|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/448 |
17.1.2025 |
Aghaidh náisiúnta nua ar mhonaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht
(C/2025/448)
Aghaidh náisiúnta an mhona chomórtha nua 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag Andóra
Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag monaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na monaí nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na monaí a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéar euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn euro chomórtha a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2 euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na monaí sin agus na saintréithe a bhíonn ag monaí 2 euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin nó ó thaobh na hEorpa de.
Tír eisiúna: Andóra
Ábhar an chomórtha: Craobhchomórtas Domhanda Rothar Sléibhe UCI 2024
Tuairisc ar an dearadh: I mbliana, beidh Andóra ina óstach ar ócáid thábhachtach idirnáisiúnta spóirt: Craobhchomórtas Domhanda Rothar Sléibhe UCI 2024. Le dearadh an mhona, léirítear rothaí ag dul trí thírdhreach a léiríonn cineál mórthaibhseach an spóirt seo, leis an inscríbhinn ‘CAMPIONATS DEL MÓN UCI DE BTT’ (Craobhchomórtais Domhanda Rothar Sléibhe UCI 2024). Atáirgtear inscríbhinní na tíre eisiúna ‘ANDORRA’ (ANDÓRA) agus bhliain na heisiúna ‘2024’ ar thaobh an rothaí, amhail is dá mba ghné eile den spórt seo iad.
Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.
An líon measta monaí atá le heisiúint: 60 000
Dáta eisiúna: An ráithe dheireanach de 2024
(1) Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 i gcomhair aghaidh náisiúnta na monaí uile a eisíodh in 2002.
(2) Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i dtaca le haghaidh náisiúnta agus eisiúint monaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/448/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)