European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/406

27.1.2025

Caingean arna tabhairt an 25 Samhain 2024 – Ignatova v an Chomhairle

(Cás T-601/24)

(C/2025/406)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Anastasia Ignatova (Moscó, an Rúis) (ionadaí: C. Zatschler, Abhcóide Sinsir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2024/2456 ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine (1), a chur ar neamhní a mhéid a coinníodh ainm an iarratasóra ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí lena mbaineann na bearta sriantacha sin;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2024/2455 an 12 Meán Fómhair 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine (2) a chur ar neamhní a mhéid a coinníodh ainm an iarratasóra ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí lena mbaineann na bearta sriantacha sin; (le chéile, ‘na gníomhartha a chonspóidtear’) agus

a ordú don chosantóir a gcostais féin agus na costais sin arna dtabhú ag an iarratasóir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an cosantóir earráidí measúnaithe i gcur i bhfeidhm ‘chritéar an bhaill neasteaghlaigh’, a leagtar síos sa dara gné d’Airteagal 2(1)(g) de Chinneadh (AE) 2014/145/CBES ón gComhairle, arna leasú, agus an dara gné d’Airteagal 3(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle, arna leasú, (dá ngairtear ‘an dara gné de chritéar (g)’ anseo feasta) don iarratasóir.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear neamhdhleathacht an dara gné de chritéar (g). Tá an dara saincheist dlí roinnte ina chúig chuid: an chéad chuid lena n-éilítear nach bhfuil bunús dlí in Airteagal 215 CFAE ag an dara gné de chritéar (g). An dara chuid lena n-éilítear go bhfuil an chéad ghné de chritéar (g) neamhdhleathach, a bhfuil an dara gné ceangailte go doscartha leis, rud a fhágann go bhfuil sé mídhleathach a fortiori. An tríú chuid lena n-éilítear go sáraíonn an dara gné de chritéar (g) an ceart chun saol an teaghlaigh arna chosaint ag Airteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus prionsabal na comhréireachta. An ceathrú chuid lena n-éilítear go bhfuil an dara gné de chritéar (g) míchuí go follasach chun na spriocanna atáthar ag iarraidh a bhaint amach agus go bhfuil sé, mar sin, díréireach. An cúigiú chuid lena n-eilítear go sáraíonn an dara gné de chritéar (g) prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, a mhéid a bheartaíonn an cosantóir brí níos leithne ná an chiall atá le baint as gnáthléiriú na dtéarmaí sin a thabhairt don nóisean ‘ball neasteaghlaigh’. Chuige sin, tá gá le léiriú sriantach ar an nóisean ‘ball neasteaghlaigh’ i gcomhréir leis na prionsabail thuas.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an cosantóir, nuair a glacadh leis na gníomhartha a chonspóidtear, a mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir, an oibleagáid cúiseanna a thabhairt.


(1)  Cinneadh (CBES) 2024/2456 ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine (IO L, 2024/2456).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2024/2455 an 12 Meán Fómhair 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine (IO L, 2024/2455).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/406/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)