|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/201 |
7.1.2025 |
Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún
(C/2025/201)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).
FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH A CHUR IN IÚL
‘Entre-Deux-Mers’
PDO-FR-A0406-AM04
Dáta na teachtaireachta: 8.10.2024
TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS NA CÚISEANNA LEIS
1. Tuairisc
Cuireadh an dath dearg isteach.
Is é an aidhm atá ann an t-ainmniúchán ‘Entre-Deux-Mers’ a úsáid chun na fíonta dearga a tháirgtear sa limistéar a chur chun cinn.
Leasaíodh an doiciméad aonair dá réir sin.
2. Limistéar geografach
Cuireadh isteach tagairt do Chód Geografach Oifigiúil 2022 i ndáil leis an limistéar geografach agus i ndáil leis an limistéar díreach in aice láimhe.
Cé nár athraíodh teorainn an limistéir gheografaigh, rinneadh athbhreithniú ar liosta na mbardas chun athruithe áirithe ar ainmneacha tar éis cumaisc a chur san áireamh. Is leasú eagarthóireachta amháin é seo.
Leasaíodh an doiciméad aonair.
3. Cineálacha fíniúna
Cuireadh liosta isteach de na príomhchineálacha fíonchaor agus de na cineálacha fíonchaor tánaisteacha le haghaidh fíon dearg. Is cineálacha fíonchaor traidisiúnta iad a úsáidtear in Gironde: Cabernet Sauvignon N, Cabernet Franc N, Cot N (nó Malbec), Merlot N, Petit Verdot N agus Carménère N.
Rinneadh athbhreithniú ar an liosta de chineálacha fíonchaor tánaisteacha le haghaidh na bhfíonta geala. Ní úsáidtear na cineálacha fíonchaor Mauzac B ná Merlot Blanc B a thuilleadh.
Tar éis an liosta ‘Cineálacha fíonchaor tánaisteacha’ a scriosadh, cuireadh gach cineál fíonchaor leis an liosta ‘Cineál (nó cineálacha) fíonchaor’ i bpointe 7 den doiciméad aonair.
Leasaíodh an doiciméad aonair dá réir sin.
4. Rialacha maidir le codanna plandaithe
I gcomhréir leis na leasuithe thuas, scriosadh na rialacha maidir le codanna na gcineálacha fíonchaor Mauzac B agus Merlot Blanc B.
Coinníodh an riail nach mór gur príomhchineálacha fíonchaor 70 % ar a laghad de na fíonchaora a phlandaítear.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
5. Rialacha maidir le prúnáil
Forlíonadh na rialacha maidir le prúnáil chun an líon bachlóg in aghaidh an phlanda (12) a shocrú le haghaidh na gcineálacha fíonchaor dearg agus chun an líon bachlóg, i gcás na gcineálacha fíonchaor geal, a athrú ó 15 go 14.
Leasaíodh an doiciméad aonair dá réir sin.
6. Na rialacha maidir le treilísiú agus le hairde an duilliúir
Forlíonadh na rialacha maidir le treilísiú agus le hairde an duilliúir i gcás na gcineálacha fíonchaor dearg. Tá airde an duilliúir nuair a dhéantar treilísiú air 0,6 oiread an spáis idir sraitheanna ar a laghad.
Tomhaistear an airde sin idir an pointe atá 0,10 méadar faoi bhun na sreinge treilísithe agus an chuid is airde den cheannbhrat.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
7. Meánualach uasta barr in aghaidh na dáileachta
Cuireadh meánualach uasta barr in aghaidh na dáileachta isteach i gcás na gcineálacha fíonchaor dearg. Tá sé socraithe ag 8 500 kg in aghaidh an heicteáir. Comhfhreagraíonn an dlús sin d’uaslíon 14 thriopall in aghaidh an phlanda. I gcás ina n-údaraítear uisciú, socraítear gurb é atá in meánualach uasta an bhairr in aghaidh na dáileachta uiscithe 7 000 kg in aghaidh an heicteáir. Comhfhreagraíonn an dlús sin d’uaslíon 14 thriopall in aghaidh an phlanda.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
8. Forálacha agra-chomhshaoil
Cuireadh isteach na forálacha comhshaoil seo a leanas:
|
— |
Ní mór fíniúnacha marbha a bhaint de na dáileachtaí. Ní fhéadfar aon fhíniúin mharbha a choinneáil ar na dáileachtaí. |
|
— |
Tá toirmeasc ar rialú iomlán ceimiceach fiailí ar dháileachtaí. |
|
— |
Ní mór do gach saothróir fíniúna a n-innéacs minicíochta cóireála a ríomh agus a thaifeadadh. |
Tá na leasuithe seo beartaithe chun an comhshaol agus na héilimh ghinearálta maidir le húsáid laghdaithe táirgí cosanta plandaí a chur i gcuntas ar bhealach níos fearr.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
9. Buaint
Cuireadh isteach spriocluachanna a bhaineann go sonrach leis na fíonta dearga:
|
— |
Ní mór méid íosta siúcra na bhfíonchaor a bheith 200 gram ar a laghad in aghaidh an lítir. |
|
— |
Tá neart alcóil nádúrtha íosta 12 % de réir toirte ag na fíonta dearga. |
Leasaíodh an doiciméad aonair dá réir sin.
10. Táirgeacht
Cuireadh isteach spriocluachanna a bhaineann go sonrach leis na fíonta dearga: is í an uasteorainn táirgeachta 55 agus 65 heictilítear.
Leasaíodh an doiciméad aonair dá réir sin.
11. Caighdeáin anailíseacha
Cuireadh isteach spriocluachanna a bhaineann go sonrach leis na fíonta dearga:
Tá méid siúcra inchoipthe (glúcós agus fruchtós) 3 ghram in aghaidh an lítir, nó níos lú, ag gach baisc fíona a dhíoltar ar an mórchóir nó i bpacáistíocht.
|
— |
Tá cion aigéadachta luainí 16,33 milleachoibhéis in aghaidh an lítir, nó níos lú, (0,80 gram in aghaidh an lítir arna shloinneadh in H2SO4) ag gach baisc fíona a dhíoltar ar an mórchóir nó i bpacáistíocht. |
|
— |
Tá cion iomlán dé-ocsaíde sulfair 140 milleagram in aghaidh an lítir, nó níos lú, ag gach baisc fíona a dhíoltar ar an mórchóir. |
Tráth an phacáistithe, tá cion uasta aigéid mhalaigh ag na fíonta dearga atá socraithe ag 0,3 gram in aghaidh an lítir.
Leasaíodh an doiciméad aonair dá réir sin.
12. Cleachtais fhíoneolaíocha
Cuireadh isteach cleachtais a bhaineann go sonrach leis na fíonta dearga:
|
— |
Tá toirmeasc ar shliseanna darach ar lú a méid ná 5 cheintiméadar a úsáid tar éis an fíon a shíothlú. |
|
— |
Toirmisctear aon chóireáil teasa ar bhuaint na bhfíonchaor i gcás ina n-ardaíonn an teocht go leibhéal os cionn 40 °C. |
|
— |
Ceadaítear teicnící laghdúcháin saibhrithe suas go ráta tiúchana 15 %. |
Leasaíodh an doiciméad aonair dá réir sin.
13. Acmhainneacht fíonlainne
Cuireadh isteach spriocluach a bhaineann go sonrach leis na fíonta dearga.
Tá an acmhainneacht fhoriomlán fíonlainne agus stórála dhá oiread ar a laghad de thoirt an fhíona i ndearbhú buainte nó táirgthe na bliana roimhe sin.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
14. An dáta a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir
Cuireadh isteach dáta a chuirtear na fíonta dearga ar an margadh don tomhaltóir:
Cuirtear na fíonta ar an margadh don tomhaltóir amhail ón 1 Eanáir den dara bliain tar éis bhliain na buainte.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
15. Cúrsaíocht idir trádstórais údaraithe
Scriosadh an pointe maidir leis an dáta a thagann na fíonta i gcúrsaíocht idir trádstórais údaraithe.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
16. Nasc
Cuireadh faisnéis a bhaineann leis na fíonta dearga leis an roinn dar teideal ‘Nasc’.
Leasaíodh an doiciméad aonair.
17. Bearta idirthréimhseacha
Scriosadh na bearta idirthréimhseacha nach bhfuil i bhfeidhm a thuilleadh.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
18. Ceanglais maidir le dearbhú
Scriosadh na díolúintí ó dhearbhú a eisiúint roimh fhíon a dhíol ar an mórchóir agus roimh ullmhú don mhargadh i gcás oibreoirí áirithe.
Cuireadh isteach oibleagáid maidir le dearbhú a eisiúint sula sanntar dáileachtaí.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
19. Mionsonraí an chomhlachta cigireachta
Cuireadh athfhriotal ar an tagairt don chomhlacht cigireachta chun í a ailíniú leis an bhfoclaíocht a úsáidtear i sonraíochtaí eile táirge. Is leasú eagarthóireachta amháin é seo.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm (nó ainmneacha)
Entre-Deux-Mers
2. Cineál an táisc gheografaigh
ATFC - Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint
3. Catagóirí na dtáirgí fíniúna
|
1. |
Fíon |
3.1. Cód Ainmníochta Comhcheangailte
— 22 - DEOCHANNA, BIOTÁILLÍ AGUS FÍNÉAGAR
2204 – fíon ó fhíonchaora úra, lena n-áirítear fíonta treisithe; úrfhíon fíonchaor seachas é sin atá faoi cheannteideal 2009
4. Tuairisc ar an bhfíon (nó ar na fíonta)
1. Fíon geal tirim
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Is fíonta geala tirime socra iad sin. Tá neart alcóil nádúrtha íosta 10,5 % de réir toirte ag na fíonta. Bíonn méid siúcra inchoipthe (glúcós agus fruchtós) 4 ghram, nó níos lú, in aghaidh an lítir ag gach baisc fíona a dhíoltar ar an mórchóir nó i bpacáistíocht. Tar éis an tsaibhrithe, ní mó neart alcóil iomlán na bhfíonta ná 13 % de réir toirte. Tá cion aigéadachta luainí 13,26 milleachoibhéis, nó níos lú, in aghaidh an lítir (0,65 gram in aghaidh an lítir arna shloinneadh in H2SO4) ag gach baisc fíona a dhíoltar ar an mórchóir nó i bpacáistíocht. Tá cion iomlán dé-ocsaíde sulfair 180 mg/l, nó níos lú, ag gach baisc fíona a dhíoltar ar an mórchóir. Comhlíonann na caighdeáin anailíseacha eile rialacha an Aontais.
Bíonn dath buí na tuí agus imireacha buíghlasa ar na fíonta geala socra seo de ghnáth. De ghnáth, bíonn siad bríomhar ag an tús, agus ansin bíonn siad fairsing agus cruinn. Saintréithe dá gcuid is ea blasanna aramatacha bláthanna bána (e.g. acáise, etc.) agus torthaíocht, mar aon le blasanna torthaí citris agus andúchasacha. Beartaítear na fíonta seo a ól agus iad óg.
Saintréithe anailíseacha ginearálta
|
— |
Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): — |
|
— |
Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte) — |
|
— |
Aigéadacht iomlán íosta: i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
|
— |
Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): — |
|
— |
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): — |
2. Fíonta dearga
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Is fíonta dearga socra iad seo. Tá neart alcóil nádúrtha íosta 12 % de réir toirte acu. Bíonn méid siúcra inchoipthe (glúcós agus fruchtós) 3 ghram, nó níos lú, in aghaidh an lítir ag gach baisc fíona a dhíoltar ar an mórchóir nó i bpacáistíocht. Tar éis an tsaibhrithe, ní mó neart alcóil iomlán na bhfíonta ná 13 % de réir toirte. Tá cion aigéadachta luainí 16,33 milleachoibhéis, nó níos lú, in aghaidh an lítir (0,80 gram in aghaidh an lítir arna shloinneadh in H2SO4) ag gach baisc fíona a dhíoltar ar an mórchóir nó i bpacáistíocht. Tá cion iomlán dé-ocsaíde sulfair 140 mg/l, nó níos lú, ag gach baisc fíona a dhíoltar ar an mórchóir. Tráth an phacáistithe, tá cion uasta aigéid mhalaigh ag na fíonta dearga atá socraithe ag 0,3 gram in aghaidh an lítir. Comhlíonann na caighdeáin anailíseacha eile rialacha an Aontais.
Saintréithe de chuid na bhfíonta dearga sin is ea dath domhain, dath corcra nuair a bhíonn siad óg, dath dearg an rúibín ag a mbuaicphointe agus imireacha dhath an ghairnéid a thagann orthu nuair a aosaítear iad. Maidir leis an dea-bholadh ina mbíonn torthaí dearga ceannasach, go háirithe i gcás fíonta óga, d’fhéadfadh sé éirí níos casta mar thoradh ar éagsúlachtaí éadroma coipthe agus adhmadacha. De réir a chéile, eascraíonn miondifríochtaí aramatacha tearcfháis, fiú miondifríochtaí caolchúiseacha strufail nó meantóil as an gcumhracht. Sin an tráth is féidir blasanna eimpíreacha a aithint i roinnt fíonta. Treisíonn an bhailchríoch mharthanach torthaíocht cheannasach an fhíona. Sa bhéal, bíonn na fíonta úr, struchtúrtha agus bog, d’ainneoin an struchtúir shainiúil tainnine.
Saintréithe anailíseacha ginearálta
|
— |
Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): — |
|
— |
Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte) — |
|
— |
Aigéadacht iomlán íosta: — |
|
— |
Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): — |
|
— |
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): — |
5. Cleachtais fhíoneolaíocha
5.1. Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha
1. Dlús
Modh fáis
Is é dlús plandaithe íosta na bhfíniúnacha 4 500 planda in aghaidh an heicteáir.
Ní ceadmhach an spásáil idir na sraitheanna fíniúna a bheith níos mó ná 2,50 méadar, agus ní mór an spásáil idir plandaí sa tsraith chéanna a bheith 0,85 méadar ar a laghad.
2. Rialacha maidir le prúnáil
Modh fáis
Déantar na fíniúnacha a phrúnáil ag céim na nduilleog nochta (céim Lorenz 9) ar a dhéanaí, agus úsáid á baint as na teicnící seo a leanas:
Ní cheadaítear ach na cineálacha prúnála seo a leanas:
|
— |
prúnáil in Guyot aonair agus measctha; |
|
— |
prúnáil in Guyot dúbailte; |
|
— |
prúnáil mheasctha i dtródam íseal nó de réir stíl ghaothráin. |
I gcás na gcineálacha fíonchaor geal agus ‘Gris’:
I ngach cás, ní ceadmhach níos mó ná 14 bhachlóg a bheith ar gach planda.
I gcás na gcineálacha fíonchaor dearg:
I ngach cás, ní ceadmhach níos mó ná 12 bhachlóg a bheith ar gach planda.
3. Uisciú
Modh fáis
Ceadaítear uisciú le linn shéasúr fáis na bhfíniúnacha i gcásanna triomach leanúnach agus má tá triomach ag cur isteach ar fhorbairt fhiseolaíoch fhónta na bhfíniúnacha agus ar aibiú na bhfíonchaor. Tá uisciú teoranta do dhá uair in aghaidh na buainte agus in aghaidh na dáileachta.
4. Saibhriú
Cleachtas fíoneolaíoch sonrach
Tar éis an tsaibhrithe, níor cheart neart alcóil iomlán na bhfíonta a bheith níos mó ná 13 % de réir toirte.
Maidir leis na fíonta dearga:
|
— |
Ceadaítear teicnící laghdúcháin saibhrithe lena ngabhann teorainn 15 % maidir le ráta tiúchana |
|
— |
Tá toirmeasc ar shliseanna darach ar lú a méid ná 5 cheintiméadar a úsáid tar éis an fíon a shíothlú. |
|
— |
Toirmisctear aon chóireáil teasa ar bhuaint na bhfíonchaor i gcás ina n-ardaíonn an teocht go leibhéal os cionn 40 °C. |
5.2. Uastáirgeacht
|
1. |
Fíon geal 75 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
|
2. |
Fíon dearg 65 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
6. Limistéar geografach críochaithe
Buantar na fíonchaora agus déantar agus forbraítear na fíonta i gcríoch na mbardas seo a leanas i roinn Gironde:
Ambarès-et-Lagrave, Artigues-près-Bordeaux, Auriolles, Bagas, Baigneaux, Baron, Bellebat, Bellefond, Beychac-et-Caillau, Blasimon, Blésignac, Bonnetan, Bossugan, Branne, Cabara, Cadarsac, Camarsac, Camiac-et-Saint-Denis, Camiran, Casseuil, Castelmoron-d’Albret, Castelviel, Caumont, Cazaugitat, Cessac, Civrac-de-Dordogne, Cleyrac, Coirac, Coubeyrac, Courpiac, Cours-de-Monségur, Coutures-sur-Dropt, Créon, Croignon, Cursan, Daignac, Dardenac, Daubèze, Dieulivol, Doulezon, Escoussans, Espiet, Les Esseintes, Faleyras, Fargues-Saint-Hilaire, Flaujagues, Fossés-et-Baleyssac, Frontenac, Génissac, Gironde-sur-Dropt, Gornac, Grézillac, Guillac, Izon, Jugazan, Juillac, La Sauve, Ladaux, Lamothe-Landerron, Landerrouet-sur-Ségur, Lignan-de-Bordeaux, Listrac-de-Durèze, Loubens, Loupes, Lugaignac, Lugasson, Madirac, Martres, Mauriac, Mérignas, Mesterrieux, Mongauzy, Monségur, Montagoudin, Montignac, Montussan, Morizès, Mouliets-et-Villemartin, Moulon, Mourens, Naujan-et-Postiac, Nérigean, Neuffons, Pompignac, Porte-de-Benauge, Le Pout, Pujols, Le Puy, Rauzan, La Réole, Rimons, Romagne, Roquebrune, Ruch, Sadirac, Saint-Antoine-du-Queyret, Saint-Aubin-de-Branne, Saint-Brice, Saint-Exupéry, Saint-Félix-de-Foncaude, Saint-Ferme, Saint-Genès-de-Lombaud, Saint-Genis-du-Bois, Saint-Germain-du-Puch, Saint-Hilaire-de-la-Noaille, Saint-Hilaire-du-Bois, Saint-Jean-de-Blaignac, Saint-Léon, Saint-Loubès, Saint-Martin-de-Lerm, Saint-Martin-du-Puy, Saint-Michel-de-Lapujade, Saint-Pey-de-Castets, Saint-Pierre-de-Bat, Saint-Quentin-de-Baron, Saint-Sève, Saint-Sulpice-de-Guilleragues, Saint-Sulpice-de-Pommiers, Saint-Sulpice-et-Cameyrac, Saint-Vincent-de-Pertignas, Saint-Vivien-de-Monségur, Sainte-Florence, Sainte-Gemme, Sainte-Radegonde, Sallebœuf, Sauveterre-de-Guyenne, Soulignac, Soussac, Taillecavat, Targon, Tizac-de-Curton agus Tresses.
7. Cineál (nó cineálacha) fíonchaor
|
|
Cabernet Franc N |
|
|
Cabernet-Sauvignon N |
|
|
Carménère N |
|
|
Colombard B |
|
|
Cot N - Malbec |
|
|
Merlot N |
|
|
Muscadelle B |
|
|
Petit Verdot N |
|
|
Sauvignon B - Sauvignon Blanc |
|
|
Sauvignon Gris G - Fié Gris |
|
|
Semillon B |
|
|
Ugni Blanc B |
8. Tuairisc ar an nasc (nó ar na naisc)
Ní phlandaítear na fíniúnacha ach amháin sna hithreacha is lú torthúlacht. Táirgtear na fíonta seo ó dháileachtaí, nó ó chodanna de dháileachtaí, atá críochaithe go docht agus go beacht ar bhonn critéir oibiachtúla theicniúla agus stair táirgthe, mar a mhol coiste saineolaithe neamhspleácha. Dá bhrí sin, déantar ithreacha doimhne atá an-saibhir ó thaobh mianraí de agus, thar aon ní eile, a bhfuil cúltaca láidir uisce úsáideach acu a eisiamh ón limistéar dáileachta críochaithe. Ar an gcaoi chéanna, tá topagrafaíocht na ndáileachtaí cinntitheach maidir le críochú an limistéir dáileachta: ní áirítear tóineanna gleannlínte, a choisceann gnáthshreabhadh aeir fhuair, na codanna is íochtaraí de chuid dáileachtaí tolla, imill sruthán ná fánaí atá hidreamorfach mar thoradh ar bhogaigh.
Éilíonn éagsúlacht na n-ithreacha bainistiú roghnaitheach na bhfíonghort agus an cumas chun cineálacha fíonchaor a roghnú de réir na n-imthosca éagsúla. Is minic a tháirgtear na fíonta geala, a dhéantar den chuid is mó as cineál Sauvignon B, rud a fhágann go bhfuil siad inoiriúnaithe agus léiritheach, ó chumaisc le príomhchineálacha fíonchaor eile, amhail Sémillon B, rud a rannchuidíonn le maothlachas na bhfíonta, ach Muscadelle B freisin, rud a thugann castacht aramatach áirithe dóibh. Ina theannta sin, cuidíonn seanchineálacha áitiúla fíonchaor, amhail Colombard B agus Ugni Blanc B, le raon aramatach na bhfíonta a shaibhriú. Tá na fíonta dearga, a dhéantar go príomha as cumaisc chineálacha Merlot N, Cabernet Sauvignon N agus Cabernet Franc N, cruinn, fairsing agus struchtúrtha. Féadfar iad a fhorlíonadh le Petit Verdot N, Cot N agus Carménère N. Is iondúil go dtairbhíonn na fíonta dearga de thréimhse fhada ‘élevage’ [ullmhú san fhíonlann], rud atá riachtanach dá ngalántacht agus chun feabhas a chur ar a léiriú sula gcuirtear ar an margadh iad.
A bhuí le heolas an-mhionsonraithe ar a dtalamh, tá a fhios ag na saothróirí fíniúna conas na cineálacha fíonchaor is fearr a oireann do na cineálacha éagsúla ithreach a roghnú. Tugann na hithreacha sin, ina bplandaítear na cineálacha fíonchaor is oiriúnaí, dea-bholaithe bláthanna bána, torthaí citris agus andúchasacha sna fíonta geala agus dea-bholaithe torthaí dearga, agus torthaí dubha uaireanta, mar aon le blasanna meantólaithe sna fíonta dearga.
Ón 11ú haois go dtí an 15ú haois, a bhuí le naisc speisialta Bordeaux le Sasana agus in ainneoin an Chogaidh Céad Bliain agus chogaí an reiligiúin, rinne úinéirí talún tábhachtacha, cibé acu mainistreacha nó tiarnaí tuata, fíonghoirt Entre-Deux-Mers a fhorbairt, agus bhí cuid mhór den táirgeacht beartaithe lena honnmhairiú.
San 18ú haois, ba é Montesquieu an tacadóir ba mhó i dtaca le fíonsaothrú nua-aimseartha. I réigiún Entre-Deux-Mers, ba leisean fearann Raymond, in Baron. Chuir sé a cháil agus a údarás mór ar fáil chun fónamh don fhíonsaothrúchán agus chun a leasanna féin a chosaint ach, chomh maith leis sin, chun tairbhiú de leas an chúige ar fad. Dúirt sé an méid seo a leanas: ‘Is féidir fíniúnacha sa chúige seo a chur i gcomparáid leis an modh ina mbíonn ailceimiceoirí maíomh as ór a chruthú; is é sin an t-ábhar sin a fheiceann gach duine, a leagann gach duine a lámh air, a shatlaíonn gach duine air, a bhaineann leis na daoine bochta mar a bhaineann sé le daoine saibhre, ach nach dtuigeann aon duine fós.’
Ag tús an 20ú haois, bhí an-mheas ag cúirt na Rúise ar an bhfíon geal a bhí á thairgeadh in Entre-Deux-Mers. Tar éis na géarchéime sna 1950idí, rinne saothróirí fíniúna iarrachtaí suntasacha chun athstruchtúrú a dhéanamh ar na heastáit, trí athphlandú fíonghort agus trína gclaochlú b’fhéidir, chun cothromaíocht mhaith a bhaint amach idir cineál ithreach, gné, suíomh, dath, cineál fíonchaor agus fréamhstoc. Ansin, le cabhair ó Institut D’œnologie de Bordeaux [Institiúid Fíoneolaíochta Bordeaux] agus ó Chambre D’agriculture de la Gironde [Dlísheomra Talmhaíochta Gironde], fuair saothróirí fíniúna Entre-Deux-Mers ceannas níos fearr ar na modhanna táirgthe, fíonóireachta agus ‘élevage’ agus rinne siad nuachóiriú ar na saoráidí rialaithe teochta atá riachtanach chun fíonta geala tirime a dhéanamh.
Le 20 bliain anuas, d’fhág feabhas seasta ar cháilíocht gur féidir aitheantas níos fearr a thabhairt do na fíonta geala agus dearga agus gur mó an úinéireacht atá ag saothróirí fíniúna orthu. Níos mó ná riamh, tá táirgeoirí sa réigiún seo ag margú a dtáirgeachta i mbuidéil agus tá siad á síniú lena n-ainm féin. Ar an dóigh sin, déanann gach gabháltas a dhícheall chun táirge ar ardchaighdeán a tháirgeadh.
9. Coinníollacha fíor-riachtanacha breise (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Limistéar díreach in aice láimhe
Creat dlíthiúil:
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise:
Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainiú le maolú maidir le táirgeadh agus forbairt fíonta, cuimsítear na críocha de chuid bhardais roinn Gironde atá liostaithe sa tsonraíocht táirge.
Ainmniúchán geografach forlíontach
Creat dlíthiúil:
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise:
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Féadfar an t-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint ‘Entre-Deux-Mers’ a fhorlíonadh leis an ainmniúchán geografach ‘Haut-Benauge’ i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos sa tsonraíocht, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an limistéar geografach.
Tagann an t-ainmniúchán geografach ‘Haut-Benauge’ díreach i ndiaidh ainm an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint i litreacha nach mó a n-airde ná a leithead ná na litreacha lena bhfoirmítear ainm an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint.
Aonad geografach níos leithne
Creat dlíthiúil:
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise:
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Féadfaidh fíonta a bhfuil an t-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint seo acu an t-aonad geografach níos leithne ‘Vin de Bordeaux’ nó ‘Grand Vin de Bordeaux’ a shonrú ar a lipéid.
Ní ceadmhach méid na litreacha a úsáidtear le haghaidh an aonaid gheografaigh níos leithne seo a bheith níos mó, ó thaobh airde ná leithid de, ná dhá thrian de mhéid na litreacha lena bhfoirmítear ainm an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint.
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/201/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)