European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


22.8.2024

Ceartúchán Fógra Comórtais Oscailte EPSO/AST/156/24 – Cúntóirí teanga (AST 3) sna réimsí seo a leanas: 1. Bainistiú airgeadais 2. Cuntasaíocht agus státchiste 3. Soláthar poiblí

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C, C/2024/4525, an 25 Iúil 2024 )

Ar leathanach 7, Roinn 5:

in ionad:

‘5.

COMHDHEISEANNA AGUS SOCRUITHE RÉASÚNTA

Déanann EPSO a dhícheall a chinntiú go bhfuil comhdheiseanna ag na hiarrthóirí uile.

Na hiarrthóirí atá faoi mhíchumas nó a bhféadfadh an riocht sláinte ina bhfuil siad bac a chur orthu na trialacha a dhéanamh, ba cheart dóibh é sin a lua san fhoirm iarratais agus na céimeanna a leanúint chun socruithe réasúnta a iarraidh, de réir an chur síos sna Rialacha Ginearálta atá i gceangal leis an bhfógra seo (féach Iarscríbhinn I, faoi roinn 1.3). Tar éis do EPSO iarraidh na n-iarrthóirí agus na doiciméid tacaíochta ábhartha a scrúdú, féadfaidh sé socrú réasúnta a thabhairt má mheastar go bhfuil gá leis.

Tá tuilleadh eolais faoi bheartas comhdheiseanna EPSO agus faoi conas socruithe réasúnta a iarraidh ar shuíomh gréasáin EPSO (6).’.

léitear:

‘5.

COMHDHEISEANNA AGUS SOCRUITHE RÉASÚNTA

Déanann EPSO a dhícheall a áirithiú go mbíonn comhdheiseanna ag na hiarrthóirí uile.

Iarrthóirí atá faoi mhíchumas nó a bhféadfadh an riocht sláinte ina bhfuil siad bac a chur orthu na trialacha a dhéanamh, ba cheart dóibh an méid sin a lua ar an bhfoirm iarratais agus na céimeanna a leanúint chun socruithe réasúnta a iarraidh, mar a shainítear ar shuíomh gréasáin EPSO (6). Tar éis do EPSO (6) iarratas na n-iarrthóirí agus na doiciméid tacaíochta ábhartha a scrúdú, féadfaidh sé socruithe réasúnta a thabhairt má mheastar go bhfuil gá leis.’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4525/corrigendum/2024-08-22/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)