|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/477 |
20.1.2025 |
Aghaidh náisiúnta nua ar mhonaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht
(C/2025/477)
Aghaidh náisiúnta an mhona chomórtha nua 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag an bhFionlainn
Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag monaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na monaí nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na monaí a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéar euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn euro chomórtha a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2 euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na monaí sin agus na saintréithe a bhíonn ag monaí 2 euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin nó ó thaobh na hEorpa de.
Tír eisiúna: an Fhionlainn
Ábhar an chomórtha: Ailtireacht na Fionlainne
Tuairisc ar an dearadh: Sa dearadh, léirítear scáthchruthanna ceithre fhoirgneamh. Tá túir na ndíonta ag díriú i dtreo an láir. Ritheann na téacsanna ‘GESELLIUS’, ‘LINDGREN’, ‘SAARINEN’, inscríbhinn na tíre eisiúna ‘FI’, an marc mionta agus an bhliain ‘2024’ trasna ar fiar idir na foirgnimh. Tagann na téacsanna agus scáthchruthanna na bhfoirgneamh le chéile i bhfoirm mar bheadh clog ann ar dhromchla ciorclach íomhá an mhona.
Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.
An líon measta monaí atá le heisiúint: 400 000
Dáta eisiúna: Fómhar 2024
(1) Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 i gcomhair aghaidh náisiúnta na monaí uile a eisíodh in 2002.
(2) Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i dtaca le haghaidh náisiúnta agus eisiúint monaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/477/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)