European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/397

27.1.2025

Iarraidh ar réamhrialú ón Hof van beroep te Antwerpen (an Bheilg) a taisceadh an 22 Deireadh Fómhair 2024 – Belgische Staat/Federale Overheidsdienst Financiën v Digipolis Antwerpen AG agus District09 AG

(Cás T-575/24, Digipolis)

(C/2025/397)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Hof van beroep te Antwerpen

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Belgische Staat/Federale Overheidsdienst Financiën

Cosantóirí: Digipolis Antwerpen AG agus District09 AG

An cheist a tharchuirtear:

An sáraítear Airteagail 2, 9 agus 13 de Threoir 2006/112/CE (1) an 28 Samhain 2006 ón gComhairle maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha agus prionsabal na neodrachta má dhéantar léiriú ar na forálacha sin sa chaoi nach bhfuil comhaltaí a bhfuil tabhairt bainistíochta curtha i gcrích acu faoi dhliteanas i leith CBL, mar thoradh ar a n-aontachas le comhlachas údaraithe agus seirbhísí an chomhlachais ainmnithe á n-úsáid acu, a mhéid a ghníomhaíonn an comhlachas thar ceann a chomhaltaí, i gcomhthéacs na tabhartha bainistíochta, agus mar thoradh air sin go meastar gur soláthairtí dóibh féin iad na seirbhísí a sholáthraíonn sé dá chomhaltaí agus dá bhrí sin nach bhfuil baint acu le hidirbhearta gnó/idirbhearta inchánach? I bhfianaise na bhforálacha sin, an gcaithfear idirdhealú a dhéanamh, i ndáil leis sin, idir comhaltaí an chomhlachais arna cheapadh de réir bhrí Airteagal 13 de Threoir 2006/112/CE agus comhaltaí de réir bhrí Airteagail 9 agus 132 den Treoir sin?


(1)   IO 2006 L 347, lch. 1


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/397/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)