European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/368

27.1.2025

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Cúigiú Dlísheomra) an 28 Samhain 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof – an Ghearmáin) – ENGIE Deutschland GmbH v Landesregulierungsbehörde beim Sächsischen Staatsministerium für Wirtschaft, Arbeit und Verkehr,

(Cás C-293/23  (1) , ENGIE Deutschland)

(Tarchur chun réamhrialú - Margadh inmheánach leictreachais - Treoir (AE) 2019/944 - Airteagal 2(28) agus (29) - Coincheap ‘dáileadh’ - Coincheap ‘oibreoir córais dáileacháin’ - Coincheap ‘córas dáileacháin’ - Airteagail 30 go 39 - Oibriú an chórais dáileacháin - Gnóthas a oibríonn saoráid fuinnimh ina bhfuil stáisiún cumhachta agus teasa in éineacht agus córas líne cumhachta, a sholáthraíonn teas, uisce te agus leictreachas do thionóntaí aonaid chónaithe - Díol comhreathach an leictreachais arna tháirgeadh - Reachtaíocht náisiúnta lena dtugtar díolúine d’oibreoir saoráide den sórt sin ó oibleagáidí na n oibreoirí córais dáileacháin faoin Treoir sin)

(C/2025/368)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: ENGIE Deutschland GmbH

Cosantóir: Landesregulierungsbehörde beim Sächsischen Staatsministerium für Wirtschaft, Arbeit und Verkehr

I láthair: Zwickauer Energieversorgung GmbH, Bundesnetzagentur für Elektrizität, Gas, Telekommunikation, Post und Eisenbahnen

Ábhar

Maidir le hAirteagal 2(28) agus (29) agus le hAirteagail 30 go 39 de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear nach bhfuil gnóthas a thógann agus a oibríonn, in ionad an tseanchórais dáileacháin, saoráid fuinnimh atá beartaithe chun leictreachas arna tháirgeadh ag stáisiún cumhachta agus teasa in éineacht le hidirthuras fuinnimh bliantúil suas le 1 000 MWh a sholáthar do roinnt foirgneamh cónaithe ina bhfuil suas le 200 aonad tithíochta faoi réir oibleagáidí oibreora córais dáileacháin, faoina n íocann na tomhaltóirí deiridh, eadhon tionóntaí na dtithe sin, na costais a bhaineann leis an tsaoráid fuinnimh a thógáil agus a oibriú, agus faoina ndíolann an gnóthas sin an leictreachas a tháirgtear leis na tomhaltóirí sin, más rud é go bhfónann an tsaoráid sin chun leictreachas a iompar ar ardvoltas, ar mheánvoltas nó ar ísealvoltas chun é a sholáthar do chustaiméirí agus más rud é nach bhfuil aon mhaolú nó díolúine maidir leis na hoibleagáidí sin, dá bhforáiltear go sonrach leis an Treoir sin, infheidhme.


(1)   IO C 286 an 14.08.2023.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/368/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)