|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/148 |
13.1.2025 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 9 Deireadh Fómhair 2024 – Kyberg Pharma Vertriebs-GmbH v Schutzverband gegen Unwesen in der Wirtschaft e. V.
(Cás C-657/24, Kyberg Pharma)
(C/2025/148)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesgerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Cosantóir agus Achomharcóir: Kyberg Pharma Vertriebs-GmbH
Iarratasóir agus Freagróir ar an achomharc: Schutzverband gegen Unwesen in der Wirtschaft e. V.
Na ceisteanna a tharchuirtear:
|
1. |
An bhfuil Airteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 (1) le léiriú sa chaoi go gclúdaíonn an téarma ‘lipéadú’ a bhaineann le bia fógraíocht scríofa don bhia freisin, leis an toradh go gciallaíonn úsáid maíomh sláinte i bhfógraíocht scríofa nach mór na ceanglais faisnéise a leagtar síos san fhoráil sin a chomhlíonadh sa bhfógraíocht? |
|
2. |
An bhfuil Airteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 le léiriú sa chaoi nach mór, i gcás ina n-úsáidtear maíomh sláinte i bhfógraíocht bia, na ceanglais faisnéise atá ann faoin bhforáil sin a chomhlíonadh sa bhfógraíocht freisin, fiú má tá an fhaisnéis riachtanach ar lipéadú an bhia? |
(1) Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le maímh a dhéantar faoi bhia i leith na cothabhála agus na sláinte (IO 2006 L 404, lch. 9) arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) Uimh. 1047/2012 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2012 (IO 2012 L 310, lch. 36).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/148/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)