|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/573 |
3.2.2025 |
Caingean arna tabhairt an 13 Samhain 2024 – Public.Resource.Org agus Right to Know v an Coimisiún
(Cás T-580/24)
(C/2025/573)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Public.Resource.Org, Inc. (Sebastopol, California, na Stáit Aontaithe), Right to Know CLG (Baile Átha Cliath, Éire) (ionadaithe: F. Logue, Aturnae, agus J. Hackl, Dlíodóir)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
Cinneadh intuigthe an Choimisiúin Eorpaigh dar dáta an 6 Meán Fómhair 2024 rochtain ar dhoiciméid a dhiúltú san fhormáid a iarradh nó i bhformáid atá ann cheana, mar a d’iarr na hiarratasóirí faoi Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001, a chur ar neamhní; (1) |
|
— |
A ordú don Choimisiún costais na n-iarratasóirí a íoc, de bhun Airteagail 133 agus 134 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, lena n-áirítear costais aon pháirtí idiragraithe. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí saincheist dlí amháin, lena n-éilítear gur mhainnigh an Coimisiún cúiseanna a lua, de shárú ar Airteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, Airteagal 41(2)(c) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus Airteagal 296(2) CFAE.
|
— |
Áitítear gur theip ar an gCoimisiún cinneadh daingniúcháin sainráite a dhéanamh agus, dá bhrí sin, gur sháraigh sé a oibleagáid cúiseanna leordhóthanacha leordhóthanacha a thabhairt do na hiarratasóirí lena chinneadh intuigthe rochtain ar dhoiciméid a dhiúltú san fhormáid a iarradh nó i bhformáid atá ann cheana. |
(1) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO 2001 L 145, lch. 43).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/573/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)