European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/546

3.2.2025

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 27 Samhain 2024 – Evonik Operations v Coimisiún

(Cás T-449/22)  (1)

(An comhshaol agus cosaint shláinte an duine - Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 - Aicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán - Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/692 - Aicmiú agus lipéadú comhchuibhithe na substainte sileanaimín, 1,1,1-trímheitil-N-(trímheitilsilil)-, táirgí hidrealaithe ina bhfuil silice; dé-ocsaíd sileacain phirigin éagruthach shintéiseach, dhromchlachóireáilte - Critéir chun substaint a aicmiú san aicme ghuaise ‘Tocsaineacht sain-spriocorgáin - athnochtadh’ - Oiriúnacht an aicmithe - Easpa comhairliúchán poiblí maidir leis an tuairim ó Choiste ECHA um Measúnú Riosca - Comhaontú Idirinstitiúideach maidir le ‘Reachtóireacht Níos Fearr’ - Éagmais measúnaithe tionchair)

(C/2025/546)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Evonik Operations GmbH (Essen, an Ghearmáin), (ionadaí: T. Delille agus N. Kuśnierkiewicz, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaí: M. Farley agus R. Lindenthal, i gcáil Gníomhairí)

Idiragraithe, mar thaca leis na cosantóirí: Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ionadaí: W. Broere agus J.-P. Trnka, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí, Evonik Operations GmbH, go gcuirfí Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/692 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena leasaítear, chun críocha a oiriúnaithe do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (IO 2022 L 129, lch. 1; ‘an Rialachán atá faoi chonspóid’), a mhéid a bhaineann sé le haicmiú agus lipéadú comhchuibhithe na substainte sileanaimín, 1,1,1-trímheitil-N-(trímheitilsilil)-, táirgí hidrealaithe ina bhfuil silice; dé-ocsaíd sileacain phirigin éagruthach shintéiseach dhromchlachóireáilte (‘sileanaimín’), ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.

Díbhtear an chaingean.

2.

Ordaítear do Evonik Operations GmbH, chomh maith lena chostais féin, na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc.

3.

Ordaítear don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) a costais féin a íoc.


(1)   IO C 380 an 3.10.2022.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/546/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)