|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/183 |
13.1.2025 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 13 Samhain 2024 – IServ v EUIPO – Jordanova agus páirtithe eile (IServ)
(Cás T-15/24) (1)
(Trádmharc de chuid Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh IServ– Focalmharc náisiúnta níos luaithe Info Serv - Forais coibhneasta le diúltú - Dóchúlacht mearbhaill – Cosúlacht na gcomharthaí - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Stádas dlí na n-aistriúchán - Airteagal 26 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/626)
(C/2025/183)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: IServ GmbH (Brunswick, an Ghearmáin) (ionadaí: M. Wille, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: J. Ivanauskas, Gníomhaire)
Páirtithe eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Victoria Dorovska (Sóifia, an Bhulgáir), Stefan Jordanov (Ruse, an Bhulgáir), Nadja Jordanova (Ruse)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 6 Samhain 2023 (Cás R 1556/2023-1) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Díbhtear don chaingean. |
|
2. |
Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/183/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)