|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/211 |
8.1.2025 |
REACHTANNA
AN CHUIBHREANNAIS DON BHONNEAGAR TAIGHDE EORPACH MAIDIR LEIS AN RÉADLANN UM EAGAR TEILEASCÓP CHERENKOV
(CTAO ERIC)
(C/2025/211)
CLÁR
| BROLLACH | 3 |
|
CAIBIDIL 1: |
GNÉITHE FÍOR-RIACHTANACHA | 4 |
|
Airteagal 1: |
Ainm agus suíochán | 4 |
|
Airteagal 2: |
Cúraimí agus gníomhaíochtaí | 4 |
|
Airteagal 3: |
Rochtain ar an Réadlann um Eagar Teileascóp Cherenkov | 5 |
|
Airteagal 4: |
Meastóireacht Eolaíoch | 5 |
|
Airteagal 5: |
Scaipeadh Torthaí Taighde | 5 |
|
Airteagal 6: |
Cearta Maoine Intleachtúla | 6 |
|
Airteagal 7: |
Fostaíocht | 6 |
|
Airteagal 8: |
Soláthar | 6 |
|
Airteagal 9: |
Fad | 7 |
|
Airteagal 10: |
Foirceannadh | 7 |
|
Airteagal 11: |
Díscaoileadh CTAO ERIC nó scor dá phribhléidí cánach | 7 |
|
Airteagal 12: |
Córas dliteanais agus árachas | 7 |
|
CAIBIDIL 2: |
COMHALTAS, STÁDAS BREATHNÓRA, COMHPHÁIRTÍOCHT STRAITÉISEACH | 7 |
|
Airteagal 13: |
Comhaltas, stádas breathnóra agus eintiteas a dhéanann ionadaíocht | 7 |
|
Airteagal 14: |
Ligean Isteach Comhaltaí agus Breathnóirí | 8 |
|
Airteagal 15: |
Comhpháirtíocht Straitéiseach | 9 |
|
Airteagal 16: |
Tarraingt siar Comhalta nó Breathnóra/Foirceannadh comhaltais nó stádais breathnóra | 9 |
|
CAIBIDIL 3: |
CEARTA AGUS OIBLEAGÁIDÍ COMHALTAÍ AGUS BREATHNÓIRÍ | 10 |
|
Airteagal 17: |
Cearta agus oibleagáidí na gComhaltaí | 10 |
|
Airteagal 18: |
Cearta agus oibleagáidí na mBreathnóirí | 11 |
|
CAIBIDIL 4: |
PRIONSABAIL MAIDIR LE TÓGÁIL, OIBRIÚ AGUS CISTIÚ | 11 |
|
Airteagal 19: |
Tógáil | 11 |
|
Airteagal 20: |
Feabhsú na Réadlainne | 12 |
|
Airteagal 21: |
Costais tógála | 12 |
|
Airteagal 22: |
Oibriú agus costais oibriúcháin | 12 |
|
Airteagal 23: |
Díchoimisiúnú agus costais um dhíchoimisiúnú | 13 |
|
CAIBIDIL 5: |
RIALACHAS | 13 |
|
Airteagal 24: |
Orgáin CTAO ERIC | 13 |
|
Airteagal 25: |
An Chomhairle | 13 |
|
Airteagal 26: |
An tArd-Stiúrthóir | 15 |
|
Airteagal 27: |
An Coiste Riaracháin agus Airgeadais | 15 |
|
Airteagal 28: |
An Coiste Comhairleach Eolaíoch agus Teicniúil | 16 |
|
CAIBIDIL 6: |
ÁBHAIR AIRGEADAIS | 16 |
|
Airteagal 29: |
Acmhainní | 16 |
|
Airteagal 30: |
An bhliain airgeadais | 16 |
|
Airteagal 31: |
Iniúchóireacht agus Rialacha Airgeadais | 16 |
|
Airteagal 32: |
Díolúine ó cháin agus ó dhleacht mháil | 17 |
|
CAIBIDIL 7: |
BEARTAIS EILE | 17 |
|
Airteagal 33: |
Beartas Sonraí | 17 |
|
Airteagal 34: |
Beartas maidir le comhaontuithe le Tríú Páirtithe | 18 |
|
CAIBIDIL 8: |
TUAIRISCIÚ DON CHOIMISIÚN | 18 |
|
Airteagal 35: |
Tuairisciú don Choimisiún | 18 |
|
CAIBIDIL 9: |
AN DLÍ IS INFHEIDHME, PRIBHLÉIDÍ AGUS DÍOLÚINTÍ, DÍOSPÓIDÍ, FORÁLACHA MAIDIR LE BUNÚ | 18 |
|
Airteagal 36: |
An dlí is infheidhme, pribhléidí agus díolúintí | 18 |
|
Airteagal 37: |
Díospóidí | 18 |
|
Airteagal 38: |
Infhaighteacht Reachtanna | 19 |
|
Airteagal 39: |
Forálacha maidir le bunú | 19 |
|
CAIBIDIL 10 |
ÁITEANNA OIBRIÚCHÁIN AGUS TEANGA OIBRE | 19 |
|
Airteagal 40: |
Áiteanna oibriúcháin agus teanga oibre | 19 |
|
CAIBIDIL 11: |
IARSCRÍBHINNÍ | 19 |
|
Airteagal 41: |
Iarscríbhinní | 19 |
BROLLACH
Poblacht na hOstaire
Poblacht na Seice
Poblacht na Fraince
Poblacht Chónaidhme na Gearmáine
Poblacht na hIodáile
Poblacht na Polainne
Poblacht na Slóivéine
Ríocht na Spáinne
An Eagraíocht Eorpach um Thaighde Réalteolaíoch sa Leathsféar Theas (ESO)
Dá ngairtear ‘na Comhaltaí Bunaidh’ anseo feasta,
agus:
Cónaidhm na hEilvéise
Dá ngairtear ‘an Breathnóir Bunaidh’ anseo feasta
AG AITHINT DÓIBH go mbeidh tábhacht mhór ag baint leis an taighde a chumasófar de bharr na Réadlainne um Eagar Teileascóp Cherenkov, dá ngairtear CTAO anseo feasta, i roinnt mhaith réimsí éagsúla den réalteolaíocht, den réaltfhisic agus den eolaíocht bhunúsach, rud a rachaidh chun tairbhe don tsochaí trí phróiseas foghlama faoin gcosmas a éascú;
ÓS MIAN LEO seasamh na hEorpa agus na gComhaltaí Bunaidh sa taighde ar domhan a neartú a thuilleadh, agus an comhar eolaíoch thar theorainneacha disciplíní agus náisiúnta a ghéarú;
DE BHRÍ gur áiríodh Eagar Teileascóp Cherenkov i dtreochlár an Fhóraim Straitéisigh Eorpaigh um Bonneagair Thaighde (ESFRI) in 2008 agus gur tháinig Eagar Teileascóp Cherenkov chun bheith ina shainchomhartha de chuid ESFRI in 2018;
AGUS FORBAIRT Á DÉANAMH ar an gGmbH atá ann faoi láthair i dtaca leis an Réadlann um Eagar Teileascóp Cherenkov, ar na hacmhainní arna soláthar ag a comhaltaí agus ar an Meabhrán Tuisceana maidir leis an rún a bheith rannpháirteach i dtógáil agus in oibriú Eagar Teileascóp Cherenkov;
DE BHRÍ gur féidir a bheith rannpháirteach in CTAO agus rannchuidiú leis mar Chomhalta nó mar Bhreathnóir CTAO ERIC (Airteagal 13), mar Chomhpháirtí Straitéiseach faoi chomhaontú comhpháirtíochta straitéisí (Airteagal 15) nó mar Thríú Páirtí faoi chomhaontú sonrach (Airteagal 34);
AGUS FORBAIRT Á DÉANAMH ar na comhaontuithe óstála a tugadh i gcrích idir an gGmbH atá ann faoi láthair i dtaca leis an Réadlann um Eagar Teileascóp Cherenkov agus
|
— |
Istituto Nazionale di Astrofisica (INAF) i ndáil leis an gceanncheathrú atá lonnaithe in Bologna na hIodáile, |
|
— |
an Deutsches Elektronen-Synchrotron DESY i ndáil leis an Lárionad um Bainistiú Sonraí Eolaíochta (SDMC) atá lonnaithe in Zeuthen na Gearmáine, |
|
— |
an Instituto de Astrofísica de Canarias (IAC) i ndáil leis an eagar teileascóp ó thuaidh atá lonnaithe in Observatorio del Roque de Los Muchachos in La Palma na Spáinne, |
|
— |
an Eagraíocht Eorpach um Thaighde Réalteolaíoch sa Leathsféar Theas (ESO) i ndáil leis an eagar teileascóp ó dheas atá lonnaithe i Réadlann La Silla Paranal sa tSile; |
AG TAGAIRT DÓIBH don chinneadh ó Chomhairle ESO, mar a dhoiciméadaítear in ESO/Cou-2114 conf. rev. 2 dar dáta 18.6.2024, maidir leis na cúiseanna sonracha atá le glacadh le dlínse Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) dá dtagraítear in Airteagal 15 (2) de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 maidir le creat dlíthiúil an Chomhphobail le haghaidh Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERIC);
AG AITHINT DÓIBH gur príomhghné de na hiarrachtaí Eorpacha chun réadlanna talamhbhunaithe den chéad ghlúin eile a fhorbairt le haghaidh na réalteolaíochta gáma-ghathaí ag fuinnimh an-ard í tógáil CTAO agus go mbeidh CTAO oscailte do phobail na réalteolaíochta agus na réaltfhisice cáithníní ar fud an domhain mar acmhainn le haghaidh sonraí ó bhreathnuithe uathúla réalteolaíocha ar gháma-ghathanna fuinnimh an-ard;
AG CUR I dTÁBHACHT DÓIBH go mbeidh CTAO ERIC ar cheann de na chéad iarrachtaí idir-rialtasacha a bheidh tiomnaithe go sonrach do réimse na réaltfhisice cáithníní;
DE BHRÍ, i bhfianaise a chineáil thrasdisciplínigh, go neartóidh CTAO naisc idir pobail na fisice cáithníní agus na réaltfhisice, lena gcumasófar fionnachtana eolaíocha bunathraitheacha, agus go mbeidh CTAO, i gcomhpháirt le saoráidí nua eile, ag spreagadh réimse na réalteolaíochta il-teachtaireachta, réimse atá ag teacht chun cinn agus a chomhdhéanfaidh an eolaíocht sa 21ú haois;
AGUS COINNE ACU LEIS go mbeidh tíortha eile rannpháirteach sna gníomhaíochtaí a dhéanfar le chéile faoi na Reachtanna seo a leanas;
TAR ÉIS COMHAONTÚ LEIS SEO MAR A LEANAS:
CAIBIDIL 1
GNÉITHE FÍOR-RIACHTANACHA
Airteagal 1
Ainm agus suíochán
1. Beidh Bonneagar Taighde Eorpach ann ar a dtabharfar an Réadlann um Eagar Teileascóp Cherenkov (CTAO).
2. Beidh foirm dhlíthiúil de Chuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERIC) ag CTAO arna ionchorprú faoi fhoráil Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 agus tabharfar ERIC maidir leis an Réadlann um Eagar Teileascóp Cherenkov (CTAO ERIC) air.
3. Beidh oifig chláraithe agus ceanncheathrú CTAO ERIC in Bologna na hIodáile.
Airteagal 2
Cúraimí agus gníomhaíochtaí
1. Beidh sé de chúram ar CTAO ERIC réadlann a thógáil le haghaidh réalteolaíocht gháma-ghathach thalamhbhunaithe mar a thuairiscítear sa ‘Tuairisc Eolaíoch agus Theicniúil ar an Réadlann um Eagar Teileascóp Cherenkov’, (cumraíocht Alfa) agus an tsaoráid sin a oibriú, a uasghrádú agus a dhíchoimisiúnú a thuilleadh. Leagtar síos na costais tógála i Leabhar Costais CTAO.
2. Déanfaidh CTAO ERIC na gníomhaíochtaí seo a leanas, i measc cinn eile:
|
(a) |
rannchuideoidh sé le taighde ardleibhéil, forbairt theicneolaíoch, nuálaíocht agus dúshláin shochaíocha agus, dá réir sin, beidh breisluach ann d’fhorbairt an Limistéir Eorpaigh Taighde (LET) agus dá bhfuil níos faide anonn; |
|
(b) |
áiritheoidh sé go ndéanfar saothrú eolaíoch iomlán ar CTAO agus ar a shraith ionstraimí; |
|
(c) |
deonóidh sé rochtain éifeachtach d’úsáideoirí i gcomhréir leis an mBeartas Rochtana a leagtar amach in Airteagal 3; |
|
(d) |
rannchuideoidh sé le scaipeadh torthaí eolaíocha; |
|
(e) |
bainfidh sé an úsáid is fearr is féidir as acmhainní agus fios gnó; agus |
|
(f) |
déanfaidh sé aon ghníomhaíocht eile is gá a bhaineann le míreanna (a) go (e). |
3. Saothróidh CTAO ERIC a phríomhchúram ar bhonn neamheacnamaíoch. Féadfaidh sé gníomhaíochtaí teoranta eacnamaíocha a dhéanamh, áfach, ar choinníoll go bhfuil dlúthbhaint acu lena phríomhchúram agus nach gcuireann siad baint amach an chúraim sin i mbaol. Déanfaidh CTAO ERIC costais agus ioncaim a ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a thaifeadadh ar leithligh, agus gearrfaidh sé praghsanna margaidh orthu, nó, mura féidir iad sin a áirithiú, gearrfaidh sé costais iomlána móide corrlach réasúnach.
Airteagal 3
Beartas rochtana d’úsáideoirí na Réadlainne um Eagar Teileascóp Cherenkov
1. Soláthróidh CTAO ERIC rochtain éifeachtach do thaighdeoirí Eorpacha agus idirnáisiúnta (Úsáideoirí) bunaithe ar fhiúntas eolaíoch, indéantacht theicniúil agus/nó critéir ábhartha eile a bhaineann le haidhm CTAO ERIC. Cuirfear méid teoranta Ama Breathnóireachta ar fáil do thograí a bhfuil fiúntas eolaíoch ag baint leo ó thaighdeoirí nach mbaineann le Comhalta, Comhpháirtí Straitéiseach, Tríú Páirtí ná Breathnóir, dá ngairtear Úsáideoirí Eile anseo feasta, faoi théarmaí rochtana sonracha, mar a shainíonn an Chomhairle.
2. Is féidir rochtain ar CTAO a bheith i bhfoirm rochtana ar Am Breathnóireachta CTAO, nó i bhfoirm rochtana ar Tháirgí Sonraí cartlainne CTAO (Airteagal 33). Déanfar mionsonraí rochtana a shainiú i mBeartas Rochtana, arna ghlacadh ag an gComhairle (Airteagal 25(13)(j)), lena saineofar na cineálacha éagsúla tograí agus lena ndéanfar foráil maidir le leibhéal iomchuí deiseanna do chláir mhóra leagáide (Príomhthionscadail Eolaíochta).
3. Tá an tArd-Stiúrthóir freagrach as leithdháileadh ama trí phróiseas athbhreithnithe piaraí a eagrú agus a bhainistiú ina ndéanfar meastóireacht ar bharrfheabhas eolaíochta agus indéantacht tograí. Cuirfear nósanna imeachta agus critéir mheastóireachta ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin CTAO ERIC. Cuirfidh an tArd-Stiúrthóir tuarascáil ar an leithdháileadh ama faoi bhráid na Comhairle go bliantúil.
4. Is é a chiallaíonn Am Úsáideoirí an tAm Breathnóireachta atá ar fáil tar éis Breathnuithe Ama Ráthaithe a eascraíonn as oibleagáidí conarthacha CTAO ERIC a chur san áireamh. Déanfar Am Úsáideoirí a roinnt idir Am Oscailte do Thograí Caighdeánacha agus Am do Phríomhthionscadail Eolaíochta i gcás cláir mhóra leagáide, Am Breathnóireachta don Phobal Idirnáisiúnta i gcás Úsáideoirí Eile agus Am Lánroghnach an Ard-Stiúrthóra. Tá na sainmhínithe sa Tuairisc Eolaíoch agus Theicniúil ar an Réadlann um Eagar Teileascóp Cherenkov.
5. Rannchuideoidh Úsáideoirí Eile leis na costais oibriúcháin a bhaineann leis an úsáid a bhaineann siad as CTAO, mar a shainmhínítear sa Bheartas Rochtana agus sna comhaontuithe comhpháirtíochta faoi seach.
6. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil in Airteagal 3(5) maidir leis na leithdháiltí ama a dheonaíonn CTAO ERIC trí chomhaontuithe speisialta (e.g. comhaontuithe óstála).
Airteagal 4
Meastóireacht Eolaíoch
Déanfaidh an Coiste Comhairleach Eolaíoch agus Teicniúil meastóireacht bhliantúil ar ghníomhaíochtaí eolaíocha agus teicniúla CTAO ERIC (Airteagal 28). Saineofar na mionsonraí i mBeartas um Meastóireacht Eolaíoch, arna ghlacadh ag an gComhairle (Airteagal 25(13)(k)).
Airteagal 5
Scaipeadh Torthaí Taighde
1. Beidh CTAO ERIC ina éascaitheoir taighde agus spreagfaidh sé, mar riail ghinearálta, rochtain oscailte ar shonraí taighde. Gan beann ar an bprionsabal sin, cuirfidh CTAO ERIC taighde ar ardchaighdeán chun cinn agus tacóidh sé le cultúr an ‘dea-chleachtais’ trí ghníomhaíochtaí oiliúna.
2. Iarrfaidh CTAO ERIC ar úsáideoirí a dtorthaí taighde a chur ar fáil go poiblí agus torthaí a chur ar fáil trí CTAO ERIC.
3. Glacfaidh CTAO ERIC a Bheartas féin um Scaipeadh (Airteagal 25(13)(l)). Tabharfar tuairisc sa Bheartas um Scaipeadh ar na spriocghrúpaí éagsúla, agus úsáidfidh CTAO ERIC roinnt cainéal chun teagmháil a dhéanamh leis an spriocphobal, amhail tairseacha gréasáin, nuachtlitreacha, ceardlanna, láithreacht i gcomhdhálacha agus ailt in irisleabhair, irisí agus nuachtáin laethúla.
Airteagal 6
Cearta Maoine Intleachtúla
1. Tuigfear an téarma ‘Maoin Intleachtúil’ de réir Airteagal 2 den Choinbhinsiún lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil a síníodh an 14 Iúil 1967.
2. Glacfaidh CTAO ERIC a Bheartas féin um Chearta Maoine Intleachtúla (Airteagal 25(13)(m)).
3. Beidh CTAO ERIC ina úinéir ar an Maoin Intleachtúil uile a eascraíonn as a ghníomhaíochtaí faoi na Reachtanna seo, lena n-áirítear Maoin Intleachtúil arna táirgeadh ag baill foirne atá fostaithe ag CTAO ERIC, ach gan a bheith teoranta di, ach amháin má chumhdaítear iad le comhaontuithe conarthacha ar leithligh nó i gcás ina sonraítear a mhalairt i reachtaíocht shainordaitheach nó sna Reachtanna seo.
4. Is leis na Comhaltaí nó na heintitis a dhéanann ionadaíocht orthu a bheidh an Mhaoin Intleachtúil a bhí acu cheana. Déanfar í a cheadúnú faoi CTAO ERIC más gá agus le comhaontuithe sonracha.
Airteagal 7
Fostaíocht
1. Beidh CTAO ERIC ina fhostóir comhionannais deiseanna. Is le dlíthe na tíre nó na críche ina bhfuil an fhoireann fostaithe a rialófar conarthaí fostaíochta.
2. Faoi réir cheanglais na reachtaíochta náisiúnta, féachfaidh gach Comhalta laistigh dá dhlínse le gluaiseacht agus cónaí náisiúnaigh na gComhaltaí, na mBreathnóirí agus na gComhpháirtithe Straitéiseacha a bhfuil baint acu le cúraimí CTAO ERIC agus gluaiseacht agus cónaí bhaill teaghlaigh na náisiúnach sin a éascú.
3. Beidh na nósanna imeachta roghnúcháin le haghaidh phoist foirne CTAO ERIC trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus urramófar leo comhionannas deiseanna. Ní bheidh an earcaíocht agus an fhostaíocht idirdhealaitheach.
4. Spreagfaidh CTAO ERIC cruthú ionadaíochta fostaithe institiúidithe.
Airteagal 8
Soláthar
1. Caithfidh CTAO ERIC le hiarrthóirí agus tairgeoirí soláthair go cothrom agus gan idirdhealú, bíodh siad bunaithe laistigh den Aontas Eorpach nó ná bíodh. Déanfar rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta soláthair agus critéir sholáthair a leagan amach sa Bheartas um Sholáthar arna ghlacadh ag an gComhairle (Airteagal 25(12)(i)). Leis an mBeartas sin um Sholáthar, urramófar prionsabail na trédhearcachta, na hiomaíochta, na comhréireachta, an aitheantais fhrithpháirtigh, na córa comhionainne, an neamh-idirdhealaithe agus na hinbhuanaitheachta.
2. Déanfaidh Comhaltaí, Breathnóirí, Comhpháirtithe Straitéiseacha agus Tríú Páirtithe soláthar i ndáil le gníomhaíochtaí CTAO ERIC ar bhealach ina dtabharfar aird chuí ar riachtanais CTAO ERIC, ar cheanglais theicniúla agus ar shonraíochtaí arna n-eisiúint ag na comhlachtaí ábhartha.
3. Sonrófar sa Bheartas um Sholáthar nach mbeidh feidhm ag a fhorálacha maidir le soláthairtí arna ndéanamh ag CTAO ERIC agus úsáid á baint aige as cistí a sheoltar trí CTAO ERIC de réir Airteagal 21(4) de na Reachtanna seo. Sna cásanna sin, is iad na Bunphrionsabail maidir le Ranníocaíochtaí Comhchineáil le CTAO ERIC agus an Creat Ranníocaíochtaí Comhchineáil (Iarscríbhinn B) a chuirfear i bhfeidhm in ionad an Bheartais um Sholáthar.
Airteagal 9
Fad
Beidh CTAO ERIC bunaithe go ceann tréimhse éiginnte.
Airteagal 10
Foirceannadh
1. Déanfaidh an Chomhairle cinneadh maidir le foirceannadh CTAO ERIC i gcomhréir le hAirteagal 25(13)(h).
2. Gan moill mhíchuí agus in aon chás, laistigh de 10 lá tar éis ghlacadh an chinnidh maidir le CTAO ERIC a fhoirceannadh, tabharfaidh CTAO ERIC fógra don Choimisiún faoin gcinneadh.
3. Gan moill mhíchuí agus, in aon chás, laistigh de 10 lá ó dhúnadh an nós imeachta foirceanta, tabharfaidh CTAO-ERIC fógra faoi sin don Choimisiún.
4. Tiocfaidh deireadh le CTAO ERIC an lá a fhoilseoidh an Coimisiún an fógra iomchuí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 11
Díscaoileadh CTAO ERIC nó scor dá phribhléidí cánach
1. Ar CTAO ERIC a dhíscaoileadh nó ar scor dá phribhléidí cánach agus dá liúntais chánach, ní bhfaighidh na Comhaltaí aon rud níos mó ná a ranníocaíochtaí airgid thirim íoctha agus luach iarbhír a ranníocaíochtaí comhchineáil.
2. Ar CTAO ERIC a dhíscaoileadh nó ar scor dá phribhléidí cánach agus dá liúntais chánach, déanfar sócmhainní CTAO ERIC ar mó iad ná na ranníocaíochtaí airgid thirim íoctha agus luach iarbhír na ranníocaíochtaí comhchineáil a aistriú chuig eintiteas dlíthiúil poiblí eile nó chuig corparáid eile faoi phribhléid chánach nó chuig eintiteas dlíthiúil eile a shaothraíonn cuspóirí atá comhchosúil le cuspóirí CTAO ERIC chun eolaíocht agus taighde a chur chun cinn.
Airteagal 12
Córas dliteanais agus árachas
1. Beidh CTAO ERIC faoi dhliteanas i leith a chuid fiach.
2. Níl na Comhaltaí faoi dhliteanas comhpháirteach i leith fhiacha CTAO ERIC. Beidh dliteanas airgeadais na gComhaltaí i leith fhiacha CTAO ERIC teoranta dá ranníocaíocht bhliantúil faoi seach.
3. Gheobhaidh CTAO ERIC árachas iomchuí chun na rioscaí a bhaineann go sonrach le tógáil agus oibriú CTAO a chumhdach.
CAIBIDIL 2
COMHALTAS, STÁDAS BREATHNÓRA, COMHPHÁIRTÍOCHT STRAITÉISEACH
Airteagal 13
Comhaltas, stádas breathnóra agus eintiteas a dhéanann ionadaíocht
1. Féadfaidh na heintitis seo a leanas teacht chun bheith ina gComhaltaí de CTAO ERIC nó ina mBreathnóirí gan cearta vótála:
|
(a) |
Ballstáit an Aontais Eorpaigh; |
|
(b) |
tíortha comhlachaithe, dá dtagraítear i Rialachán 723/2009 (Rialachán ERIC); |
|
(c) |
tríú tíortha seachas tíortha comhlachaithe; |
|
(d) |
eagraíochtaí idir-rialtasacha. |
Sonraítear in Airteagal 14 na coinníollacha maidir le Comhaltaí agus Breathnóirí a ligean isteach.
2. Ní mór Ballstát amháin ar a laghad den Aontas agus dhá thír eile ar Ballstáit den Aontas nó tíortha comhlachaithe iad a bheith san áireamh i gcomhaltas CTAO ERIC.
3. Beidh tromlach na gceart vótála sa Chomhairle ag Ballstáit an Aontais agus ag tíortha comhlachaithe go comhpháirteach.
4. Féadfaidh eintiteas poiblí amháin nó níos mó ionadaíocht a dhéanamh ar aon Chomhalta nó aon Bhreathnóir, lena n-áirítear réigiúin nó eintitis phríobháideacha a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, dá rogha féin agus arna gceapadh de réir a rialacha agus a nósanna imeachta féin.
5. Liostaítear Comhaltaí agus Breathnóirí CTAO ERIC agus na heintitis a dhéanann ionadaíocht orthu in Iarscríbhinn D, rud a choimeádfaidh Cathaoirleach na Comhairle cothrom le dáta.
Airteagal 14
Ligean Isteach Comhaltaí agus Breathnóirí
1. Is iad seo a leanas na téarmaí maidir le ligean isteach Comhaltaí nua:
|
(a) |
beidh formheas ón gComhairle ag teastáil chun Comhaltaí nua a ligean isteach (Airteagal 25(12)(d)); |
|
(b) |
cuirfidh iarratasóirí iarratas i scríbhinn faoi bhráid Chathaoirleach na Comhairle; |
|
(c) |
tabharfar tuairisc san iarratas ar an gcaoi a rannchuideoidh an t-iarratasóir le cúraimí agus gníomhaíochtaí CTAO ERIC agus ar an gcaoi a gcomhlíonfaidh an t-iarratasóir a oibleagáidí; |
|
(d) |
Comhaltaí nua a ligtear isteach in CTAO ERIC laistigh de thréimhse 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún lena mbunaítear CTAO ERIC, féadfaidh siad teacht isteach faoi na coinníollacha céanna leis na Comhaltaí Bunaidh; |
|
(e) |
féadfaidh Comhaltaí nua a thiocfaidh chun bheith ina gComhaltaí tar éis na tréimhse a thuairiscítear in (d) dul isteach in CTAO ERIC agus ranníocaíocht á déanamh acu leis na costais tógála a shaineoidh an Chomhairle; |
|
(f) |
i gcás Comhaltaí nua a thiocfaidh chun bheith ina gComhaltaí tar éis thabhairt chun críche na céime tógála (Airteagal 19), déanfaidh an Chomhairle foráil maidir le ranníocaíocht speisialta leis an infheistíocht chaipitiúil i dteannta na ranníocaíochta leis na costais oibriúcháin. |
2. Eintitis dá dtagraítear in Airteagal 13(1) atá toilteanach rannchuidiú le CTAO ERIC, ach nach bhfuil in ann dul isteach mar Chomhaltaí go fóill, féadfaidh siad iarratas ar stádas breathnóra a chur faoi bhráid na Comhairle. Is iad seo a leanas na téarmaí maidir le ligean isteach Breathnóirí:
|
(a) |
beidh formheas ón gComhairle ag teastáil chun Breathnóirí a ligean isteach; |
|
(b) |
ligfear Breathnóirí isteach ar feadh tréimhse 3 bliana; i gcásanna eisceachtúla, féadfaidh an Chomhairle síneadh a chur le tréimhse an stádais breathnóra; |
|
(c) |
cuirfidh iarratasóirí iarratas i scríbhinn faoi bhráid Chathaoirleach na Comhairle. |
3. I dtaca le heintitis dá dtagraítear in Airteagal 13(1), a théann isteach in CTAO ERIC agus stádas breathnóra acu ón uair a bhunaítear é agus a gheallann go rannchuideoidh siad le tógáil CTAO, is é an sainmhíniú atá orthu Breathnóirí Bunaidh agus liostaítear i mBrollach na Reachtanna seo iad.
4. Is féidir le Breathnóirí Bunaidh a stádas mar Bhreathnóirí a choinneáil ar bun ar feadh tréimhse 3 bliana ó bhunaítear CTAO ERIC; i gcásanna eisceachtúla, féadfaidh an Chomhairle síneadh a chur le tréimhse an stádais breathnóra.
Airteagal 15
Comhpháirtíocht Straitéiseach
1. Faoi réir fhormheas na Comhairle, féadfaidh CTAO ERIC comhaontuithe comhpháirtíochta straitéisí a thabhairt i gcrích le Ballstáit nach Ballstáit den Aontas iad nó le heagraíochtaí idir-rialtasacha.
2. Déanfar ranníocaíochtaí na gComhpháirtithe Straitéiseacha de bhun na gcomhaontuithe comhpháirtíochta straitéisí a thaifeadadh ar leithligh i mbuiséad bliantúil CTAO ERIC.
3. Liostaítear in Iarscríbhinn A ranníocaíochtaí na gcomhpháirtithe a shíníonn litir ghealltanais go dtiocfaidh siad chun bheith ina gComhpháirtithe Straitéiseacha agus go mbeidh siad rannpháirteach i dtógáil CTAO ERIC ón uair a bhunaítear é.
4. Tá na cearta agus na hoibleagáidí céanna ag Comhpháirtithe Straitéiseacha agus atá ag Comhaltaí mar a luaitear in Airteagail 16 agus 17, cé is moite den cheart vótála sa Chomhairle.
5. Iarrann CTAO ERIC ar ionadaithe ó Chomhpháirtithe Straitéiseacha freastal ar chruinnithe na Comhairle agus a seasamh a lua maidir le haon ábhar vótála sa Chomhairle sula gcaithfear na vótaí. Rachfar i gcomhairle leis na Comhpháirtithe Straitéiseacha sula bhféadfar aon vóta a chaitheamh sa Chomhairle a bhaineann le cinneadh a dhéanfadh difear dá ranníocaíochtaí.
6. Féadfaidh eintiteas poiblí amháin nó níos mó ionadaíocht a dhéanamh ar chomhpháirtithe straitéiseacha, lena n-áirítear réigiúin nó eintitis phríobháideacha a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, dá rogha féin agus arna gceapadh de réir a rialacha agus a nósanna imeachta féin.
7. Féadfar a iarraidh ar ionadaithe ó Chomhpháirtithe Straitéiseacha freastal ar choistí eile de chuid CTAO ERIC i gcomhréir le rialacha nós imeachta gach coiste.
8. Glacfaidh an Chomhairle beartas lena sonrófar coinníollacha na gcomhaontuithe comhpháirtíochta straitéisí, Airteagal 25(13)(n).
Airteagal 16
Tarraingt siar Comhalta nó Breathnóra/Foirceannadh comhaltais nó stádais breathnóra
1. Féadfaidh éifeacht a bheith ag gabháil le tarraingt siar comhaltaí ag deireadh na céime tógála ar a luaithe nó 10 mbliana tar éis theacht i bhfeidhm na Reachtanna seo. Féadfaidh aon Chomhalta tarraingt siar as CTAO ERIC ag deireadh bliana airgeadais, tar éis fógra i scríbhinn a thabhairt don Chomhairle 3 bliana roimh an tarraingt siar.
2. Féadfaidh Breathnóirí tarraingt siar ag deireadh bliana airgeadais, tar éis fógra i scríbhinn a thabhairt don Chomhairle 6 mhí roimh an tarraingt siar.
3. Déanfaidh an Chomhairle cinneadh maidir leis na coinníollacha agus na héifeachtaí a bhainfidh le tarraingt siar Comhalta as CTAO ERIC, go háirithe a sciar de na costais a ghabhfaidh le CTAO a dhíchoimisiúnú (Airteagal 23(4)).
4. Beidh sé de chumhacht ag an gComhairle comhaltas Comhalta nó stádas breathnóra Breathnóra a fhoirceannadh má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
rinne an Comhalta nó an Breathnóir sárú tromchúiseach ar cheann amháin nó níos mó dá oibleagáidí faoi na Reachtanna seo; |
|
(b) |
níor réitigh an Comhalta nó an Breathnóir an sárú sin laistigh de thréimhse 6 mhí ó fuair sé fógra faoin sárú i scríbhinn. |
|
(c) |
Sula ndéanfaidh an Chomhairle cinneadh maidir le comhaltas nó stádas breathnóra a fhoirceannadh, tabharfar an deis don Chomhalta nó don Bhreathnóir a sheasamh a chur faoi bhráid na Comhairle. |
5. Gan dochar d’Airteagal 16(1) agus d’Airteagal 16(3), féadfaidh Comhaltaí agus Breathnóirí, ar tíortha comhlachaithe, tríú tíortha seachas tíortha comhlachaithe nó eagraíochtaí idir-rialtasacha iad, tarraingt siar as CTAO ERIC tar éis athruithe ar Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 ón gComhairle a dhéanfadh difear ábhartha dá gcearta agus dá n-oibleagáidí i ndáil le CTAO ERIC. Meastar go bhfuil athruithe den sórt sin ábhartha i gcás ina dtugann siad le tuiscint go mbeidh táillí méadaithe ann (lena n-áirítear ranníocaíochtaí bliantúla nó costais um dhíchoimisiúnú), i gcás ina leasaíonn siad scaireanna vótála, i gcás ina bhforchuireann siad ceanglais atá contrártha do na dlíthe is infheidhme de réir Airteagal 36 de na Reachtanna seo, i gcás ina gcuireann siad deireadh leis an gceart go ndéanfar ionadaíocht sa Chomhairle nó i gcoistí eile orthu nó i gcás ina n-athraíonn siad na cearta acu a bhaineann le hionadaíocht nó le húsáid na saoráide. Is i gcomhréir le hAirteagal 16(3), faoi réir vóta d’aon toil ó Chomhairle CTAO, a dhéanfar cinneadh ar dtús maidir leis na dliteanais agus na héifeachtaí a bhainfidh le tarraingt siar as CTAO ERIC, lena n-áirítear sciar an Chomhalta nó an Bhreathnóra a tharraingíonn siar de na costais a ghabhfaidh le CTAO a dhíchoimisiúnú. D’ainneoin Airteagal 16(1), tabharfaidh an Comhalta nó an Breathnóir dá ndéantar difear (laistigh de 6 mhí ón athrú ábhartha ar Rialacháin ERIC) fógra 3 mhí ar a laghad don Chomhairle faoina tharraingt siar chun go mbeidh éifeacht leis aon tráth tar éis dheireadh na céime tógála nó 10 mbliana tar éis theacht i bhfeidhm na Reachtanna seo.
CAIBIDIL 3
CEARTA AGUS OIBLEAGÁIDÍ COMHALTAÍ AGUS BREATHNÓIRÍ
Airteagal 17
Cearta agus oibleagáidí na gComhaltaí
1. Áireofar le cearta na gComhaltaí:
|
(a) |
rochtain ar CTAO dá phobal eolaíochta faoi na coinníollacha a shonraítear in Airteagal 3; |
|
(b) |
an ceart chun bheith i láthair agus vótáil a chaitheamh i gcruinnithe den Chomhairle. Ní bheidh aon vóta ag Comhalta, áfach, in ábhar a bhaineann le comhaltas an Chomhalta sin a bheith á fhoirceannadh aige. |
2. Déanfaidh gach Comhalta na nithe seo a leanas
|
(a) |
an ranníocaíocht bhliantúil a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 21 agus le hAirteagal 22(3); |
|
(b) |
glacadh caighdeán ábhartha a chur chun cinn; |
|
(c) |
an bonneagar teicniúil is gá a sholáthar chun go mbeifear in ann rochtain a fháil; |
|
(d) |
glacadh seirbhísí a chur chun cinn i measc taighdeoirí sa tír is Comhalta, agus aiseolas agus riachtanais Úsáideoirí a bhailiú; |
|
(e) |
comhtháthú i mbonneagair náisiúnta agus i mbonneagair ábhartha eile a éascú. |
3. Déanfaidh na Comhaltaí bunaidh na ranníocaíochtaí seo a leanas ag praghsanna 2021, in airgead tirim nó i gcomhchineál, i leith na gcostas tógála (Airteagail 2(1), 21(1)):
|
Poblacht na hOstaire |
EUR 2,375 + 0,625 (1) milliún |
|
Poblacht na Seice |
EUR 5,009 + 1,696 milliún |
|
Poblacht na Fraince |
EUR 58,476 + 1,609 milliún |
|
Poblacht Chónaidhme na Gearmáine |
EUR 88.324 + 8.440 milliún |
|
Poblacht na hIodáile |
EUR 64,750 + 4,681 milliún |
|
Poblacht na Polainne |
EUR 16,578 + 0 milliún |
|
Poblacht na Slóivéine |
EUR 0,507 + 0,209 milliún |
|
Ríocht na Spáinne |
EUR 47,143 + 1,350 milliún |
Rannchuideoidh ESO trí limistéar talún a chur ar fáil do CTAO agus tríd an úsáid, na cearta agus na seirbhísí a sholáthar mar a shainítear sa Chomhaontú maidir le Tógáil, Coimisiúnú agus Oibriú CTAO ar Láithreán Paranal, ar láithreán de chuid Réadlann La Silla Paranal ESO sa tSile é, arna shíniú an 19 Nollaig 2018.
4. Liostaítear in Iarscríbhinn A aon ranníocaíocht eile le tógáil CTAO a thagann ó Bhreathnóirí Bunaidh, ó Chomhpháirtithe Straitéiseacha nó ó Thríú Páirtithe, a d’fhógair don Stát Óstach ainmnithe go bhfuil rún daingean acu rannchuidiú le tógáil CTAO sular mbunófar é, agus tiocfaidh ann don ranníocaíocht sin trí shocruithe conarthacha díreacha le CTAO ERIC tar éis a bhunaithe.
5. I dteannta na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 17(3) agus lasmuigh den Leabhar Costais, soláthróidh na Comhaltaí seo a leanas na nithe seo a leanas saor in aisce mar phréimh óstaigh:
|
(a) |
Poblacht Chónaidhme na Gearmáine: óstáil SDMC; |
|
(b) |
Poblacht na hIodáile: óstáil cheanncheathrú CTAO, |
|
(c) |
Ríocht na Spáinne: óstáil an eagair teileascóp ó thuaidh. |
Tugtar tuairisc in Iarscríbhinn A ar na gnéithe fíor-riachtanacha agus ar choinníollacha phréimheanna an óstaigh.
Airteagal 18
Cearta agus oibleagáidí na mBreathnóirí
1. Áireofar le cearta na mBreathnóirí:
|
(a) |
an ceart freastal ar chruinnithe na Comhairle agus an Choiste Riaracháin agus Airgeadais gan vótáil; |
|
(b) |
rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí áirithe de chuid CTAO ERIC arna sainaithint ag an gComhairle. |
2. Tá na cearta agus na hoibleagáidí céanna ag Breathnóirí Bunaidh mar a shainmhínítear in Airteagal 14(3) agus atá ag Breathnóirí mar a shonraítear in Airteagal 18(1).
3. Liostaítear in Iarscríbhinn A na ranníocaíochtaí le tógáil CTAO lena bhfuil coinne ó na Breathnóirí Bunaidh.
4. Soláthróidh gach Breathnóir Bunaidh agus gach Breathnóir ranníocaíocht bhliantúil le buiséad bliantúil CTAO ERIC tar éis thabhairt chun críche na céime tógála (céim oibríochta), mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn C.
CAIBIDIL 4
PRIONSABAIL MAIDIR LE TÓGÁIL, OIBRIÚ AGUS CISTIÚ
Airteagal 19
Tógáil
1. Le linn na céime tógála, déanfaidh CTAO ERIC CTAO a thógáil agus a choimisiúnú mar a thuairiscítear sa doiciméad S&T (Iarscríbhinn A). Féadfaidh sé gníomhaíochtaí eolaíocha luatha a dhéanamh freisin agus úsáid á baint as píosaí trealaimh CTAO arna gcur chun úsáide. Tiocfaidh deireadh leis an gcéim thógála ar an dáta a chinnfidh an Chomhairle de réir Airteagal 25(12)(f).
2. Déanfaidh an Chomhairle athbhreithniú go bliantúil ar a laghad ar na costais tógála iarbhír agus réamh-mheasta. Más rud é, tráth ar bith agus ar chúis ar bith, go ndealraíonn sé don Chomhairle go bhfuil tabhairt chun críche CTAO faoi bhagairt, déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón Ard-Stiúrthóir, cinneadh maidir le bearta maolaithe.
Airteagal 20
Feabhsú na Réadlainne
1. Ranníocaíochtaí ó Chomhaltaí, ó Bhreathnóirí, ó Chomhpháirtithe Straitéiseacha nó ó Thríú Páirtithe ar mó iad ná na cinn a luaitear in Airteagal 17, tá coinne leis go sainaithneofar iad chun go mbeidh CTAO ERIC in ann CTAO a fheabhsú de réir an Doiciméid S&T.
Airteagal 21
Costais tógála
1. Leagtar síos na meastacháin ar chostais tógála i Leabhar Costais CTAO dar dáta an 22 Meitheamh 2021 ag praghsanna 2021 lena gcumhdaítear an caiteachas foriomlán. Is é an leabhar costais sin an doiciméad tagartha le haghaidh ranníocaíochtaí na gcomhaltaí in airgead tirim agus i gcomhchineál.
Na costais tógála go dtí go dtabharfar CTAO chun críche, ní bheidh siad níos mó ná
EUR 351 319 000 ag praghsanna 2021.
Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil, modhnú ar na costais sin a fhormheas (Airteagal 25(12)(a)).
2. Is éard a bheidh sna costais tógála suim na nithe seo a leanas:
|
(a) |
Na ranníocaíochtaí le CTAO gGmbH arna ndéanamh ag a scairshealbhóirí agus a gcoinnítear cuntas orthu, dá ngairtear costais réamhthógála anseo feasta; |
|
(b) |
Caiteachas iomlán CTAO ERIC le linn na céime tógála; |
|
(c) |
Luach na bpíosaí trealaimh uile arna gcur chun úsáide mar ranníocaíochtaí comhchineáil, de réir an Leabhair Costais. |
3. Féadfaidh na Comhaltaí, na Comhpháirtithe Straitéiseacha agus na Breathnóirí na ranníocaíochtaí leis na costais tógála a sheachadadh mar ranníocaíochtaí airgid thirim nó mar ranníocaíochtaí comhchineáil mar a thuairiscítear sna Bunphrionsabail maidir le Ranníocaíochtaí Comhchineáil le CTAO ERIC (Iarscríbhinn B). Déanfaidh an Chomhairle cinneadh maidir le leithdháileadh ranníocaíochtaí comhchineáil (Airteagal 25(13)(e)).
4. Mar riail ghinearálta, seachadann an Comhalta ranníocaíochtaí comhchineáil chuig CTAO ERIC. Féadfaidh an Comhalta a iarraidh ar CTAO ERIC an cistiú is gá chun na críche sin a threorú thar a cheann (airgead tirim tiomnaithe). Sa chás sin, cuirfidh an Comhalta an cistiú is gá ar fáil in am trátha do CTAO ERIC.
5. Seachadfaidh na Comhaltaí ranníocaíochtaí airgid thirim chuig CTAO ERIC de réir próifílí íocaíochta arna gcomhaontú go sonrach. A mhéid is féidir, ba cheart na próifílí íocaíochta a bheith ag teacht le próifíl chaiteachais CTAO ERIC. Áirítear sa Leabhar Costais an tábla a léiríonn na teagmhais chaiteachais bhliantúla a mheastar a bheith ann le linn na céime tógála.
Airteagal 22
Oibriú agus costais oibriúcháin
1. Tar éis tógáil CTAO a thabhairt chun críche, oibreoidh CTAO ERIC an réadlann agus saothróidh sé clár taighde agus forbartha chun tuilleadh forbartha inbhuanaithe a dhéanamh uirthi.
2. Maoineofar oibriú CTAO ó bhuiséad bliantúil CTAO ERIC.
3. Déantar ranníocaíochtaí na gComhaltaí le buiséad bliantúil CTAO ERIC a chionroinnt de réir na scéime a leagtar amach in Iarscríbhinn C.
Airteagal 23
Díchoimisiúnú agus costais um dhíchoimisiúnú
1. Déanann an Chomhairle cinneadh maidir le díchoimisiúnú CTAO in am trátha i gcomhréir le hAirteagal 25(12)(g).
2. Roimh dheireadh na céime tógála agus le linn na céime oibríochta, coimeádfaidh an Chomhairle meastachán cothrom le dáta ar na costais agus ar an am is gá chun CTAO a dhíchoimisiúnú.
3. Déanfar na costais um dhíchoimisiúnú a roinnt idir na Comhaltaí de réir beartas arna ghlacadh ag an gComhairle.
4. Má fhágann Comhalta CTAO ERIC roimh chinneadh na Comhairle CTAO a dhíchoimisiúnú, aistreoidh sé méid réasúnta chuig CTAO ERIC a chomhfhreagraíonn dá sciar teoiriciúil de na costais um dhíchoimisiúnú ar lá a imeachta ó CTAO ERIC.
CAIBIDIL 5
RIALACHAS
Airteagal 24
Orgáin CTAO ERIC
Is iad an Chomhairle, an tArd-Stiúrthóir, an Coiste Riaracháin agus Airgeadais agus an Coiste Comhairleach Eolaíoch agus Teicniúil orgáin CTAO ERIC.
Airteagal 25
An Chomhairle
1. Is í an Chomhairle comhlacht rialaithe CTAO ERIC agus beidh sí comhdhéanta de suas le beirt ionadaithe oifigiúla (toscairí) ó gach ceann de Chomhaltaí agus Breathnóirí CTAO ERIC. Féadfaidh suas le beirt saineolaithe cúnamh a thabhairt do na toscairí.
2. Ceapfar toscairí chuig an gComhairle agus déanfar a gceapacháin a fhoirceannadh de réir prionsabail a chinnfidh gach Comhalta. Cuirfidh gach Comhalta Cathaoirleach na Comhairle ar an eolas i scríbhinn, gan moill mhíchuí, faoi cheapachán aon cheann dá thoscairí chuig an gComhairle nó faoi fhoirceannadh an cheapacháin sin.
3. Le linn na céime tógála, déanfar roinnt vótaí doroinnte sa Chomhairle a chionroinnt ar na Comhaltaí i gcomhréir lena ngealltanais ranníocaíocht a dhéanamh i leith na gcostas tógála mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn A.
4. Le linn na céime oibríochta, féachfaidh an Chomhairle an athuair ar an gcionroinnt sin de gach líon doroinnte vótaí mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn C. Déanfaidh an Chomhairle an cinneadh maidir leis an athbhreithniú ar chionroinnt vótaí (Airteagal 25(12)(h)).
5. Tiocfaidh an Chomhairle le chéile faoi dhó sa bhliain ar a laghad agus beidh sí freagrach, i gcomhréir le forálacha na Reachtanna seo, as treo foriomlán CTAO ERIC agus as maoirseacht a dhéanamh air. Féadfaidh an Chomhairle treoracha a thabhairt don Ard-Stiúrthóir.
6. Is é an Cathaoirleach a chomórfaidh cruinnithe na Comhairle. Déanfaidh an Cathaoirleach cruinniú den Chomhairle a chomóradh freisin arna iarraidh sin do dhá Chomhalta ar a laghad.
7. Toghfaidh an Chomhairle Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach as toscaireachtaí na gComhaltaí. Glacfaidh an Leas-Chathaoirleach ionad an Chathaoirligh má bhíonn an Cathaoirleach as láthair agus i gcás coinbhleacht leasa. Ar a dtoghadh dóibh, tagann an Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach chun bheith supra-partes agus fágann siad a dtoscaireachtaí. Toghfar an Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach ar feadh tréimhse oifige nach faide ná 2 bhliain. Ceadófar atoghadh faoi dhó.
8. Déanfaidh an Chomhairle cinneadh maidir lena Rialacha Nós Imeachta faoi réir na bhforálacha sna Reachtanna seo.
9. Féadfaidh an Chomhairle coistí a bhunú de réir mar is gá chun cúram CTAO ERIC a bhaint amach. Saineoidh an Chomhairle sainordú na gcoistí sin.
10. Is í an Chomhairle, i gcomhairle leis an Ard-Stiúrthóir, a cheapfaidh baill foirne shinsearacha shonracha, mar a shainíonn an Chomhairle.
11. Ba cheart don Chomhairle dul ar aghaidh leis an vótáil i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:
|
(a) |
Ciallaíonn ‘tromlach simplí’ tromlach is mó ná 50 % de vótaí na gComhaltaí a ndéantar ionadaíocht orthu ag an gcruinniú agus nach mó ná leath na gComhaltaí a vótálann ina aghaidh. |
|
(b) |
Ciallaíonn ‘tromlach cáilithe’ tromlach 67 % ar a laghad de vótaí na gComhaltaí a ndéantar ionadaíocht orthu ag an gcruinniú agus nach mó ná leath na gComhaltaí a vótálann ina aghaidh. |
|
(c) |
Ciallaíonn ‘vóta d’aon toil’ 90 % ar a laghad de vótaí na gComhaltaí a ndéantar ionadaíocht orthu ag an gcruinniú agus nach vótálann aon Chomhalta ina aghaidh. |
|
(d) |
Ní bheidh córam ag aon chruinniú den Chomhairle ach i gcás ina ndéanfaidh toscairí ionadaíocht ar 67 % de na Comhaltaí uile agus sa chás sin amháin. |
Ní áirítear staonadh ó vótáil mar vóta.
12. Beidh formheas ón gComhairle trí vótáil d’aon toil ag teastáil i gcás na n-ábhar seo a leanas:
|
(a) |
na costais tógála a mhéadú go dtí go dtabharfar cumraíocht na céime tógála chun críche mar a leagtar amach in Airteagal 21(1)); |
|
(b) |
athruithe a dhéanamh ar ranníocaíochtaí le costais tógála; |
|
(c) |
togra a dhéanamh le haghaidh leasú ar na Reachtanna seo agus leasú ar na hIarscríbhinní a ghabhann leo nó ar an Leabhar Costais; |
|
(d) |
ligean isteach agus foirceannadh comhaltais nó stádais breathnóra, lena n-áirítear síntí a chur le stádas breathnóra; |
|
(e) |
comhaontuithe a fhormheas maidir le bunú comhpháirtíochta straitéisí, Airteagal 15(1); |
|
(f) |
cinneadh a dhéanamh maidir le deireadh na céime tógála agus tús na céime oibríochta, Airteagal 19(1); |
|
(g) |
cinneadh a dhéanamh maidir le CTAO a dhíchoimisiúnú agus an beartas maidir le comhroinnt na gcostas um dhíchoimisiúnú a ghlacadh, Airteagal 23(1) agus (3); |
|
(h) |
athbhreithniú a dhéanamh ar chionroinnt na vótaí, Airteagal 25(4); |
|
(i) |
Beartas CTAO ERIC um Sholáthar a ghlacadh, Airteagal 8(1); |
Beidh aon leasú ar na Reachtanna faoi réir na bhforálacha a leagtar amach in Airteagal 9(3) agus Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 arna leasú ag an gComhairle an 2 Nollaig 2013 (Rialachán (AE) Uimh. 1261/2013 ón gComhairle).
13. Maidir le cinntí a bhaineann leis na nithe seo a leanas, beidh tromlach cáilithe de na vótaí ag teastáil ina leith:
|
(a) |
toghadh an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh; |
|
(b) |
ceapachán an Ard-Stiúrthóra chomh maith le fionraí nó foirceannadh cheapachán an Ard-Stiúrthóra i gcomhréir le hAirteagal 26; |
|
(c) |
clár eolaíochta meántéarmach (5 bliana); |
|
(d) |
buiséid bhliantúla, pleananna buiséid 5 bliana agus meastacháin airgeadais mheántéarmacha; |
|
(e) |
leithdháileadh ranníocaíochtaí comhchineáil; |
|
(f) |
glacadh an ráitis airgeadais bhliantúil; |
|
(g) |
Rialacha Airgeadais CTAO ERIC (lena n-áirítear Téarmaí Tagartha agus Rialacha Nós Imeachta an Choiste Riaracháin agus Airgeadais (CRA)); |
|
(h) |
foirceannadh CTAO ERIC; |
|
(i) |
Téarmaí Tagartha agus Rialacha Nós Imeachta an Choiste Chomhairligh Eolaíoch agus Theicniúil (CCET); |
|
(j) |
Beartas Rochtana, Airteagal 3(2); |
|
(k) |
Beartas um Meastóireacht Eolaíoch, Airteagal 4; |
|
(l) |
Beartas um Scaipeadh, Airteagal 5(3); |
|
(m) |
Beartas um Chearta Maoine Intleachtúla, Airteagal 6(2); |
|
(n) |
Beartas um chomhpháirtíochtaí straitéiseacha, Airteagal 15(8); |
|
(o) |
Beartas Sonraí, Airteagal 33(2); |
|
(p) |
Beartas um chomhaontuithe le Tríú Páirtithe, Airteagal 34; |
|
(q) |
Téarmaí Tagartha agus Rialacha Nós Imeachta na gcoistí breise uile arna mbunú ag an gComhairle, Airteagal 25(9). |
14. Beidh tromlach simplí ag teastáil i gcás gach cinnidh eile ón gComhairle.
Airteagal 26
An tArd-Stiúrthóir
1. Ceapfaidh an Chomhairle Ard-Stiúrthóir CTAO ERIC de réir nós imeachta arna ghlacadh ag an gComhairle. Ní bheidh téarma an Ard-Stiúrthóra níos faide ná 5 bliana; is féidir athcheapadh a dhéanamh. Beidh gnéithe fíor-riachtanacha an chonartha fostaíochta faoi réir a bhformheasta ag an gComhairle.
2. Beidh an tArd-Stiúrthóir cuntasach don Chomhairle agus is é a bheidh ina ionadaí dlíthiúil ar CTAO ERIC. Déanfaidh an tArd-Stiúrthóir bainistíocht laethúil ar CTAO ERIC le dícheall cuí agus i gcomhréir leis na Reachtanna seo, le treoracha agus rúin na Comhairle agus leis na ceanglais dlí is infheidhme.
3. Tá sé d’údarás ag an Ard-Stiúrthóir idirbhearta a fhormheas suas le luachanna a shaineofar sna Rialacha Airgeadais. Ní mór formheas a fháil ón gCoiste Riaracháin agus Airgeadais le haghaidh idirbhearta os cionn na luachanna socraithe.
4. Cuirfidh an tArd-Stiúrthóir an Chomhairle ar an eolas go tráthrialta faoi chinntí an Ard-Stiúrthóra maidir le hábhair straitéiseacha, theicniúla, eolaíocha, dhlíthiúla, bhuiséadacha agus riaracháin. Cuirfidh an tArd-Stiúrthóir tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí faoi bhráid na Comhairle.
5. Ullmhóidh an tArd-Stiúrthóir na cinntí a bheidh le déanamh ag an gComhairle agus na cinntí a bheidh le déanamh ag na coistí.
6. I gcás ina dtiocfaidh post an Ard-Stiúrthóra chun bheith folamh, féadfaidh an Chomhairle duine a ainmniú, a gcinnfidh sí a chumhachtaí agus a fhreagrachtaí, chun gníomhú in ionad an Ard-Stiúrthóra.
Airteagal 27
An Coiste Riaracháin agus Airgeadais
1. Beidh Coiste Riaracháin agus Airgeadais (CRA) ann ar a mbeidh suas le beirt toscairí arna n-ainmniú ag gach Comhalta. Is í an Chomhairle a cheapfaidh Cathaoirleach an CRA agus beidh an Cathaoirleach supra-partes. Tabharfaidh an Coiste comhairle don Chomhairle maidir le cúrsaí riaracháin, dlí agus airgeadais.
2. Is é an CRA a fhormheasfaidh idirbhearta os cionn na luachanna a shocraítear d’údarás an Ard-Stiúrthóra (Airteagal 26(3)) mar a shainítear sna Rialacha Airgeadais.
3. Déanfaidh an Chomhairle Téarmaí Tagartha an Choiste sin agus a Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh agus a ionchorprú sna Rialacha Airgeadais (Airteagal 25(13)(g)).
4. Cuirfidh an tArd-Stiúrthóir na doiciméid bhuiséid faoi bhráid an CRA mar a shonraítear sna Rialacha Airgeadais a ndéanfar athbhreithniú orthu agus a chuirfear faoi bhráid na Comhairle ina dhiaidh sin in éineacht le barúlacha agus moltaí CRA.
Airteagal 28
An Coiste Comhairleach Eolaíoch agus Teicniúil
1. Beidh Coiste Comhairleach Eolaíoch agus Teicniúil (CCET) ann. Ar an gCoiste sin beidh eolaithe den scoth nach bhfuil fostaithe ag CTAO ERIC nó nach bhfuil baint dhíreach acu ar aon bhealach eile leis, agus cuirfidh an Coiste comhairle ar an gComhairle maidir le hábhair eolaíocha agus theicniúla agus ábhair eile atá tábhachtach do CTAO ERIC.
2. Ceapfaidh an Chomhairle comhaltaí CCET i gcomhréir leis na Rialacha Nós Imeachta. Féachfaidh an Chomhairle le CCET éagsúil a bhaint amach ina mbeidh cothromaíocht idir saineolas eolaíoch agus saineolas teicniúil, lena léireofar rannpháirtíocht leathan i dtionscadal Eagar Teileascóp Cherenkov.
3. Is í an Chomhairle a cheapfaidh Cathaoirleach CCET.
4. Glacfaidh an Chomhairle Téarmaí Tagartha agus Rialacha Nós Imeachta CCET (Airteagal 25(13)(i)).
CAIBIDIL 6
ÁBHAIR AIRGEADAIS
Airteagal 29
Acmhainní
1. Is iad seo a leanas a bheidh in acmhainní CTAO ERIC:
|
(a) |
ranníocaíochtaí ó Chomhaltaí (Airteagal 13), ó Bhreathnóirí (Airteagal 14), ó Chomhpháirtithe Straitéiseacha (Airteagal 15), ó Thríú Páirtithe (Airteagal 34) agus ó Úsáideoirí Eile (Airteagal 3(5)); |
|
(b) |
préimheanna an óstaigh; |
|
(c) |
acmhainní eile laistigh de na teorainneacha agus faoi théarmaí arna bhformheas ag an gComhairle. |
2. Ní úsáidfear acmhainní CTAO ERIC ach amháin chun na gcríoch a dtugtar tuairisc orthu sna Reachtanna. Ní bhfaighidh Comhaltaí CTAO ERIC aon scaireanna brabúis ná aon ní luachmhar eile ó acmhainní CTAO ERIC.
Airteagal 30
An bhliain airgeadais
1. Tosóidh bliain airgeadais CTAO ERIC an 1 Eanáir agus críochnóidh sí an 31 Nollaig gach bliain.
2. Bliain ghearr airgeadais a bheidh sa chéad bhliain ghnó, dar tús dáta theacht i bhfeidhm an Chinnidh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún lena mbunaítear CTAO ERIC agus dar críoch an 31 Nollaig den bhliain sin.
Airteagal 31
Iniúchóireacht agus Rialacha Airgeadais
1. Ceapfaidh an Chomhairle iniúchóirí seachtracha a bheidh ina bpost ar feadh tréimhse 4 bliana agus a fhéadfar a athcheapadh. Déanfaidh na hiniúchóirí iniúchadh ar ráiteas airgeadais bliantúil CTAO ERIC agus déanfaidh siad na feidhmeanna sin a leagtar amach sna Rialacha Airgeadais.
2. Cuirfidh an tArd-Stiúrthóir cibé faisnéis agus cúnamh ar fáil do na hiniúchóirí a bheadh ag teastáil uathu chun a ndualgais a chomhlíonadh.
3. Beidh tuarascáil ar bhainistíocht bhuiséadach agus airgeadais na bliana airgeadais ag gabháil le cuntais CTAO ERIC.
4. Leagfar síos sna Rialacha Airgeadais gach socrú eile a bhaineann le buiséad CTAO ERIC, caighdeáin chuntasaíochta agus airgeadas, lena n-áirítear rialacha maidir le cuntais a ullmhú, a chomhdú, a iniúchadh agus a fhoilsiú, agus nós imeachta a bhaineann le formheas idirbheart os cionn na luachanna a shocraítear d’údarás an Ard-Stiúrthóra (Airteagail 26(3), 27(2)).
Airteagal 32
Díolúine ó cháin agus ó dhleacht mháil
1. Díolúintí CBL bunaithe ar Airteagail 143(1)(g) agus 151(1)(b) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle agus i gcomhréir le hAirteagail 50 agus 51 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle, beidh siad teoranta do cheannacháin earraí nó seirbhísí a dhéanfaidh CTAO ERIC agus Comhaltaí ERIC, mar a shainítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 maidir le creat dlíthiúil an Chomhphobail le haghaidh Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERIC), atá le húsáid go hoifigiúil agus go heisiach ag CTAO ERIC, ar choinníoll go ndéanfar ceannachán den sórt sin le haghaidh ghníomhaíochtaí neamheacnamaíocha CTAO ERIC i gcomhréir lena ghníomhaíochtaí agus lena n-aghaidh sin amháin.
2. Beidh díolúintí CBL teoranta do cheannacháin ar mó a luach ná EUR 300.
3. Díolúintí ó Dhleacht Mháil bunaithe ar Airteagal 11 de Threoir (AE) 2020/262 ón gComhairle (Airteagal 12 de Threoir 2008/118/CE ón gComhairle), beidh siad teoranta do cheannacháin a dhéanfaidh CTAO ERIC atá le húsáid go hoifigiúil agus go heisiach ag CTAO ERIC, ar choinníoll go ndéanfar ceannachán den sórt sin le haghaidh ghníomhaíochtaí neamheacnamaíocha CTAO ERIC i gcomhréir lena ghníomhaíochtaí agus lena n-aghaidh sin amháin agus gur mó luach an cheannacháin ná EUR 300.
4. Ní chumhdaítear leis na díolúintí ceannacháin arna ndéanamh ag baill foirne CTAO ERIC.
CAIBIDIL 7
BEARTAIS EILE
Airteagal 33
Beartas Sonraí
1. Tabharfar tús áite do phrionsabail Foinse Oscailte agus Rochtana Oscailte i gcoitinne.
2. Glacfaidh CTAO ERIC a Bheartas Sonraí féin lena n-aithneofar prionsabail FAIR (so-aimsitheacht, inrochtaineacht, idir-inoibritheacht, agus in-athúsáidteacht (Airteagal 25(13)(o)).
3. Beidh na sonraí a bhaileofar mar thoradh ar úsáid CTAO faoi úinéireacht CTAO ERIC. Déanfaidh CTAO ERIC na sonraí loma a phróiseáil agus scaoilfidh sé sonraí i bhfoirm a bheidh oiriúnach d’anailís ag an Úsáideoir (Táirgí Sonraí CTAO).
4. Beidh rochtain ar Tháirgí Sonraí CTAO oscailte, neamhshrianta agus saor in aisce. Féadfaidh an Chomhairle tréimhse theoranta a shainiú ina bhféadfaí rochtain eisiach a dheonú d’Úsáideoir ar Tháirgí Sonraí CTAO a leanann as an Am Breathnóireachta a leithdháiltear ar an Úsáideoir sin (an Tréimhse Dílseánaigh).
5. Taighde a dhéantar agus úsáid á baint as ábhar a chuirtear ar fáil trí CTAO ERIC, soláthróidh CTAO ERIC treoraíocht d’úsáideoirí chun a áirithiú go ndéanfar an taighde sin laistigh de chreat lena n-aithnítear cearta úinéirí sonraí agus príobháideachas daoine aonair.
6. Áiritheoidh CTAO ERIC go n-aontóidh Úsáideoirí leis na téarmaí agus na coinníollacha lena rialaítear rochtain agus go mbeidh socruithe slándála oiriúnacha i bhfeidhm maidir le stóráil inmheánach agus láimhseáil faisnéise agus sonraí cosanta.
7. Saineoidh CTAO ERIC socruithe chun imscrúdú a dhéanamh ar líomhaintí maidir le sáruithe slándála agus nochtaí rúndachta i ndáil le sonraí taighde.
Airteagal 34
Beartas maidir le comhaontuithe le Tríú Páirtithe
1. Bunóidh an Chomhairle, i gcomhréir le hAirteagal 25(13)(p), beartas ginearálta maidir leis na coinníollacha faoina bhféadfaidh CTAO ERIC comhaontuithe a dhéanamh le haon duine dlítheanach. Sonrófar sa chomhaontú sin cearta agus oibleagáidí uile na bpáirtithe.
2. Tríú Páirtithe a thugann gealltanas comhaontú a dhéanamh le CTAO ERIC sula mbunófar é agus ranníocaíocht a dhéanamh le tógáil CTAO, féadfar a ranníocaíocht a liostú in Iarscríbhinn A.
3. Ní bheidh cearta vótála ag tríú páirtithe sa Chomhairle.
CAIBIDIL 8
TUAIRISCIÚ DON CHOIMISIÚN
Airteagal 35
Tuairisciú don Choimisiún
1. Cuirfidh CTAO ERIC tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí ar fáil, tuarascáil ina mbeidh gnéithe eolaíocha, oibríochtúla agus airgeadais a ghníomhaíochtaí. Déanfaidh an Chomhairle an tuarascáil a fhormheas agus a tharchur chuig an gCoimisiún agus chuig na húdaráis phoiblí ábhartha laistigh de 6 mhí ó dheireadh na bliana airgeadais comhfhreagraí. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.
2. Cuirfidh CTAO ERIC an Coimisiún ar an eolas faoi aon imthoisc a d’fhéadfadh baint amach chúraimí CTAO ERIC a chur i mbaol go mór nó bac a chur ar CTAO ERIC na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 a chomhlíonadh.
CAIBIDIL 9
AN DLÍ IS INFHEIDHME, PRIBHLÉIDÍ AGUS DÍOLÚINTÍ, DÍOSPÓIDÍ, FORÁLACHA MAIDIR LE BUNÚ
Airteagal 36
An dlí is infheidhme, pribhléidí agus díolúintí
1. Is leis na nithe seo a leanas a rialófar bunú agus feidhmiú inmheánach CTAO ERIC:
|
(a) |
Dlí an Aontais Eorpaigh agus go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 maidir le creat dlíthiúil an Chomhphobail le haghaidh Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERIC); |
|
(b) |
dlí an stáit ina bhfuil oifig chláraithe CTAO ERIC agus dlí na stát agus na gcríoch ina bhfuil áiteanna breise oibriúcháin CTAO ERIC i gcás ábhair nach rialaítear le gníomhartha dá dtagraítear i bpointe (a), nó nach rialaítear ach go páirteach leo; |
|
(c) |
na Reachtanna seo agus a rialacha cur chun feidhme. |
2. Ní léirmhíneofar aon ní sna Reachtanna seo mar tharscaoileadh aon phribhléide nó aon díolúine a thugtar do ESO lena dhoiciméid bhunaithe nó leis an dlí idirnáisiúnta. Tá an méid sin gan dochar d’Airteagal 37 de na Reachtanna seo.
Airteagal 37
Díospóidí
1. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le dlíthíocht i measc na gComhaltaí i ndáil le CTAO ERIC, idir na Comhaltaí agus CTAO ERIC agus maidir le haon dlíthíocht ina bhfuil an tAontas ina pháirtí.
2. Beidh feidhm ag reachtaíocht an Aontais Eorpaigh maidir le dlínse i ndáil le díospóidí idir CTAO ERIC agus Tríú Páirtithe. I gcásanna nach gcumhdaítear le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh, is faoi dhlí an Stáit ina bhfuil oifig chláraithe CTAO-ERIC a chinnfear an dlínse inniúil chun na díospóidí sin a réiteach.
Airteagal 38
Infhaighteacht Reachtanna
Beidh na Reachtanna ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin CTAO ERIC agus san oifig chláraithe.
Airteagal 39
Forálacha maidir le bunú
1. Déanfaidh Poblacht na hIodáile cruinniú bunreachtúil den Chomhairle a ghairm a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná 45 lá féilire tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh ón gCoimisiún CTAO ERIC a bhunú.
2. Tabharfaidh Poblacht na hIodáile fógra do na Comhaltaí Bunaidh faoi aon chaingean dlí phráinneach shonrach is gá a dhéanamh thar ceann CTAO ERIC sula dtionólfar an cruinniú bunreachtúil. Mura ndéanfaidh Comhalta Bunaidh agóid laistigh de 5 lá oibre tar éis fógra a fháil, déanfaidh duine arna údarú go cuí ag Poblacht na hIodáile an chaingean dlí.
CAIBIDIL 10
ÁITEANNA OIBRIÚCHÁIN AGUS TEANGA OIBRE
Airteagal 40
Áiteanna oibriúcháin agus teanga oibre
1. Beidh trí áit oibriúcháin bhreise ag CTAO ERIC: an Lárionad um Bainistiú Sonraí Eolaíochta (SDMC) atá lonnaithe in Zeuthen na Gearmáine, an t-eagar teileascóp ó thuaidh atá lonnaithe in Observatorio del Roque de Los Muchachos in La Palma na Spáinne, agus an t-eagar teileascóp ó dheas atá lonnaithe ag Réadlann La Silla Paranal sa tSile.
2. Is é an Béarla an teanga oibre a bheidh ag CTAO ERIC.
CAIBIDIL 11
IARSCRÍBHINNÍ
Airteagal 41
Iarscríbhinní
Tá na hIarscríbhinní seo a leanas i gceangal leis seo:
|
A. |
Ranníocaíochtaí leis na costais tógála, préimheanna óstaigh agus cearta vótála le linn na céime tógála |
|
B. |
Bunphrionsabail maidir le Ranníocaíochtaí Comhchineáil le CTAO ERIC |
|
C. |
Scéim chun na ranníocaíochtaí le buiséad bliantúil CTAO ERIC a chomhroinnt tar éis thabhairt chun críche na tógála (Airteagal 22 de Reachtanna CTAO ERIC) |
|
D. |
Comhaltaí, Breathnóirí agus Eintitis a Dhéanann Ionadaíocht, Comhpháirtithe Straitéiseacha agus Tríú Páirtithe |
(1) Is éard is ‘+XX’ ann na ranníocaíochtaí le CTAO gGmbH a gcoinnítear cuntas orthu mar chostais réamhthógála, Airteagal 21(2)(a).
IARSCRÍBHINN A
Ranníocaíochtaí leis na costais tógála, préimheanna óstaigh agus cearta vótála le linn na céime tógála
Tábla 1
Ranníocaíochtaí le costais tógála CTAO (milliún EUR)
|
Comhalta/ Breathnóir/ Comhpháirtí Straitéiseach/ Tríú Páirtí |
Tógáil |
Réamhthógáil |
An Comhiomlán |
||||||||
|
Ábhair agus Seirbhísí (Á&S) |
FTEnna |
Ranníocaíochtaí eile (neamhairgid) |
Airgead tirim díreach |
Iomlán |
Ranníocaíocht le gGmbH |
Ranníocaíocht le costais tógála |
|||||
|
An Astráil |
1,340 |
0,108 |
0 |
0,450 |
1,898 |
0,219 |
2,117 |
||||
|
An Ostair |
1,695 |
0,080 |
0 |
0,600 |
2,375 |
0,625 |
3,000 |
||||
|
Poblacht na Seice |
0,734 |
1,775 |
0 |
2,500 |
5,009 |
1,696 |
6,705 |
||||
|
An Fhrainc |
26,196 |
14,000 |
0 |
18,280 |
58,476 |
1,609 |
60,085 |
||||
|
An Ghearmáin |
36,926 |
24,680 |
0 |
26,718 |
88,324 |
8,440 |
96,764 |
||||
|
An Iodáil |
26,010 |
12,560 |
0 |
26,000 |
64,570 |
4,681 |
69,251 |
||||
|
An tSeapáin |
19,200 |
3,950 |
5,850 |
3,400 |
32,400 |
0,375 |
32,775 |
||||
|
An Pholainn |
9,143 |
1,339 |
0 |
6,096 |
16,578 |
0 |
16,578 |
||||
|
An tSlóivéin |
0,080 |
0,077 |
0 |
0,350 |
0,507 |
0,209 |
0,716 |
||||
|
An Spáinn |
21,397 |
9,814 |
14,932 |
1,000 |
47,143 |
1,350 |
48,493 |
||||
|
An Eilvéis |
1,550 |
5,082 |
0 |
0,620 |
7,252 |
0,440 |
7,692 |
||||
|
Iomlán |
144,271 |
73,465 |
20,782 |
86,014 |
324,532 |
19,644 |
344,176 |
||||
|
Nótaí:
|
|||||||||||
Tábla 1a
Ranníocaíochtaí eile le costais tógála CTAO (milliún EUR) a bhfuil coinne leo ó chomhpháirtithe a d’fhéadfadh dul isteach in ERIC tar éis a bhunaithe
|
Comhalta/ Breathnóir/ Comhpháirtí Straitéiseach/ Tríú Páirtí |
Tógáil |
Réamhthógáil |
An Comhiomlán |
||||
|
Ábhair agus Seirbhísí (Á&S) |
FTEnna |
Ranníocaíochtaí eile (neamhairgid) |
Airgead tirim díreach |
Iomlán |
Ranníocaíocht le gGmbH |
Ranníocaíocht le costais tógála |
|
|
An Ríocht Aontaithe |
1,900 |
0,460 |
0 |
1,000 |
3,360 |
1,148 |
4,508 |
|
An Ísiltír |
1,004 |
1,631 |
0 |
0 |
2,635 |
0 |
2,635 |
|
Iomlán |
2,904 |
2,091 |
0 |
1,000 |
5,995 |
1,148 |
7,143 |
|
Nótaí: Íocadh ranníocaíochtaí réamhthógála le CTAO gGmbH cheana féin. Tá na ranníocaíochtaí eile fós le deimhniú. |
|||||||
Tábla 2
Próifíl tháscach bhliantúil de ranníocaíochtaí airgid thirim le costais tógála CTAO
|
Comhalta/ Breathnóir/ Comhpháirtí Straitéiseach/ Tríú Páirtí |
2020-2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
2028 |
Iomlán |
||||||||||
|
An Astráil |
0 |
0,450 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0,450 |
||||||||||
|
An Ostair |
0,225 |
0,075 |
0,050 |
0,050 |
0,050 |
0,050 |
0,050 |
0,050 |
0,600 |
||||||||||
|
Poblacht na Seice |
0 |
0,500 |
0,500 |
0,500 |
0,500 |
0,500 |
0 |
0 |
2,500 |
||||||||||
|
An Fhrainc |
3,400 |
0,400 |
3,170 |
3,170 |
4,070 |
4,070 |
0 |
0 |
18,280 |
||||||||||
|
An Ghearmáin |
4,400 |
10,500 |
7,238 |
0,176 |
0,004 |
4,400 |
0 |
0 |
26,718 |
||||||||||
|
An Iodáil |
0 |
7,600 |
7,600 |
3,600 |
3,600 |
3,600 |
0 |
0 |
26,000 |
||||||||||
|
An tSeapáin |
0 |
0,200 |
0,400 |
0,400 |
0,600 |
0,600 |
0,600 |
0,600 |
3,400 |
||||||||||
|
An Pholainn |
0 |
0,488 |
0,427 |
2,072 |
2,926 |
0,183 |
0 |
0 |
6,096 |
||||||||||
|
An tSlóivéin |
0 |
0,070 |
0,070 |
0,070 |
0,070 |
0,070 |
0 |
0 |
0,350 |
||||||||||
|
An Spáinn |
0 |
0,200 |
0,200 |
0,200 |
0,200 |
0,200 |
0 |
0 |
1,000 |
||||||||||
|
An Eilvéis |
0 |
0,120 |
0,120 |
0,380 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0,620 |
||||||||||
|
Iomlán |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||||||
|
Nótaí:
|
|||||||||||||||||||
Tábla 2a
Próifíl tháscach bhliantúil de ranníocaíochtaí airgid thirim le costais tógála CTAO ó chomhpháirtithe a d’fhéadfadh dul isteach in ERIC tar éis a bhunaithe
|
Comhalta/ Breathnóir/ Comhpháirtí Straitéiseach/ Tríú Páirtí |
2020-2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
2028 |
Iomlán |
|
An Ríocht Aontaithe |
0 |
0,200 |
0,200 |
0,200 |
0,200 |
0,200 |
0 |
0 |
1,000 |
|
An Ísiltír |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
|
Iomlán |
0 |
0,200 |
0,200 |
0,200 |
0,200 |
0,200 |
0 |
0 |
1,000 |
Tábla 3
Gnéithe fíor-riachtanacha agus coinníollacha phréimheanna an óstaigh
|
Tír Óstach |
Préimh an Óstaigh |
Coinníollacha |
||||||||||||||||||
|
An Iodáil |
EUR 4 300 000,00 roimh asbhaintí a bhaineann le Ceanncheathrú gGmbH a óstáil |
Ceanncheathrú CTAO-ERIC a óstáil, ina mbeidh na feidhmeanna seo a leanas lonnaithe:
Tá gá le doiciméad ceangailteach arna fhormheas ag Comhairle CTAO ERIC sula scaoilfear an chuid iarmharach de Phréimh an Óstaigh (bhí coinne le cuid de cheana féin chun ceanncheathrú CTAO gGmbH a óstáil). Tá coinne leis gurb í an cheanncheathrú a bheidh ina suíomh don Ard-Stiúrthóir agus do bheirt Stiúrthóirí Leibhéal 1 (1) (Oibríochtaí agus Riarachán). |
||||||||||||||||||
|
An Ghearmáin |
EUR 6 750 000,00 , lena n-áirítear: An sciar de na costais tógála foirgneamh le haghaidh limistéar CTAO: EUR 6 000 000,00 ; |
Lárionad CTAO-ERIC um Bainistiú Sonraí Eolaíochta (SDMC) a óstáil ina mbeidh na feidhmeanna seo a leanas lonnaithe.
Tá gá le doiciméad ceangailteach arna fhormheas ag Comhairle CTAO ERIC sula scaoilfear an chuid iarmharach de Phréimh an Óstaigh (bhí coinne le cuid de cheana féin chun ceanncheathrú CTAO gGmbH a óstáil). Tá coinne leis gurb é SDMC a bheidh ina shuíomh do cheann amháin de Stiúrthóirí Leibhéal 1 (2) (Bainistiú Eolaíochta). |
||||||||||||||||||
|
An Spáinn |
EUR 30 000 000,00 , arna ríomh mar an % den bhonneagar coiteann agus de na seirbhísí coiteanna atá ann cheana in ORM chun fónamh do CTAO. |
Eagar Teileascóp CTAO ERIC ó Thuaidh a óstáil ag ORM ar feadh 20 bliain ó chuirtear i mbun oibríochta é, ina bhfuil:
Lena soláthraítear:
Tá gá le doiciméad ceangailteach arna fhormheas ag Comhairle CTAO ERIC sula scaoilfear an chuid iarmharach de Phréimh an Óstaigh. |
Tábla 4
Cearta vótála na gComhaltaí le linn na céime tógála
Déantar cearta vótála a chionroinnt ar Chomhaltaí i gcomhréir lena ngealltanais ranníocaíocht a dhéanamh leis na costais tógála agus i gcomhréir lena ranníocaíocht le gGmbH sular bunaíodh CTAO ERIC (réamhthógáil).
Déantar na cearta vótála a shloinneadh ina mílithe. De bhrí nach féidir ranníocaíocht ESO a luacháil ar an gcaoi chéanna le ranníocaíochtaí na dtíortha is comhaltaí, comhaontaíodh go mbeidh 80 míliú de chearta vótála ag ESO.
Léirítear sa tábla seo a leanas cearta vótála gach Comhalta bunaithe ar na ranníocaíochtaí a liostaítear i dTábla 1
|
Comhalta |
Ranníocaíocht le costais tógála (milliún EUR) |
Cearta vótála |
|
An Ostair |
3,000 |
9 |
|
Poblacht na Seice |
6,705 |
20 |
|
An Fhrainc |
60,085 |
183 |
|
An Ghearmáin |
96,764 |
295 |
|
An Iodáil |
69,251 |
211 |
|
An Pholainn |
16,578 |
51 |
|
An tSlóivéin |
0,716 |
3 |
|
An Spáinn |
48,493 |
148 |
|
ESO |
|
80 |
|
Iomlán |
301,592 |
1 000 |
(1) Is aonad eagraíochtúil é Stiúrthóireacht Leibhéal 1 ag a bhfuil raon feidhme sainithe agus cairt shainithe; déanann Stiúrthóir bainistíocht ar an aonad. Tuairiscíonn Stiúrthóirí Leibhéal 1 go díreach d’Ard-Stiúrthóir ERIC (Leibhéal 0) arb é an t-údarás feidhmiúcháin deiridh é a dhéanfaidh rialú maidir leis an Réadlann agus a chuirfidh cinntí ón gComhairle i ndáil le haon ábhar chun feidhme. Tá Stiúrthóir Leibhéal 1 i gceannas ar threoracha na hArd-Stiúrthóireachta a chur chun úsáide, ar treoracha iad a bhaineann le raon feidhme agus cairt a Stiúrthóireachta.
(2) Féach an fonóta thuas.
IARSCRÍBHINN B
Bunphrionsabail maidir le Ranníocaíochtaí Comhchineáil le CTAO ERIC
I.
Ranníocaíochtaí Comhchineáil
|
1. |
Féadfaidh Comhaltaí, Comhpháirtithe Straitéiseacha, Breathnóirí agus Tríú Páirtithe ranníocaíocht chomhchineáil a dhéanamh le costais tógála CTAO, Airteagal 17(3) de Reachtanna CTAO ERIC. |
|
2. |
Is éard is ranníocaíocht chomhchineáil ann ranníocaíocht neamhairgid a sholáthraíonn ceann de Chomhaltaí, Comhpháirtithe Straitéiseacha, Breathnóirí nó Tríú Páirtithe CTAO ERIC dó agus féadfar na nithe seo a leanas a áireamh inti:
|
|
3. |
Sainaithneoidh Comhaltaí, Comhpháirtithe Straitéiseacha, Breathnóirí agus Tríú Páirtithe eintiteas (comhlacht seachadta) chun an ranníocaíocht chomhchineáil a dhéanamh thar a gceann agus chun déileáil le gnéithe eolaíocha agus teicniúla na ranníocaíochta comhchineáil. |
|
4. |
Gach ranníocaíocht chomhchineáil a d’fhéadfaí a dhéanamh le costais tógála CTAO ERIC, liostaítear sa Leabhar Costais iad. Ranníocaíochtaí comhchineáil a d’fhéadfaí a dhéanamh le céim feabhsúcháin CTAO chomh maith le hobair T&F, déanfaidh an Chomhairle iad a shainaithint in am trátha agus a shainiú in aguisín a ghabhfaidh leis an Leabhar Costais agus in aguisín a ghabhfaidh leis an Tuairisc Eolaíoch agus Theicniúil chomh maith. |
|
5. |
Leis an Leabhar Costais sainítear luach iomlán ranníocaíochta comhchineáil. Go dtí go gcomhaontaítear a mhalairt, déantar na luachanna sin a shloinneadh ar an leibhéal praghsanna a shonraítear sna Reachtanna agus sna hIarscríbhinní. Is é an Euro an t-aonad airgeadra caighdeánach le haghaidh gach ranníocaíochta comhchineáil. Déanfaidh an Chomhairle forálacha inmheánacha maidir le ranníocaíochtaí comhchineáil a chur chun feidhme (Creat Ranníocaíochtaí Comhchineáil). Beidh gach ranníocaíocht chomhchineáil faoi réir conradh i scríbhinn idir CTAO ERIC agus an comhlacht seachadta (Comhaontú Ranníocaíochta Comhchineáil) lena n-áireofar – i measc nithe eile – sonraíocht theicniúil na ranníocaíochta comhchineáil chomh maith leis an sceideal ama. |
|
6. |
Bunóidh an Chomhairle coiste comhairleach, an Coiste Athbhreithnithe Comhchineáil, chun sainchomhairle a thabhairt don Chomhairle i ndáil le ranníocaíochtaí comhchineáil mar ranníocaíochtaí leis na costais tógála agus chun meastóireacht a dhéanamh ar thograí agus comhaontuithe maidir le ranníocaíochtaí comhchineáil, ar chonarthaí agus ar chur chun feidhme na dtograí. Tabharfaidh an Coiste Athbhreithnithe Comhchineáil comhairle don Chomhairle freisin i gcás ina dtiocfaidh tograí salach ar a chéile, i gcás aistarraingt pháirteach nó iomlán agus i gcás ina n-ath-leithdháilfear an ranníocaíocht chomhchineáil arna seachadadh nó ina gclaonfar uaithi, rud a d’fhéadfadh luach na ranníocaíochta comhchineáil a mhodhnú. |
|
7. |
Má fhaigheann Bainistíocht CTAO léiriú spéise ó Chomhalta, ó Chomhpháirtí Straitéiseach, ó Bhreathnóir, ó Thríú Páirtithe nó ó chuibhreannas aitheanta díobh chun eilimint den Leabhar Costais a sheachadadh, fíoraíonn Bainistíocht CTAO sonraíochtaí foirmiúla agus teicniúla an togra. Tar éis an fhíoraithe sin, déanann an Coiste Athbhreithnithe Comhchineáil meastóireacht ar an togra le haghaidh ranníocaíocht chomhchineáil agus ar an gconradh lena haghaidh agus molann sé don Chomhairle iad. I gcás ina bhfaighidh Bainistíocht CTAO níos mó ná léiriú spéise amháin a bhaineann leis an eilimint chéanna den Leabhar Costais, tabharfaidh an Coiste Athbhreithnithe Comhchineáil comhairle shonrach do Bhainistíocht CTAO. |
|
8. |
Tar éis don chomhlacht seachadta an ranníocaíocht chomhchineáil a sheachadadh do CTAO, fíoraíonn agus deimhníonn Bainistíocht CTAO go gcomhlíonann an ranníocaíocht chomhchineáil raon feidhme comhaontaithe an tseachadta mar a leagtar síos sa Chomhaontú Ranníocaíochta Comhchineáil faoi seach. Cuirfidh Bainistíocht CTAO an Chomhairle agus an Coiste Athbhreithnithe Comhchineáil ar an eolas faoin seachadadh comhlíontach, agus iarrfar ar an gCoiste Athbhreithnithe Comhchineáil a mholadh go gcuirfear an luach comhaontaithe de réir an Leabhair Costais chun sochair don ranníocaíocht ón gComhalta, ón gComhpháirtí Straitéiseach, ón mBreathnóir nó ó Thríú Páirtithe mar chuid dá ranníocaíocht iomlán le céimeanna tógála nó feabhsúcháin CTAO ERIC.
I gcás ina mbeidh easaontas idir an ranníocóir agus CTAO, déanfaidh an Coiste Athbhreithnithe Comhchineáil meastóireacht ar an ranníocaíocht chomhchineáil arna seachadadh agus molfaidh sé do Chomhairle CTAO ERIC conas dul ar aghaidh. |
|
9. |
Beidh Comhaltaí, Comhpháirtithe Straitéiseacha, Breathnóirí agus Tríú Páirtithe freagrach go hiomlán as costas a ranníocaíochtaí comhchineáil faoi seach, lena n-áirítear aon neamhchosaint airgeadra. |
II.
Leithdháileadh Ranníocaíochtaí Comhchineáil
|
1. |
Comhaltaí, Comhpháirtithe Straitéiseacha, Breathnóirí nó Tríú Páirtithe ar spéis leo a ranníocaíocht chomhchineáil a dhéanamh chun míreanna sonracha den Leabhar Costais a thógáil, freagróidh siad – trína gcomhlacht seachadta – do ghlao ar léirithe spéise le haghaidh ranníocaíochtaí comhchineáil féideartha arna eisiúint ag CTAO-ERIC agus cuirfidh siad isteach an togra comhfhreagrach le haghaidh ranníocaíocht chomhchineáil. Moltar do na Comhaltaí a leasanna a chuachadh chun go gcumhdófar leo na ranníocaíochtaí comhchineáil uile a d’fhéadfadh a bheith ann agus chun an forluí idir tograí a íoslaghdú. |
|
2. |
Déanfaidh an Chomhairle cinneadh maidir le ranníocaíocht chomhchineáil a leithdháileadh ar Chomhalta, Comhpháirtí Straitéiseach, Breathnóir nó Tríú Páirtí sonrach, nó ar chuibhreannas aitheanta díobh, agus maidir le sainaithint a luacha de réir an Leabhair Costais, ar luach é atá le cur chun sochair (Airteagal 25(13)(e) de Reachtanna CTAO ERIC). |
|
3. |
Féadfaidh Comhaltaí, Comhpháirtithe Straitéiseacha, Breathnóirí agus/nó Tríú Páirtithe dul isteach i gcuibhreannas chun ranníocaíochtaí comhchineáil le mír shonrach den Leabhar Costais a sholáthar, agus sa chás sin déanfaidh gach comhalta den chuibhreannas an togra gaolmhar le haghaidh ranníocaíocht chomhchineáil a chur isteach go comhpháirteach. Sa togra, ainmneofar comhlacht seachadta amháin mar an comhlacht seachadta ceannais. Áireofar sa togra freisin prionsabail an chomhair idir na comhlachtaí seachadta lena mbaineann. |
III.
Comhaontú Ranníocaíochta Comhchineáil
|
1. |
Beidh an Comhaontú Ranníocaíochta Comhchineáil bunaithe ar theimpléad le haghaidh Comhaontuithe Ranníocaíochta Comhchineáil arna bhformheas ag an gComhairle trí thromlach cáilithe. Tá mionsonraí an Chomhaontaithe Ranníocaíochta Comhchineáil le caibidliú ag CTAO agus ag an comhlacht seachadta i gcás ranníocaíochta comhchineáil ar leith. |
|
2. |
Áireofar sa Chomhaontú Ranníocaíochta Comhchineáil forálacha lena n-áiritheofar gur féidir le CTAO ERIC faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn teicniúil agus clársceidealaithe gach ranníocaíochta comhchineáil agus go soláthrófar faisnéis agus sonraí ábhartha dó ar bhonn réamhshainithe tráthrialta. Áirítear orthu sin tuarascálacha ar dhul chun cinn, cruinnithe tráthrialta agus cuairteanna ar phearsanra CTAO ERIC chun críoch faireacháin agus dearbhaithe cáilíochta. |
IARSCRÍBHINN C
Scéim chun na ranníocaíochtaí le buiséad bliantúil CTAO ERIC a chomhroinnt tar éis thabhairt chun críche na tógála (Airteagal 22 de Reachtanna CTAO ERIC)
Sainmhínithe:
|
comhalta (ag a bhfuil túslitir bheag) |
Gach ceann de na Comhaltaí, na Breathnóirí agus na Comhpháirtithe Straitéiseacha, go neamhspleách ar a ról in ERIC. |
|
Ranníocaíochtaí le costais tógála |
Cothrom le suim ranníocaíochtaí ‘Airgid thirim dhírigh’, ‘Ranníocaíochtaí eile (nach airgead tirim díreach iad)’, ‘Ranníocaíochtaí réamhthógála’ (le CTAO gGmbH), ‘M&S’ agus ‘FTEnna’ mar a liostaítear in Airteagal 17(3) agus in Iarscríbhinn A a ghabhann leis na Reachtanna. |
|
Airgead tirim iarbhír |
Cothrom le suim ranníocaíochtaí ‘Airgid thirim dhírigh’ agus ‘Ranníocaíochtaí eile (nach airgead tirim díreach iad)’ arna ngealladh iarbhír ag gach comhalta agus ‘ranníocaíochtaí réamhthógála’ arna ndéanamh ag gach comhalta le CTAO gGmbH |
|
Airgead tirim ainmniúil |
An ranníocaíocht airgid thirim ainmniúil lena bhfuil coinne ó gach comhalta. I gcás ranníocaíocht ‘M&S’ ó chomhalta, tá coinne le ranníocaíocht airgid thirim iomlán a bheidh cothrom le codán airgid thirim 40 % (airgead tirim / (airgead tirim + M&S)), i dteannta ranníocaíocht réamhthógála le CTAO gGmbH a bheidh comhréireach leis an ranníocaíocht ‘M&S’ choibhneasta a dhéanfaidh comhalta le CTAO ERIC. |
|
|
|
I.
Maoineofar oibriú CTAO ERIC óna bhuiséad bliantúil, mar a shainítear in Airteagal 22(2) de Reachtanna CTAO ERIC.
II.
Cé is moite de ESO, nach bhfuil sé de cheangal air ranníocaíocht a dhéanamh in airgead tirim leis an gcéim oibríochta, tabharfaidh ranníocaíochtaí chomhaltaí CTAO ERIC le buiséad bliantúil CTAO ERIC tar éis thabhairt i gcrích na tógála (céim oibríochta) léiriú ar sciar gach comhalta de na costais tógála agus den úsáid a bhaineann a phobail eolaíochta as, i gcaitheamh tréimhse a shainítear thíos.
Chun a shuí cé na ranníocaíochtaí a dhéanfaidh comhaltaí ar dhul isteach in CTAO-ERIC dóibh tar éis na céime tógála, saineofar ‘sciar tógála’ éifeachtach (táille ligean isteach) le cinneadh ón gComhairle mar chuid de na téarmaí maidir le ligean isteach, i ndáil le hAirteagal 14(1) e, f agus Airteagal 15(1) de na Reachtanna.
III.
Cé is moite den eisceacht a luaitear in IV, déanfar ranníocaíochtaí comhaltaí leis an mbuiséad bliantúil a chionroinnt mar a leanas:
|
— |
50 % de réir a ranníocaíochtaí le costais tógála mar a shainmhínítear thuas (‘sciar tógála’) agus |
|
— |
50 % de réir na húsáide a bhaineann a bpobail eolaíochta as (‘sciar atá spleách ar úsáid’). |
IV.
An difríocht idir Airgead tirim iarbhír agus Airgead tirim ainmniúil mar a shainmhínítear thuas, aithnítear í trí bhíthin sciar an chomhalta den Am Breathnóireachta agus/nó sciar an chomhalta de na costais oibriúcháin. Má dhéanann an t-airgead tirim iarbhír claonadh deimhneach ón airgead tirim ainmniúil, beidh ag comhalta Am Breathnóireachta méadaithe agus/nó laghdú ar a sciar den chostas oibriúcháin. Comhaontóidh an Chomhairle na mionsonraí i ndoiciméad beartais ar leithligh.
V.
Déanfaidh Tríú Páirtithe (Airteagal 34 de na Reachtanna) ranníocaíocht leis an mbuiséad bliantúil mar a chinntear sna comhaontuithe Tríú Páirtí comhfhreagracha arna bhformheas ag an gComhairle. Rannchuideoidh Úsáideoirí Eile leis na costais oibriúcháin a ghabhann leis an úsáid a bhaineann siad as CTAO, mar a shainítear sa Bheartas Rochtana (Airteagal 3(5) de na Reachtanna).
VI.
Ag tús na céime oibríochta, déantar cearta vótála a chionroinnt ar chomhaltaí i gcomhréir lena ranníocaíochtaí le costais tógála, de réir Iarscríbhinn A. Déantar na cearta vótála a shloinneadh ina mílithe.
Athbhreithneoidh an Chomhairle cionroinnt na vótaí sin. Ba cheart athbhreithnithe a dhéanamh gach 3 bliana ar a laghad, bunaithe ar ranníocaíochtaí Comhaltaí leis an gcostas tógála agus ar an úsáid a bhaineann a bpobail eolaíochta as.
De bhrí nach féidir ranníocaíocht ESO a luacháil ar an gcaoi chéanna le ranníocaíochtaí na dtíortha is comhaltaí, comhaontaíodh go mbeidh 80 míliú de chearta vótála ag ESO go neamhspleách ar an scéim cionroinnte.
VII.
Déanfaidh Comhairle CTAO ERIC cinneadh trí thromlach simplí maidir leis na rialacha chun an úsáid a mbeidh feidhm ag na treoirlínte seo a leanas maidir léi a thomhas:
|
— |
Mar riail ghinearálta, déanfar úsáid a shainmhíniú mar ‘am seachadta’. Déanfaidh an Chomhairle cinneadh maidir le socruithe speisialta le hÚsáideoirí a imíonn ón riail sin. |
|
— |
Úsáidfear náisiúntacht na hinstitiúide lena bhfuil an moltóir cleamhnaithe chun am úsáide pro rata an chomhalta sin a chinneadh. |
|
— |
Tograí arna gcur isteach go comhpháirteach ag moltóirí ó roinnt comhaltaí, sanntar iad do chomhaltaí ar bhonn pro rata de réir líon na moltóirí. |
|
— |
Níl aon éifeacht ag comhar le moltóirí ó thíortha nach comhaltaí iad ar shannadh na húsáide do chomhaltaí. Beidh moltóirí ó thíortha nach comhaltaí iad teoranta do chodán den líon iomlán moltóirí, agus saineoidh an Chomhairle na mionsonraí. Má bhíonn baint i gcomhar den sórt sin ag moltóirí ó institiúidí atá bunaithe i dtíortha nach comhaltaí iad, ní chuirfear ach moltóirí ó institiúidí atá bunaithe i dtíortha is comhaltaí san áireamh agus úsáid á sannadh ar bhonn pro rata dóibh. |
|
— |
Meastar gur Úsáideoirí Eile iad tairgeoirí atá cleamhnaithe le hinstitiúidí a chistítear go hidirnáisiúnta (e.g. CERN, SKA, etc.), mura sainítear a mhalairt i gcomhaontuithe sonracha. |
Úsáid bunaithe ar Bhreathnuithe Ama Ráthaithe a eascraíonn as oibleagáidí conarthacha CTAO ERIC, ní áireofar í san úsáid ag pobal eolaíochta Comhalta (Airteagal 3(4) de Reachtanna CTAO ERIC).
Saineoidh an Chomhairle na mionsonraí agus na sásraí chun cuntas a choinneáil ar úsáid, agus go háirithe ar luach coibhneasta an ama breathnóireachta le haghaidh an eagair ó thuaidh agus ó dheas, agus le haghaidh eagair pháirteacha i gcásanna nach mbaineann breathnuithe úsáid ach as fo-thacar teileascóp ag láithreán ar leith.
VIII.
Feidhmeoidh an Réadlann um Eagar Teileascóp Cherenkov ar an bprionsabal go mbeidh an mheánúsáid a bhainfear aisti comhréireach leis na sciartha den tionscadal atá ag na Comhaltaí, agus saineofar na mionsonraí sa Bheartas Rochtana arna ghlacadh ag an gComhairle (Airteagal 25(13)(j)). Le linn na chéad 3 bliana den chéim oibríochta, déanfar ranníocaíochtaí comhaltaí le buiséad bliantúil CTAO ERIC a chionroinnt de réir a sciartha faoi seach de na costais tógála. Tar éis na hidirthréimhse sin, tabharfaidh ranníocaíochtaí comhaltaí le buiséad bliantúil CTAO ERIC léiriú ar a n-úsáid ar mheán rollach 3 bliana. Is é is aidhm don mheán rollach sin athruithe tobanna ar rátaí ranníocaíochta a eisiamh.Cuirfear an meán rollach chun feidhme ar an mbealach seo a leanas:
|
— |
Déanfaidh Ard-Stiúrthóir CTAO athbhreithniú bliantúil ar úsáid CTAO agus tuairisceoidh sé don Chomhairle é, ag tosú cheana féin le linn chéim thógála CTAO ar dháta a chinnfidh an Chomhairle. |
|
— |
Déanfar meánúsáid sna 3 bliana roimhe sin a ríomh i gcás gach comhalta. |
|
— |
Leis an meánúsáid, cinnfear sciar an chomhalta de na ranníocaíochtaí le buiséad bliantúil na bliana tar éis na bliana dár gcionn. |
Na ranníocaíochtaí leis an mbuiséad bliantúil a dhéanfaidh comhaltaí a rachaidh isteach níos déanaí, comhlíonfaidh siad na prionsabail chéanna a shainítear thuas.
IX.
Tá coinne leis go ndéanfar codán suntasach den am breathnóireachta sna luathbhlianta oibriúcháin a thiomnú do chur i gcrích na bPríomhthionscadal Eolaíochta. I dtaca le comhroinnt na gcostas oibriúcháin a bhaineann leis an Am Breathnóireachta sin, comhlíonfaidh sí na prionsabail ghinearálta a leagtar amach thuas. An scéim cuntasaíochta maidir leis an úsáid a bhaineann leis na Príomhthionscadail Eolaíochta, braitheann sí ar chur chun feidhme mionsonraithe na bPríomhthionscadal Eolaíochta agus déanfaidh an Chomhairle í a shainiú agus a fhormheas d’aon toil.
IARSCRÍBHINN D
Comhaltaí, Breathnóirí agus Eintitis a Dhéanann Ionadaíocht, Comhpháirtithe Straitéiseacha agus Tríú Páirtithe
|
COMHALTAÍ |
|
|
Tír nó eagraíocht idir-rialtasach |
Eintiteas/eintitis a dhéanann ionadaíocht |
|
Poblacht na hOstaire |
Bundesministerium für Bildung, Wissenschaft und Forschung |
|
Poblacht na Seice |
An Aireacht Oideachais, Óige agus Spóirt |
|
Poblacht na Fraince |
Ministère de l’enseignement supérieur, de la recherche et de l’innovation |
|
Poblacht Chónaidhme na Gearmáine |
An Aireacht Chónaidhme Oideachais agus Taighde |
|
Poblacht na hIodáile |
INAF - Istituto Nazionale di Astrofisica |
|
Poblacht na Polainne |
An Aireacht Eolaíochta agus Ardoideachais |
|
Poblacht na Slóivéine |
An Aireacht Ardoideachais, Eolaíochta agus Nuálaíochta |
|
Ríocht na Spáinne |
An Aireacht Eolaíochta, Nuálaíochta agus Ollscoileanna |
|
ESO, an Eagraíocht Eorpach um Thaighde Réalteolaíoch sa Leathsféar Theas. |
ESO, an Eagraíocht Eorpach um Thaighde Réalteolaíoch sa Leathsféar Theas. |
|
|
|
|
BREATHNÓIRÍ |
|
|
Tír nó eagraíocht idir-rialtasach |
Eintiteas/eintitis a dhéanann ionadaíocht |
|
Cónaidhm na hEilvéise |
An Rúnaíocht Stáit um Oideachas, Taighde agus Nuálaíocht |
|
|
|
Tá sé curtha in iúl ag na Tíortha nó ag na hEagraíochtaí Idir-rialtasacha seo a leanas go bhfuil sé ar intinn acu a bheith ina gComhpháirtithe Straitéiseacha (de bhun Airteagal 15 de na Reachtanna):
|
Tír nó eagraíocht idir-rialtasach |
Eintiteas/eintitis a dhéanann ionadaíocht |
|
An tSeapáin |
Ollscoil Tóiceo An Aireacht Oideachais, Cultúir, Spóirt, Eolaíochta agus Teicneolaíochta |
Tá sé curtha in iúl ag na hinstitiúidí nó ag na daoine seo a leanas go bhfuil sé ar intinn acu a bheith ina dTríú Páirtithe (de bhun Airteagal 34 de na Reachtanna):
|
Institiúid / duine |
Náisiúntacht |
|
Astronomy Australia Ltd (AAL) |
Astrálach |
|
|
|
|
|
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/211/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)