|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/564 |
3.2.2025 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Samhain 2024 – Laboratorio SYS v EUIPO – Dr. Babor (sYs)
(Cás T-39/24) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí neamhbhailíochta - Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh sYs - Marcanna fíortha náisiúnta níos luaithe S&S cosmética natural - Foras coibhneasta le neamhbhailíocht - Easpa riosca mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)
(C/2025/564)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Laboratorio SYS, SL (Torrent, an Spáinn) (ionadaí: N. Fernández Fernández-Pacheco, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Stoyanova-Valchanova, Gníomhaire)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Dr. Babor GmbH & Co. KG (Aachen, an Ghearmáin) (ionadaí: J. Sroka, Dlíodóir)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 22 Samhain 2023 (Cás R 2462/2022-1) a neamhniú agus a athrú.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Díbhtear an chaingean. |
|
2) |
Ordaítear do Laboratorio SYS, SL a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an Dr. Babor GmbH & Co. KG a íoc. |
|
3) |
Ordaítear do EUIPO a chostais féin a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/564/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)