European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/143

13.1.2025

Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation (an Fhrainc) a taisceadh an 25 Meán Fómhair 2024 – MH, Costa Crociere SpA v Costa Crociere SpA, Axyme Selàrl, Generali IARD SA, Hiscox Insurance Company Ltd, Caisse primaire d’assurance maladie (CPAM) de Paris, DI, DM, WT, Croisière club SAS, Hiscox SA, Caisse primaire d’assurance maladie (CPAM) du Puy-De-Dôme

(Cás C-629/24, Costa Crociere agus páirtithe eile)

(C/2025/143)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour de cassation

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: MH, Costa Crociere SpA

Cosantóirí: Costa Crociere SpA, Axyme Selàrl, Generali IARD SA, Hiscox Insurance Company Ltd, Caisse primaire d’assurance maladie (CPAM) de Paris, DI, DM, WT, Croisière club SAS, Hiscox SA, Caisse primaire d’assurance maladie (CPAM) du Puy-De-Dôme

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1)

An bhfuil Airteagal 2, Airteagal 3(1) agus an chéad fhomhír d’Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 392/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le dliteanas iompróirí paisinéirí de mhuir i gcás tionóiscí (1) agus Iarscríbhinn I a ghabhann leis le léiriú sa chaoi go rialaítear leo dliteanas iompróra mhuirí a oibríonn crús ar ionann é agus saoire láneagraithe de réir bhrí Threoir 90/314/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1990 maidir le taisteal láneagraithe, saoire láneagraithe agus turais láneagraithe? (2)

2)

Sa chás go bhfuil freagra na chéad cheiste dearfach, an rialaítear leis na forálacha sin den Rialachán dliteanas an oibreora sin ach amháin nuair a bhaineann an díobháil choirp le hiompar ar muir?


(1)   IO 2009, L 131, lch. 24.

(2)   IO 1990, L 158, lch. 59.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/143/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)