach. Is eitre é gleann Büyük Menderes a osclaíonn i dtreo na farraige cosúil le machairí Aeigéacha eile. Dá bhrí sin, téann na gaotha, a bhfuil éifeacht fuaraithe acu agus a thugann frasaíocht, isteach go tapa ina lár. Mar gheall ar na gaotha aduaidh, tá sé níos fuaire ná réigiún na Meánmhara.

Léirítear leis na crainn ‘Aydın Çam Fıstığı’ limistéar nádúrtha leata sa réigiún.Tá crainn bheo ‘Aydın Çam Fıstığı’ ann atá 500 bliain d’aois. Fásann crainn ‘Aydın Çam Fıstığı’ ar ardchláir a uiscítear ó Abhainn Büyük Menderes in aeráid mheasartha, 70 km isteach ón bhfarraige, agus suas le hairde 860 m. Le linn na tréimhse bláthaithe (Aibreán-Meitheamh), an t-am criticiúil i dtáirgeadh na gcrann ‘Aydın Çam Fıstığı’, bíonn na dálaí amhail an mheánteocht bhliantúil (17,7 °C), méid na frasaíochta (659,9 mm) agus meán-am sholas na gréine (6,5 uair an chloig in aghaidh an lae) barrmhaith.

Is i mí na Nollag agus i mí Eanáir is mó a bhíonn báisteach, agus is i mí Iúil agus i mí Lúnasa is lú a bhíonn báisteach. I mí na Nollag agus i mí Eanáir is lú a bhíonn solas na gréine, agus is i míonna Iúil-Lúnasa is mó a bhíonn solas na gréine. Is é 6,5 uair an chloig an meán-am gréine laethúil fadtéarmach. Is sa tréimhse idir mí na Bealtaine agus mí Lúnasa ina is láidre a shéideann an ghaoth (1,6-1,8 m/s). Ardaíonn an bhogthaise choibhneasta i gcúige Aydın go 75 % sa gheimhreadh ach laghdaíonn sí go dtí faoi bhun 50 % sa samhradh. Is ó mhí Iúil go mí Lúnasa na míonna is lú a mbíonn bogthaise choibhneasta. Méadaíonn gluaiseachtaí gaoithe ó shléibhte go machairí an éifeacht phailnithe.

Tosca daonna

Téann táirgeadh ‘Aydın Çam Fıstığı’ siar na céadta blianta sa réigiún. D’fhorbair monaróirí roinnt mhaith teicnící traidisiúnta i dtáirgeadh síológ agus i mbuaint agus i dtáirgeadh ‘Aydın Çam Fıstığı’ araon. Is féidir na teicnící sin a liostáil mar a leanas.

Bíonn buaircíní de thrí aois éagsúla i láthair ar an gcrann cnó péine go comhuaineach. Mar sin, ní mór do sholáthraithe an buaircín ceart a bhailiú.

Ós rud é go dtéann na buaircíní i gceangal go dlúth leis na craobhacha, tá taithí an duine de dhíth chun na buaircíní a ghearradh le lann speisialta gan dochar a dhéanamh do na buaircíní.

Céim fhíor-riachtanach eile is ea an phrúnáil chun táirgeacht agus cáilíocht ‘Aydın Çam Fıstığı’ a mhéadú. Trí phrúnáil cheart a dhéanamh, is féidir leis an ngaoth agus le solas na gréine dul isteach sa chuid inmheánach de na crainn pinus go leordhóthanach, rud a fhágann gur féidir pailniú éifeachtúil agus fás torthaí a bhaint amach.

Trí mhaothú in uisce, déantar ‘Aydın Çam Fıstığı’ a dheighilt go héasca óna bhlaosc gan damáiste a dhéanamh dó. Ba chóir súil ghéar a choinneáil ar an bhfad maothaithe chun ró-hiodráitiú blaoscanna agus eithne inmheánach a chosc.

Tá triomú fíor-riachtanach chun fás múscáin a chosc agus chun ‘‘Aydın Çam Fıstığı’ a dhéanamh níos brisce.

Le teicnící táirgthe nua-aimseartha tá meicniú tagtha in ionad roinnt céimeanna, go háirithe deighilt buaircíní agus blaoscanna agus triomú, a mbíonn táirge cosúil leis an táirge a fhaightear le modhanna traidisiúnta mar thoradh air.

Sainiúlacht an táirge

Dath an uachtair idir éadrom dorcha atá ar ‘Aydın Çam Fıstığı’, atá an-bhiorach ag an ngob, agus dath gar do bhuí salach ag an gceann biorach, agus tá corp beag ramhar aige. I gcomparáid le cnónna péine eile a fhástar sa Tuirc, tá aigéid shailleacha monai-neamhsháithithe íseal ag ‘Aydın Çam Fıstığı’ ach tá aigéad ard polai-neamhsháithithe aige, go háirithe aigéad oiléach. Tá sé níos brisce freisin ná cnónna péine eile i dtéarmaí uigeachta.

Nasc Cúisíoch

Mar gheall ar an aeráid, a bhíonn fliuch sa gheimhreadh, le bogthaise choibhneasta níos ísle, agus teochtaí arda sa samhradh, tá airíonna sainiúla ag ‘Aydın Çam Fıstığı’. Cruthaíonn na gnáthghaotha dálaí measartha níos fuaire d’fhorbairt torthaí. Ós rud é go bhfuil pailniú ar cheann de na dálaí is tábhachtaí a dhéanann difear do tháirgeacht ‘Aydın Çam Fıstığı’, méadaíonn na gaotha Poyraz a shéideann ón oirthear agus na gaotha İmbat a shéideann ón iarthar an táirgeacht. Chomh maith leis sin, i sráidbhailte sléibhe, méadaíonn na gaotha leoithne a shéideann le linn na tréimhse bláthanna pailniú i gcrainn cnó péine. Le linn mhíonna an tsamhraidh, osclaíonn buaircíní ‘Aydın Çam Fıstığı’ mar gheall ar theochtaí arda agus bogthaise íseal. Ós rud é go bhfástar ‘Aydın Çam Fıstığı’ ag airdí éagsúla, go mbuantar é thar thréimhse fhada, mar gheall ar na difríochtaí idir aoiseanna na gcrann agus na bhfeidhmeanna prúnála, agus toisc go bhfuil an aeráid measartha níos fuaire ná aeráid na Meánmhara, bíonn cion íseal d’aigéad sailleach monai-neamhsháithithe ag an táirge sin mar aon le corp nach bhfuil chomh ramhar agus níos brisce i gcomparáid le cnónna péine eile a fhástar sa Tuirc.

Is iad prúnáil, buaint, agus deighilt ó bhuaircíní agus blaoscanna, agus triomú na tosca eile a chuireann le hairíonna sainiúla ‘Aydın Çam Fıstığı’.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

(an dara fomhír d’Airteagal 6(1) den Rialachán seo)

Feasachán um Thásc Geografach Oifigiúil, Ainmniúchán Tionscnaimh agus Sainearra Traidisiúnta faoi Ráthaíocht de chuid Oifig Paitinne agus Trádmharcanna na Tuirce Uimh. 106 an 2 Lúnasa 2021, leathanach 33.


(1)  Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/778/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)