|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/645 |
10.2.2025 |
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Eanáir 2025
lena bhformhuinítear plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta na Slóvaice
(C/2025/645)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121 de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263 ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 17 de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, agus go háirithe Airteagal 8(1) de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún,
De bharr an mhéid seo a leanas:
BREITHNITHE GINEARÁLTA
|
(1) |
Tháinig creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe de chuid an Aontais i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024. Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach (1), mar aon le Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 leasaithe maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach a chur chun feidhme (2), agus le Treoir 2011/85/AE leasaithe ón gComhairle maidir le creataí buiséadacha na mBallstát (3), is príomhghnéithe de chreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais iad. Is é is aidhm don chreat airgeadas poiblí atá fónta inbhuanaithe, mar aon le fás inbhuanaithe cuimsitheach agus athléimneacht, a chur chun cinn trí bhíthin athchóirithe agus infheistíochtaí, agus easnaimh iomarcacha rialtais a chosc. Lena chois sin, cuireann sé úinéireacht náisiúnta chun cinn agus díríonn sé níos mó ar an meántéarma agus tá forfheidhmiú níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí na rialacha i gceist leis. |
|
(2) |
Na pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta a chuireann na Ballstáit faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin, tá siad i gcroílár an chreata nua rialachais eacnamaíoch. Ba cheart dhá chuspóir a bhaint amach leis na pleananna: (i) faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin, a áirithiú, inter alia, go mbeidh fiachas rialtais ghinearálta ar chonair inchreidte anuas, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama, agus go dtabharfar agus go gcoinneofar an t-easnamh rialtais faoi bhun luach tagartha 3 % de OTI sa mheántéarma, agus (ii) a áirithiú go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Chuige sin, ba cheart gealltanas meántéarmach maidir le conair ghlanchaiteachais (4) a chur isteach i ngach plean, lena mbunaítear go héifeachtach sriantacht buiséid ar feadh ré an phlean, lena gcumhdaítear 4 nó 5 bliana (ag brath ar ghnáth-théarma an reachtais i mBallstát). Ina theannta sin, ba cheart míniú a thabhairt sa phlean ar an gcaoi a n-áiritheoidh an Ballstát go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe sna moltaí tírshonracha (lena n-áirítear na moltaí sin a bhaineann leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, más infheidhme), agus ar an gcaoi a dtabharfaidh an Ballstát aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Leis an tréimhse le haghaidh coigeartú fioscach, cumhdaítear tréimhse 4 bliana, tréimhse a bhféadfar síneadh suas le 3 bliana a chur léi má thugann an Ballstát gealltanas i leith sraith athchóirithe agus infheistíochtaí ábhartha a sholáthar a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1263. |
|
(3) |
Tar éis thíolacadh an phlean, déanfaidh an Coimisiún measúnú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263. |
|
(4) |
Déanfaidh an Chomhairle, ar mholadh a fháil ón gCoimisiún, moladh a ghlacadh ansin ina leagtar amach conair ghlanchaiteachais an Bhallstáit lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, déanfaidh sí formhuiniú ar an tsraith gealltanas athchóirithe agus infheistíochta atá ina mbonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin fhioscaigh. |
BREITHNITHE A BHAINEANN LE PLEAN FIOSCACH-STRUCHTÚRACH MEÁNTÉARMACH NÁISIÚNTA NA SLÓVAICE
|
(5) |
An 15 Deireadh Fómhair 2024, rinne an tSlóvaic a plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta a thíolacadh don Chomhairle agus don Choimisiún. Rinneadh an tíolacadh tar éis síneadh a chur leis an sprioc-am a leagtar amach in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2024/1263, mar a comhaontaíodh leis an gCoimisiún i bhfianaise na gcúiseanna arna soláthar ag an tSlóvaic. |
An próiseas sular tíolacadh an plean
|
(6) |
Chun an t-idirphlé a dhíriú as a dtiocfaidh tíolacadh pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta, an 21 Meitheamh 2024, sheol an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2024/1263, conair thagartha (5) chuig an tSlóvaic. D’fhoilsigh an Coimisiún an chonair thagartha an 15 Deireadh Fómhair 2024 (6). Tá an chonair thagartha rioscabhunaithe agus áirithítear léi, faoi dheireadh na tréimhse coigeartaithe fhioscaigh agus in éagmais bearta buiséadacha breise tar éis na tréimhse coigeartúcháin, go mbeidh an fiachas rialtais ghinearálta ar chonair inchreidte anuas nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama sa mheántéarma, agus go dtabharfar an t-easnamh rialtais ghinearálta faoi bhun 3 % de OTI i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin agus go gcoinneofar é faoi bhun an luacha tagartha sin sa mheántéarma. Sainmhínítear an meántéarma mar an tréimhse 10 mbliana tar éis dheireadh na tréimhse coigeartúcháin. I gcomhréir le hAirteagal 6, pointe (d), agus le hAirteagail 7 agus 8 de Rialachán (AE) 2024/1263, tá an chonair thagartha comhsheasmhach freisin leis an tagarmharc easnaimh, leis an gcoimirce inbhuanaitheachta fiachais, agus leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh. I gconair thagartha na Slóvaice, leagtar amach nár cheart fás níos mó ná na luachanna arna soláthar i dTábla 1 a theacht ar ghlanchaiteachas, agus sin bunaithe ar thoimhdí an Choimisiúin atá ina mbonn leis an treoir a tugadh roimh ré i mí an Mheithimh 2024 agus ar thréimhse choigeartúcháin 4 bliana a chur san áireamh. Comhfhreagraíonn sin do mheánfhás glanchaiteachais 2,0 % le linn na tréimhse coigeartúcháin (2025-2028). Tábla 1: Conair thagartha arna soláthar ag an gCoimisiún don tSlóvaic an 21 Meitheamh 2024
|
||||||||||||||||||
|
(7) |
I gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/1263, chuaigh an tSlóvaic agus an Coimisiún i mbun idirphlé teicniúil ó mhí an Mheithimh go mí Mheán Fómhair 2024. Bhí an t-idirphlé dírithe ar an gconair ghlanchaiteachais atá beartaithe ag an tSlóvaic agus ar na toimhdí bunúsacha a bhaineann léi (go háirithe coigeartú fioscach siarchoinnithe in 2026 mar gheall ar infheistíocht chosanta agus cómhaoiniú náisiúnta deontas arna gcistiú ag an Aontas), chomh maith leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe a thabhairt i gcrích lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais maidir leis an aistriú cóir glas agus digiteach, an athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, an tslándáil fuinnimh agus méadú na gcumas cosanta. |
|
(8) |
I mí Mheán Fómhair agus i mí Dheireadh Fómhair 2024, i gcomhréir le hAirteagal 11(3) agus 36(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1263, de réir na faisnéise a chuir an tSlóvaic ar fáil ina plean, pléadh an plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta ag an gComhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta, lena n-áirítear ceardchumainn, ceardchumann na bhfostóirí, comhlachas na bhfostóirí agus bardais na Slóvaice. |
Próisis ghaolmhara eile
|
(9) |
An 26 Iúil 2024, shuigh an Chomhairle gurb ann d’easnamh iomarcach sa tSlóvaic mar gheall ar neamhchomhlíonadh an chritéir easnaimh (7). Tá an Moladh seo i gcomhthráth leis an Moladh ón gComhairle faoi Airteagal 126(7) CFAE d’fhonn deireadh a chur le heasnamh rialtais iomarcach sa tSlóvaic (8). Le glacadh comhuaineach na moltaí sin, moltaí atá saincheaptha don aistriú chuig an gcreat nua rialachais eacnamaíoch agus a bhfuil údar leis ina leith sin, áirithítear comhsheasmhacht idir na conairí coigeartúcháin atá molta. |
|
(10) |
An 15 Deireadh Fómhair 2024, thíolaic an tSlóvaic a Dréachtphlean Buiséadach le haghaidh 2025. Ghlac an Coimisiún tuairim maidir leis an Dréachtphlean Buiséadach sin an 26 Samhain 2024 (9). |
|
(11) |
An 19 Meitheamh 2024, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid maidir leis an tSlóvaic go bhfuil míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha sa tSlóvaic. Go sonrach, tá leochaileachtaí os comhair na Slóvaice a bhaineann le hiomaíochas costais, le comhardú seachtrach, leis an margadh tithíochta agus le fiachas teaghlaigh (10). |
|
(12) |
An 21 Deireadh Fómhair 2024, chuir an Chomhairle sraith moltaí tírshonracha faoi bhráid na Slóvaice i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh (11). |
ACHOIMRE AR AN bPLEAN AGUS AN MEASÚNÚ ÓN gCOIMISIÚN AIR SIN
|
(13) |
I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2024/1263, rinne an Coimisiún measúnú ar an bplean mar a leanas: |
Comhthéacs: staid agus ionchas maicreacnamaíoch agus fioscach
|
(14) |
Tháinig méadú 1,4 % ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch sa tSlóvaic in 2023, mar gheall ar an laghdú ar thomhaltas príobháideach agus poiblí. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go dtiocfaidh fás 2,2 % ar an ngeilleagar in 2024, mar gheall ar thomhaltas príobháideach láidir ach éileamh níos ísle ar onnmhairí. In 2025, tiocfaidh méadú 2,3 % ar fhíor-OTI, arna spreagadh ag an tomhaltas príobháideach agus an infheistíocht phríobháideach. In 2026, meastar go dtiocfaidh méadú 2,5 % ar fhíor-OTI, mar gheall ar thomhaltas príobháideach láidir agus glan-onnmhairí dearfacha. Le linn na tréimhse réamhaisnéise (i.e. 2024-2026), meastar go dtiocfaidh laghdú beag ar fhás OTI ionchasaigh sa tSlóvaic, ó 2,3 % in 2024 go 2,2 % faoi 2026. Ba é 5,8 % an ráta dífhostaíochta in 2023, agus réamh-mheasann an Coimisiún gurb é 5,5 % a bheidh ann in 2024 agus 5,3 % in 2025 agus 5,1 % in 2026. Réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú ar an mboilsciú (díbhoilsceoir OTI) ó 10,1 % in 2023 go 4,4 % in 2024 agus tuartar go sroichfidh sé 3,8 % in 2025 agus 2,8 % in 2026. |
|
(15) |
Maidir le forbairtí fioscacha, in 2023 is é a bhí in easnamh rialtais ghinearálta na Slóvaice 5,2 % de OTI. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, sroichfidh sé 5,8 % de OTI in 2024 agus laghdóidh sé go 4,7 % de OTI in 2025 agus, ar an mbonn nach mbeidh aon athrú beartais ann, laghdóidh sé go 4,1 % in 2026. Áirítear i Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach dréachtbhuiséad na Slóvaice le haghaidh 2025 a mhol an rialtas don pharlaimint náisiúnta i mí Dheireadh Fómhair. Ba é 56,1 % de OTI an fiachas rialtais ghinearálta ag deireadh 2023. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go méadóidh an cóimheas fiachais go 58,9 % de OTI ag deireadh 2024. Réamh-mheastar go méadóidh sé go 59,8 % de OTI air ag deireadh 2025 agus 61,8 % ag deireadh 2026. Sna réamh-mheastacháin fhioscacha ón gCoimisiún, ní bhreithnítear na gealltanais bheartais sna pleananna meántéarmacha a bheith ina ngealltanais go dtí go mbeidh bearta nithiúla beartais mar bhonn taca leo, bearta a dhéanfar a fhógairt go hinchreidte agus a shonrú go leormhaith. |
An chonair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha sa phlean
|
(16) |
Cumhdaítear le plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta na Slóvaice an tréimhse 2025-2028 agus cuirtear coigeartú fioscach i láthair i gcaitheamh 4 bliana. |
|
(17) |
Tá an fhaisnéis uile a cheanglaítear le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/1263 sa phlean. |
|
(18) |
Tugtar gealltanas sa phlean i leith na conaire glanchaiteachais a léirítear i dTábla 2, a chomhfhreagraíonn do mheánfhás glanchaiteachais 2,0 % i gcaitheamh na mblianta 2025-2028. An meánfhás glanchaiteachais arna thuairisciú sa phlean i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin (2025-2028), tá sé cothrom leis (12) an gconair thagartha arna tarchur ag an gCoimisiún an 21 Meitheamh 2024. Glactar leis sa phlean go dtiocfaidh laghdú de réir a chéile ar fhás OTI ionchasaigh ó 2,4 % in 2025 go 1,4 % in 2028. Ina theannta sin, meastar sa phlean go dtiocfaidh laghdú ar ráta fáis díbhoilsceora OTI ó 4,6 % in 2024 go 3,2 % in 2025, agus ansin go 2,9 % in 2028. Tábla 2: An chonair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí i bplean na Slóvaice
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Impleachtaí ghealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir le fiachas rialtais ghinearálta
|
(19) |
Dá dtiocfadh an chonair ghlanchaiteachais a bhfuil gealltanas tugtha ina leith sa phlean mar aon leis na toimhdí bunúsacha i gcrích, thiocfadh méadú de réir a chéile ar fhiachas rialtais ghinearálta, de réir an phlean, ó 58,5 % in 2024 go 62,1 % de OTI in 2027, sula dtosódh sé ag laghdú go 61,4 % ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028), de réir an tábla seo a leanas. Meastar go sárófar luach tagartha an Chonartha, arb é 60 % de OTI é, den chéad uair in 2026, agus go sroichfidh sé leibhéal 61,6 % de OTI, agus go bhfanfaidh sé os cionn an luacha tagartha le haghaidh bhlianta seachtracha na tréimhse coigeartúcháin. Ina dhiaidh sin, sa mheántéarma (i.e. go dtí 2038), meastar go dtiocfaidh laghdú ar an gcóimheas fiachais de réir a chéile, de réir an phlean, go 54,8 % de OTI faoi 2038. Tábla 3: Forbairtí maidir le fiachas rialtais ghinearálta agus comhardú rialtais ghinearálta i bplean na Slóvaice
Dá bhrí sin, de réir an phlean, thabharfaí an fiachas rialtais ghinearálta faoi bhun luach tagartha an Chonartha, is é sin 60 % de OTI, sa mheántéarma. Tá sé sin inchreidte bunaithe ar thoimhdí an phlean, ós rud é go réamh-mheasfaí go bhfanfadh an fiachas faoi bhun 60 % de OTI faoi 2038 de réir gach tástála struis cinnteachaíche in Anailís an Choimisiúin ar Inbhuanaitheacht Fiachais. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus toimhdí maicreacnamaíocha an phlean, bheadh an chonair ghlanchaiteachais a chuirtear ar aghaidh sa phlean comhsheasmhach leis an gceanglas maidir leis an bhfiachas a leagtar amach in Airteagal 6, pointe (a) agus in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263. |
||||||||||||||||||||||||||||||||
Impleachtaí ghealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir leis an gcomhardú rialtais ghinearálta
|
(20) |
Bunaithe ar chonair ghlanchaiteachais agus toimhdí an phlean, meastar go sroichfidh easnamh rialtais ghinearálta 5,9 % de OTI in 2024 agus go dtiocfaidh laghdú de réir a chéile air sin go 1,8 % in 2028. Meastar go bhfillfidh an t-easnamh faoi bhun 3 % de OTI in 2027, le 2,9 % de OTI. Dá bhrí sin, de réir an phlean, ní sháródh an comhardú rialtais ghinearálta an luach tagartha 3 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028). Ina theannta sin, sna 10 mbliana tar éis na tréimhse coigeartúcháin (i.e. go dtí 2038), ní sháródh an t-easnamh rialtais 3 % de OTI. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus toimhdí maicreacnamaíocha an phlean, bheadh an chonair ghlanchaiteachais a chuirtear ar aghaidh sa phlean comhsheasmhach leis an gceanglas maidir leis an easnamh a leagtar amach in Airteagal 6, pointe (b), agus in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263. |
Próifíl ama an choigeartaithe fhioscaigh
|
(21) |
Próifíl ama an choigeartaithe fhioscaigh, arna tomhas mar an t-athrú ar an bpríomhchomhardú struchtúrach, mar a thuairiscítear sa phlean, is próifíl siarchoinneála í i gcomparáid leis an gconair líneach réamhshocraithe dá dtagraítear mar riail faoi Airteagal 6, pointe (c) de Rialachán (AE) 2024/1263. In 2025, is é 0,8 pointe céatadáin a bheidh i gcoigeartú fioscach an phríomhchomhardaithe struchtúraigh, atá 0,5 pointe céatadáin níos lú ná an meánchoigeartú bliantúil thar thréimhse an phlean. Is é is cúis leis an gcoigeartú fioscach nach bhfuil chomh huaillmhianach céanna in 2025 gur cuireadh siar seachadadh infheistíochtaí míleata ó bhlianta roimhe sin, arb é atá iontu 0,4 % de OTI in 2025. Dá bhrí sin, déantar an coigeartú a shiarchoinneáil go 2026, agus tá sé beartaithe go mbeidh an coigeartú atá beartaithe ar an bpríomhchomhardú struchtúrach 0,5 pointe céatadáin níos airde an bhliain sin ná an meánchoigeartú bliantúil. In 2027 agus 2028, an coigeartú i dtéarmaí an phríomhchomhardaithe struchtúraigh, beidh an coigeartú sin líneach. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, bheadh an chonair ghlanchaiteachais a chuirtear ar aghaidh sa phlean comhsheasmhach leis an gclásal i dtaca leis an gcoimirce maidir le siarchoinneáil a chosc a leagtar amach in Airteagal 6, pointe (c), agus leis an bhforáil idirthréimhseach in Airteagal 36(1), pointe (e), de Rialachán (AE) 2024/1263. Tábla 4: Forbairtí maidir le príomhchomhardú struchtúrach i bplean na Slóvaice
|
||||||||||||||||||||||||||||
Comhsheasmhacht leis an nós imeachta um easnamh iomarcach
|
(22) |
Tá an chonair ghlanchaiteachais a leagtar amach sa phlean i gcomhréir leis na ceanglais faoin nós imeachta um easnamh iomarcach (go háirithe leis an gcoigeartú struchtúrach bliantúil íosta a bhunaítear in Airteagal 3(4), an tríú fomhír, de Rialachán (CE) 1467/97 ón gComhairle). |
Comhsheasmhacht an phlean leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh
|
(23) |
An ceanglas maidir leis an ngné choisctheach a leagtar amach in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2024/1263 maidir leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh, arb é is aidhm dó corrlach coiteann a sholáthar i gcoibhneas leis an luach tagartha easnaimh 3 %, tá feidhm aige maidir leis an tSlóvaic ó 2028 ar aghaidh, ós rud é go bhfuil sé beartaithe go mbeidh an t-easnamh faoi bhun 3 % de OTI ó 2027 ar aghaidh. Dá bhrí sin, in 2028, níor cheart an coigeartú bliantúil ar an bpríomhchomhardú struchtúrach a bheith níos lú ná 0,4 % de OTI más rud é gur fhan an t-easnamh struchtúrach os cionn 1,5 % de OTI in 2027, chun corrlach coiteann athléimneachta 1,5 % de OTI a bhaint amach i dtéarmaí struchtúracha. An coigeartú fioscach a eascraíonn as gealltanais bheartais agus toimhdí maicreacnamaíocha an phlean, 1,3 % a bheidh sa choigeartú sin in 2028. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus toimhdí maicreacnamaíocha an phlean, bheadh an chonair ghlanchaiteachais a chuirtear ar aghaidh sa phlean comhsheasmhach leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh. |
Comhsheasmhacht an phlean leis an gcoimirce inbhuanaitheachta fiachais
|
(24) |
De réir an phlean, beidh an fiachas rialtais ghinearálta idir 60 % agus 90 % de OTI in 2026, 2027 agus 2028. Mar sin féin, ós rud é, de réir an phlean, go rachadh an t-easnamh rialtais faoi bhun 3 % de OTI in 2027, rud a d’fhágfadh go n-aisghairfí an cinneadh lena suífí go raibh easnamh iomarcach ann i mbliain deiridh na tréimhse coigeartúcháin, níl feidhm ag an gcoimirce inbhuanaitheachta fiachais le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an bplean. |
Toimhdí maicreacnamaíocha an phlean
|
(25) |
Tá an plean bunaithe ar shraith toimhdí maicreacnamaíocha agus fioscacha atá i gcomhréir le toimhdí an Choimisiúin a tarchuireadh chuig an tSlóvaic an 21 Meitheamh 2024. Cuirtear san áireamh ann faisnéis bhreise atá ar fáil i gcomparáid leis an gconair thagartha agus áirítear ann macratháscairí agus táscairí fioscacha a tugadh cothrom le dáta dá réir sin. An tionchar a bhaineann leis na táscairí sin a thabhairt cothrom le dáta, ní dhéanann sé difear suntasach don mheánfhás glanchaiteachais sa phlean i gcomparáid leis an gconair thagartha. |
Straitéis fhioscach an phlean
|
(26) |
De réir na straitéise fioscaí táscaí sa phlean, déanfar na gealltanais maidir le glanchaiteachas a thabhairt i gcrích trí bhíthin méaduithe lánroghnacha ar ioncam go príomha. Cuirtear i láthair sa phlean bearta arb é atá iontu aon trian den mhéid spriocdhírithe, agus sonrófar an dá thrian eile i mbuiséid bhliantúla ina dhiaidh sin. An comhdhlúthú fioscach atá beartaithe in 2025, tá sé bunaithe ar na bearta atá beartaithe chun ioncam a mhéadú agus caiteachas a laghdú a chuimsítear i ndréachtphlean buiséadach 2025. Áirítear leis sin méadú ar chánacha breisluacha, cáin chorparáide agus dleacht mháil ar tháirgí tobac, cánacha nua ar idirbhearta airgeadais do ghnólachtaí, chomh maith le dleachtanna máil nua ar dheochanna milsithe agus ar tháirgí nach táirgí tobac iad. Ó thaobh an chaiteachais de, áirítear ar na bearta sin deireadh a chur leis na bearta tacaíochta atá ann cheana a bhaineann le praghsanna arda fuinnimh, agus pá na hearnála poiblí a laghdú. Is é atá sna méaduithe lánroghnacha ar ioncam 1,6 % de OTI, agus is é atá sna laghduithe ar chaiteachas 0,6 % de OTI. Mar sin féin, tá sé beartaithe ag an tSlóvaic caiteachas a mhéadú 0,6 % de OTI, rud a fhágfaidh go mbeidh comhdhlúthú glan 1,6 % de OTI ann. |
|
(27) |
Tá sonraíocht bheacht na mbeart beartais ábhartha le dearbhú nó le coigeartú agus le cainníochtú sna buiséid bhliantúla. An tráth céanna, tá roinnt rioscaí fós ann maidir le cur chun feidhme na straitéise fioscaí táscaí sa phlean. Eascraíonn na rioscaí sin as an gcoigeartú fioscach a bheith bunaithe go príomha ar mhéaduithe lánroghnacha ar ioncam. Tá ualach na hiarrachta láidre comhdhlúthaithe claonta i dtreo teaghlach agus gnólachtaí seachas i dtreo an rialtais. D’fhéadfadh éifeachtaí maicreacnamaíocha breise a bheith mar thoradh ar an straitéis chomhdhlúthaithe sin, agus d’fhéadfadh iarmhairtí fioscacha a bheith ann dá dheasca sin. Go sonrach, baineann riosca fioscach le comhdhlúthú cáindhírithe, is é sin go mbaileofar ioncam cánach níos ísle ná mar a thoimhdítear sa phlean. Leis an Dréachtphlean Buiséadach le haghaidh 2025, sonraítear na bearta beartais trína mbainfear amach an gealltanas glanchaiteachais le haghaidh 2025 (13). |
Cuspóirí athchóirithe agus infheistíochta sa phlean lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais
|
(28) |
Déantar cur síos sa phlean ar rúin bheartais a bhaineann le hathchóirithe agus infheistíochtaí chun freagairt ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe na moltaí tírshonracha, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, agus chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Go sonrach, cuimsítear sa phlean 18 n-athchóiriú agus 11 infheistíocht, a bhfaigheann 18 gcinn díobh tacaíocht airgeadais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus a bhfaigheann 1 cheann díobh tacaíocht airgeadais ó chistí an bheartais chomhtháthaithe freisin. |
|
(29) |
Maidir leis an tosaíocht chomhchoiteann a bhaineann le haistriú glas cóir, lena n-áirítear na cuspóirí aeráide a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, cuirtear i láthair sa phlean an nuachóiriú ar bhonneagar iompair ísealcharbóin, a chuimsítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, arb é is cuspóir dó fad an bhonneagair iarnróid ghlain atógtha nó nuachóirithe a mhéadú. Tá sé beartaithe leis an mbeart seo aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ó 2019, 2020, 2022 agus 2023 maidir le hiompar poiblí inbhuanaithe agus spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú. Ina theannta sin, cuimsítear sa phlean (faoin bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta), tionscadail atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an aistriú glas trí ghlaonna téamacha atá ailínithe le tosaíochtaí de chuid Fís Eorpach a sheoladh. Freagraíonn an infheistíocht seo ar na moltaí tírshonracha a cuireadh faoi bhráid na Slóvaice in 2019, 2020, 2022 agus 2023 maidir leis an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú, an t-aistriú glas a chur chun cinn agus infheistíochtaí a dhíriú ar an taighde agus ar an nuálaíocht. Cuirtear i láthair sa phlean freisin bearta eile maidir leis an aistriú glas a chumhdaítear leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta, mar shampla athchóiriú ar an margadh leictreachais, leasú ar an Acht Dramhaíola, bearta a cuireadh chun feidhme cheana féin, agus an tAcht um Chosaint an Dúlra agus an tAcht Uisce. Chun borradh a chur faoi aistriú digiteach cóir, chuir an tSlóvaic bearta san áireamh ar nós córas ríomhshonrasctha agus seirbhísí leictreonacha feabhsaithe le haghaidh an riaracháin airgeadais. Is é is aidhm do na bearta sin aghaidh a thabhairt ar imghabháil cánach agus cur chuige cliantlárnach a chur chun cinn. Tá siad sin nasctha go díreach le moltaí tírshonracha lena moltar comhlíonadh cánach a neartú agus riarachán cánach a dhigitiú, moltaí a cuireadh faoi bhráid na Slóvaice in 2022, 2023 agus 2024. Cuimsítear sa phlean freisin infheistíocht sa taighde agus sa nuálaíocht chun tacú le digitiú an gheilleagair (faoin bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta), a bhfuil sé beartaithe léi aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2019, 2020, agus 2024 maidir le tacú leis an taighde, leis an nuálaíocht agus leis an iomaíochas. Ina theannta sin, cuimsítear ann athchóiriú chun ardán láraithe a bhunú le haghaidh soláthar poiblí acmhainní TF (faoin bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta), rud a bhí ina chuidiú le haghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2019 agus 2020 maidir le bonneagar digiteach agus seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán. |
|
(30) |
Maidir leis an tosaíocht chomhchoiteann a bhaineann leis an athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, lena n-áirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, cuimsítear leis an bplean roinnt beart. Chun rannchuidiú le hathléimneacht shóisialta, tá creidmheas cánach níos spriocdhírithe á chur chun feidhme, lena dtacaítear le teaghlaigh a bhfuil leanaí acu agus béim ar leith á leagan ar theaghlaigh ar ioncam íseal. Tá sé beartaithe leis an mbeart seo aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2022, 2023 agus 2024 chun feabhas a chur ar éifeachtacht an chaiteachais phoiblí agus chun an meascán cánach a dhéanamh níos tacúla d’fhás cuimsitheach inbhuanaithe. Tá an athléimneacht shóisialta in éineacht leis an aistriú fuinnimh san infheistíocht a bhaineann le hathchóiriú baile do theaghlaigh atá bocht ó thaobh fuinnimh de, arb é is aidhm di an líon tithe athchóirithe a mhéadú do dhaoine atá i mbaol bochtaineachta fuinnimh, infheistíocht a bhfuil sé beartaithe aici aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2019, 2020, 2022 agus 2023. Ina theannta sin, chuir an tSlóvaic athchóiriú san áireamh chun cuimsiú agus dídheighilt san oideachas a neartú mar chuid de phacáiste reachtach nua de dhlíthe scoile, agus ar an gcaoi sin tá sé beartaithe aici aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2019, 2020 agus 2024 maidir le feabhas a chur ar cháilíocht agus ar chuimsitheacht an oideachais, go háirithe le haghaidh leanaí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste. Ar na beart eile lena gcuirtear feabhas ar athléimneacht shóisialta, áirítear acmhainneachtaí naíscoileanna a chur i gcrích (faoin bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta), riachtanais oideachais speisialta a shainiú agus ábhair mhodheolaíocha a ullmhú (faoin bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta), an t-athchóiriú curaclaim sa bhunoideachas (faoin bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta), agus tá sé beartaithe acu uile aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2019, 2020 agus 2024 maidir le feabhas a chur ar cháilíocht agus ar chuimsitheacht an oideachais, feabhas a chur ar rochtain ar chúram leanaí inacmhainne agus imeascadh grúpaí faoi mhíbhuntáiste a chur chun cinn. Is éard atá i gceist le bearta lena dtugtar aghaidh ar athléimneacht eacnamaíoch Beartas Tionsclaíoch de chuid Phoblacht na Slóvaice a fhorbairt le haghaidh 2027-2035, bearta a bhfuil sé beartaithe leo aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2019 agus 2024 maidir leis an ngá atá le feabhas a chur ar an iomaíochas. Ina theannta sin, chuir an tSlóvaic san áireamh athchóiriú ar an rialachas, ar an meastóireacht agus ar an tacaíocht san eolaíocht, sa taighde agus sa nuálaíocht (faoin bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta), agus infheistíocht lena dtacaítear leis an gcomhar idir cuideachtaí, an saol acadúil agus eagraíochtaí T&F, agus tá sé beartaithe ag an athchóiriú agus an infheistíocht sin aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha comhchosúla ó 2019, 2020 agus 2024 maidir le tacú leis an taighde agus leis an nuálaíocht, agus feabhas a chur ar an iomaíochas. Ar deireadh, chun moltaí tírshonracha 2019, 2023 agus 2024 a bhaint amach, ar moltaí iad a bhaineann leis na leochaileachtaí maicreacnamaíocha atá ag an tír i ndáil leis an margadh tithíochta, tá sé d’aidhm ag an tSlóvaic an tAcht um Thógáil a leasú, nósanna imeachta tógála a chuíchóiriú agus infhaighteacht tithíochta ar cíos a leathnú. Tá sé mar aidhm aici freisin an tAcht um Thacaíocht Stáit do Thithíocht Phoiblí a chur i bhfeidhm chun rochtain ar roghanna cíosa inacmhainne a mhéadú. |
|
(31) |
Maidir leis an tosaíocht chomhchoiteann a bhaineann leis an tslándáil fuinnimh, cuimsítear sa phlean athchóiriú ar thograí reachtacha a fhorbairt chun teicneolaíochtaí hidrigine a chur chun feidhme go héifeachtúil, i gcomhréir le ceanglais agus tosaíochtaí náisiúnta an Aontais, ós rud é gurb é an Plean Gníomhaíochta don Straitéis Náisiúnta Hidrigine a chuirtear isteach i gcaibidil REPowerEU den Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá sé beartaithe leis an athchóiriú sin aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha a fuair an tSlóvaic in 2020, 2022 agus 2023 maidir leis an spleáchas foriomlán ar bhreoslaí iontaise a laghdú. Ina theannta sin, trí fhoinsí nua leictreachais in-athnuaite a thógáil (faoin bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta), tá sé d’aidhm ag an tSlóvaic 122,4 MW de leictreachas nua a ghiniúint. Tá sé beartaithe leis an infheistíocht seo aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2020, 2022 agus 2023 lena moltar dlús a chur le húsáid foinsí fuinnimh in-athnuaite. Thairis sin, chuir an tSlóvaic infheistíocht san áireamh (faoin bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta) chun na córais dáilte fuinnimh a nuachóiriú, d’fhonn na nósanna imeachta a éascú maidir le foinsí fuinnimh in-athnuaite a nascadh leis an eangach, agus ar an gcaoi sin tá sé beartaithe aici aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha in 2020, 2022 agus 2023. |
|
(32) |
Maidir leis an tosaíocht chomhchoiteann a bhaineann le cumais chosanta, cuimsítear sa phlean beart chun tionscadail roghnaithe a chur chun feidhme, lena n-áirítear go háirithe feithiclí armúrtha rothacha 8x8 agus córas aerchosanta meánraoin a fhorbairt, mar chuid de phlean forbartha fadtéarmach na hAireachta Cosanta faoi 2035. |
|
(33) |
Ina theannta sin, cuimsítear sa phlean beart beartais chun sásra a chur in ionad an phinsin tuismitheora atá ann cheana lena gceadófar cuid den cháin a íocadh le tuismitheoirí a aisíoc, ar sásra é a bhfuil sé beartaithe leis aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2019 agus 2024 maidir leis an ngá atá le hinbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí a chaomhnú agus bearta caiteachais costasacha a laghdú. Thairis sin, rannchuideoidh beart chun an líon státseirbhíseach agus fostaithe san earnáil phoiblí a laghdú faoi 5 000 idir 2025 agus 2027 le caiteachas poiblí a shrianadh (moladh tírshonrach 2024). Anuas air sin, tá athchóiriú sa phlean freisin ar an gcóras lárnach um bainistiú ospidéal (faoin bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta), a bhfuil sé beartaithe leis aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2019 agus 2020 a bhaineann le hinbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí maidir leis an earnáil sláinte agus an gá atá le hathléimneacht na hearnála sláinte a neartú; athchóiriú maidir leis an líonra nua cúirte a thabhairt isteach (faoin bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta), a bhfuil sé beartaithe leis freagairt ar mholtaí tírshonracha 2019 agus 2020 a bhaineann le héifeachtacht an chórais bhreithiúnaigh, agus beart maidir le hionaid seirbhísí comhroinnte a bhunú (faoin bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta) chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht na seirbhísí poiblí fíor-riachtanacha, lena mbeartaítear aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2020 agus 2024 maidir le feabhas a chur ar cháilíocht na seirbhísí poiblí. |
|
(34) |
Cuirtear faisnéis ar fáil sa phlean maidir leis an gcomhsheasmhacht agus, i gcás inarb iomchuí, an chomhlántacht, le cistí an bheartais chomhtháthaithe agus le Plean Téarnaimh agus Athléimneachta na Slóvaice. Go sonrach, cuimsítear sa phlean infheistíocht, atá sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta (infheistíocht 4 de chomhchuid 16), lena mbunaítear lárionaid seirbhísí comhroinnte lena méadaítear éifeachtúlacht agus inrochtaineacht seirbhísí poiblí fíor-riachtanacha. Déanfar cistiú le haghaidh acmhainneachtaí pearsanra na lárionad seirbhísí comhroinnte a áirithiú trí ghlao arna mhaoiniú ag cistí an bheartais chomhtháthaithe. |
|
(35) |
Tugtar forléargas sa phlean ar riachtanais infheistíochta poiblí na Slóvaice a bhaineann le tosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Maidir leis an tosaíocht chomhchoiteann a bhaineann leis an aistriú cóir glas agus digiteach, lena n-áirítear comhsheasmhacht leis an Dlí Aeráide Eorpach, áirítear ar na bearta éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú ar fud na n-earnálacha uile agus roghanna malartacha is inbhuanaithe a chur in ionad úsáid breoslaí iontaise, rud a dhéanfaidh infheistíochtaí a dhíriú ar chumhacht núicléach, gréine agus ghaoithe. Thairis sin, díríonn riachtanais infheistíochta ar fheabhas a chur ar rochtain ar sheirbhísí rialtais digiteacha agus ar úsáid na seirbhísí sin, i gcomhréir le Treochlár Straitéiseach Náisiúnta na Slóvaice um an Deacáid Dhigiteach. Chun athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch a áirithiú, tá sé beartaithe ag an tSlóvaic an caiteachas poiblí ar thaighde agus ar fhorbairt a mhéadú de réir a chéile faoi 2030. Chun an tslándáil fuinnimh a mhéadú, aithníonn an tSlóvaic gur gá allmhairí cineálacha éagsúla amhábhar a éagsúlú mar réiteach infheistíochta meántéarmach trí idirnaisc nua a thógáil agus infheistíocht a dhéanamh i bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite agus i gcumhacht núicléach san fhadtéarma. Ar deireadh, chun an tslándáil a áirithiú, gealltanais ECAT agus an Aontais a chomhlíonadh agus an chobhsaíocht réigiúnach a choinneáil ar bun, leantar den infheistíocht i dtionscadail um nuachóiriú na cosanta sa tír, agus é mar phríomhchuspóir trealamh míleata nua agus nua-aimseartha a chur ar fáil atá comhoiriúnach go hiomlán le trealamh míleata Bhalltíortha ECAT. Cuimsítear sa phlean méadú ar chaiteachas cosanta chun sprioc 2 % d’ailíniú OTI le gealltanais ECAT a bhaint amach. |
Conclúid an mheasúnaithe ón gCoimisiún
|
(36) |
Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go gcomhlíonann plean na Slóvaice ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263. |
CONCLÚID FHORIOMLÁN ÓN gCOMHAIRLE
|
(37) |
Is díol sásaimh don Chomhairle plean fioscach-struchtúrach meántéarmach na Slóvaice agus measann sí go gcabhródh a chur chun feidhme iomlán le hairgeadas poiblí fónta a áirithiú agus le tacú le hinbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí chomh maith le fás inbhuanaithe cuimsitheach. |
|
(38) |
Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún ar an bplean. Mar sin féin, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún a mheasúnú ar phleananna amach anseo a chur i láthair i ndoiciméad ar leithligh ó na moltaí ón gCoimisiún le haghaidh moltaí ón gComhairle. |
|
(39) |
Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún ar an gconair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha sa phlean, lena n-áirítear maidir leis an treoir arna tabhairt roimh ré ag an gCoimisiún, chomh maith leis na himpleachtaí a bhaineann le conair ghlanchaiteachais an phlean d’easnamh agus fiachas rialtais. Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún go bhfuil údar cuí ar an iomlán leis na toimhdí maicreacnamaíocha agus fioscacha, cé go bhfuil siad éagsúil i gcásanna áirithe le toimhdí an Choimisiúin, lena n-áirítear chun freastal ar shonraí maicreacnamaíocha agus fioscacha nuashonraithe, agus go bhfuil argóintí eacnamaíocha fónta mar bhonn taca leo. Tugann an Chomhairle dá haire straitéis fhioscach leathan an phlean agus na rioscaí don ionchas, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do theacht chun cinn an cháis mhaicreacnamaíoch agus do na toimhdí bunúsacha agus do sheachadadh chonair ghlanchaiteachais an phlean. Go háirithe, is díol sásaimh don Chomhairle freisin go raibh na páirtithe leasmhara ábhartha rannpháirteach ar an leibhéal náisiúnta sular tíolacadh an plean. Tugann an Chomhairle dá haire freisin go bhféadfadh rioscaí geopholaitiúla brú a chur ar chaiteachas cosanta. |
|
(40) |
Tá an Chomhairle ag súil go mbeidh an tSlóvaic réidh chun a straitéis fhioscach a choigeartú de réir mar is gá chun a conair ghlanchaiteachais a áirithiú. Tá rún daingean ag an gComhairle dlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí eacnamaíocha agus fioscacha, lena n-áirítear iad siúd is bonn le cás an phlean. |
|
(41) |
Measann an Chomhairle go bhfuil gá le tuilleadh plé chun teacht ar chomhthuiscint maidir leis na himpleachtaí bliantúla faireachais a bhaineann leis na rátaí fáis carnacha glanchaiteachais in am don chéad bhabhta eile den fhaireachas fioscach. |
|
(42) |
Tugann an Chomhairle dá haire an tuairisc ón gCoimisiún ar na riachtanais agus na rúin infheistíochtaí agus athchóirithe a fhreagraíonn ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, agus cuireann sí i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go gcuirfear na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin i gcrích. Déanfaidh an Chomhairle, ar bhonn tuarascálacha a thíolacfaidh an Coimisiún, measúnú ar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin agus déanfaidh sí faireachán ar a gcur chun feidhme faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh. |
|
(43) |
Tá an Chomhairle ag tnúth leis na tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn ón tSlóvaic ina mbeidh, go háirithe, faisnéis faoin dul chun cinn i gcur chun feidhme na conaire glanchaiteachais mar a leag an Chomhairle síos í, agus faoi chur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí níos leithne i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh. |
|
(44) |
I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1263, ba cheart don Chomhairle an chonair ghlanchaiteachais, mar a leagtar amach sa phlean, a mholadh don tSlóvaic. |
AG MOLADH LEIS SEO go ndéanfadh an tSlóvaic mar a leanas:
|
1. |
a áirithiú nach sáróidh an fás glanchaiteachais na huasmhéideanna a bhunaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Moladh seo. |
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Eanáir 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. DOMAŃSKI
(1) Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj).
(2) Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L, 2024/1264, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1264/oj).
(3) Treoir (AE) 2024/1265 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát (IO L, 2024/1265, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1265/oj).
(4) Glanchaiteachas, mar a shainmhínítear é in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/1263, is é sin caiteachas rialtais atá glan: (i) ar chaiteachas úis, (ii) ar bhearta lánroghnacha ioncaim, (iii) ar chaiteachas ar chláir an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais, (iv) ar chaiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas, (v) ar ghnéithe timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta, agus (vi) ar bhearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.
(5) Cuimsítear leis an treoir a tugadh roimhe ré do na Ballstáit agus don gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais conairí gan síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin agus le síneadh a chur léi (lena gcumhdaítear 4 bliana agus 7 mbliana, faoi seach). Cuimsítear inti freisin na príomhchoinníollacha tosaigh agus na toimhdí bunúsacha a úsáidtear i gcreat réamh-mheastacháin fiachais meántéarmach rialtais an Choimisiúin Eorpaigh. Ríomhadh an chonair thagartha ar bhonn na modheolaíochta a thuairiscítear i dTuarascáil Faireacháin an Choimisiúin ar Inbhuanaitheacht Fiachais 2023 (https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/debt-sustainability-monitor-2023_en). Is ar Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún Eorpach agus ar a síneadh meántéarmach suas le 2033 atá sí bunaithe, agus tá fás fadtéarmach OTI agus na costais aosaithe i gcomhréir le Tuarascáil chomhpháirteach 2024 ar an Aosú ón gCoimisiún agus ón gComhairle (https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/2024-ageing-report-economic-and-budgetary-projections-eu-member-states-2022-2070_en).
(6) https://economy-finance.ec.europa.eu/economic-and-fiscal-governance/national-medium-term-fiscal-structural-plans_en#slovakia.
(7) IO L, 1.8.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32024D2129.
(8) Moladh le haghaidh Moladh ón gComhairle d’fhonn deireadh a chur le staid an easnaimh iomarcaigh sa tSlóvaic, 26.11.2024, COM(2024)958 final.
(9) Tuairim ón gCoimisiún maidir le Dréachtphlean Buiséadach na Slóvaice, 26.11.2024, C(2024)9065 final.
(10) ‘Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta’, COM (2024) 600 final, Foscríbhinn 4.
(11) Moladh ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2024 maidir le beartais eacnamaíocha, bhuiséadacha, fostaíochta agus struchtúracha na Slóvaice.
(12) Níl an difríocht le feiceáil mar gheall ar shlánú.
(13) Féach Tuairim ón gCoimisiún maidir le Dréachtphlean Buiséadach na Slóvaice, 26.11.2024, C(2024) 9065 final.
IARSCRÍBHINN I
Uasrátaí fáis glanchaiteachais
(rátaí fáis bliantúla agus carnacha, i dtéarmaí ainmniúla)
an tSlóvaic
|
Blianta |
2025 |
2026 |
2027 |
2028 |
|
|
Rátaí fáis (%) |
Bliantúil |
3,8 |
0,9 |
1,6 |
1,5 |
|
Carnacha (*1) |
10,3 |
11,2 |
13,0 |
14,8 |
|
(*1) Ríomhtar na rátaí fáis carnacha faoi threoir na bonnbhliana 2023. Úsáidtear na rátaí fáis carnacha san fhaireachán bliantúil ar chomhlíonadh ex postsa chuntas rialaithe.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/645/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)