|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/625 |
24.1.2025 |
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
Aghaidh náisiúnta nua ar mhonaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht
(C/2025/625)
Aghaidh náisiúnta an mhona chomórtha nua 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag an Laitvia
Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag monaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na monaí nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na monaí a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéar euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn euro chomórtha a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2 euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na monaí sin agus na saintréithe a bhíonn ag monaí 2 euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin nó ó thaobh na hEorpa de.
Tír eisiúna: an Laitvia
Ábhar an chomórtha: Himmeli
Tuairisc ar an dearadh: Maisiúchán ársa Nollag de chuid na Laitvia is ea Himmeli. Leis an dearadh, léirítear an cruth traidisiúnta modúil atá sa mhaisiú: an t-ochtaihéadrán ina bhfuil 12 sifín tuí idirnasctha, rud atá ina shiombail den bhliain ina bhfuil 12 mhí. Tá an himmeli ar cheann de na maisiúcháin Nollag is sine dá bhfuil ann, agus é in úsáid i bhfad roimh an gcrann Nollag. Ag an mbun ar chlé tá ainm na tíre eisiúna ‘LATVIJA’ inscríofa. Ag an mbun ar dheis, tá an bhliain eisiúna ‘2024’.
Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.
An líon measta monaí atá le heisiúint: 413 000
Dáta eisiúna: Deireadh Fómhair/Samhain 2024
(1) Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 i gcomhair aghaidh náisiúnta na monaí uile a eisíodh in 2002.
(2) Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i dtaca le haghaidh náisiúnta agus eisiúint monaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/625/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)