European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/605

31.1.2025

Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(C/2025/605)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH A CHUR IN IÚL

Montecucco Sangiovese

PDO-IT-A1246-AM03

Dáta na teachtaireachta: 7.11.2024

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS NA CÚISEANNA LEIS

1.   Liosta na gcineálacha fíniúna breise a bhaint

Tuairisc:

Baineadh liosta na gcineálacha fíniúna breise.

Cúiseanna:

Le baint an liosta sin, cuirtear soiléireacht níos fearr ar fáil maidir leis an sainmhíniú ar an meascán de chineálacha fíniúna a shonraítear sa tsonraíocht táirge.

Baineann an leasú le hAirteagal 2 den tsonraíocht táirge ach ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.

2.   Forálacha réigiúnacha a bhaint

Tuairisc:

Baineadh an mhír maidir le bainistiú tháirgeadh Réigiún na Tuscáine.

Cúiseanna:

Is de chineál foirmiúil an bhaint, ós rud é go bhfuil na ceanglais maidir le bainistiú an táirgthe fíonchaor á rialáil cheana féin ag an dlí náisiúnta.

Baineann an leasú le hAirteagal 4 den tsonraíocht táirge ach ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.

3.   Leathnú an limistéir fíonóireachta

Tuairisc:

Leathnaíodh an limistéar fíonóireachta, triomaithe agus aosaithe chun limistéar atá gar don limistéar táirgthe a chur san áireamh agus cuimsíonn sé anois críoch iomlán chúige Grosseto i Réigiún na Tuscáine. Tá sé mar an gcéanna anois leis an limistéar buidéalaithe a sainíodh nuair a aithníodh ATFC ‘Montecucco Sangiovese’ le Foraithne Aireachta an 7 Iúil 2011.

Tá feidhm ag eisceachtaí freisin i Réigiún na Tuscáine, i.e. san aonad riaracháin réigiúnach ina dtáirgtear ATFC ‘Montecucco Sangiovese’.

Cúiseanna:

Tá gá leis an leasú chun deis fíonóireachta, triomaithe, aosaithe agus buidéalaithe a thabhairt do gach cuideachta nach bhfuil fíonlann acu laistigh den limistéar táirgeachta, ach a bhfuil fíonghoirt ar úinéireacht acu, nó a bhainistíonn fíonghoirt, laistigh den limistéar táirgeachta.

Baineann an leasú sin le hAirteagal 5 den tsonraíocht táirge agus le Roinn 9 ‘Coinníollacha fíor-riachtanacha breise’ den doiciméad aonair.

4.   Athruithe foirmiúla

Tuairisc:

Rinneadh athruithe foirmiúla i ndáil le coigeartuithe rialála agus an tuairisc ar chleachtas an tsaibhrithe.

Cúiseanna:

Is coigeartuithe foirmiúla iad sin a bhfuil sé d’aidhm acu feabhas a chur ar fhoclaíocht an téacs.

Baineann an leasú le hAirteagal 5(2) agus (4) den tsonraíocht táirge ach ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.

5.   Saintréithe ceimiceacha na gcineálacha

Tuairisc:

Baineadh an fhoráil lenar ceadaíodh don Aireacht Talmhaíochta na teorainneacha íosta le haghaidh aigéadacht iomlán agus eastóscán íosta saor ó shiúcra a leasú.

Cúiseanna:

Baineadh an fhoráil toisc nach bhfuil sí ábhartha a thuilleadh do reachtaíocht an Aontais agus reachtaíocht náisiúnta is infheidhme.

Baineann an leasú le hAirteagal 6 den tsonraíocht táirge ach ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.

6.   Lipéadú - tagairt don téarma geografach níos leithne

Tuairisc:

Cuireadh ceanglas isteach lena leagtar síos nach mór an téarma geografach forleathan ‘Toscana’ [an Tuscáin] a bheith le feiceáil ar an lipéad de bhreis ar an ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint ‘Montecucco Sangiovese’.

Cúiseanna:

Leis an leasú is féidir faisnéis bheacht a sholáthar maidir le tionscnamh geografach fíonta ag a bhfuil ATFC ‘Montecucco Sangiovese’.

Baineann an leasú sin le hAirteagal 7 den tsonraíocht táirge agus le Roinn 9 ‘Coinníollacha fíor-riachtanacha breise’ den doiciméad aonair.

7.   Sonraí teagmhála an chomhlachta cigireachta

Tuairisc:

Athrú sheoladh an chomhlachta cigireachta.

Cúiseanna: nuashonrú.

Baineann an leasú le hAirteagal 10 den tsonraíocht táirge ach ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm (nó ainmneacha)

Montecucco Sangiovese

2.   Cineál an táisc gheografaigh:

ATFC – ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

3.1.   Cód Ainmníochta Comhcheangailte

22 – DEOCHANNA, BIOTÁILLÍ AGUS FÍNÉAGAR

2204 – Fíon ó fhíonchaora úra, lena n-áirítear fíonta treisithe; úrfhíon fíonchaor seachas é sin atá faoi cheannteideal 2009

4.   Tuairisc ar na fíonta

Montecucco Sangiovese, lena n-áirítear an Riserva

TUAIRISC THÉACSÚIL ACHOMAIR

Dath: dath dian an rúibín, a théann i dtreo dhath an ghairnéid sa Riserva. Dea-bholadh: torthaíoch agus sainiúil; leathan, fíonmhar, galánta agus sainiúil sa Riserva. Blas: comhchuí, tirim, beagán tainneach; iomlán, tirim, te, galánta, agus d’fhéadfadh imireacha adhmaid a bheith sa Riserva. Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 13,00 %; i gcás an Riserva: 13,50 %; Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 25,0 g/l; i gcás an Riserva: 26,0 g/l.

I gcás gach fíona lena mbaineann, tá na saintréithe anailíseacha eile i gcomhréir leis an reachtaíocht Eorpach ábhartha.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): —

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): —

Aigéadacht iomlán íosta: 4,50 gram in aghaidh an lítir arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): 20,00

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): —

5.   Cleachtais fhíoneolaíocha

5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

5.2.   Uastáirgeacht

1.

Montecucco Sangiovese, lena n-áirítear Riserva

7 000 cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

2.

Montecucco Sangiovese, lena n-áirítear Riserva

49 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Áirítear sa limistéar táirgthe le haghaidh fíonchaora atá beartaithe le haghaidh táirgeadh fíonta ag a bhfuil ainmniúchán tionscnaimh rialaithe agus ráthaithe ‘Montecucco Sangiovese’ talamh fíonsaothrúcháin ar ardchaighdeán atá oiriúnach le haghaidh saothrú fíniúnacha i limistéir laistigh de chúige Grosseto sna bardais seo a leanas: Cinigiano, Civitella Paganico, Campagnatico, Castel del Piano, Roccalbegna, Arcidosso agus Seggiano. Déantar teorainn an limistéir sin a chríochú mar a leanas: Sa tuaisceart, tosaíonn an teorainn ó thrasnú bhóthar náisiúnta 223 le teorainn riaracháin bhardas Civitella Paganico agus leanann sí í go dtí go dtrasnaíonn sí, soir ó dheas, teorainn riaracháin bhardas Cinigiano gar do líne iarnróid Siena-Monte Antico. Ón áit sin, ag leanúint theorainn bhardas Cinigiano, téann sí soir go dtí go sroicheann sí teorainn riaracháin bhardas Castel del Piano agus feadh na teorann sin soir ó thuaidh go dtí go sroicheann sí teorainn riaracháin bhardas Seggiano. Leanann sí an teorainn sin go dtí go sroicheann sí bóthar náisiúnta 323 ag an droichead thar dhíog Ansitonia agus leanann sí ó dheas feadh an 323 go dtí go dtrasnaíonn sí bóthar cúigeach 64 gar do lonnaíocht Castel del Piano. Leanann an críochú ansin go dtí go sroicheann an bóthar teorainn riaracháin bhardas Castel del Piano, leanann sé feadh na teorann sin soir ó dheas feadh shruth Ente a fhad le droichead Peve a thrasnaíonn an sruth sin, agus leanann sé ó thuaidh feadh bhóthar cúigeach 26 (Arcidosso) go dtí go sroicheann sé teorainn riaracháin bhardas Arcidosso. Leanann sé an teorainn sin go dtí go dtrasnaíonn sé sruth Zancona ó dheas go dtí go sroicheann sé teorainn riaracháin bhardas Cinigiano ó dheas ó shráidbhaile Monticello Amiata in Banditaccia. Uaidh sin téann sé feadh theorainn Cinigiano go dtí go sroicheann sé bóthar cúigeach Uimh. 55 (Cinigiano-Stribugliano-Vallerona) agus téann sé siar ó dheas feadh an bhóthair sin go dtí lonnaíocht Stribugliano. Ritheann sé ansin siar ó dheas feadh an bhóthair chúigigh a théann le bóthar cúigeach Cinigiano, chomh fada le feirm La Cavallino. Ón áit sin, leanann sé a fhad le sruth Trasubie ag an marc 308 m agus ansin feadh dhíog Istrico siar ó dheas, go dtí an marc 400 m, áit a leanann sé an bóthar istigh chuig feirm Pian di Simone, agus ó dheas nascann sé le bóthar cúigeach 24 (Baccinello-Cana). Téann sé ansin i dtreo Baccinello go dtí go dtrasnaíonn sé bóthar áitiúil Orto di Boccio, a leanann sé go dtí go dtrasnaíonn sé le díog Atleta. Ón áit sin leanann sé cúrsa dhíog Atleta, an teorainn ag teacht le chéile arís ar bhóthar cúige 24. Síneann an bóthar sin chomh fada le teorainn riaracháin bhardas Scansano agus ansin, siar, chomh fada le teorainn riaracháin bhardas Campagnatico gar d’fheirm Repenti. Feadh theorainn bhardas Campagnatico téann sé siar ó dheas agus ansin ó thuaidh chomh fada leis an gcrosbhealach le bardas Civitella Paganico gar do Poggio dei Massani. Feadh theorainn bhardas Civitella Paganico téann sé ó thuaidh go dtí a phointe tosaigh áit a dtrasnaíonn sé bóthar náisiúnta 223.

7.   Cineálacha fíonchaor

Sangiovese N.

8.   Tuairisc ar an nasc (nó ar na naisc)

Catagóir fíona: Montecucco Sangiovese DOCG, lena n-áirítear an Riserva

Tír-raon cnocach agus bunchnoic an limistéir táirgthe, na hithreacha dúrabháin, saibhir i gclocha agus ithir chnámharlaigh, mar thoradh go bunúsach ar dhíscaoileadh gaineamhchloiche, agus uisce iomarcach a dhraenálann go nádúrtha mar gheall ar a dtionscnamh agus a struchtúr, comhdhéanamh agus cineál na n-ithreacha, arb é pH fo-alcaileach nó neodrach den chuid is mó is saintréith dóibh, easpa ábhair orgánaigh agus nítrigine, ina bhfuil cuid mhór fosfair ar fáil agus cuid mheasartha mhór potaisiam ar fáil, mar aon le haeráid shéimh lena mbaineann báisteach leordhóthanach, aeráilte, agus raon mór teochta laethúla, is iad na sin na coinníollacha faoinar thug fíonsaothraithe faoi chleachtais spriocdhírithe agranamaíocha agus faoi chleachtais bhainistíochta ithreach agus fíniúna riamh anall. Rinneadh bainistíocht chúramach agranamaíoch, plandálacha atá nochta go maith don ghrian, cleachtais amhail prúnáil ghlas, tanú triopall, ard-dlús plandaithe agus iarracht ar tháirgeachtaí táirgthe ísle, a chomhcheangal le fíonlanna a cuireadh ar bun de réir na gcritéar teicneolaíochta is nua-aimseartha, d’fhonn táirge ardcháilíochta a fháil atá bunaithe go bunúsach ar chineál Sangiovese, ar féidir leis sa limistéar seo fíonta an-sainiúla a tháirgeadh atá torthaíoch agus beagán tainneach nuair a bhíonn siad óg, agus dea-struchtúrtha, leathan, iomlán agus galánta agus iad níos sine. Rinneadh go leor tionscadal staidéir sa limistéar freisin, ag díriú go príomha ar chineálacha fíonchaor stairiúla a aimsiú, a chaomhnú agus staidéar a dhéanamh orthu, lena mbaineann institiúidí áitiúla agus Ollscoil Pisa araon. I gcaitheamh na gcéadta blianta, bhí saothrú fíniúnacha ina phríomhghníomhaíocht i ngeilleagar talmhaíochta Montecucco i gcónaí. Fianaítear i bhfionnachtana seandálaíochta, i dtéacsanna agus i reachtanna mainistreacha, i bhfiosrúcháin pharlaiminteacha, i staidéir ollscoile agus fíonghoirt a théann siar go dtí aimsir na nÉatrúscach an nasc láidir idir na fíonghoirt agus na pobail atá ina gcónaí ann; sa lá atá inniu ann, léirítear an nasc sin sna fíonlanna atá i mbeagnach gach sráidbhaile sa limistéar, agus cuid acu tochlaíodh isteach sa charraig iad, agus sna féilte atá tiomnaithe don bhuaint fíona nó don fhíon (e.g. tá féile Cinigiano ar bun le thart ar leathchéad bliain). Is go díreach ar bhonn an chaidrimh sheanbhunaithe sin idir críoch, fíon agus fíonsaothraí a ardaíodh cineál Sangiovese go ‘ainmniúchán tionscnaimh’ den chéad uair in 1998, ag tosú le haitheantas a thabhairt do dhá thásc gheografacha sna 1980idí, agus anois aithnítear an tsonraíocht le haghaidh ainmniúchán tionscnaimh rialaithe agus ráthaithe ‘Montecucco Sangiovese’ (Foraithne Aireachta an 9 Meán Fómhair 2011, arna foilsiú in Iris Oifigiúil na hIodáile Uimh. 221 an 22 Meán Fómhair 2011), lena gcumhdaítear an leagan ‘bunúsach’ de Sangiovese agus an leagan ‘Riserva’ araon.

9.   Coinníollacha fíor-riachtanacha breise (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

limistéar táirgthe agus limistéar buidéalaithe

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht an Aontais

Cineál an choinníll breise:

Buidéalú laistigh den limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Ní mór fíonóireacht, aosú agus buidéalú fíonta ag a bhfuil ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint ‘Montecucco Sangiovese’ a dhéanamh laistigh de Chúige Grosseto.

limistéar táirgthe agus limistéar buidéalaithe

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht an Aontais

Cineál an choinníll breise:

Maolú ar tháirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Ceadaítear oibríochtaí fíonóireachta, aosaithe agus buidéalaithe, lena n-áirítear i gcás ina dtarlaíonn siad ar leithligh, i bhfíonlanna atá lonnaithe lasmuigh den limistéar thuasluaite, ar choinníoll go bhfuil siad lonnaithe laistigh de Réigiún riaracháin na Tuscáine. Ní mór baint a bheith ag na fíonlanna sin le gabháltais a úsáideann iad - ina n-aonar nó i dteannta a chéile - chun fíon a dhéanamh as fíonchaora atá oiriúnach do tháirgeadh fhíonta ATFC ‘Montecucco Sangiovese’ a fhaightear ó fhíonghoirt atá á dtáirgeadh.

I gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais, ní mór buidéalú nó pacáistiú a dhéanamh sa limistéar geografach críochaithe réamhluaite chun cáilíocht agus cáil an táirge a choimirciú agus a thionscnamh a ráthú.

tagairt d’ainm an aonaid gheografaigh níos lú

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht an Aontais

Cineál an choinníll breise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

An fhéidearthacht ‘aonaid gheografacha bhreise’ a léiriú ar an lipéad, i.e. tásca geografacha agus logainmneacha lena dtagraítear do bhardais agus do chodanna de bhardais, de réir bhrí Airteagal 120(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus Airteagal 29(4) de Dhlí na hIodáile Uimh. 238/2016.

tagairt d’ainm an aonaid gheografaigh níos leithne

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

I gcás fíonta a bhfuil ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint ‘Montecucco Sangiovese’ orthu, tá sé sainordaitheach an t-ainm geografach níos leithne ‘Toscana’ a léiriú ar an lipéadú.

D’ainneoin na hoibleagáide sin, féadfar lipéid nach n-áirítear an t-ainm ‘Toscana’ orthu a úsáid fós, ar choinníoll nach n-úsáidtear iad ach amháin le haghaidh fíonta a tháirgtear ó bhuaint 2023 nó níos luaithe.

Ní mór é sin a bheith le feiceáil i gcarachtair nach mó ná ⅔ de mhéid na gcarachtar a úsáidtear chun an t-ainmniúchán ‘Montecucco Sangiovese’ a léiriú.

Ní mór an t-ainm geografach ‘Toscana’ a bheith le feiceáil i gcónaí faoin téarma sonrach traidisiúnta ‘ainmniúchán tionscnaimh faoi rialú agus faoi ráthaíocht’ (a scríobhtar amach ina iomláine nó a ghiorraítear mar DOCG nó D.O.C.G.) nó faoi fhoclaíocht an Aontais ‘ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint’, san ord seo a leanas:

Montecucco Sangiovese

Denominazione di Origine Controllata e Garantita (nó na giorrúcháin DOCG nó D.O.C.G.) nó Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint

Toscana

Maidir leis an ainm ‘Toscana’, ní mór an cló céanna agus an stíl chéanna, an spásáil chéanna, an tsuntasacht chéanna, an dath céanna agus an déine dhathmhéadrach chéanna a bheith ann leis an ainm ‘Montecucco’.

Ní mór an fhaisnéis uile a liostaítear a bheith le feiceáil ar chúlra aonfhoirmeach.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://www.politicheagricole.it/flex/cm/pages/ServeBLOB.php/L/IT/IDPagina/22281


(1)   IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/605/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)