European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/666

10.2.2025

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Eanáir 2025

lena bhformhuinítear plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na Seicia

(C/2025/666)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263, agus go háirithe Airteagal 17 de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún,

De bharr an mhéid seo a leanas:

BREITHNITHE GINEARÁLTA

(1)

Tháinig creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024. Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach (1), mar aon le Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 leasaithe maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach a chur chun feidhme (2), agus Treoir 2011/85/AE leasaithe ón gComhairle maidir le creataí buiséadacha na mBallstát (3), is príomhghnéithe de chreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais iad. Is é is aidhm don chreat airgeadas poiblí atá fónta inbhuanaithe, mar aon le fás inbhuanaithe cuimsitheach agus athléimneacht, a chur chun cinn trí bhíthin athchóirithe agus infheistíochtaí, agus easnaimh iomarcacha rialtais a chosc. Lena chois sin, cuireann sé úinéireacht náisiúnta chun cinn agus díríonn sé níos mó ar an meántéarma agus, ina theannta sin, tá forfheidhmiú níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí na rialacha i gceist leis.

(2)

Na pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta a chuireann na Ballstáit faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin, tá siad i gcroílár an chreata nua rialachais eacnamaíoch. Ba cheart dhá chuspóir a bhaint amach leis na pleananna: (i) faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin, a áirithiú, inter alia, go mbeidh fiachas rialtais ghinearálta ar chonair inchreidte anuas, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama, agus go dtabharfar agus go gcoinneofar an t-easnamh rialtais faoi bhun luach tagartha 3 % de OTI sa mheántéarma, agus (ii) a áirithiú go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Chuige sin, ba cheart gealltanas meántéarmach maidir le conair ghlanchaiteachais (4) a chur isteach i ngach plean, lena mbunaítear go héifeachtach sriantacht buiséid ar feadh ré an phlean, lena gcumhdaítear 4 nó 5 bliana (ag brath ar ghnáth-théarma an reachtais i mBallstát). Ina theannta sin, ní mór míniú a thabhairt sa phlean ar an gcaoi a n-áiritheoidh an Ballstát go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe sna moltaí tírshonracha (lena n-áirítear na moltaí sin a bhaineann leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, más infheidhme), agus ar an gcaoi a dtabharfaidh an Ballstát aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Leis an tréimhse le haghaidh coigeartú fioscach, cumhdaítear tréimhse 4 bliana, tréimhse a bhféadfar síneadh suas le 3 bliana a chur léi má thugann an Ballstát gealltanas i leith sraith athchóirithe agus infheistíochtaí ábhartha a sholáthar a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1263.

(3)

Tar éis thíolacadh an phlean, déanfaidh an Coimisiún measúnú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263.

(4)

Déanfaidh an Chomhairle, ar mholadh a fháil ón gCoimisiún, moladh a ghlacadh ansin ina leagtar amach conair ghlanchaiteachais an Bhallstáit lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, déanfaidh sí formhuiniú ar an tsraith gealltanas athchóirithe agus infheistíochta atá ina mbonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin fhioscaigh.

BREITHNITHE A BHAINEANN LE PLEAN STRUCHTÚRACH FIOSCACH MEÁNTÉARMACH NÁISIÚNTA NA SEICIA

(5)

An 16 Deireadh Fómhair 2024, rinne an tSeicia a plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta a thíolacadh don Chomhairle agus don Choimisiún. Rinneadh an tíolacadh tar éis síneadh a chur leis an sprioc-am a leagtar amach in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2024/1263, mar a comhaontaíodh leis an gCoimisiún an 24 Meán Fómhair i bhfianaise na gcúiseanna arna soláthar ag an tSeicia.

An próiseas sular tíolacadh an plean

(6)

Sular tíolacadh a plean, d’iarr an tSeicia faisnéis theicniúil (5), a chuir an Coimisiún ar fáil an 21 Meitheamh 2024, agus a d’fhoilsigh sé an 16 Deireadh Fómhair 2024 (6). I gcomhréir le hAirteagal 9(1), pointe (c), agus 9(2) agus le hAirteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263, léirítear san fhaisnéis theicniúil leibhéal an chomhardaithe phríomha struchtúraigh in 2028 is gá chun a áirithiú go gcoinneofar ar bun an fiachas rialtais ghinearálta faoi bhun 3 % de OTI sa mheántéarma agus go bhfanfaidh an fiachas rialtais ghinearálta faoi bhun 60 % de OTI sa mheántéarma, in éagmais bearta buiséadacha breise tar éis na tréimhse coigeartúcháin 4 bliana. Sainítear an meántéarma mar an tréimhse 10 mbliana tar éis dheireadh na tréimhse coigeartúcháin.

Ullmhaíodh agus tarchuireadh an fhaisnéis theicniúil chuig na Ballstáit sa dá chás seo a leanas: cás lena n-áirítear comhsheasmhacht leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh (7), i gcomhréir le hAirteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2024/1263, agus cás gan an choimirce sin. Leagtar amach san fhaisnéis theicniúil don tSeicia, chun na rialacha fioscacha is infheidhme a chomhlíonadh thar thréimhse choigeartúcháin 4 bliana, agus bunaithe ar thoimhdí an Choimisiúin is bunús leis an treoir a tugadh roimh ré i mí an Mheithimh 2024, gur cheart an comhardú príomhúil struchtúrach a bheith 0,4 % de OTI ar a laghad ag deireadh na tréimhse coigeartaithe (2028; An cás gan an beart coimirce athléimneachta easnaimh), de réir an tábla seo a leanas. Mar eolas, agus an choimirce athléimneachta easnaimh á cur san áireamh freisin, ba cheart 0,4 % de OTI ar a laghad a bheith sa chomhardú príomha struchtúrach ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028). Mar sin féin, ní ceanglas é an choimirce athléimneachta easnaimh le haghaidh na Seicia, tír atá incháilithe d’fhaisnéis theicniúil.

Tábla 1: Faisnéis theicniúil arna soláthar ag an gCoimisiún don tSeicia

Bliain deiridh na tréimhse coigeartúcháin

2028

Luach íosta an chomhardaithe phríomha struchtúraigh (% de OTI), an cás gan an choimirce athléimneachta easnaimh

0,4

Le haghaidh faisnéise amháin: Luach íosta an chomhardaithe phríomha struchtúraigh (% de OTI), an cás leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh

0,4

Foinse: ríomhanna ón gCoimisiún.

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/1263, chuaigh an tSeicia agus an Coimisiún i mbun idirphlé teicniúil ó mhí an Mheithimh go mí Mheán Fómhair 2024. Bhí an t-idirphlé dírithe ar an gconair ghlanchaiteachais atá beartaithe ag an tSeicia agus ar na toimhdí bunúsacha a bhaineann léi (go háirithe réamh-mheastacháin ar fhás OTI ionchasaigh), chomh maith leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe a thabhairt i gcrích lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais maidir leis an aistriú cóir glas agus digiteach, an athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, an tslándáil fuinnimh agus méadú na gcumas cosanta.

(8)

I mí Mheán Fómhair agus i mí Dheireadh Fómhair 2024, i gcomhréir le hAirteagal 11(3) agus le hAirteagal 36(1), pointe (c) de Rialachán (AE) 2024/1263, de réir na faisnéise a chuir an tSeicia ar fáil ina plean, chuaigh an tSeicia i mbun próiseas comhairliúcháin leis an tsochaí shibhialta, le comhpháirtithe sóisialta, le húdaráis réigiúnacha agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile. De réir na faisnéise a chuir an tSeicia ar fáil ina plean, mar chuid den phróiseas, rinneadh comhairliúchán cuí idir-aireachta a raibh baint ag na comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta leis. Ina theannta sin, tionóladh plé comhchéime maidir leis an dréachtphlean le hionadaithe na gcomhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta, na hearnála neamhbhrabúis, na réigiún, dhá sheomra na Parlaiminte agus institiúidí ábhartha eile, lena n-áirítear Comhairle Fhioscach na Seice. Thairis sin, cuireadh dréachtphlean ar fáil do Chomhairle an Rialtais um Fhorbairt Inbhuanaithe agus do Chomhairle an Rialtais um Eagraíochtaí Neamhrialtasacha. Pléadh an plean in dhá choiste pharlaiminteacha freisin. Ar deireadh, bhí ionadaithe na gcomhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta in ann a dtuairimí a chur in iúl ag Meitheal Chomhairle an Chomhaontaithe Eacnamaíoch agus Shóisialta.

(9)

(9) An Coiste um Réamhaisnéisí Buiséadacha, a raibh sé de chúram air measúnú a dhéanamh ar na réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus buiséadacha, thug sé tuairim uaidh maidir leis an réamhaisnéis mhaicreacnamaíoch atá mar bhonn taca faoin gconair ghlanchaiteachais ilbhliantúil. Mheas an Coiste go raibh an réamhaisnéis mhaicreacnamaíoch réalaíoch.

(10)

Pléadh an plean sa pharlaimint náisiúnta an 8 Deireadh Fómhair 2024. Dá bhrí sin, ghlac an rialtas é an 16 Deireadh Fómhair 2024.

Próisis ghaolmhara eile

(11)

An 21 Deireadh Fómhair 2024 chuir an Chomhairle sraith moltaí tírshonracha faoi bhráid na Seicia i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh (8).

ACHOIMRE AR AN bPLEAN AGUS AN MEASÚNÚ ÓN gCOIMISIÚN AIR SIN

(12)

I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2024/1263, rinne an Coimisiún measúnú ar an bplean mar a leanas:

Comhthéacs: staid agus ionchas maicreacnamaíoch agus fioscach

(13)

Tháinig laghdú 0,1 % ar ghníomhaíocht eacnamaíoch sa tSeicia in 2023, de réir mar a laghdaigh boilsciú ard cumhacht ceannaigh agus mar thoradh air sin tháinig laghdú ar thomhaltas teaghlaigh. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go dtiocfaidh fás 1,0 % ar an ngeilleagar in 2024, mar gheall ar théarnamh de réir a chéile ar an éileamh intíre arna spreagadh ag fás fíorphá agus boilsciú atá ag laghdú. In 2025, tiocfaidh méadú 2,4 % ar fhíor-OTI de réir mar a thiocfaidh dlús le tomhaltas teaghlaigh agus le fás infheistíochta, agus cuirfidh glan-onnmhairí go diúltach leis sin. In 2026, meastar go dtiocfaidh méadú 2,7 % ar fhíor-OTI, arna spreagadh ag fás ar thomhaltas teaghlaigh agus ar ollfhoirmiú caipitil sheasta, chomh maith le téarnamh ar onnmhairí. Le linn na tréimhse réamhaisnéise (i.e. 2024-2026), meastar go dtiocfaidh méadú beag ar fhás OTI ionchasaigh sa tSeicia, ó 1,6 % in 2024 go 1,8 % in 2026, arna spreagadh ag méadú táirgiúlachta agus infheistíochtaí caipitil níos airde, agus meastar go laghdóidh an ranníocaíocht saothair an tráth céanna. Ba é 2,6 % an ráta dífhostaíochta in 2023, agus réamh-mheasann an Coimisiún gurb é 2,6 % a bheidh ann in 2024 agus 2,7 % in 2025 agus 2,7 % in 2026. Réamh-mheastar go laghdóidh an boilsciú (díbhoilsceoir OTI) ó 8,2 % in 2023 go 4,0 % in 2024 agus go sroichfidh sé 2,4 % in 2025 agus 2,4 % in 2026.

(14)

Maidir le forbairtí fioscacha, in 2023 is é a bhí in easnamh rialtais ghinearálta na Seicia 3,8 % de OTI. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, sroichfidh sé 2,5 % de OTI in 2024 agus laghdóidh sé a thuilleadh go 2,3 % de OTI in 2025 agus, ar an mbonn nach mbeidh aon athrú beartais ann, laghdóidh sé go 1,9 % in 2026. Cuimsítear i Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach dréachtbhuiséad na Seicia le haghaidh 2025 a mhol an rialtas don pharlaimint náisiúnta i mí Mheán Fómhair. Ba é 42,4 % de OTI an fiachas rialtais ghinearálta ag deireadh 2023. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go méadóidh an cóimheas fiachais go 43,4 % de OTI ag deireadh 2024. Réamh-mheastar go méadóidh sé a thuilleadh go 44,4 % de OTI ag deireadh 2025 agus 44,8 % ag deireadh 2026. Sa réamhaisnéis fhioscach ón gCoimisiún, ní bhreithnítear na gealltanais bheartais sna pleananna meántéarmacha a bheith ina ngealltanais go dtí go mbeidh bearta nithiúla beartais mar bhonn taca leo, bearta a dhéanfar a fhógairt go hinchreidte agus a shonrú go leormhaith.

An chonair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha sa phlean

(15)

Le plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na Seicia, cumhdaítear an tréimhse 2025-2028 agus cuirtear coigeartú fioscach i láthair thar thréimhse 4 bliana.

(16)

Tá an fhaisnéis a cheanglaítear le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/1263 sa phlean, cé is moite de na bearta struchtúracha fioscacha atá beartaithe i mblianta forimeallacha an phlean.

(17)

Leis an bplean, tugtar gealltanas i leith na conaire glanchaiteachais a léirítear i dTábla 2, a chomhfhreagraíonn do mheánfhás glanchaiteachais 3,1 % i gcaitheamh na mblianta 2025-2028. Tá an fhaisnéis theicniúil (ag glacadh leis go bhfuil conair coigeartúcháin línigh ann) comhsheasmhach le meánfhás glanchaiteachais 3,5 % i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin (2025-2028). Tuairiscítear go n-eascraíonn comhardú príomha struchtúrach 0,4 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028) as an gconair ghlanchaiteachais ar tugadh gealltanas ina leith sa phlean. Tá sé sin cothrom le híosleibhéal an chomhardaithe phríomha struchtúraigh de 0,4 % de OTI in 2028 a chuir an Coimisiún ar fáil san fhaisnéis theicniúil an 21 Meitheamh 2024 (9). Glactar leis sa phlean go laghdóidh fás OTI ionchasaigh ó 2,0 % in 2024 go 1,4 % in 2025 sula dtiocfaidh méadú beag air chun 1,6 % ar an meán a bhaint amach i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin (2025-2028). Ina theannta sin, meastar sa phlean go laghdóidh ráta fáis an díbhoilsceora OTI ó 3,4 % in 2024 go 2,7 % in 2025, agus go laghdóidh sé a thuilleadh de réir a chéile go 2,0 % faoi 2028.

Tábla 2: An chonair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí i bplean na Seicia

 

2024

2025

2026

2027

2028

Meánfhás i rith thréimhse bhailíochta an phlean 2025-2028

Fás glanchaiteachais (ar bhonn bliantúil, %)

5,3

4,5

2,5

2,6

2,9

3,1

Fás glanchaiteachais (ar bhonn carnach, ón mbonnbhliain 2023, %)

5,3

10,1

12,9

15,8

19,2

n/bh

Fás OTI ionchasaigh (%)

2,0

1,4

1,5

1,8

1,5

1,6

Boilsciú (fás díbhoilsceora OTI) (%)

3,4

2,7

2,2

2,1

2,0

2,2

Foinse: plean struchtúrach fioscach meántéarmach na Seicia agus ríomhanna ón gCoimisiún.

Impleachtaí ghealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir le fiachas rialtais ghinearálta

(18)

Dá dtiocfadh an chonair ghlanchaiteachais a bhfuil gealltanas tugtha ina leith sa phlean agus na toimhdí bunúsacha chun cinn, mhéadódh fiachas rialtais ghinearálta, de réir an phlean, ó 44,1 % in 2024 go 45,3 % de OTI in 2026, agus laghdódh sé ina dhiaidh sin go 44,2 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028), de réir an tábla seo a leanas. Sa mheántéarma, i.e. go dtí 2038, meastar go gcobhsóidh an cóimheas fiachais tríd is tríd go dtí 2033, de réir an phlean, agus go méadóidh sé ina dhiaidh sin go 47,5 % de OTI faoi 2038.

Tábla 3: Forbairtí maidir le fiachas rialtais ghinearálta agus comhardú rialtais ghinearálta i bplean na Seicia

 

2023

2024

2025

2026

2027

2028

2038

Fiachas rialtais (% de OTI)

42,4

44,1

45,1

45,3

44,7

44,2

47,5

Comhardú rialtais (% de OTI)

-3,8

-2,8

-2,5

-1,7

-0,9

-0,5

-2,6

Foinse: Plean struchtúrach fioscach meántéarmach na Seicia

Dá bhrí sin, de réir an phlean, d’fhanfadh an fiachas rialtais ghinearálta faoi bhun luach tagartha an Chonartha, is é sin 60 % de OTI, sa mheántéarma. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus toimhdí maicreacnamaíocha an phlean, tá an chonair ghlanchaiteachais a luaitear sa phlean comhsheasmhach leis an gceanglas maidir le fiachas a leagtar amach in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263.

Impleachtaí ghealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir leis an gcomhardú rialtais ghinearálta

(19)

Ar bhonn chonair ghlanchaiteachais agus thoimhdí an phlean, thiocfadh feabhas de réir a chéile ar an easnamh rialtais ghinearálta ó 2,8 % de OTI in 2024 go 0,5 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028). Dá bhrí sin, de réir an phlean, ní sháródh an t-easnamh rialtais ghinearálta luach tagartha 3 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028). Ina theannta sin, sna 10 mbliana tar éis na tréimhse coigeartúcháin (i.e. go dtí 2038), ní sháródh an t-easnamh rialtais 3 % de OTI. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gceanglas maidir leis an easnamh mar a leagtar amach in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263.

Toimhdí maicreacnamaíocha an phlean

(20)

Tá an plean bunaithe ar shraith toimhdí atá éagsúil le toimhdí an Choimisiúin a tarchuireadh chuig an tSeicia an 21 Meitheamh 2024. Go sonrach, úsáidtear toimhdí éagsúla sa phlean maidir le hocht n-athróg, is iad sin an túsphointe (comhardú príomha struchtúrach in 2024), fás OTI ionchasaigh, fás fíor-OTI, fás díbhoilsceora OTI, ráta úis ainmniúil (intuigthe), iolraitheoir fioscach, coigeartuithe sreafa stoic agus toimhdí ioncaim (i.e. leaisteachais thoimhdithe). Tugtar thíos measúnú ar na toimhdí éagsúla sin.

(21)

Liostaítear thíos na difríochtaí i dtoimhdí a bhfuil an tionchar is mó acu ar mheánfhás glanchaiteachais, mar aon le measúnú ar gach difríocht a bhreithnítear gan aon rud eile san áireamh.

Glactar leis sa phlean go mbeidh an túsphointe (comhardú príomha struchtúrach in 2024) ag -0,7 % de OTI, atá níos ísle ná toimhde an Choimisiúin de -0,1 % de OTI. Rannchuidíonn sin le meánfhás glanchaiteachais is ísle i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin sa phlean ná mar atá de réir thoimhdí an Choimisiúin. Mínítear é sin leis an bhfaisnéis is déanaí i gcomparáid le toimhdí an Choimisiúin, lena n-áirítear meastachán níos ísle ar an gcomhardú rialtais ghinearálta in 2024 (-2,8 % de OTI sa phlean i gcomparáid le -2,4 % de OTI de réir thoimhdí an Choimisiúin Eorpaigh). Tá sé sin i gcomhréir tríd is tríd le Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún. Dá réir sin, meastar go bhfuil údar cuí leis an toimhde sin.

Glactar leis sa phlean go mbeidh fás OTI ionchasaigh ag 1,6 % ar an meán i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin (2025-2028). Rannchuidíonn sin le meánfhás glanchaiteachais is airde i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin sa phlean ná mar atá de réir thoimhdí an Choimisiúin. Tar éis dheireadh na tréimhse coigeartúcháin (2029-2038), coinbhéirseoidh an tsraith fáis fhéideartha i dtreo thoimhdí an Choimisiúin, rud a fhágfaidh go mbeidh meánfhás féideartha níos airde ann don phlean ná mar a bheidh do thoimhdí an Choimisiúin (1,4 % i gcomparáid le 1,3 %). Mínítear an diall go dtí 2028 le réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha ghearrthéarmacha níos fabhraí na Seicia atá sa phlean, agus le hathbhreithniú beag aníos ar fhás OTI le haghaidh 2023. Thairis sin, léirítear sa phlean go gcuimsítear mar ionchur sna meastacháin fáis fhéideartha réamhaisnéis mhaicreacnamaíoch an phlean ó mhí Lúnasa 2024 maidir leis an tréimhse suas le 2028. Ina theannta sin, tá an fás carntha thar an tréimhse réamh-mheastacháin fós i gcomhréir tríd is tríd le torthaí na modheolaíochta a comhaontaíodh go comhchoiteann. Dá réir sin, meastar go bhfuil údar cuí leis an toimhde sin.

Glactar leis sa phlean go mbeidh fás díbhoilsceora OTI 0,5 pointe céatadáin níos ísle ar an meán thar an tréimhse réamh-mheastacháin ná mar atá i dtoimhde an Choimisiúin. Rannchuidíonn sin le meánfhás glanchaiteachais is ísle i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin sa phlean ná mar atá de réir thoimhdí an Choimisiúin. An toimhde sin is faichillí ná mar atá sa treoir a thug an Coimisiún roimhe seo, mínítear í sa phlean trí na sonraí is déanaí a ionchorprú, trí ghlacadh leis go mbainfear amach an sprioc boilscithe 2 % (fás CPI) faoi lár 2026, agus trí ghlacadh leis go gcoinbhéirseoidh an díbhoilsceoir OTI leis an luach sin in 2028 agus go bhfanfaidh sé cobhsaí ag luachanna 2028 thar an tréimhse réamh-mheastacháin atá fágtha. Meastar go bhfuil údar cuí leis an toimhde sin.

Glactar leis sa phlean go mbeidh an ráta úis ainmniúil (intuigthe) níos ísle faoi 0,6 pointe céatadáin ar an meán thar an tréimhse réamh-mheastacháin ná mar atá i dtoimhde an Choimisiúin. Rannchuidíonn sin le meánfhás glanchaiteachais is airde i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin sa phlean ná mar atá de réir thoimhdí an Choimisiúin. Tagann an diall sna sála ar an toimhde go mbeidh rátaí úis an mhargaidh níos ísle sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma faoi thart ar 1 phointe céatadáin, ar toimhde níos dearfaí í sin i gcomparáid le toimhde an Choimisiúin. Mínítear é sin le hionchorprú na sonraí is déanaí, agus le modh difriúil, atá bunaithe ar ionchas go laghdóidh rátaí úis an mhargaidh i gcomhréir le conair bhonnráta an bhainc ceannais. Tagann an diall sna sála freisin ar thoimhde beagán níos fabhraí maidir le fás fíor-OTI sa phlean (éifeacht an ainmneora). Dá réir sin, meastar go bhfuil údar cuí leis an toimhde sin.

Na difríochtaí atá fágtha sna toimhdí, níl tionchar mór acu ar an meánfhás glanchaiteachais i gcomparáid le toimhdí an Choimisiúin Eorpaigh. Ar an iomlán, is é an toradh a bhíonn ar na difríochtaí uile a ghlactar le chéile ná meánfhás glanchaiteachais is ísle sa phlean ná an meánfhás glanchaiteachais a tugadh le fios leis an bhfaisnéis theicniúil. Thairis sin, ina plean, tugann an tSeicia gealltanas i leith conair ghlanchaiteachais is ísle fós ná an uasteorainn sin. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach san áireamh an measúnú thuas ar thoimhdí an phlean i measúnuithe amach anseo ar chomhlíonadh an mholta seo.

Straitéis fhioscach an phlean

(22)

Ní chuimsítear sa phlean straitéis fhioscach tháscach chun conair ghlanchaiteachais an phlean a chur chun feidhme, ós rud é nach socraítear an chonair sin ach mar uasteorainn theicniúil a gheallann an tSeicia nach sáróidh sí. Tá sonraíocht bheacht na mbeart beartais ábhartha le deimhniú nó le coigeartú agus le cainníochtú sna buiséid bhliantúla.

Cuspóirí athchóirithe agus infheistíochta sa phlean lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais

(23)

Tugtar tuairisc sa phlean ar chuspóirí beartais a bhaineann le hathchóirithe agus infheistíochtaí eile chun freagairt ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe na moltaí tírshonracha a cuireadh faoi bhráid na Seicia, agus chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Cuimsítear sa phlean 128 n-athchóiriú agus n-infheistíocht, a bhfaigheann 78 gcinn díobh tacaíocht airgeadais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus a bhfaigheann 85 cinn díobh tacaíocht airgeadais ó chistí an bheartais chomhtháthaithe.

(24)

Maidir leis an tosaíocht chomhchoiteann a bhaineann le haistriú cóir, glas agus digiteach, lena n-áirítear na cuspóirí aeráide a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, cuimsítear sa phlean 63 bheart, a bhfaigheann 52 cheann díobh tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Na bearta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an aistrithe ghlais, cuimsítear iad i bPlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide Phoblacht na Seice. Ar na bearta is tábhachtaí, áirítear na hathchóirithe LEX RES I agus II, lena gcuíchóirítear ceadú agus tógáil foinsí in-athnuaite fuinnimh, lena dtugtar isteach pobail fuinnimh, agus lena seoltar an Lárionad Sonraí Fuinnimh. Go gairid, déanfaidh LEX RES III foráil maidir le córas leictreachais níos solúbtha. Maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, tacaíonn na cláir New Green Savings agus New Green Savings Light le hathchóiriú domhain ar fhoirgnimh. Ar na bearta ábhartha eile, áirítear rianta traenach a leictriú agus feithiclí a ionadú le feithiclí atá níos éifeachtúla ó thaobh astaíochtaí de. Tá sé beartaithe leis na bearta sin aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha i réimse beartais an fhuinnimh in-athnuaite, an bhonneagair agus na líonraí fuinnimh, agus na héifeachtúlachta fuinnimh (a cuireadh faoi bhráid na Seicia in 2019, 2020, 2022 agus 2023), agus an iompair inbhuanaithe (a cuireadh faoi bhráid na Seicia in 2019, 2020 agus 2023). Maidir le dúshláin an aistrithe dhigitigh, áirítear ar na bearta is tábhachtaí athchóirithe agus infheistíochtaí chun bonneagar 5G a fhorbairt i gceantair thuaithe agus i gceantair a bhfuil géarghá leo, chun cumhdach comhartha 5G a leathnú, lena n-áirítear ar chonairí iompair agus traenacha, agus chun tacú le tionscadail thionsclaíocha T&F ina n-úsáidtear 5G. Baineann na bearta sin le moltaí tírshonracha (2019 agus 2020) i réimse beartais na nascachta digití agus an bhonneagair dhigitigh.

(25)

Maidir leis an tosaíocht chomhchoiteann a bhaineann leis an athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, lena n-áirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, cuimsítear leis an bplean 48 mbeart, a bhfaigheann 23 cinn díobh tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Maidir le dúshláin roimh an bhfás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach, áirítear ar na bearta is tábhachtaí dréachtdlí maidir le taighde, forbairt, nuálaíocht agus aistriú eolais, infheistíochtaí i ndigitiú fiontar, agus an Straitéis Náisiúnta um Sholáthar Poiblí. Tá sé i gceist leis na bearta sin aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha (2019, 2020 agus 2024) i réimse beartais na timpeallachta gnó lena n-áirítear beartais FBManna, agus taighde agus nuálaíocht, agus moladh tírshonracha 2019 maidir le hiomaíocht atá bunaithe ar cháilíocht sa soláthar poiblí. Maidir le dúshláin roimh an gcomhtháthú sóisialta agus críochach, áirítear ar na bearta is tábhachtaí leasú a dhéanamh ar an gcéad cholún de chóras na bpinsean, tástáil phíolótach ar uirlis nua ‘an t-ionad oibre imeasctha’, méadú ar acmhainneacht seirbhísí cúraim leanaí réamhscoile, athoiliúint i scileanna digiteacha, agus forbairt an oideachais dhigitigh. Ar na bearta ábhartha eile tá an tAcht Foirgníochta leasaithe, agus an dréacht-Acht um Thacaíocht Tithíochta. Baineann na bearta sin le moltaí tírshonracha (2019, 2022, 2023 agus 2024) chun inbhuanaitheacht fhioscach fhadtéarmach chóras na bpinsean a áirithiú, le moltaí tírshonracha 2020 i réimsí na mbeartas gníomhach maidir le margadh an tsaothair agus an chuimsithe shóisialta, le moltaí tírshonracha 2019 chun feabhas a chur ar rochtain ar chúram leanaí inacmhainne, le moltaí tírshonracha 2019 agus 2020 chun scileanna digiteacha agus rochtain ar fhoghlaim dhigiteach a chothú, agus le moltaí tírshonracha 2022 agus 2023 maidir le tithíocht shóisialta agus inacmhainne a sholáthar agus moltaí tírshonracha 2024 maidir le rannpháirtíocht níos airde na mban sa mhargadh saothair a chur chun cinn trí dhídhreasachtaí cánach agus sochair a laghdú do thuismitheoirí ionas go bhfillfidh siad ar an obair. Maidir le dúshláin roimh an tsláinte, agus roimh an athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus institiúideach, áirítear ar na bearta is tábhachtaí an tAcht um Chosaint do Sceithirí, agus an dréacht-Acht um Brústocaireacht a Rialáil, plean gníomhaíochta acmhainní daonna le haghaidh údaráis rialtais láir, agus méadú agus innéacsú cánacha athfhillteacha ar mhaoin dhochorraithe. Leis na bearta sin, téitear i ngleic le moladh tírshonrach 2019 chun bearta frith-éillithe atá ar feitheamh a ghlacadh, le moladh tírshonrach 2024 chun acmhainneacht riarachán poiblí na Seicia a neartú chun tallann a mhealladh, a choinneáil agus a fhorbairt, agus le moladh tírshonrach 2024 chun ioncam ó chánacha athfhillteacha maoine a mhéadú. Maidir le beartais don chéad ghlúin eile, áirítear ar na bearta is tábhachtaí cáilíocht agus inrochtaineacht an oideachais réamhscoile a mhéadú, tacaíocht a thabhairt d’imeascadh leanaí náisiúnach tríú tír, athchóiriú leanúnach ar oiliúint múinteoirí, agus cuimsiú san oideachas a neartú. Téann na bearta sin i ngleic le moladh tírshonrach 2019 chun cáilíocht agus cuimsitheacht an oideachais a mhéadú.

(26)

Maidir leis an tosaíocht chomhchoiteann a bhaineann leis an tslándáil fuinnimh, cuimsítear sa phlean bearta a bhfuil sé i gceist leo aghaidh a thabhairt ar an tosaíocht choiteann sin, agus ní fhaigheann aon cheann de na bearta sin tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Áirítear ar na bearta is tábhachtaí acmhainní na gcríochfort GNL a léasú agus tionscadal TAL+ a thabhairt chun críche d’fhonn deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise na Rúise. Meastar go rachaidh na bearta sin i ngleic le moladh tírshonrach 2022 chun allmhairí breosla iontaise a éagsúlú. Ina theannta sin, déanann an rialtas bearta chun na haonaid atá ann cheana i nGléasra Cumhachta Núicléiche Dukovany a athsholáthar.

(27)

Maidir leis an tosaíocht chomhchoiteann a bhaineann le cumais chosanta, cuimsítear sa phlean caiteachas cosanta méadaithe go dtí thart ar 2 % de OTI in 2024, i gcomhréir le gealltanais ECAT.

(28)

Cuirtear faisnéis ar fáil sa phlean maidir leis an gcomhsheasmhacht agus, i gcás inarb iomchuí, an chomhlántacht, le cistí an bheartais chomhtháthaithe agus le Plean Téarnaimh agus Athléimneachta na Seicia. Maoinítear an chuid cheannasach de na bearta a chuimsítear sa phlean leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Sa phlean agus san iarscríbhinn a ghabhann leis an bplean, déantar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí ar chistí an bheartais chomhtháthaithe agus ar an bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta a mhapáil go cuimsitheach.

(29)

Tugtar forléargas sa phlean ar riachtanais infheistíochta poiblí na Seicia a bhaineann le tosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Maidir leis an tosaíocht chomhchoiteann a bhaineann le haistriú cóir, glas agus digiteach, lena n-áirítear comhsheasmhacht leis an Dlí Aeráide Eorpach, áirítear ar riachtanais infheistíochta earnáil an fhuinnimh a chlaochlú, foinsí fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt, tomhaltas fuinnimh agus astaíochtaí foirgneamh a laghdú, bonneagar líonra mhóibíligh 5G a fhorbairt, agus rochtain ar sheirbhísí poiblí digiteacha a shimpliú. Chun athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch a áirithiú, tá sé beartaithe ag an tSeicia infheistíocht a dhéanamh i ngnólachtaí nuathionscanta nuálacha agus i gcuideachtaí atá ag fás, athoiliúint agus breisoideachas a éascú, agus acmhainneacht cúraim leanaí a mhéadú. Chun an tslándáil fuinnimh a mhéadú, tá sé beartaithe ag an tSeicia tacú le taighde feidhmeach ar fhuinneamh.

Conclúid an mheasúnaithe ón gCoimisiún

(30)

Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go gcomhlíonann plean na Seicia ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263.

CONCLÚID FHORIOMLÁN ÓN gCOMHAIRLE

(31)

Is díol sásaimh don Chomhairle plean struchtúrach fioscach meántéarmach na Seicia agus measann sí go gcabhródh a chur chun feidhme iomlán le hairgeadas poiblí fónta a áirithiú agus le tacú le hinbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí chomh maith le fás inbhuanaithe cuimsitheach.

(32)

Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún ar an bplean. Mar sin féin, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún a mheasúnú ar phleananna amach anseo a chur i láthair i ndoiciméad ar leithligh ó na moltaí ón gCoimisiún le haghaidh moltaí ón gComhairle.

(33)

Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún ar an gconair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha sa phlean, lena n-áirítear maidir leis an treoir a thug an Coimisiún roimhe seo, chomh maith leis na himpleachtaí a bhaineann le conair ghlanchaiteachais an phlean d’easnamh agus fiachas rialtais. Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún go bhfuil údar cuí ar an iomlán leis na toimhdí maicreacnamaíocha agus fioscacha, cé go bhfuil siad éagsúil i gcásanna áirithe le toimhdí an Choimisiúin, lena n-áirítear chun freastal ar shonraí maicreacnamaíocha agus fioscacha nuashonraithe, agus go bhfuil argóintí eacnamaíocha fónta mar bhonn taca leo. Tugann an Chomhairle dá haire straitéis fhioscach leathan an phlean agus na rioscaí don ionchas, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do theacht chun cinn an cháis mhaicreacnamaíoch agus do na toimhdí bunúsacha agus do sheachadadh chonair ghlanchaiteachais an phlean. Go háirithe, is díol sásaimh don Chomhairle freisin go raibh na páirtithe leasmhara ábhartha rannpháirteach ar an leibhéal náisiúnta sular tíolacadh an plean. Tugann an Chomhairle dá haire freisin go bhféadfadh rioscaí geopholaitiúla brú a chur ar chaiteachas cosanta.

(34)

Tá an Chomhairle ag súil go mbeidh an tSeicia réidh chun a straitéis fhioscach a choigeartú de réir mar is gá chun a conair ghlanchaiteachais a áirithiú. Tá rún daingean ag an gComhairle dlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí eacnamaíocha agus fioscacha, lena n-áirítear iad siúd is bonn le cás an phlean.

(35)

Measann an Chomhairle go bhfuil gá le tuilleadh plé chun teacht ar chomhthuiscint maidir leis na himpleachtaí bliantúla faireachais a bhaineann leis na rátaí fáis carnacha glanchaiteachais in am don chéad bhabhta eile den fhaireachas fioscach.

(36)

Tugann an Chomhairle dá haire an tuairisc ón gCoimisiún ar na riachtanais agus na rúin infheistíochtaí agus athchóirithe a fhreagraíonn ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, agus cuireann sí i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go gcuirfear na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin i gcrích. Déanfaidh an Chomhairle, ar bhonn tuarascálacha a thíolacfaidh an Coimisiún, measúnú ar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin agus déanfaidh sí faireachán ar a gcur chun feidhme faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh.

(37)

Tá an Chomhairle ag tnúth leis na tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn ón tSeicia ina mbeidh, go háirithe, faisnéis faoin dul chun cinn i gcur chun feidhme na conaire glanchaiteachais mar a leag an Chomhairle síos í, agus faoi chur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí níos leithne i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh.

(38)

I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1263, ba cheart don Chomhairle an chonair ghlanchaiteachais, mar a leagtar amach sa phlean, a mholadh don tSeicia.

AG MOLADH LEIS SEO don tSeicia:

1.

a áirithiú nach sáróidh an fás glanchaiteachais na huasmhéideanna a bhunaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Moladh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Eanáir 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. DOMAŃSKI


(1)  Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (IO L, 2024/12651263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj).

(2)  Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L, 2024/1264, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1264/oj).

(3)  Treoir (AE) 2024/1265 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát (IO L, 2024/1265, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1265/oj).

(4)  Glanchaiteachas, mar a shainmhínítear é in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/1263, is é sin caiteachas rialtais atá glan: (i) ar chaiteachas úis, (ii) ar bhearta lánroghnacha ioncaim, (iii) ar chaiteachas ar chláir an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais, (iv) ar chaiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas, (v) ar ghnéithe timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta, agus (vi) ar bhearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.

(5)  Cuimsítear leis an treoir a tugadh roimh ré do na Ballstáit agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais faisnéis theicniúil (i) le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin agus gan síneadh léi (lena gcumhdaítear 4 bliana agus 7 mbliana, faoi seach) agus (ii) le coimirce athléimneachta easnaimh agus gan í. Cuimsítear inti freisin na príomhchoinníollacha tosaigh agus na toimhdí bunúsacha a úsáidtear i gcreat réamh-mheasta fiachais rialtais mheántéarmaigh de chuid an Choimisiúin. Ríomhadh an chonair thagartha ar bhonn na modheolaíochta a thuairiscítear i dTuarascáil Faireacháin an Choimisiúin ar Inbhuanaitheacht Fiachais 2023 (https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/debt-stainability-monitor-2023_ga). Is ar Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún Eorpach agus ar a síneadh meántéarmach suas le 2033 atá sé bunaithe, agus tá fás fadtéarmach OTI agus na costais aosaithe i gcomhréir le Tuarascáil chomhpháirteach 2024 ar an Aosú ón gCoimisiún agus ón gComhairle (https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/2024-ageing-report-economic-and-budgetary-projections-eu-member-states-2022-2070_en).

(6)   https://economy-finance.ec.europa.eu/economic-and-fiscal-governance/national-medium-term-fiscal-structural-plans_en#czechia.

(7)  Bunaítear leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh a bhunaítear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2024/1263 go bhfuil an feabhas bliantúil ar an gcomhardú príomha struchtúrach cothrom le 0,4 pointe céatadáin de OTI (nó 0,25 pointe céatadáin de OTI i gcás síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin) go dtí go mbeidh an t-easnamh struchtúrach níos ísle ná 1,5 % de OTI.

(8)  Moladh ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2024 maidir le beartais eacnamaíocha, bhuiséadacha, fostaíochta agus struchtúracha na Seicia. (IO C, C/2024/6810, 29.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6810/oj).

(9)  Sa chás gan an choimirce athléimneachta easnaimh.


IARSCRÍBHINN I

Uasrátaí fáis glanchaiteachais

(rátaí fáis bliantúla agus carnacha, i dtéarmaí ainmniúla)

an tSeicia

Blianta

2025

2026

2027

2028

Rátaí fáis (%)

Bliantúla

4,5

2,5

2,6

2,9

Carnacha (*1)

10,1

12,9

15,8

19,2


(*1)  Ríomhtar na rátaí fáis carnacha faoi threoir na bonnbhliana 2023. Úsáidtear na rátaí fáis carnacha san fhaireachán bliantúil ar chomhlíonadh ex post sa chuntas rialaithe.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/666/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)