|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/381 |
27.1.2025 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Administrativen sad Sofia-grad (an Bhulgáir) a taisceadh an 22 Deireadh Fómhair 2024 – NP v Predsedatel na Darzhavna agentsia za bezhantsite
(Cás C-718/24, Aleb (1) )
(C/2025/381)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Administrativen sad Sofia-grad
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: NP
Cosantóir: Predsedatel na Darzhavna agentsia za bezhantsite
Na ceisteanna a tharchuirtear:
|
1. |
An féidir a mheas, ar bhonn léiriú leathan ar aithris 46 agus ar Airteagal 33(2)(c), i gcomhar le hAirteagal 38, de Threoir 2013/32/AE (2), nach mór na rialacha a leagtar síos sna forálacha sin, lena gceadaítear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a mheas a bheith do-ghlactha agus a bheith bainteach leis an gcoincheap tríú tír shábháilte de réir bhrí Airteagal 38 de [Threoir 2013/32], a chur i bhfeidhm i nós imeachta faoi Chaibidil III den Treoir sin i gcomhréir leis na bunphrionsabail agus na ráthaíochtaí a leagtar amach i gCaibidil II den Treoir sin, is é sin le rá, i gcomhthéacs scrúdú substainteach ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta? |
|
2. |
An bhfuil aithris 46 agus Airteagal 33(2)(c) de Threoir 2013/32, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 38 di, le léiriú sa chaoi go gceadaítear reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht dá dtagraítear in Airteagal 75(2) den Zakon za ubezhishteto i bezhantsite (an Dlí ar thearmainn agus dídeanaithe), agus cleachtas riaracháin agus dlínse faoinar féidir diúltú d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdaíodh de bhua tuillteanais gan an t-iarratas a dhearbhú go bhfuil sé gan bhunús go follasach nó do-inghlactha, ar an bhforas amháin go bhfuil an deis ag an iarratasóir leas a bhaint as cosaint tríú tír shábháilte gan an mhodheolaíocht dá bhforáiltear in Airteagal 38(2)(b) de Threoir 2013/32 a bheith forbartha agus curtha i bhfeidhm sa dlí náisiúnta agus i gcás ina n-aithníonn an t-údarás riaracháin go bhfuil coinbhleacht armtha i dtír thionscnaimh an iarratasóra agus go gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 15(c) de Threoir 2011/95 (3)? |
|
3. |
An bhfuil Airteagal 38(2)(b) de Threoir 2013/32, arna léamh i gcomhar le haithris 46 di, le léiriú sa chaoi go bhféadfaidh an t-údarás riaracháin a dhéanann scrúdú ar shubstaint iarratais ar chosaint idirnáisiúnta an coincheap tríú tír shábháilte a chur i bhfeidhm maidir le tír ar leith agus maidir le hiarratasóir ar leith ar bhonn faisnéise ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí amháin agus cinneadh ó chomhlacht feidhmiúcháin (Comhairle na nAirí) gur tríú tír shábháilte í tríú tír ar leith, gan foráil a dhéanamh sa dlí náisiúnta do mhodheolaíocht, de réir bhrí na forála sin, trína bhfuil an t-údarás riaracháin sásta go bhféadfar an coincheap tríú tír shábháilte a chur i bhfeidhm maidir le tír ar leith agus maidir le hiarratasóir ar leith? |
|
4. |
An bhfuil Airteagal 38(2)(a) de Threoir 2013/32 le léiriú sa chaoi go gceanglaítear ar na Ballstáit, ina ndlí náisiúnta, critéir a leagan síos a bhféadfaí a mheas go gcruthaíonn siad nasc idir an t-iarratasóir agus an tríú tír lena mbaineann, ionas go ndealródh sé a bheith réasúnta, ar bhonn an naisc sin, go rachadh an duine sin chuig an tír sin? |
|
5. |
An bhfuil Airteagal 38(2)(c) de Threoir 2013/32, lena rialaítear an fhéidearthacht don iarratasóir agóid a dhéanamh os comhair na gcúirteanna maidir le nasc a bheith ann idir an t-iarratasóir agus tríú tír a aithnítear a bheith sábháilte, i gcomhréir le pointe (a), le léiriú sa chaoi, in éagmais foráil den dlí náisiúnta lena bhforáiltear d’athbhreithniú breithiúnach ar dhlíthiúlacht naisc a bheith ann idir an t-iarratasóir agus an tríú tír lena mbaineann, nach mór don chúirt a éisteann caingean i gcoinne an chinnidh riaracháin lena ndiúltaítear cosaint idirnáisiúnta a dheonú don iarratasóir ar an bhforas go n-aithnítear tríú tír mar thír shábháilte, a dhearbhú go bhfuil sí inniúil agus rialú a thabhairt ar dhlíthiúlacht naisc den sórt sin a bheith ann mar a ghlacann an t-údarás riaracháin leis? |
(1) Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé do fhíorainm aon cheann de na páirtithe sna himeachtaí.
(2) Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO 2013 L 180, lch. 60).
(3) Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáilitheacht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus i dtaca lena bhfuil sa chosaint a thugtar (IO 2011 L 337, lch. 9).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/381/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)