European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/532

3.2.2025

Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Okręgowy w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 30 Deireadh Fómhair 2024 – mBank S.A. v KŁ agus JŁ

(Cás C-752/24, Jangielak)  (1)

(C/2025/532)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Rejonowy w Warsawie

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: mBank S.A.

Cosantóirí: KŁ agus JŁ

An cheist a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 7(1) de Threoir Uimh. 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (2) agus prionsabail na héifeachtachta, na cóibhéise, na comhréireachta, na deimhneachta dlíthiúla agus an na rochtana ar an gceartas le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar léiriú breithiúnach ar reachtaíocht náisiúnta ar dá réir a chuirtear isteach ar an tréimhse teorann le haghaidh éileamh de chuid trádálaí go n-aisíocfadh tomhaltóir na suimeanna arna n-íoc go héagórach de réir conradh ar cuireadh ar neamhní toisc téarmaí éagóracha a bheith ann trí changean le haghaidh íocaíochta arna tabhairt ag an mbanc sula gcuirtear clabhsúr críochnaitheach ar chaingean le haghaidh neamhniú an chomhaontaithe creidmheasa arna tabhairt níos luaithe ag an tomhaltóir?


(1)  Úsáidtear ainm bréige sa chás seo nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

(2)   IO 1993, L 95, lch. 29.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/532/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)