European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/623

28.1.2025

Foilsiú iarratais ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge le haghaidh ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint in earnáil an fhíona de bhun Airteagal 97(3) i gcomhar le hAirteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(C/2025/623)

Laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo, féadfaidh údaráis Bhallstáit nó údaráis tríú tír nó duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil leas dlisteanach agus atá bunaithe nó a bhfuil cónaí air nó uirthi i dtríú tír freasúra a thaisceadh leis an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

IARRATAS AR LEASÚ AR LEIBHÉAL AN AONTAIS AR AN tSONRAÍOCHT TÁIRGE

‘Bohotin’

PDO-RO-A0138-AM02

Dáta an iarratais: 20.7.2021

1.   Iarratasóir agus leas dlisteanach

Comhlachas Táirgeoirí agus Próiseálaithe Fíonchaor PROBOTA IAȘI

Tá Comhlachas Táirgeoirí agus Próiseálaithe Fíonchaor Probota Iași ina dhuine dlítheanach neamhbhrabúis a rialaítear leis an dlí príobháideach, agus toiliú agus formheas reachtúil faighte in 2014, agus é bunaithe i gcomhréir le hOrdú Rialtais Uimh. 26/2000 maidir le comhlachais agus fondúireachtaí.

Tá sé mar aidhm ag an gComhlachas leasanna eacnamaíocha, tráchtála, gairmiúla agus dlíthiúla a chomhaltaí a chur chun cinn agus a chosaint ar comhaltaí iad atá ina gcuideachtaí tráchtála agus ina dtrádálaithe aonair a tháirgeann agus a phróiseálann fíonchaora. Bainistíonn sé an táirgeadh gaolmhar a dhéantar faoi ATFC Iași agus tacaíonn sé le táirgeoirí ATFC Bohotin le linn fíon a tháirgeadh faoin ainm sin, ós rud é nach bhfuil aon chomhlachas neamhspleách ann atá cruthaithe le haghaidh an ainmniúcháin sin sa limistéar seo agus tá Comhlachas Probota ar cheann de na comhlachais is tábhachtaí i réigiún fíonsaothraithe Dealurile Moldovei agus é bunaithe faoi na forálacha náisiúnta lena gceadaítear do tháirgeoirí tacaíocht a sholáthar do tháirgeoirí ar mhaithe le bainistiú fónta táirgthe fíonchaor/fíona ar ardchaighdeán.

Tá ceanncheathrú an Chomhlachais lonnaithe in áitreabh na cuideachta Agroindustrial Ceres SRL, foirgneamh C1, seomra 1, postchód 707 055, común Bivolari, Contae Iași, www.cramahermeziu.ro.

2.   Ceannteideal sa tsonraíocht táirge dá ndéanann an leasú (nó na leasuithe) difear

Ainm an táirge

Catagóir an táirge fíniúna

Nasc

Srianta margaíochta

3.   Tuairisc ar an leasú agus cúiseanna atá leis

1.   Catagóirí nua fíona a thabhairt isteach sa táirgeadh

Leasaíodh an tsonraíocht fíona trí thrí chatagóir nua fíona a thabhairt isteach, catagóirí a cheadaítear a tháirgeadh mar a shainmhínítear i gCuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013: fíon súilíneach ar ardchaighdeán, fíon súilíneach aramatach ar ardchaighdeán agus fíon leathshúilíneach ar fíonta iad a dhéantar as fíonchaora a bhuantar i limistéar críochaithe ainmniúchán tionscnaimh ATFC Bohotin agus a fhéadfaidh ainm an ATFC a úsáid.

Éiríonn an leasú as an iarraidh ó chuid mhór saothróirí fíniúna atá bunaithe i limistéar Bohotin chun táirgeadh fíonta a éagsúlú ionas go n-áirítear fíonta broidearnúla de bhreis ar an bhfíon socair a tháirgeann na siad sa lá atá inniu ann chun méadú a dhéanamh ar a n-ioncam ó tháirgí den sórt sin, chun a n-ainm faoi chosaint a neartú trí chatagóirí nua táirgí a tháirgeadh agus chun tomhaltóirí níos óige a mhealladh.

Leasaítear Caibidil I den tsonraíocht agus pointe 3 den doiciméad aonair.

2.   Mionsonraí faoin nasc idir an limistéar agus an táirge le haghaidh catagóirí nua fíona

Is gá an tsonraíocht a leasú trí mhionsonraí faoin nasc idir an limistéar geografach agus an táirge atá sainithe le haghaidh na gcatagóirí nua fíonta atá á dtáirgeadh chun an reachtaíocht a bhaineann go sonrach le hainmniúchán faoi chosaint a chomhlíonadh agus chun sainiúlacht an limistéir ATFC a chur i láthair trí bhíthin na dtosca sonracha atá i gceist.

Déantar Caibidil II den tsonraíocht agus pointe 8 den doiciméad aonair a leasú.

3.   Tásc ar chineálacha fíona ceadaithe le haghaidh fíon súilíneach

Leasaíodh an tsonraíocht fíona trí na cineálacha fíonchaor óna bhfaightear fíonta súilíneacha aramatacha ar ardchaighdeán a lua (cineálacha Tămâioasă românească, Traminer roz, Muscat Ottonel agus Busuioacă de Bohotin).

Leasaíodh Caibidil IV den tsonraíocht gan aon athrú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.

4.   Táirgeacht fíniúna a léiriú le haghaidh fíon súilíneach aramatach

Is gá an tsonraíocht a leasú trí na táirgeachtaí fíniúna le haghaidh na gcineálacha óna bhfaightear fíonta súilíneacha aramatacha ar ardchaighdeán a lua chun táirgeachtaí sonracha na catagóire seo a leagan amach go soiléir.

Leasaítear Caibidlí IV agus V den tsonraíocht agus pointe 5.2 den doiciméad aonair.

5.   Cleachtais theicneolaíocha a bhaineann go sonrach le catagóirí fíona a chur i láthair

Leasaíodh an tsonraíocht trí mhionsonraí faoi na cleachtais theicneolaíocha a bhaineann go sonrach le táirgeadh catagóirí nua fíona (fíon súilíneach, fíon súilíneach aramatach ar ardchaighdeán, fíon leathshúilíneach) a thabhairt isteach, amhail coipeadh i dtaiscumair bhrú, coipeadh i mbuidéil ghloine, cobhsú fíona shúilínigh aramataigh.

Leasaíodh Caibidil X den tsonraíocht táirge gan aon athrú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.

6.   Léiriú tréithe anailíseacha na gcatagóirí fíona a iarradh

Is gá an tsonraíocht a leasú trí léiriú a thabhairt ar pharaiméadair fhisiciceimiceacha shonracha na gcatagóirí nua sin toisc go gceanglaítear an méid sin le reachtaíocht i gcás táirge ATFC mar fhaisnéis atá le soláthar le haghaidh shainiúlacht na gcatagóirí cáilíochta sin.

Leasaítear Caibidil XI den tsonraíocht agus pointí 4.3, 4.4 agus 4.5 den doiciméad aonair.

7.   Léiriú tréithe orgánaileipteacha na gcatagóirí nua fíona a iarradh

Leasaíodh an tsonraíocht trí thréithe orgánaileipteacha na gcatagóirí nua fíona a iarradh le haghaidh táirgthe a chur isteach toisc go gceanglaítear le reachtaíocht go soláthrófar an fhaisnéis sin i gcás ainmniúchán faoi chosaint ATFC.

Leasaítear Caibidil XI den tsonraíocht agus pointí 4.3, 4.4 agus 4.5 den doiciméad aonair.

8.   Mionsonraí éigeantacha le haghaidh fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán a áireamh ar an lipéadú/cur i láthair

Is gá an tsonraíocht a leasú trí fhorálacha a thabhairt isteach maidir le lipéadú na catagóire fíona shúilínigh ar ardchaighdeán ionas go mbeidh faisnéis ann sa lipéadú le haghaidh na catagóire sin ar faisnéis í maidir leis an modh ina bhfuarthas an fíon súilíneach ar ardchaighdeán agus ainm an chineáil óna bhfaightear é.

Leasaíodh Caibidil XII den tsonraíocht táirge agus pointe 9 den doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm an táirge

Bohotin

2.   Cineál an táisc gheografaigh

ATFC - Ainmniúchán Tionscnaimh Faoi Chosaint

3.   CATAGÓÍRÍ NA dtáirgí FÍNIÚNA

1.

Fíon

5.

Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

6.

Fíon súilíneach aramatach ar ardchaighdeán

8.

Fíon leathshúilíneach

3.1.   Cód Ainmníochta Comhcheangailte

22 – DEOCHANNA, BIOTÁILLÍ AGUS FÍNÉAGAR

2204 – Fíon ó fhíonchaora úra, lena n-áirítear fíonta treisithe; úrfhíon fíonchaor seachas é sin atá faoi cheannteideal 2009

4.   Tuairisc ar an bhfíon (nó ar na fíonta)

1.   Tréithe orgánaileipteacha - fíonta geala agus rosé

Fíonta geala

Dath – dath buí na tuí, dianbhuí, glébhuí agus gealáin scothghlasa ann, buí líomóide go scothghlas, buí scothghlas, buí órga, dath buí na tuí, scothghlas, buí scothghlas go dath bhuí na tuí.

Boladh – gnáth-dheabholadh de mhusc-chaor, bláth troim, citreas glas, úr, dea-bholadh úll samhraidh nuaghearrtha, dea-bholadh bláthanna páirce, fíneálta, tar éis beagáinín aosaithe tagann boladh féir nua-lomtha lena ngabhann úire, dea-bholadh bláthanna fíniúna, bláthanna acáise, féar nua-lomtha, boladh cré taise, bláthanna páirce.

Blas – blas crústa aráin seagail, mil, blas beagáinín searbh, aigéadacht ard, dea-bholaithe citris.

Fíonta rosé – dath imireacha rosé nó dath duilleog oinniúin triomaithe nó peiteal rós, dea-bholaithe basail, torthaí foraoise, blasanna fíneáilte fanaile tar éis beagáinín aosaithe, boltanach mar aon le bolaithe sútha craobh, sútha talún fiáine, agus silíní talún agus silíní searbha uaireanta.

Tagann na luachanna le haghaidh aigéadacht iomlán uasta faoi réir na dteorainneacha a leagtar síos i ndlí ábhartha an Aontais Eorpaigh.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): 15

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 11,00

Aigéadacht iomlán íosta: 4,5 gram in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): 18

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): 200

2.   Tréithe orgánaileipteacha - fíonta dearga

Fíonta dearga

Dath – dath dearg domhain an rúibín, ar dath é a éiríonn donnrua nuair a aosaítear iad, rúibíneach, deargdhonn, gairnéad measartha nó dian nó imireacha corcra.

Boladh – basal, torthaí dearga foraoise, agus forbraítear ruainníní vialaite, taininne, tobac, leathair nuair a aosaítear iad agus nuair a aibítear sa bhairille iad forbraíonn siad ruainníní fanaile, fíonchaora atá ag aibiú, sútha craobh agus sútha talún fiáine.

Blas – blasanna fanaile nuair a aosaítear iad, torthaí aibí foraoise, dea-bholaithe luibheacha, sútha talún fiáine, silíní goirt, silíní searbha, crapthacht mheasartha, blasanna bunaidh prúnaí, adhmaid, tathagach, dea-bholaithe torthaí úra, míne.

Tagann na luachanna le haghaidh aigéadacht iomlán uasta faoi réir na dteorainneacha a leagtar síos i ndlí ábhartha an Aontais Eorpaigh.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): 15

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 11

Aigéadacht iomlán íosta: 4,5 gram in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): 20

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): 150

3.   Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

Saintréithe de chuid na bhfíonta súilíneacha ar ardchaighdeán is ea a bhfíneáltacht, a n-úire, a nádúrthacht, a ndea-bholaithe coipthe lena ngabhann ruainníní aibreog, sútha talún, suibhe róis, agus iad méadaithe le mionsúilíniú fíneálta agus mar thoradh ar bhoilgeoga beaga go barr na gloine, flúirse súilíneachta.

Dath: scoth-ghlasbhán nó buíghlas i gcás fíonta geala, sa raon go bándearg éadrom, mar aon le méid beag ton rúibíneach i gcás fíonta rosé nó dearga;

Boladh: úr, saintréithe i gcás an táirge, dea-bholaithe coipthe lena ngabhann ruainní bláthacha;

Blas: torthaíoch (aibreoga, sútha talún, seadóga), fíneálta, saintréithe céadfacha a bhfuil boladh giosta uathu, géar de bharr dé-ocsaíd charbóin a bheith ann, mar aon le blas sonrach.

Flúirse mionsúilínithe ann, mar aon le haerú leanúnach, agus boilgeoga beaga ann go barr na gloine.

Farasbarr brú ag 20 °C: méid íosta 3,5 bar.

Déantar difreáil maidir leis an aigéadacht luaineach uasta: i gcás fíonta geala/rosé, luach 18 milleachoibhéis in aghaidh an lítir atá ann agus, i gcás fíonta dearga, luach 20 milleachoibhéis in aghaidh an lítir atá ann.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): 15

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 10,00

Aigéadacht iomlán íosta: 6,00 gram in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): 185

4.   Fíonta súilíneacha aramatacha ar ardchaighdeán

Baineann an méid seo a leanas leis na fíonta súilíneacha aramatacha ar ardchaighdeán: dath buí na tuí, mar aon le himireacha scothghlas-buí nó gealáin scothghlasa (Tămâioasă românească, Muscat Ottonel), nó bándearg mar aon le himireacha corcairghorma (Busuioacă de Bohotin, Traminer roz), agus flúirse múis agus boilgeoga míne, fadmharthanacha ann.

Déantar dea-bholadh sonrach lena gcaomhnaítear dea-bholaithe teirpéineacha na bhfíonchaor a gcuirtear comhdhúile aramatacha luaineacha ó choipeadh alcólach isteach leo, agus é fíneálta agus leathan, mar aon le dea-bholaithe citris, bláthanna oráiste, basal agus peitil róis agus, ar deireadh, dea-bholaithe éadroma torthaí dearga úra. Tá an fíon súilíneach an-taitneamhach mar thoradh ar an gcothromaíocht idir an leibhéal aigéadachta agus an méid siúcra, agus baineann marthanacht mhaith leis.

Tá dea-bholadh musc-chaor air agus gabhann blasanna basail, rós agus féir nua-bhainte leis, bíonn an blas taitneamhach agus bríomhar de bharr na cothromaíochta idir milseacht agus aigéadacht. Flúirse mionsúilínithe ann, mar aon le haerú leanúnach, agus boilgeoga beaga ann go barr na gloine.

Farasbarr brú ag 20 °C: méid íosta 3 bar.

Is é atá in aigéadacht luaineach uasta i gcás fíonta geala/rosé 18 milleachoibhéis in aghaidh an lítir.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): 15,00

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 6,00

Aigéadacht iomlán íosta: 6,0 gram in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): 185

5.   Fíonta leathshúilíneacha

Dath: scoth-ghlasbhán nó buíghlas i gcás fíonta geala, sa raon go bándearg éadrom nó méid beag ton rúibíneach i gcás fíonta rosé nó dearga;

Boladh: úire, blasanna úra sútha talún, citreach – seadóga, aibreoga aibí, bláth troim, basal;

Blas: torthaíoch, fíneálta, cothromaithe, saintréithe céadfacha a bhfuil boladh giosta uathu, géar de bharr dé-ocsaíd charbóin a bheith ann, mar aon le blas sonrach torthaí citreacha úra agus torthaí foraoise.

Flúirse mionsúilínithe ann, mar aon le haerú leanúnach, agus boilgeoga beaga ann go barr na gloine.

Farasbarr brú ag 20°C: méid íosta 1,0 bar agus méid uasta 2,5 bar.

Déantar difreáil maidir leis an aigéadacht luaineach uasta: i gcás fíonta geala/rosé, luach 18 milleachoibhéis in aghaidh an lítir atá ann agus, i gcás fíonta dearga, luach 20 milleachoibhéis in aghaidh an lítir atá ann.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): 15,00

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 7,00

Aigéadacht iomlán íosta: 5,00 gram in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): 235

5.   Cleachtais fhíoneolaíocha

a.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

Cleachtas saothraithe

Faoi réir fógra ó ONVPV (an Oifig Náisiúnta um Fhíniúnacha agus um Fhíonta), ní cheadaítear uisciú ach amháin le linn blianta triomaigh nuair a thagann laghdú ar an gcion uisce san ithir ag doimhneacht 0-100 cm go 50 % den AHI (eatramh bogthaise gníomhaí), agus caighdeáin réasúnacha uiscithe á gcur i bhfeidhm (400-600 m3/ha).

Glasbhuaint – agus an líon triopall fíonchaor á laghdú ag tús an aibithe nuair atá an táirgeadh féideartha níos mó ná na teorainneacha uasta a cheadaítear faoin tsonraíocht táirge.

b.   Uastáirgeacht

1.

a bhuantar tráth na haibíochta iomláine, cineálacha Sauvignon, Muscat Ottonel, Pinot gris, Chardonnay, Busuioacă de Bohotin

11 500 cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

2.

a bhuantar tráth na haibíochta iomláine, cineálacha Cabernet Sauvignon, Fetească neagră, Pinot noir

11 500 cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

3.

a bhuantar tráth na haibíochta iomláine, cineálacha Merlot, Băbească neagră

12 000 cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

4.

a bhuantar tráth na haibíochta iomláine, cineálacha Fetească regală, Aligote, Fetească albă, Riesling Italian

12 500 cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

5.

buain dhéanach, cineálacha Muscat Ottonel, Sauvignon, Pinot gris, Chardonnay, Busuioacă de Bohotin

10 000 cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

6.

buain dhéanach, cineálacha Cabernet Sauvignon, Pinot noir, Fetească neagră, Merlot, Fetească albă, Merlot, Riesling Italian

10 000 cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

7.

a bhuantar nuair a bhíonn lobhadh uasal ar na fíonchaora, cineálacha Busuioacă de Bohotin, Muscat Ottonel, Pinot gris

8 000 cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

8.

a bhuantar tráth na haibíochta iomláine, cineálacha Muscat Ottonel, Sauvignon, Pinot gris, Chardonnay, Busuioacă de Bohotin

86 heictilítear in aghaidh an heicteáir

9.

a bhuantar tráth na haibíochta iomláine, cineálacha Cabernet Sauvignon, Pinot noir, Fetească neagră

86 heictilítear in aghaidh an heicteáir

10.

a bhuantar tráth na haibíochta iomláine, cineálacha Merlot, Băbească neagră

90 heictilítear in aghaidh an heicteáir

11.

a bhuantar tráth na haibíochta iomláine, cineálacha Fetească regală, Aligote, Riesling Italian, Fetească albă

94 heictilítear in aghaidh an heicteáir

12.

buain dhéanach, cineálacha Muscat Ottonel, Sauvignon, Pinot gris, Chardonnay, Busuioacă de Bohotin

65 heictilítear in aghaidh an heicteáir

13.

buain dhéanach, cineálacha Cabernet Sauvignon, Pinot noir, Fetească neagră, Merlot, Fetească albă, Merlot, Riesling Italian

65 heictilítear in aghaidh an heicteáir

14.

a bhuantar nuair a bhíonn lobhadh uasal ar na fíonchaora, cineálacha Busuioacă de Bohotin, Muscat Ottonel, Pinot gris

52 heictilítear in aghaidh an heicteáir

15.

fíonta súilíneacha aramatacha ar ardchaighdeán, Tămâioasă românească, Busuioacă de Bohotin

12 500 cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

16.

fíonta súilíneacha aramatacha ar ardchaighdeán, Traminer roz

11 500 cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

17.

fíonta súilíneacha aramatacha ar ardchaighdeán, Muscat Ottonel

11 000 cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

18.

fíonta súilíneacha aramatacha ar ardchaighdeán, Tămâioasă românească, Busuioacă de Bohotin

92,5 heictilítear in aghaidh an heicteáir

19.

fíonta súilíneacha aramatacha ar ardchaighdeán, Traminer roz

86 heictilítear in aghaidh an heicteáir

20.

fíonta súilíneacha aramatacha ar ardchaighdeán, Muscat Ottonel

81,40 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Tá an limistéar atá críochaithe le haghaidh táirgeadh fíonta ag a bhfuil ainmniúchán tionscnaimh cláraithe ‘Bohotin’ suite sna limistéir seo a leanas de chuid Chontae Iași:

Bardas Răducăneni, sráidbhailte Răducăneni, Isaiia, Bohotin, Roșu;

Bardas Moșna, sráidbhaile Moșna;

Bardas Cozmești, sráidbhailte Cozmești, Podolenii de Sus, Podolenii de Jos;

Bardas Dolhești, sráidbhailte Dolhești, Pietriș agus Brădiceşti;

Bardas Gorban, sráidbhailte Gorban, Gura Bohotin, Podu Hagiului;

Bardas Ciortești, sráidbhailte Ciortești, Coropceni, Deleni, Șerbești.

7.   Cineál (nó cineálacha) fíonchaor

Aligoté B - Plant de trois, Plant gris, Vert blanc, Troyen blanc

Busuioacă de Bohotin Rs – Schwarzer Muscat, Muscat fioletovii, Muscat violet cyperus, Muscat rouge de Frontignan

Băbească neagră N - Grossmuttertraube, Hexentraube, Crăcana, Rară neagră, Căldărușă, Serecsia

Cabernet Sauvignon N - Petit Vidure, Burdeos tinto

Chardonnay B - Gentil blanc, Pinot blanc Chardonnay

Fetească albă B – Păsărească albă, Poama fetei, Mädchentraube, Leanyka, Leanka

Fetească neagră N – Schwarze Mädchentraube, Poama fetei neagră, Păsărească neagră, Coada rândunicii

Fetească regală B - Königliche Mädchentraube, Königsast, Kiralyleanka, Dănășană, Galbenă de Ardeal

Merlot N – Bigney rouge, Plant Medoc

Muscat Ottonel B - Muscat Ottonel blanc

Pinot Gris G - Affumé, Grauer Burgunder, Grauburgunder, Grauer Mönch, Pinot cendré, Pinot Grigio, Ruländer

Pinot noir N - Blauer Spätburgunder, Blauer Burgunder, Burgund mic, Burgunder roter, Klăvner Morillon Noir

Pinot noir N - Spätburgunder, Pinot nero

Riesling italian B - Olasz Riesling, Olaszriesling, Welschriesling

Sauvignon B - Sauvignon blanc

Traminer Rose Rs - Rosetraminer, Savagnin Rose, Gewürztraminer

Tămâioasă românească B - Busuioacă de Moldova, Muscat blanc à petit grains

Tămâioasă românească B - Rumänische Weihrauchtraube, Tamianka, Tămâioasă albă de Drăgășani

8.   Tuairisc ar an nasc (nó ar na naisc)

8.1.   Mionsonraí an limistéir gheografaigh

Is éard atá sa rilíf idirdhromanna dealbhóireachta, agus í beagáinín cuartha, beagáinín claonta ar aon taobh ó dheas. Tá na fánaí fadaithe, measartha aonfhoirmeach, agus meánfhána 10-15 % ann. Tá an chéad chéim de rilíf lena ngabhann airdí suas go 30 m suite siar ó ghleann shruthán Moșna; tá an dara céim de rilíf lena ngabhann airdí 50-100 m ann i bhfoirm fána fada 7-8 km agus 1.5-2 km ar leithead; maidir leis tríú céim de rilíf lena ngabhann airde nach mó ná 200 m, tá sí ann sa leath oirthearach d’abhantrach shruthán Moșna.

Baineann tosca geolaíocha leis an méid seo a leanas: Bessarabian (cré, gaineamhchloch chailcreach, gaineamh) ina bhfuil sil-leagain lóis ag a bhfuil tiús 3-4 m; Carraig ‘Kerrssoniam’ (créanna gainmheacha, gaineamh agus gaineamhchlocha coincréite measctha ann), arb é atá ann an chuid uachtarach den rilíf ag airdí os cionn 200 m; Carraig ‘Meotian’ (cinerite gainmheach ag a bhfuil tiús 10-20 m) atá le feiceáil i gcodanna aonair de na limistéir is airde, ceathartha íochtaracha (sil-leagain abhann) soir ó Cozmești ar léibhinn an Prut.

Tá drochléiriú ar líonra uisce i bhfoirm shruthán Moșnișoara sa chuid oirthearach den chríoch agus i bhfoirm sruthán níos lú ná sin in aice láimhe a dhraenálann an taobh deas den chríoch.

Tá an aeráid — de chineál ilchríochach — iomarcach, agus geimhrí crua agus samhraí tirime ann, agus imríonn an sreabhadh aeir chuig gleann oscailte Prut tionchar uirthi. Saintréithe: meánteocht bhliantúil 9,6 °C, fad an tséasúir fáis 183 lá ar an meán, cothromaíocht teasa fhoriomlán 3 693-4 309 °C, cothromaíocht teasa ghníomhach 3 223-3 879 °C agus cothromaíocht teasa úsáideach le haghaidh na bhfíniúnacha 1 330-1 739 °C.

Is í mí Eanáir (–3,6 °C) an mhí is fuaire den bhliain nuair a thaifeadtar dearbhtheochtaí íosta suas go –26,8 °C, rud a chuireann fíniúnacha gan chosaint i mbaol, agus is í mí Iúil (+ 21,3 °C) an mhí is teo den bhliain, agus is minic a fhorluíonn dearbhtheochtaí uasta suas go + 41,6 °C le tréimhsí triomaigh.

Is é 2 137 n-uair an chloig méid iomlán an ghrianraithe bhliantúil, lena n-áirítear 1 348 n-uair an chloig i dtréimhse fáis na bhfíniúnacha. Is é 517,8 mm méid iomlán na báistí bliantúla, lena n-áirítear 320,5 mm i dtréimhse fáis na bhfíniúnacha.

Tarlaíonn an bháisteach is airde i rith an tsamhraidh (Meitheamh go Iúil) agus tarlaíonn an bháisteach is ísle i rith an gheimhridh (Eanáir go Feabhra).

Ithreacha — Molasóil chambacha/seornaiseom den chuid is mó atá ann (30-35 %), agus ithreacha cré ina dhiaidh sin i limistéir arda (airde 250-300 m). Sa limistéar ardchláir, léirítear carraigeacha ithreach le sil-leagain lóis, agus i limistéar an Tuaiscirt Láir, le gaineamhchloch chailcreach.

8.2.   Mionsonraí faoin táirge

Bíonn na fíonta socra a fhaightear sa limistéar seo éadrom i gcoitinne, tá aigéadacht bhreise ag na fíonta geala, ní bhíonn siad an-eastóscach ach is gnáththréithe iad de chuid na gcineálacha óna bhfaightear iad. Tá acmhainneacht ard ag na cineálacha fíonchaor dearg chun fíonta ar ardchaighdeán a tháirgeadh sa limistéar seo chun antóiciaininí (fíonta tainneacha ina bhfuil carnadh datha) a charnadh, má tharlaíonn gnáth-aibiú feanólach 2 sheachtain tar éis aibiú teicneolaíoch.

Tá carachtar speisialta ag Busuioacă de Bohotin, ar féidir leis fíonta rosé atá milis go nádúrtha ina bhfuil siúcra iarmharach a tháirgeadh i roinnt blianta ina mbíonn fómhair fhada theo. Tá an fíon seo olartha, agus dath ómra air, agus é lán le dea-bholaithe a chuireann peitil róis, basal agus túis i gcuimhne ag an am céanna, toisc gurb é sin cineál sonrach an limistéir óna bhfuair a ainm.

Fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán

Fíneáltacht, úire, nádúrthacht, dea-bholaithe coipthe lena ngabhann blasanna d’aibreoga aibí, sútha talún, suibhe peiteal róis, agus iad méadaithe le mionsúilíniú mín leanúnach lena ngabhann boilgeoga beaga go hairde iomlán na gloine, agus súilíneacht fhlúirseach ann;

Dath sa raon ó scothghlas-bhán nó buíghlas i gcás fíonta geala go bándearg éadrom agus toin beagáinín rúibíneach i gcás fíonta rosé nó dearga;

Dea-bholadh úr, dea-bholaithe coipthe lena ngabhann imireacha bláthacha;

Blas torthaíoch (aibreoga, sútha talún, seadóga), saintréithe míne céadfacha a bhfuil blas giosta uathu, géar mar gheall ar dhé-ocsaíd charbóin a bheith ann, agus blas sonrach orthu.

Fíonta súilíneacha aramatacha ar ardchaighdeán

Dath buí na tuí le himireacha glasa-buí agus gealáin scothghlasa (Tămâioasă românească, Muscat Ottonel), nó bándearg mar aon le himireacha corcairghorma (Busuioacă de Bohotin, Traminer roz), agus mús flúirseach agus boilgeoga míne, marthanacha ann.

Déantar dea-bholadh sonrach lena gcaomhnaítear dea-bholaithe teirpéineacha na bhfíonchaor a gcuirtear comhdhúile aramatacha luaineacha ó choipeadh alcólach isteach leo, agus é fíneálta agus leathan, mar aon le dea-bholaithe citris, bláthanna oráiste, basal agus peitil róis agus, ar deireadh, dea-bholaithe éadroma torthaí dearga úra. Agus cothromaíocht ann idir an leibhéal aigéadachta agus an méid siúcra, mar aon le marthanacht mhaith. Tá dea-bholadh breá Muscat ann, mar aon le himireacha basail, rósanna agus féir tirim nualomtha, agus bíonn an blas bríomhar mar gheall ar an gcothromaíocht idir milseacht agus aigéadacht.

Fíonta leathshúilíneacha

Dath scoth-ghlas-bhán nó dath buíghlas i gcás fíonta geala, sa raon go bándearg éadrom nó toin beagáinín rúibíneach i bhfíonta rosé nó dearga;

Dea-bholadh lena ngabhann úire, blasanna úra sútha talún, citris – seadóg, aibreoga aibí, bláth troim, basal;

Blas torthaíoch, saintréithe céadfacha míne, cothromaithe, a bhfuil blas giosta uathu, géar mar gheall ar dhé-ocsaíd charbóin a bheith ann, mar aon le blas sonrach torthaí citris úra agus torthaí foraoise. mionsúilíniú flúirseach, aerú leanúnach lena ghabhann boilgeoga beaga go dtí airde iomlán na gloine.

8.3.   Mionsonraí faoi thosca daonna

Chun na fíonta a fháil, déanann cion mór de na saothróirí fíniúna na fíonchaora a bhuain san oíche chun an t-am próiseála teicneolaíochta a laghdú, rud a fhágann nach ndéantar mais na ngrán buainte a fhuarú, agus próiseáil thapa agus mhín an úrfhíona ina dhiaidh sin chun laghdú na gcothaitheach is gá le haghaidh coipthe a sheachaint. I gcásanna áirithe, úsáideann táirgeoirí seansiléir áirithe nó áitribh nua-aimseartha áirithe chun críoch stórála chun an aeráid stórála is fearr is féidir a áirithiú le haghaidh na bhfíonta chun a n-úire a chaomhnú ar feadh tréimhse níos faide, go háirithe i gcás fíonta súilíneacha geala ar ardchaighdeán, ach chun cuidiú a thabhairt le linn an aibithe freisin (sna siléir, tá boird rillte ann a úsáidtear chun fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán a fháil).

Déantar struchtúr na fíniúna a bhainistiú freisin, trí bhíthin oibreacha glasa, ach sin ag brath ar shuíomh na ceapaí ar an bhfána agus ar thorthú sonrach an chineáil. Déantar péacáin a phrúnáil roimh bhláthú freisin chun socrú torthaí a chur chun cinn de réir céatadán i bhfad níos airde agus chun meánmheáchan triopaill agus táirgeadh cineálacha amhail Fetească regală, Tămâioasă românească agus Muscat Ottonel in aghaidh an aonaid dromchla a mhéadú. Déantar rialú fiailí tríd an ithir a lomadh agus leas a bhaint aisti trí úsáid a bhaint as cartairí ar a bhfuil braiteoirí.

Déanann na saothróirí fíniúna bainistíocht shaineolach ar an bhfíniúin agus tá siad in ann a spreacadh agus méid an bhairr a mhodhnú a bhuí le modhanna atá dírithe ar tháirgeacht a rialú.

Trí fhíonchaora iomlána a úsáid, trí úrfhíon a tháirgtear le linn iompair a bhaint, trí láimhseáil chúramach a dhéanamh, trí bhrú i dtimpeallacht ghlan le trealamh oiriúnach agus de réir rialacha lena sainítear cóimheas beacht idir meáchan na buainte próiseáilte agus méid an úrfhíona a eastósctar, ráthaítear cáilíocht agus soiléireacht an úrfhíona a fhaightear, áirithítear eastóscadh bog lena gcaomhnaítear fíneáltacht na ndea-bholaithe torthaíocha, agus cruthaítear fíonta a bhfuil déine mhaith agus dea-bholaithe maolaithe acu. Trí fhíonta a aosú ar mhoirt, tugtar dea-bholaithe treasacha dóibh a chuireann lena gcastacht.

8.4.   Idirghníomhaíocht chúisíoch

Ós rud é nach bhforluíonn an limistéar seo ar ghleannta doimhne a osclaítear amach i móinéar Prut, a mheallann cuid mhór sruthanna fuara agus nach bhfástar fíniúnacha sa tríú cuid is ísle de na fánaí de ghnáth, tá tionchar na ndearbh-íosteochtaí sa gheimhreadh íseal dá bhrí sin agus is féidir a mheas go bhfuil an limistéar sin fabhrach do shaothrú fíniúnacha.

Tá fíniúnacha á bhfás in Bohotin ón gcianaois, agus measann roinnt údar fiú gur tháinig cineál Busuioacă de Bohotin chun cinn sa limistéar sin. Faigheann lonnaíocht Bohotin a ainm ó shruthán Bohotin a théann tríd an limistéar nó, de réir foinsí éagsúla, ó ainm duine de na sean-saothróirí fíniúna darb ainm Bohotinean. Tá cáil tagtha ar chineál Busuioacă de Bohotin mar gheall ar a shainiúlacht, agus is é an t-aon chineál Rómánach é le haghaidh fíonta aramatacha ar dhath rosé go dearg, rud a fhágann go bhfuil sé uathúil sa raon fíonta a tháirgtear sa Rómáin.

Aithnítear carachtar uathúil chineál Busuioacă de Bohotin mar chineál Rómánach ar fud an domhain sa saothar a d’fhoilsigh Hachette: In Dictionnaire Encyclopédique des Cépages, a bhfuil thart ar 10 000 cineál fíniúna atá ann ar fud an domhain san áireamh ann, léirítear go soiléir gur ‘cineál fíona dheirg aramataigh ón Rómáin é Busuioaca de Bohotin’.

Saothraítear láithreacht na gcnámhithreacha ina bhfuil cion ard carbónáite cailciam chun na cineálacha aramatacha tipiciúla a shaothrú arb iad na cineálacha iad as a ndéantar fíonta socra, atá eastóscach, úr agus ag a bhfuil carachtar mianrach agus dea-bholaithe bláthacha casta dea-shainithe (acáise, basal, caor throim, mil).

Tá acmhainní héiliteirmeacha saibhre agus acmhainneacht mhór ag an limistéar ag an airde is airde (300 - 340 m), agus ithreacha den chineál is lú torthúlacht mar aon le cion ard aolchloiche cnámharlaigh, agus tá nochtadh ó dheas ann atá fabhrach do chineálacha dearga.

Tá na fíonta geala a tháirgtear ann torthaíoch agus tá carachtar mianrach suntasach acu. Cosnaíonn nochtadh iartharach na bhfíonghort iad ar nochtadh láidir leis an ngrian agus, in éineacht leis na teochtaí níos measartha arb iad na sruthanna aeir ar chonair abhann Prut is cúis leo, caomhnaíonn siad blasanna aigéadachta agus blasanna luibheolaíocha agus bláthacha na bhfíonchaor ar bhealach níos fearr. Ag an am céanna, mar gheall ar an spreacadh laghdaithe a eascraíonn as an ithir nach bhfuil chomh torthúil céanna, tá na fíonta dearga sa limistéar seo tathagach, láidir, saibhir ó thaobh tainníní de, agus tá acmhainneacht ard aosaithe acu (dea-bholaithe torthaí foraoise aibí, cuiríní, prúnaí, adhmaid, blasanna spíosracha).

Rannchuidíonn easpa teochtaí an-ard (tonnta teasa) agus tionchar sruthanna aeir ó ghleann Prut le haigéid orgánacha a choinneáil sna fíonchaora, rud a fhágann go mbíonn fíon ann ag a bhfuil aigéadacht iomlán ard, pH íseal, agus iad bríomhar agus friseáilte. De bhreis air sin, fágann taithí na saothróirí fíniúna áitiúla, in éineacht leis na teicnící fíonsaothrúcháin atá ann faoi láthair, go dtáirgtear fíonta ar ardchaighdeán. Ó thaobh na tíreolaíochta de, tá ról lárnach ag an macraeráid in éineacht le cáilíochtaí na gcineálacha a fhástar maidir le fíonta an fhíonghoirt seo a idirdhealú ó fhíonta a tháirgtear ó na cineálacha céanna i bhfíonghoirt eile.

Maidir le fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán – fabhraíonn seornaiseoim láiste agus liath, ag a bhfuil uigeacht ghainmheach-dhúrabhánach a fheabhsaíonn na hairíonna fisiceacha trína gcuid buntréithe bithcheimiceacha (déine na gníomhaíochta bitheolaíche, cion suntasach húmais, acmhainneacht mhéadaithe malartaithe caitianaigh, imoibriú neodrach atá beagáinín aigéadach, sáithiú ard i mbunanna agus i gcothaithigh, aeráid ilchríochach mheasartha ag a bhfuil saintréithe measartha ilchríochacha ar chnoic arda agus radaíocht ghréine 120 Kcal/cm2/sa bhliain ar an meán, agus meánbháisteach 524 mm ann) cothromaíocht an-mhaith idir aigéadacht, siúcraí agus comhdhúile aramatacha, agus bailchríoch á ndéanamh le boilgeoga míne.

Maidir le fíonta súilíneacha aramatacha ar ardchaighdeán - fabhraíonn aeráid ilchríochach mheasartha lena ngabhann geimhrí séimhe, samhraí teo agus fómhair fhada carnadh cainníochtaí móra siúcraí agus dea-bholaithe atá sainiúil mar gheall ar bholaithe torthaíocha atá tipiciúil don limistéar (in Busuioacă de Bohotin - sútha talún agus seadóga, in Muscat Ottonel - aibreoga aibí agus in Tămâioasă Românească - bláth troim agus basal).

Fabhraíonn an seornaiseoim láiste agus liath agus an aeráid mheasartha ilchríochach an chothromaíocht idir aigéadacht, siúcraí agus comhdhúile aramatacha, agus tríd an gcothromaíocht sin a choinneáil i ndálaí optamacha caomhnaítear an pailéad aramatach tipiciúil torthaí aibí agus úire bhríomhar na bhfíonta leathshúilíneacha.

9.   Ceanglais shonracha eile (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Coinníollacha margaíochta

Creat dlíthiúil:

sa reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Ní mór fíonta ar a bhfuil an t-ainmniúchán tionscnaimh cláraithe ‘Bohotin’ a bhuidéalú i bpacáistíocht ghloine ag a bhfuil toilleadh suas le 1,5 lítear.

Ní mór príomhlipéad agus contra-lipéad (nó lipéad tánaisteach) a bheith ag fíonta ar a bhfuil an t-ainmniúchán tionscnaimh cláraithe ‘Bohotin’ nuair a dhéantar iad a phacáistiú agus a lipéadú.

Maidir le lipéadú na bhfíonta, féadfar an t-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint Bohotin a fhorlíonadh le ceann amháin de na hainmneacha fíonghoirt aonair seo a leanas, ach sin ag brath ar leasanna na dtáirgeoirí: RĂDUCĂNENI, DEALUL ROȘU, DEALUL MOȘNA, GORBAN, PODOLENI, COZMEȘTI, DEALUL ISAIIA.

Coinníollacha a bhaineann le táirgeadh sa limistéar

Creat dlíthiúil:

i reachtaíocht an Aontais

Cineál an choinníll breise:

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Féadfar táirgeadh fíonta ag a bhfuil an t-ainmniúchán tionscnaimh cláraithe Bohotin ó fhíonchaora a bhuantar i limistéar críochaithe ATC Bohotin a chur i gcrích freisin i saoráidí fíonóireachta atá suite i bhforanna riaracháin a theorannaíonn an limistéar críochaithe, go háirithe bardas Iași (contae Iași) agus bardas Huși (contae Vaslui).

Coinníollacha lipéadaithe

Creat dlíthiúil:

sa reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Maidir leis an lipéad, ní mór an modh trína bhfuarthas an fíon súilíneach ar ardchaighdeán (go traidisiúnta trí choipeadh sa bhuidéal nó coipeadh in umair bhrú) agus an cineál as a dtagann sé i gcás fíonta súilíneacha aramatacha ar ardchaighdeán a chur in iúl air.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://www.onvpv.ro/sites/default/files/caiet_sarcini_doc_bohotin_modif_cf_cererii_28.07.2020_si_notific_com_20.03.2024_no_track_changes.pdf


(1)  Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/623/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)