European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/611

26.2.2025

FÓGRA EARCAÍOCHTA PE/324/2025/S

STIÚRTHÓIR

(Grúpa Feidhme AD, grád 14)

An Ard-Stiúrthóireacht um beartais sheachtracha an Aontais – An Stiúrthóireacht um na Réigiúin

(C/2025/611)

 

1.   Folúntas

Tá cinneadh déanta ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa tús a chur leis an nós imeachta chun post Stiúrthóra (AD, grád 14) a líonadh laistigh den Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Sheachtracha an Aontais, an Stiúrthóireacht um na Réigiúin, ar bhonn Airteagal 29(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (1) (dá ngairtear ‘na Rialacháin Foirne’ anseo feasta).

Seolfar an nós imeachta roghnúcháin seo, a bhfuil sé d’aidhm aige an rogha is leithne d’iarrthóirí a thabhairt don Údarás Ceapacháin, ag an am céanna leis na nósanna imeachta inmheánacha agus idirinstitiúideacha chun poist a líonadh.

Leagtar síos luach saothair agus coinníollacha fostaíochta sna Rialacháin Foirne. Is ar ghrád AD 14 a dhéanfar an earcaíocht sin (2). I dteannta an bhuntuarastail, atá faoi réir cáin a théann chun sochair don Aontas agus atá díolmhaithe ó cháin náisiúnta, tá liúntais áirithe a d’fhéadfaí a íoc leis an té a cheapfar, de réir mar a leagtar amach sna Rialacháin Foirne.

Tarraingítear aird na n-iarrthóirí ar an oibleagáid a fhorchuirtear leis na Rialacháin Foirne ar gach ball foirne nua tréimhse phromhaidh naoi mí a chur i gcrích go rathúil agus ar an bhfíoras go bhfuil an post seo faoi réir na rialacha maidir leis an mbeartas soghluaisteachta arna nglacadh ag Biúró Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2018.

Éilítear solúbthacht leis an bpost seo agus go ndéanfar teagmháil go rialta le daoine laistigh den Pharlaimint agus lasmuigh di, go háirithe leis na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Iarrfar ar an Stiúrthóir dul ar mhisin go minic chuig ionaid éagsúla oibre Pharlaimint na hEorpa.

2.   Ionad fostaíochta

An Bhruiséil. D’fhéadfaí an post seo a aistriú go dtí ceann d’ionaid eile oibre Pharlaimint na hEorpa.

3.   Comhionannas deiseanna

Cuireann Parlaimint na hEorpa beartas comhionannais deiseanna i bhfeidhm agus tugann sí an aird is mó ar na hiarratais go léir gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.

4.   Cúraimí an phoist

Mar oifigeach sinsearach, beidh an Stiúrthóir freagrach as na dualgais seo a leanas, de réir na dtreoirlínte agus na gcinntí arna leagan síos ag an údarás parlaiminteach agus ag an Ard-Stiúrthóir (3):

dea-fheidhmiú roinne móire den Ardrúnaíocht a áirithiú, ar roinn í ina bhfuil aonaid éagsúla a chumhdaíonn réimsí freagrachta na Stiúrthóireachta, i gcomhréir le beartais na hinstitiúide,

foirne de ghníomhairí a bhainistiú, a mhaoirsiú, a spreagadh agus a chomhordú; an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní na roinne agus caighdeán cáilíochta na seirbhíse (eagrú, bainistiú acmhainní daonna agus buiséid, nuálaíocht, etc.) a áirithiú sna réimsí gníomhaíochta,

gníomhaíochtaí na Stiúrthóireachta (cuspóirí agus straitéisí a leagan amach) a phleanáil, na cinntí is gá a ghlacadh chun na cuspóirí a leagfar síos a ghnóthú, measúnú a dhéanamh ar na seirbhísí atá ar fáil chun cáilíocht na seirbhísí sin a ráthú,

comhairle a chur ar an Ard-Stiúrthóir, ar an Ard-Rúnaí agus ar Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa sna réimsí gníomhaíochta,

comhoibriú leis na stiúrthóireachtaí éagsúla san Ardrúnaíocht, ionadaíocht a dhéanamh ar an institiúid agus conarthaí nó comhaontuithe a chaibidliú ina réimsí gníomhaíochta,

tionscadail shonracha a bhféadfadh freagrachtaí airgeadais a bheith ag gabháil leo a bhainistiú agus a thabhairt chun críche,

feidhmeanna oifigigh údarúcháin trí fhotharmligean a fheidhmiú.

5.   Incháilitheacht

Tá an nós imeachta roghnúcháin seo oscailte d’iarrthóirí a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas faoin dáta deiridh chun iarratas a chur isteach:

a)   Coinníollacha ginearálta

I gcomhréir le hAirteagal 28 de na Rialacháin Foirne, ní mór duit:

a bheith i do náisiúnach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (4),

do lánchearta mar shaoránach a bheith á dteachtadh agat,

do dhualgais a bheith comhlíonta agat i ndáil leis na hoibleagáidí seirbhíse míleata is infheidhme de réir dlí,

na teistiméireachtaí carachtair a bheith agat is iomchuí do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh.

b)   Coinníollacha sonracha

i)   Cáilíochtaí a éilítear

nuair is ceithre bliana nó níos mó an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh, ar céim í a aithnítear go hoifigiúil i gceann amháin de Bhallstáit an Aontais,

nuair is trí bliana ar a laghad an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh (5), ar céim í a aithnítear go hoifigiúil i gceann amháin de Bhallstáit an Aontais, mar aon le taithí ghairmiúil iomchuí d’aon bhliain amháin ar a laghad i ndiaidh na céime.

Maidir leis na céimeanna, cibé an i mBallstát nó i dtír eile a bhronntar iad, ní mór iad a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil Ballstáit den Aontas Eorpach, amhail Aireacht Oideachais Ballstáit den Aontas Eorpach.

Na hiarrthóirí a bhfuil céimeanna acu a bhronn tír nach Ballstát den Aontas í (6), ní mór dóibh coibhéis Eorpach a gcuid céimeanna a cheangal lena n-iarratas. Le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir le haitheantas do cháilíochtaí a fuarthas i dtríú tír faoi chuimsiú líonraí ENIC-NARIC, téigh chuig an suíomh https://www.enic-naric.net/.

ii)   An taithí ghairmiúil atá riachtanach

Taithí ghairmiúil a bheith bainte amach tar éis na cáilíochtaí dá dtagraítear thuas a bhaint amach:

dhá bhliain déag, agus cuid di ar a laghad déanta i réimsí freagrachta na Stiúrthóireachta, agus lena gcuimsítear an méid seo a leanas:

sé bliana ar a laghad i dtimpeallacht Eorpach agus/nó idirnáisiúnta, agus

sé bliana ar a laghad ar leibhéal bainistíochta i roinn mhór.

iii)   Eolas ar theangacha

Ní mór eolas sármhaith a bheith ag na hiarrthóirí ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (7), agus eolas an-mhaith a bheith acu ar cheann amháin eile ar a laghad de na teangacha sin.

Tabharfaidh an Coiste Comhairleach aird ar eolas ar theangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

6.   Trialacha

Chun cabhrú leis an Údarás Ceapacháin a rogha a dhéanamh, déanfaidh an Coiste Comhairleach um Oifigigh Shinsearacha a Cheapadh liosta iarrthóirí a dhréachtú agus molfaidh sé do Bhiúró Pharlaimint na hEorpa cé hiad na daoine a nglaofar orthu chun agallaimh. Glacfaidh an Biúró an liosta, agus seolfaidh an Coiste na hagallaimh agus cuirfidh sé a thuarascáil chríochnaitheach faoi bhráid an Bhiúró le haghaidh cinneadh. Ag an gcéim sin, féadfaidh an Biúró na hiarrthóirí a chur faoi agallamh.

Beidh na hagallaimh bunaithe ar an gcur síos ar chúraimí an phoist, mar a shonraítear faoi phointe 4 den fhógra seo iad, agus ar na hinniúlachtaí seo a leanas:

bua na straitéise,

cumas bainistíochta,

cumas pleanáil chun cinn,

cumas freagairt d’athruithe,

críochnúlacht,

cumas cumarsáide.

7.   Iarratais a chur isteach

Is é an dáta deiridh chun iarratas a chur isteach ná

Dé Céadaoin, an 12 Márta 2025, ar 12.00 (meán lae), am na Bruiséile.

Iarrtar ar iarrthóirí litir inspreagtha a sheoladh i bhfoirm ríomhphoist amháin, i bhformáid PDF agus i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (8) (le cur faoi bhráid Ardrúnaí Pharlaimint na hEorpa, fógra earcaíochta Uimh. PE/324/2025/S) agus curriculum vitæ a sheoladh i bhformáid Europass (9), ina léirítear tagairt an fhógra (PE/324/2025/S) in ábhar na teachtaireachta chuig an seoladh seo a leanas:

PERS-EPSeniorManagement@ep.europa.eu

agus is é dáta agus am seolta an ríomhphoist a bheidh mar fhianú air.

Is faoi na hiarrthóirí a bheidh sé a dheimhniú go mbeidh gach doiciméad scanta inléite.

I gcás na n-iarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun agallaimh dóibh, ba cheart dóibh a thabhairt faoi deara nach gá a thabhairt leo chun an agallaimh ach cóipeanna nó fótachóipeanna de na doiciméid tacaíochta a bhaineann lena n-oideachas, a dtaithí ghairmiúil agus a ndualgais reatha.  (10) . Ní thabharfar na doiciméid sin ar ais do na hiarrthóirí.

Déanfar na sonraí pearsanta a chuirfidh na hiarrthóirí in iúl faoin nós imeachta roghnúcháin seo a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), go sonrach a mhéid a bhaineann le rúndacht agus slándáil na sonraí sin.


(1)  Féach Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1), arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).

(2)  Earcófar an t-oifigeach sa chéim is iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 32 de na Rialacháin Foirne.

(3)  Féach an Iarscríbhinn le haghaidh na bpríomhchúraimí.

(4)  Is iad seo a leanas Ballstáit an Aontais Eorpaigh: an Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSeicia, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Spáinn, an tSualainn, an Ungáir.

(5)  Ní chuirfear an bhliain sin de thaithí i gcuntas agus measúnú á dhéanamh ar an taithí ghairmiúil a éilítear sa chéad fhleasc eile den mhír seo.

(6)  Glactar le cáilíochtaí/céimeanna de chuid na Breataine a fuarthas go dtí 31/12/2020 gan tuilleadh aitheantais. I gcás céimeanna a fuarthas tar éis an dáta sin, tá aitheantas NARIC ag teastáil. Go praiticiúil, ciallaíonn sé sin, i gcás céimeanna de chuid na Breataine a eisíodh ón 1 Eanáir 2021, nach mór doiciméad coibhéiseach, a d’eisigh údarás inniúil Ballstáit reatha de chuid an Aontais Eorpaigh, a bheith ag gabháil leo.

(7)  Is iad teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh: an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris.

(8)  Ibid

(9)   https://europa.eu/europass/

(10)  Ní bhaineann sé seo leis na hiarrthóirí atá ag obair do Pharlaimint na hEorpa ar an dáta deiridh le haghaidh iarratais. Is faoi na hiarrthóirí atá sé a áirithiú go mbeidh an comhad iomlán a chomhfhreagraíonn dá n-iarratas againn (i gcás doiciméid ábhartha gan bheith ar fáil ar an tairseach HRM (Streamline)).

(11)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

AN ARD-STIÚRTHÓIREACHT UM BEARTAIS SHEACHTRACHA AN AONTAIS

AN STIÚRTHÓIREACHT UM NA RÉIGIÚIN

PRÍOMHCHÚRAIMÍ

Aonaid na Stiúrthóireachta a stiúradh, a chomhordú agus maoirseacht a dhéanamh orthu, chomh maith le foireann agus eagrú ginearálta na Stiúrthóireachta a bhainistiú;

Cúnamh a thabhairt do na haonaid a thacaíonn le Cathaoirligh agus Feisirí de 45 thoscaireacht Pharlaimint na hEorpa agus na haonaid sin a chomhordú;

A áirithiú go nglacfaidh na toscaireachtaí cur chuige comhleanúnach ina gcuid oibre, ina gcruinnithe, ina gcruinnithe idirpharlaiminteacha agus ina gcumarsáid;

Cabhrú le hobair Chomhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí agus an obair sin a chomhordú;

Maoirseacht a dhéanamh ar eagrú Thionól Parlaiminteach an Aontais don Réigiún Meánmhuirí agus a chomhlachtaí, ar Thionól Parlaiminteach Comhpháirtíochta AE-na Ríochta Aontaithe agus a chomhlachtaí, ar Chomhthionól Parlaiminteach na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin-AE (ACC-AE), ar a thionóil réigiúnacha agus a chomhlachtaí eile, ar Thionól Parlaiminteach Eora-Mheiriceá Laidinigh (EUROLAT) agus a chomhlachtaí, agus ar Thionól Parlaiminteach EURONEST agus a chomhlachtaí;

Páirt a ghlacadh i gcruinnithe uile chomhlachtaí polaitiúla na Parlaiminte (Comhdháil na nUachtarán, Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí, Comhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí), cruinnithe comhordúcháin inmheánacha laistigh den Ard-Stiúrthóireacht;

Dualgais oifigigh údarúcháin trí fhotharmligean a chomhlíonadh.

AN tAONAD DON EORAIP: MÉADÚ, IARTHAR NA hEORPA AGUS COMHAR Ó THUAIDH

Seirbhísí rúnaíochta na dtoscaireachtaí agus na gcomhlachtaí idirpharlaiminteacha, a chumhdaíonn méadú, Iarthar na hEorpa agus comhar ó thuaidh, a riar, lena n-áirítear cruinnithe toscaireachtaí, cruinnithe ullmhúcháin, cruinnithe chomhaltaí an Bhiúró agus cruinnithe idirpharlaiminteacha sa Bhruiséil/in Strasbourg agus i dtríú tíortha a eagrú;

Cúnamh a thabhairt d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa agus a ndualgas mar Chathaoirleach, mar Leas-Chathaoirleach agus mar Chomhalta Toscaireachta á gcomhlíonadh acu, lena n-áirítear oifig phríobháideach an Uachtaráin, agus iad ag plé le cúrsaí polaitiúla agus riaracháin i réimsí freagrachta an Aonaid;

Tacaíocht straitéiseach agus theicniúil a chur ar fáil do na Feisirí chun anailís, ullmhú agus obair leantach a dhéanamh ar chomhaid a bhaineann leis an mbeartas um méadú, le forbairtí sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, le caidreamh leis an Eilvéis, le beartais an Tuaiscirt agus le hábhair inmheánacha eile;

Gníomhú mar phointe teagmhála i bParlaimint na hEorpa d’Iarthar na hEorpa agus i réimse an chomhair ó thuaidh;

Idirchaidreamh a riar le misin taidhleoireachta a creidiúnaíodh don Aontas Eorpach, le parlaimintí comhpháirtíochta, le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais agus institiúidí eile poiblí, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, an saol acadúil agus an preas speisialaithe;

Rannchuidiú le meithleacha agus le saincheisteanna cothrománacha eile laistigh den Ard-Stiúrthóireacht.

AN tAONAD DON ÁISE, DON ASTRÁIL AGUS DON NUA-SHÉALAINN

Seirbhísí rúnaíochta na dtoscaireachtaí agus na gcomhlachtaí idirpharlaiminteacha, a chumhdaíonn an Áise, an Astráil agus an Nua-Shéalainn, a riar, lena n-áirítear cruinnithe toscaireachtaí, cruinnithe ullmhúcháin, cruinnithe chomhaltaí an Bhiúró agus cruinnithe idirpharlaiminteacha sa Bhruiséil/in Strasbourg agus i dtríú tíortha a eagrú;

Cúnamh a thabhairt d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa agus a ndualgas mar Chathaoirleach, mar Leas-Chathaoirleach agus mar Chomhalta Toscaireachta á gcomhlíonadh acu, lena n-áirítear oifig phríobháideach an Uachtaráin, agus iad ag plé le cúrsaí polaitiúla agus riaracháin i réimsí freagrachta an Aonaid;

Tacaíocht straitéiseach agus theicniúil a chur ar fáil do na Feisirí maidir le comhaid a bhaineann leis an Áise, leis an Astráil agus leis an Nua-Shéalainn agus le hábhair inmheánacha eile a anailísiú, a ullmhú agus obair leantach a dhéanamh orthu;

Gníomhú mar phointe teagmhála i bParlaimint na hEorpa don Áise Láir, lena n-áirítear an Mhongóil, an Astráil, an Nua-Shéalainn agus rúnaíocht dhá thoscaireacht idirpharlaiminteacha, agus do Leithinis na Cóiré agus don Afganastáin;

Idirchaidreamh a riar le misin taidhleoireachta a creidiúnaíodh don Aontas Eorpach, le parlaimintí comhpháirtíochta, le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais agus institiúidí eile poiblí, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, an saol acadúil agus an preas speisialaithe;

Rannchuidiú le meithleacha agus le saincheisteanna cothrománacha eile laistigh den Ard-Stiúrthóireacht.

AN tAONAD UM EUROMED AGUS UM AN MEÁNOIRTHEAR

Seirbhísí rúnaíochta na dtoscaireachtaí agus na gcomhlachtaí idirpharlaiminteacha, a chumhdaíonn tíortha na Meánmhara agus na Murascaille, a riar, lena n-áirítear cruinnithe na dtoscaireachtaí, cruinnithe ullmhúcháin, cruinnithe chomhaltaí an Bhiúró agus cruinnithe idirpharlaiminteacha sa Bhruiséil/in Strasbourg agus i dtríú tíortha a eagrú;

Cúnamh a thabhairt d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa agus a ndualgas mar Chathaoirleach, mar Leas-Chathaoirleach agus mar Chomhalta Toscaireachta á gcomhlíonadh acu, lena n-áirítear oifig phríobháideach an Uachtaráin, agus iad ag plé le cúrsaí polaitiúla agus riaracháin i réimsí freagrachta an Aonaid;

Tacaíocht straitéiseach agus theicniúil a chur ar fáil do na Feisirí chun anailís, ullmhú agus obair leantach a dhéanamh ar chomhaid a bhaineann leis an Meánoirthear agus le réigiún na hAfraice Thuaidh agus leis na tíortha lena mbaineann, go háirithe i gcomhthéacs na dtrí chomhphobal pholaitiúla a bhaineann leis an Magraib, leis an Leiveaint agus le Leithinis na hAraibe;

Gníomhú mar phointe teagmhála i bParlaimint na hEorpa do thíortha na Meánmhara agus do thíortha na Murascaille;

Idirchaidreamh a riar le misin taidhleoireachta a creidiúnaíodh don Aontas Eorpach, le parlaimintí comhpháirtíochta, le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais agus institiúidí eile poiblí, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, an saol acadúil agus an preas speisialaithe;

Rannchuidiú le meithleacha agus le saincheisteanna cothrománacha eile laistigh den Ard-Stiúrthóireacht.

AN tAONAD UM MEIRICEÁ LAIDINEACH

Seirbhísí rúnaíochta na dtoscaireachtaí agus na gcomhlachtaí idirpharlaiminteacha, a chumhdaíonn Meiriceá Laidineach, a riar, lena n-áirítear cruinnithe na dtoscaireachtaí, cruinnithe ullmhúcháin, cruinnithe chomhaltaí an Bhiúró agus cruinnithe idirpharlaiminteacha sa Bhruiséil/in Strasbourg agus i dtríú tíortha a eagrú;

Cúnamh a thabhairt d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa agus a ndualgas mar Chathaoirleach, mar Leas-Chathaoirleach agus mar Chomhalta Toscaireachta á gcomhlíonadh acu, lena n-áirítear oifig phríobháideach an Uachtaráin, agus iad ag plé le cúrsaí polaitiúla agus riaracháin i réimsí freagrachta an Aonaid;

Tacaíocht straitéiseach agus theicniúil a chur ar fáil do na Feisirí chun anailís, ullmhú agus obair leantach a dhéanamh ar chomhaid a bhaineann le Meiriceá Laidineach agus le hábhair inmheánacha eile, chomh maith le tuarascálacha a dhréachtú don Choiste um Ghnóthaí Eachtracha agus do Thionól Parlaiminteach Eora-Mheiriceá Laidinigh;

Gníomhú mar phointe teagmhála i bParlaimint na hEorpa do Mheiriceá Laidineach;

Idirchaidreamh a riar le misin taidhleoireachta a creidiúnaíodh don Aontas Eorpach, le parlaimintí comhpháirtíochta, le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais agus institiúidí eile poiblí, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, an saol acadúil agus an preas speisialaithe;

Rannchuidiú le meithleacha agus le saincheisteanna cothrománacha eile laistigh den Ard-Stiúrthóireacht.

AN tAONAD DON EORAIP: COMHPHÁIRTÍOCHT AN OIRTHIR MAR AON LEIS AN RÚIS

Seirbhísí rúnaíochta na dtoscaireachtaí agus na gcomhlachtaí idirpharlaiminteacha, a chumhdaíonn Comhpháirtíocht an Oirthir mar aon leis an Rúis, a riar, lena n-áirítear cruinnithe na dtoscaireachtaí, cruinnithe ullmhúcháin agus cruinnithe chomhaltaí an Bhiúró, cruinnithe idirpharlaiminteacha sa Bhruiséil/in Strasbourg agus i dtríú tíortha a eagrú;

Cúnamh a thabhairt do Thionól Parlaiminteach Euronest, do na toscaireachtaí don chaidreamh le tíortha éagsúla Chomhpháirtíocht an Oirthir (EaP) (an Bhealarúis, an Mholdóiv, tíortha Chugas Theas agus an Úcráin) agus do thoscaireacht Pharlaimint na hEorpa don chaidreamh leis an Rúis;

Gnáthsheisiún bliantúil Thionól Parlaiminteach Euronest agus cruinnithe dá chomhlachtaí polaitiúla (coistí, meithleacha agus an Biúró) a eagrú;

Cúnamh a thabhairt d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa agus a ndualgas mar Chathaoirleach, mar Leas-Chathaoirleach agus mar Chomhalta Toscaireachta á gcomhlíonadh acu, lena n-áirítear oifig phríobháideach an Uachtaráin, agus iad ag plé le cúrsaí polaitiúla agus riaracháin i réimsí freagrachta an Aonaid;

Tacaíocht straitéiseach agus theicniúil a chur ar fáil do na Feisirí chun anailís, ullmhú agus obair leantach a dhéanamh ar chomhaid a bhaineann le Comhpháirtíocht an Oirthir mar aon leis an Rúis, agus ábhair inmheánacha eile;

Gníomhú mar phointe teagmhála i bParlaimint na hEorpa do thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir mar aon leis an Rúis;

Idirchaidreamh a riar le misin taidhleoireachta a creidiúnaíodh don Aontas Eorpach, le parlaimintí comhpháirtíochta, le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais agus institiúidí eile poiblí, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, an saol acadúil agus an preas speisialaithe;

Rannchuidiú le meithleacha agus le saincheisteanna cothrománacha eile laistigh den Ard-Stiúrthóireacht.

AN tAONAD UM AN AFRAIC, UM MUIR CHAIRIB AGUS UM AN AIGÉAN CIÚIN

Seirbhísí rúnaíochta na dtoscaireachtaí agus na gcomhlachtaí idirpharlaiminteacha, a chumhdaíonn an Afraic, Muir Chairib agus an tAigéan Ciúin (ACC), a riar, lena n-áirítear cruinnithe toscaireachtaí, cruinnithe ullmhúcháin, cruinnithe chomhaltaí an Bhiúró agus cruinnithe idirpharlaiminteacha sa Bhruiséil/in Strasbourg agus i dtríú tíortha a eagrú;

Cabhrú leis na ceithre sheisiún de Thionól Parlaiminteach ESACC-AE (an Comhaontú comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus comhaltaí Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin) agus iad a eagrú, agus cúnamh a thabhairt do bhuantoscaireachtaí Pharlaimint na hEorpa lena gcumhdaítear réigiúin na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin;

Cúnamh a thabhairt d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa agus a ndualgas mar Chathaoirleach, mar Leas-Chathaoirleach agus mar Chomhalta Toscaireachta á gcomhlíonadh acu, lena n-áirítear oifig phríobháideach an Uachtaráin, agus iad ag plé le cúrsaí polaitiúla agus riaracháin i réimsí freagrachta an Aonaid;

Tacaíocht straitéiseach agus theicniúil a chur ar fáil do na Feisirí chun anailís, ullmhú agus obair leantach a dhéanamh ar chomhaid a bhaineann le tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin agus ábhair inmheánacha eile;

Gníomhú mar phointe teagmhála i bParlaimint na hEorpa do thíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin;

Idirchaidreamh a riar le misin taidhleoireachta ACC a creidiúnaíodh don Aontas Eorpach, le parlaimintí comhpháirtíochta, le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais agus institiúidí eile poiblí, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, an saol acadúil agus an preas speisialaithe;

Rannchuidiú le meithleacha agus le saincheisteanna cothrománacha eile laistigh den Ard-Stiúrthóireacht.

AN tAONAD UM AN gCAIDREAMH TRASATLANTACH AGUS UM RIALACHAS DOMHANDA

Seirbhísí rúnaíochta na dtoscaireachtaí agus na gcomhlachtaí idirpharlaiminteacha don chaidreamh le Stáit Aontaithe Mheiriceá (D-US) agus Ceanada (D-CA), a riar, lena n-áirítear cruinnithe na dtoscaireachtaí, cruinnithe ullmhúcháin, cruinnithe chomhaltaí an Bhiúró agus cruinnithe idirpharlaiminteacha sa Bhruiséil/in Strasbourg agus i dtríú tíortha a eagrú;

Cúnamh a thabhairt d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa agus a ndualgas mar Chathaoirleach, mar Leas-Chathaoirleach agus mar Chomhalta Toscaireachta á gcomhlíonadh acu, lena n-áirítear oifig phríobháideach an Uachtaráin, agus iad ag plé le cúrsaí polaitiúla agus riaracháin i réimsí freagrachta an Aonaid;

Tacaíocht straitéiseach agus theicniúil a chur ar fáil do na Feisirí chun anailís, ullmhú agus obair leantach a dhéanamh ar chomhaid a bhaineann leis an gcaidreamh trasatlantach agus le rialachas domhanda G7 agus G20, agus ábhair inmheánacha eile;

Gníomhú mar phointe teagmhála i bParlaimint na hEorpa maidir leis an gcaidreamh trasatlantach (Ceanada agus na Stáit Aontaithe) agus an rialachas domhanda;

Idirchaidreamh a riar le misin taidhleoireachta a creidiúnaíodh don Aontas Eorpach, lena n-áirítear le hOifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa (EPLO) ag Comhdháil na Stát Aontaithe in Washington DC, le parlaimintí comhpháirtíochta, agus le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais agus institiúidí eile poiblí, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, an saol acadúil agus an preas speisialaithe;

Rannchuidiú le meithleacha agus le saincheisteanna cothrománacha eile laistigh den Ard-Stiúrthóireacht.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/611/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)