|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
11.7.2024 |
Ceartúchán ar an bhfógra lena leasaítear an fógra faoi chomórtas oscailte – EPSO/AD/411/23 – Riarthóirí (AD 7) sna réimsí seo a leanas: 1 Cigirí cosaintí núicléacha 2. Oifigigh bheartais i réimse an fhuinnimh núicléach
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C, C/2024/2265, an 22 Márta 2024 )
Ar leathanach 2, pointe (f) de Roinn 4.3.1:
in ionad:
|
‘(f) |
Faoin 18 Meitheamh 2024 ar 12:00 (meán lae), am na Bruiséile, ní mór d’iarrthóirí cóipeanna scanta a uaslódáil chuig a gcuntas EPSO de na doiciméid tacaíochta a thacaíonn leis na dearbhuithe a rinne siad ina bhfoirm iarratais (agus na cóipeanna sin a cheangal dá n-iarratas). Tá míniú ar an dóigh leis sin a dhéanamh ar fáil ar shuíomh gréasáin EPSO (*).’, |
léitear:
|
‘(f) |
Faoin 29 Samhain 2024 ar 12:00 (meán lae), am na Bruiséile, ní mór do na hiarrthóirí go léir (na hiarrthóirí atá ann faoi láthair san áireamh) cóipeanna scanta a uaslódáil chuig a gcuntas EPSO de na doiciméid tacaíochta a thacaíonn leis na dearbhuithe a rinne siad ina bhfoirm iarratais (agus na cóipeanna sin a cheangal dá n-iarratas). Tá míniú ar an dóigh leis sin a dhéanamh ar fáil ar shuíomh gréasáin EPSO (*).’. |
Ar leathanach 3, scriostar pointe (g) de Roinn 4.3.1.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2265/corrigendum/2024-07-11/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)