|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/598 |
23.1.2025 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11592 – ROQUETTE / IFF PHARMA SOLUTIONS BUSINESS)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2025/598)
1.
An 14 Eanáir 2025, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle agus tar éis tarchur de bhun Airteagal 4(5) den Rialachán sin (1).Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:
|
— |
Roquette Frères S.A. (‘Roquette’, an Fhrainc), |
|
— |
Roinn na réiteach cógaisíochta agus roinnt línte táirge de roinn an bhia (an ‘spriocghnó’) atá ina gcuid de International Flavors and Fragances Inc. (‘IFF’, na Stáit Aontaithe). |
Gheobhaidh Roquette rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar an spriocghnó ina iomláine ó IFF.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Tá Roquette gníomhach i dtáirgeadh agus i ndíol comhábhar plandabhunaithe, támhán, agus próitéiní plandaí le haghaidh feidhmeanna éagsúla, |
|
— |
Díríonn an spriocghnó go príomha ar tháirgeadh agus ar dhíol raon ceallalós agus cineálacha eile támhán cógaisíochta plandabhunaithe. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11592 – ROQUETTE / IFF PHARMA SOLUTIONS BUSINESS
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
Seoladh Ríomhphoist: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/598/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)