|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/344 |
14.1.2025 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11844 — EFMS / LEIGH / CALISEN MIDCO I)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2025/344)
1.
An 3 Eanáir 2025, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:
|
— |
EQT Fund Management S.à.r.l. (‘EFMS’, Lucsamburg), faoi lánúinéireacht EQT AB (an tSualainn), |
|
— |
Leigh Investment Pte. Ltd. (‘Leigh’, Singeapór), faoi rialú deiridh GIC Group (Singeapór), |
|
— |
Calisen MidCo I Limited (‘Calisen’, Geirsí). |
Gheobhaidh EFMS agus Leigh rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar Calisen.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Is cuideachta infheistíochta é EFMS a fhéachann le hinfheistíochtaí a dhéanamh sa bhonneagar agus i sócmhainní agus i ngnólachtaí a bhaineann le bonneagar san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh go príomha, |
|
— |
Is meán infheistíochta de chuid GIC Special Investments Pte. Ltd (‘GICSI’), an brainse cothromais phríobháidigh agus bonneagair de GIC Group, é Leigh. Bainistíonn GICSI punann domhanda éagsúlaithe infheistíochtaí i gcistí cothromais phríobháidigh, caipitil fiontair agus bonneagair, chomh maith le hinfheistíochtaí díreacha i gcuideachtaí príobháideacha. |
|
— |
Is cuideachta sócmhainní um an aistriú fuinnimh agus seirbhísí gaolmhara é Calisen, cuideachta a sholáthraíonn sócmhainní um méadrú agus a bhainistíonn méadrú, agus a sholáthraíonn seirbhísí eile um méadrú freisin, amhail léamh sonraí. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11844 — EFMS / LEIGH / CALISEN MIDCO I
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
Seoladh Ríomhphoist: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/344/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)