European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/632

24.1.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/632 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Eanáir 2025

maidir le ceapadh Chathaoirleach an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac

(C/2025/632)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (1), agus go háirithe Airteagal 68 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don fhormheas ó Pharlaimint na hEorpa,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 68(1) de Rialachán (AE) 2024/1620, an 9 Deireadh Fómhair 2024, d’ullmhaigh an Coimisiún gearrliosta d’iarrthóirí chun Cathaoirleach an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac (‘an Cathaoirleach’) a cheapadh agus chuir sé ar fáil do Pharlaimint na hEorpa é.

(2)

Cuireadh an Chomhairle ar an eolas faoin ngearrliosta an lá céanna.

(3)

De bhun Airteagal 68(3) de Rialachán (AE) 2024/1620, is 4 bliana a mhairfidh téarma oifige an Chathaoirligh.

(4)

De bhun Airteagal 68(1) de Rialachán (AE) 2024/1620, an 6 Nollaig 2024, rinne an Coimisiún togra chun Bruna SZEGO a cheapadh mar Chathaoirleach (‘an togra’) agus chuir sé an togra sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa lena fhormheas.

(5)

An 18 Nollaig 2024, d’fhormheas Parlaimint na hEorpa an togra.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Bruna SZEGO a cheapadh mar Chathaoirleach ar feadh téarma oifige 4 bliana,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Bruna SZEGO mar Chathaoirleach an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac le haghaidh téarma oifige 4 bliana agus dar tús 16 Feabhra 2025.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Eanáir 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. DOMAŃSKI


(1)   IO L, 2024/1620, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1620/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/632/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)