European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/7467

20.12.2024

FÓGRA ÓN GCOIMISIÚN

Treoirlínte maidir le roghanna costais simplithe a úsáid laistigh de na Cistí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2021/1060 (Rialachán na bhForálacha Coiteanna)

(C/2024/7467)

SÉANADH:

‘Is doiciméad oibre é seo a d’ullmhaigh seirbhísí an Choimisiúin. Ar bhonn dhlí an Aontais is infheidhme, soláthraítear leis treoraíocht theicniúil do chomhghleacaithe agus do chomhlachtaí a bhfuil baint acu le faireachán, rialú nó cur chun feidhme Chistí Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Tá an treoir seo gan dochar do léirmhíniú na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta.’

Clár

An liosta acrainmneacha 3
Brollach 3

Caibidil 1:

Réamhrá ar roghanna costais simplithe 4

1.1.

Cad iad roghanna costais simplithe agus cén fáth a n-úsáidtear iad? 4

1.2.

Na cásanna is fearr le roghanna costais simplithe a úsáid 4

1.3.

Roghanna costais simplithe a úsáid ar dhá leibhéal aisíocaíochta 5

1.4.

Úsáid roghnach agus sainordaitheach roghanna costais simplithe 7

Caibidil 2

Cineálacha roghanna costais simplithe 8

2.1.

Forbhreathnú ar na cineálacha éagsúla roghanna costais simplithe 8

2.2.

Maoiniú ar ráta comhréidh 9

2.2.1.

Prionsabail ghinearálta 9

2.2.2.

Rátaí comhréidhe chun costais indíreacha a chinneadh (Airteagal 54 de RFC) 12

2.2.3.

Ráta comhréidh chun costais foirne dhíreacha a chinneadh (Airteagal 55(1) de RFC) 13

2.2.4.

Ráta comhréidh chun costais eile uile na hoibríochta seachas costais foirne dhíreacha a chinneadh (Airteagal 56 de RFC) 13

2.2.5.

Ráta comhréidh le haghaidh costais taistil agus chóiríochta (Airteagal 41(5) de Rialachán Interreg) 15

2.2.6.

Cás sonrach na rátaí comhréidhe le haghaidh cúnamh teicniúil (Airteagal 36(5) de RFC) 15

2.2.7.

Sainiúlachtaí na tacaíochta d’fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail 16

2.3.

Costais aonaid 16

2.3.1.

Prionsabail ghinearálta 17

2.3.2.

Costais foirne arna ríomh ar ráta in aghaidh na huaire an chloig (Airteagal 55(2) go (4) de RFC) 19

2.4.

Cnapshuimeanna 22

2.4.1.

Prionsabail ghinearálta 22

2.5.

Comhcheangal de roghanna costais simplithe 24

Caibidil 3

Roghanna costais simplithe a chur ar bun 26

3.1.

Ní mór roghanna costais simplithe a shainiú ex-ante 26

3.2.

Modheolaíochtaí 27

3.2.1.

Modh ríofa atá cóir, cothromasach agus infhíoraithe 27

3.2.2.

Dréachtbhuiséad 30

3.2.3.

Roghanna costais simplithe ó bheartais an Aontais a úsáid 33

3.2.4.

Úsáid a bhaint as roghanna costais simplithe ó scéimeanna le haghaidh deontais arna gcistiú go hiomlán ag na Ballstáit 33

3.2.5.

Rátaí comhréidhe agus modhanna sonracha arna mbunú le RFC nó leis na rialacha Ciste-shonracha, nó ar bhonn na rialacha sin, a úsáid 34

3.2.6.

Roghanna Costais Simplithe ó chlárthréimhsí roimhe seo a úsáid 34

3.2.7.

Athúsáid/athchúrsáil roghanna costais simplithe a cuireadh ar bun laistigh den Bhallstát céanna nó ó Bhallstáit eile 35

3.3.

Céimeanna nós imeachta i dtreo rogha costais shimplithe a fhormheas sa chlár (an ‘leibhéal uachtair’) 35

3.4.

Roghanna costais simplithe a oiriúnú in am (Modh Coigeartaithe) 36

Caibidil 4

Roghanna costais simplithe a chur chun feidhme 36

4.1.

Airgeadra a úsáidtear le haghaidh RCSanna a bhunaítear ar an ‘leibhéal uachtair’ 36

4.2.

Cur i bhfeidhm in am na roghanna costais simplithe arna nglacadh sa chlár 37

4.3.

Conas roghanna costais simplithe a dhearbhú sna hiarratais ar íocaíocht 37

4.4.

Úsáid na roghanna costais simplithe a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe ón gCoimisiún 38

Caibidil 5

Prionsabail chothrománacha 38

5.1.

Soláthar poiblí agus úsáid na roghanna costais simplithe 38

5.2.

Comhoiriúnacht na roghanna costais simplithe leis na rialacha maidir leis an státchabhair 38

5.3.

CFRE agus CSE+ go sonrach: trasmhaoiniú 41

5.4.

Ceanglais a bhaineann le sonraí a bhailiú, a stóráil agus a fhoilsiú 42

5.5.

Roghanna costais simplithe agus tréimhse incháilitheachta 43

Caibidil 6

Fíoruithe bainistíochta agus iniúchadh 43

6.1.

Cur chuige ginearálta maidir le fíoruithe bainistíochta agus iniúchadh 43

6.2.

Bunú ceart na modheolaíochta le haghaidh na rogha costais simplithe a fhíorú 44

6.3.

Fíorú ag an údarás bainistíochta agus iniúchadh ar chur i bhfeidhm ceart na modheolaíochta le linn an chur chun feidhme 46

6.3.1.

Fíorú ar chur i bhfeidhm ceart rátaí comhréidhe 46

6.3.2.

Fíorú ar chur i bhfeidhm ceart na gcostas aonaid 47

6.3.3.

Fíorú ar chur i bhfeidhm ceart cnapshuimeanna 48

6.4

Easpa maoiniú dúbailte a fhíorú agus RCSanna á n-úsáid 48

6.5.

Comhlíontacht na rialacha maidir leis an státchabhair a fhíorú i gcás ina n-úsáidtear roghanna costais simplithe mar fhoirm aisíocaíochta 50

6.6.

Cásanna calaoise agus easnaimh thromchúiseacha 51

6.7

Earráidí nó neamhrialtachtaí féideartha a bhaineann le húsáid roghanna costais simplithe 51

Iarscríbhinn 1:

Samplaí de roghanna costais simplithe 54

Iarscríbhinn 2

Conas Foscríbhinn 1 d’Iarscríbhinní V agus VI a ghabhann le RFC a líonadh isteach 58

Iarscríbhinn 3

Sampla de chomhoiriúnacht RCSanna le rialacha maidir leis an státchabhair 66

An liosta acrainmneacha

ÚI

Údarás Iniúchóireachta

CTIL

An Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht

IBTV

An Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí

FÁSP

Forbairt Áitiúil faoi Stiúir an Phobail

RFC

Rialachán na bhForálacha Coiteanna

CE

an Coimisiún Eorpach

CIE

Cúirt Iniúchóirí na hEorpa

CEMID

an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe

CFRE

Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa

CSE+

Ciste Sóisialta na hEorpa Plus

CSI

An Ciste Slándála Inmheánaí

CUAC

Ciste um Aistriú Cóir

GGA

Grúpa Gníomhaíochta Áitiúil

ÚB

Údarás Bainistíochta

BS

An Ballstát

RCS

Rogha Costais Shimplithe

FBM

Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide

Brollach

Soláthraítear treoraíocht theicniúil leis an doiciméad seo maidir le costais arna ndearbhú ar bhonn costais aonaid, cnapshuimeanna agus maoiniú ar ráta comhréidh (dá ngairtear ‘roghanna costais simplithe’ nó RCSanna anseo feasta) is infheidhme maidir leis na Cistí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2021/1060 (1) (Rialachán na bhForálacha Coiteanna – dá ngairtear ‘RFC’ anseo feasta) agus is é is aidhm dó dea-chleachtais a chomhroinnt d’fhonn na Ballstáit a spreagadh chun iad a úsáid. Cumhdaítear leis na féidearthachtaí a chuirtear ar fáil le creat dlíthiúil RFC le haghaidh chlárthréimhse 2021-2027 agus cuirtear san áireamh ann athruithe reachtacha a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2021/1060 i gcomparáid le clárthréimhse 2014-2020, go háirithe an fhéidearthacht ranníocaíocht an Aontais le clár a aisíoc i bhfoirm roghanna costais simplithe.

Tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/1060, cumhdaítear leis an treoraíocht aisíocaíocht na ndeontas arna soláthar ag na Ballstáit do thairbhithe i bhfoirm roghanna costais simplithe nó comhcheangal de mhodhanna éagsúla aisíocaíochta de réir Airteagal 53(1)(b), (c), (d) agus (e) de RFC, mar aon le haisíocaíocht ranníocaíocht an Aontais le clár i bhfoirm roghanna costais simplithe nó comhcheangal d’fhoirmeacha éagsúla de réir Airteagal 51(c), (d), (e) agus (f) de RFC.

Sa treoraíocht seo freisin tá soiléirithe breise bunaithe ar cheisteanna arna gcur ag na Ballstáit agus ag páirtithe leasmhara a bhaineann le clárthréimhse 2021-2027 nó atá ábhartha di.

CAIBIDIL 1:   Réamhrá ar roghanna costais simplithe

1.1.   Cad iad roghanna costais simplithe agus cén fáth a núsáidtear iad?

Is éard is roghanna costais simplithe ann méideanna nó céatadáin, arna sainiú ex ante, arb iad an comhfhogasú is fearr is féidir ar (fhíor)chostais incháilithe iarbhír arna dtabhú sa chleachtas agus oibríocht á cur chun feidhme. Dá bhrí sin, is modh malartach iad chun costais incháilithe oibríochta a aisíoc, seachas an modh traidisiúnta ina n-aisíoctar na costais arna dtabhú ag an tairbhí iarbhír agus arna n-íoc agus ina dtugtar údar leo le sonraisc nó le duillíní íocaíochta (Airteagal 53(1)(a) de RFC, dá ngairtear ‘fíorchostais’ anseo feasta).

Image 1

Le roghanna costais simplithe, ní gá a thuilleadh gach euro de chaiteachas cómhaoinithe a rianú chuig doiciméid tacaíochta aonair; trí úsáid a bhaint as RCSanna, laghdaítear go mór na costais riaracháin agus an t-ualach riaracháin ar údaráis bhainistíochta agus ar thairbhithe.

Image 2

Trí roghanna costais simplithe a úsáid, is féidir na hiarrachtaí acmhainní daonna agus riaracháin a bhaineann le bainistiú Chistí RFC a dhíriú ar chuspóirí beartais a bhaint amach toisc go bhfuil níos lú acmhainní ag teastáil chun doiciméid (airgeadais) a bhailiú agus a fhíorú.

Image 3

Le roghanna costais simplithe éascaítear rochtain ar na Cistí do thairbhithe beaga freisin a bhuí le simpliú an phróisis bainistíochta. Ina theannta sin, tugann tairbhithe próisis shimplithe a ghlacann níos lú ama faoi deara le linn shaolré a dtionscadal, ón iarratas ar chistiú go dtí aisíocaíocht a gcaiteachas (e.g. níos lú costas agus ama a theastaíonn chun an t-iarratas ar chistiú a ullmhú, níos lú doiciméad tacaíochta ag teastáil, riosca níos ísle maidir le doiciméadacht mhícheart nó doiciméadacht in easnamh a sholáthar, aisíocaíocht níos tapúla ar chaiteachas).

Image 4

Ar deireadh, rannchuidíonn roghanna costais simplithe le húsáid níos éifeachtúla agus níos cirte a bhaint as Cistí RFC (ráta earráide níos ísle). Le blianta fada anuas, tá sé molta arís agus arís eile ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa don Choimisiún úsáid roghanna costais simplithe a chothú agus a leathnú, go háirithe ós rud é nach mbíonn an líon céanna earráidí ag baint leo (2). Bhí an páipéar faisnéise ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le Simplification in post-2020 delivery of Cohesion Policy [Simpliú i dtabhairt i gcrích an Bheartais Chomhtháthaithe tar éis 2020] ag teacht leis na tuairimí sin, inar moladh go méadófaí an fhéidearthacht RCSanna a úsáid freisin chun costais agus ualach riaracháin a laghdú (3).

1.2.   Na cásanna is fearr le roghanna costais simplithe a úsáid

Le cois na gcásanna ina bhfuil sé sainordaitheach roghanna costais simplithe a úsáid (féach Caibidil 1.4 thíos), moltar go láidir RCSanna a úsáid go sonrach le haghaidh oibríochtaí dá gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas maidir le hindéantacht agus ábharthacht:

I gcás oibríochtaí ina bhfuil fíorchostais deacair le fíorú agus/nó ina bhfuil ualach mór ag baint lena bhfíorú (go leor doiciméad tacaíochta le haghaidh méideanna beaga nach bhfuil mórán tionchair nó nach bhfuil aon tionchar aonair acu ar aschur ionchasach na n-oibríochtaí, eochracha cionroinnte casta, etc.);

I gcás ina bhfuil sonraí stairiúla nó staidrimh iontaofa ar chur chun feidhme airgeadais agus cainníochtúil oibríochtaí comhchosúla ar fáil go héasca mar bhonn chun modhanna ríofa fónta a thógáil;

I gcás oibríochtaí a bhaineann le creat caighdeánach, amhail gníomhaíochtaí atriallacha lena mbaineann téarmaí cobhsaí coinníollacha agus foirmeacha caighdeánacha cur chun feidhme;

I gcás ina bhfuil modhanna RCS ann cheana féin le haghaidh cineálacha comhchosúla oibríochtaí faoi scéim arna cistiú go náisiúnta nó faoi bheartais an Aontais.

Chun RCSanna a bhunú, is gá am agus acmhainní a infheistiú. Ba cheart é sin a chur san áireamh agus modheolaíocht nua á dearadh. Má thagann an infheistíocht sin salach ar chuspóirí simplithe RCSanna, d’fhéadfadh modhanna aisíocaíochta malartacha a bheith níos iomchuí.

1.3.   Roghanna costais simplithe a úsáid ar dhá leibhéal aisíocaíochta

I gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil le haghaidh chlárthréimhse 2021-2027, is féidir roghanna costais simplithe a úsáid ar dhá leibhéal aisíocaíochta:

aisíocaíocht ranníocaíocht an Aontais ón gCoimisiún le cláir na mBallstát (an ‘leibhéal uachtair’) agus

aisíocaíocht deontas arna soláthar ag na Ballstáit do thairbhithe (an ‘leibhéal íochtair’).

Úsáid rcsanna ar an ‘leibhéal uachtair’

Féadfar ranníocaíocht an Aontais le clár a aisíoc i bhfoirm roghanna costais simplithe i gcomhréir le hAirteagal 51(c), (d) agus (e) de RFC.

Ní mór na roghanna costais simplithe a bhunú:

1.

tríd an gcinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár nó an leasú air (Airteagal 94(3) de RFC), nó

2.

trí ghníomh tarmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún (Airteagal 94(4) de RFC).

Sa chéad chás, ba cheart do na Ballstáit togra a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le Foscríbhinn 1 d’Iarscríbhinní V agus VI a ghabhann le RFC, mar chuid de chur isteach an chláir nó d’iarraidh ar leasú air. Ceanglaítear ar údarás iniúchóireachta an chláir sin measúnú  (4) ex-ante dearfach a sholáthar ar an modh ríofa agus ar na méideanna agus ar na socruithe chun fíorú, cáilíocht, bailiú agus stóráil na sonraí a áirithiú.

Níl úsáid RCSanna ar an ‘leibhéal uachtair’ nasctha go huathoibríoch le húsáid RCSanna ar an ‘leibhéal íochtair’. Má bhíonn aisíocaíocht ranníocaíocht an Aontais bunaithe ar RCSanna arna bhformheas sa chlár nó i ngníomh tarmligthe, féadfaidh aisíocaíocht an tairbhí a bheith i bhfoirm tacaíochta ar bith (Airteagal 94(3) de RFC).

Image 5

Chun simpliú iomlán a bhaint amach, moltar, áfach, go n-úsáidfí na RCSanna a úsáidtear ar an ‘leibhéal uachtair’ ar an ‘leibhéal íochtair’ freisin, i.e. agus deontais á n-aisíoc le tairbhithe.

Níl sé d’oibleagáid ar na Ballstáit RCSanna a úsáid ar an ‘leibhéal uachtair’. Is féidir ranníocaíocht an Aontais leis an gclár a bheith bunaithe ar fhoirm aisíocaíochta tacaíochta ar bith a sholáthraítear do thairbhithe (Airteagal 51(b) de RFC).

Úsáid rcsanna ar an ‘leibhéal íochtair’

Ní fhéadfar roghanna costais simplithe a úsáid ach amháin i gcás oibríochtaí a mhaoinítear trí dheontais (Airteagal 53(1) de RFC). Ní féidir RCSanna a úsáid le haghaidh ionstraimí airgeadais ná duaiseanna. Ní dhéantar RCSanna a úsáidtear chun deontais arna soláthar ag na Ballstáit do thairbhithe a aisíoc a áireamh sa chlár trí Fhoscríbhinn 1 d’Iarscríbhinní V agus VI a ghabhann le RFC agus níl siad faoi réir fhormheas an Choimisiúin.

Image 6

Ní gá don údarás iniúchóireachta measúnú ex ante a dhéanamh le haghaidh RCSanna a úsáidtear ar an ‘leibhéal íochtair’ ach moltar go mór é.

Image 7

Is foirmeacha deontas de réir Airteagal 53 de RFC iad roghanna costais simplithe. Níl na forálacha maidir le deontais, lena n-áirítear forálacha maidir le roghanna costais simplithe, infheidhme maidir leis an tacaíocht a sholáthraítear i bhfoirm deontas arna gcomhcheangal in oibríocht ionstraime airgeadais aonair i gcomhréir le hAirteagal 58(5) de RFC; leanann an tacaíocht chomhcheangailte rialacha na hionstraime airgeadais. I gcás ina gcomhcheanglaítear deontas le hionstraim airgeadais in dhá oibríocht ar leith, áfach, is féidir roghanna costais simplithe a úsáid le haghaidh na coda den tacaíocht a sholáthraítear i bhfoirm deontais. Ní féidir roghanna costais simplithe a úsáid i gcás ina soláthraítear an tacaíocht d’oibríocht i bhfoirm duaise.

Príomhchosúlachtaí agus príomhdhifríochtaí idir rcsanna a úsáidtear ar an leibhéal ‘uachtair’ nó ar leibhéal ‘íochtair’ amháin

 

RCSanna a úsáidtear ar an ‘leibhéal uachtair’

RCSanna nach n-úsáidtear ach ar an ‘leibhéal íochtair’

Cineál RCSanna a úsáidtear

Costais aonaid, maoiniú ar ráta comhréidh agus cnapshuimeanna

Ról an Choimisiúin maidir leis na RCSanna a bhunú

Glacann an Coimisiún RCSanna:

1)

sa chinneadh lena bhformheastar an clár nó an leasú air ar bhonn togra arna thíolacadh ag na Ballstáit i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach i bhFoscríbhinn 1 d’Iarscríbhinní V agus VI a ghabhann le RFC (Airteagal 94(3) de RFC) nó

2)

trí bhíthin gníomh tarmligthe (Airteagal 94(4) de RFC).

Is iad na Ballstáit a shainíonn an RCS agus an mhodheolaíocht gan aon rannpháirtíocht shainordaitheach ón gCoimisiún.

Ról an údaráis iniúchóireachta maidir leis na RCSanna a bhunú

Tá measúnú ex-ante ar an modheolaíocht arna dhéanamh ag an údarás iniúchóireachta sainordaitheach maidir leis na RCSanna arna gcur ar bun le cinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár nó an leasú air (Airteagal 94(3) de RFC agus Iarscríbhinn V (nó Iarscríbhinn VI), Foscríbhinn 1, roinn C, pointe 5 de RFC)

Níl an measúnú ex-ante ar an modheolaíocht a dhéanann an t-údarás iniúchóireachta sainordaitheach ach moltar go mór é.

Modheolaíocht atá ceadaithe

Ríomh bunaithe ar mhodh cóir, cothromasach agus infhíoraithe (e.g. sonraí staidrimh agus stairiúla).

Dréachtbhuiséad.

Scéimeanna an Aontais nó scéimeanna náisiúnta atá ann cheana a úsáid le haghaidh oibríochtaí den chineál céanna.

Ríomh bunaithe ar mhodh cóir, cothromasach agus infhíoraithe (e.g. sonraí staidrimh agus stairiúla).

Dréachtbhuiséad (mura dtéann costas iomlán na hoibríochta thar EUR 200 000 ).

Scéimeanna an Aontais nó scéimeanna náisiúnta atá ann cheana a úsáid le haghaidh oibríochtaí den chineál céanna.

Rátaí agus modheolaíochtaí arna mbunú le RFC nó le Rialacháin Chiste-shonracha, nó ar bhonn na rialachán sin, a úsáid.

Leibhéal aisíocaíochta

Aisíocann an Coimisiún leis an mBallstát (‘leibhéal uachtair’) ar bhonn an RCS arna fhormheas leis an gcinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár nó an leasú air nó a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe.

Aisíocann an Ballstát leis an tairbhí (‘leibhéal íochtair’) i bhfoirm RCS agus dearbhaítear an caiteachas céanna don Choimisiún.

Raon feidhme na bhfíoruithe bainistíochta agus na hiniúchta

Comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le haisíocaíocht a leagtar amach i bhFoscríbhinn 1 d’Iarscríbhinní V agus VI a ghabhann le RFC.

An mhodheolaíocht a úsáideadh chun na RCSanna (5) a chur ar bun agus cur i bhfeidhm modheolaíochta RCS.

NÍ chumhdaíonn fíoruithe bainistíochta ná iniúchadh

Fíorchostais fholuiteacha (seachas na fíorchostais a úsáidtear mar bhonn chun maoiniú ar ráta comhréidh a ríomh)

An mhodheolaíocht a úsáidtear chun an RCS a leagan amach, arna glacadh leis an gcinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár nó an leasú air, nó le gníomh tarmligthe.

Féach Caibidil 6 freisin.

Fíorchostais fholuiteacha (seachas na fíorchostais a úsáidtear mar bhonn chun maoiniú ar ráta comhréidh a ríomh).

An modh ríofa a úsáidtear chun rátaí comhréidhe ‘réamhdhéanta’ a bhunú (seachas Airteagal 54, an chéad mhír, pointe (c) de RFC).

Féach Caibidil 6 freisin.

1.4.   Úsáid roghnach agus sainordaitheach roghanna costais simplithe

An prionsabal: úsáid roghnach roghanna costais simplithe

Tá sé roghnach do na Ballstáit roghanna costais simplithe a úsáid ar ‘leibhéal uachtair’ agus ar ‘leibhéal íochtair’, cé is moite d’Airteagal 53(2) de RFC ar a dtugtar tuairisc thíos sa chaibidil seo. Ar ‘leibhéal uachtair’, a luaithe a ghlacfaidh an Coimisiún cinneadh lena bhformheasfar RCSanna sa chlár, aisíocfar ranníocaíocht an Aontais leis an mBallstát san fhoirm seo agus ní féidir leis an mBallstát í a éileamh ar bhonn Airteagal 51(b) de RFC, i.e. ar bhonn na tacaíochta a íocadh leis an tairbhí. Ar an ‘leibhéal íochtair’, cinneann an t-údarás bainistíochta, nó an coiste faireacháin i gcás cláir Interreg, cé acu a úsáidfear nó nach n-úsáidfear RCSanna i nglao ar thograí, trí na catagóirí costas agus/nó na cineálacha oibríochtaí a bhfuil feidhm ag na RCSanna sin maidir leo a shainiú. Chun a áirithiú go n-urramófar prionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne i leith tairbhithe, ba cheart raon feidhme na roghanna costais simplithe atá le cur i bhfeidhm, i.e. catagóirí costas nó cineálacha oibríochtaí a mbeidh siad ar fáil ina leith, a shonrú agus a fhoilsiú (sa ghlao ar thograí, sna rialacha cláir nó sna rialacha náisiúnta).

An eisceacht: cásanna ina bhfuil sé sainordaitheach roghanna costais simplithe a úsáid

I gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 53(2) de RFC, i gcás nach mó ná EUR 200 000 costas iomlán na hoibríochta, ba cheart an ranníocaíocht a sholáthraítear don tairbhí ó CFRE, CSE+, CUAC, CTIL, CSI agus ó IBTV a bheith i bhfoirm costais aonaid, cnapshuimeanna nó rátaí comhréidhe, cé is moite de na heisceachtaí a luaitear thíos. Is é is cuspóir don fhoráil seo rialuithe ar fhíorchostais a theorannú toisc nach mbeadh rialuithe den sórt sin cost-éifeachtúil i bhfianaise luach íseal na n-oibríochtaí sin.

I gcás tionscadail bheaga a mhaoinítear trí chistí le haghaidh tionscadail bheaga laistigh de chlár Interreg (Airteagal 25(6) de Rialachán Interreg (6)), ní mór an ranníocaíocht ó CFRE a bheith i bhfoirm roghanna costais simplithe i gcás nach mó ná EUR 100 000 an ranníocaíocht phoiblí le faighteoir deiridh a bhfuil an tionscadal beag á chur chun feidhme aige, cé is móite d’oibríochtaí ar státchabhair í an tacaíocht a thugtar dóibh.

Is iad na costais atá le cur san áireamh chun Airteagal 53(2) de RFC a chur i bhfeidhm na costais atá beartaithe tráth sínithe an doiciméid ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht don oibríocht (7). Níl na costais a thabhaítear iarbhír i gcur chun feidhme na hoibríochta nó an tionscadail bhig ábhartha ós rud é nach cuid iad sin a thuilleadh de mhodh ríofa agus aisíocaíochta costas na hoibríochta nó an tionscadail bhig.

Tá feidhm ag úsáid shainordaitheach roghanna costais simplithe ar leibhéal na tacaíochta a dheonaíonn na Ballstáit do thairbhithe, ar leibhéal na hoibríochta atá le cómhaoiniú agus an tairbhí dá bhrí sin, de réir bhrí Airteagal 2 de RFC. I gcás cistí le haghaidh tionscadail bheaga i gcláir Interreg (féach thuas), tá feidhm ag úsáid shainordaitheach roghanna costais simplithe ar leibhéal na tacaíochta arna deonú ag an tairbhí a bhainistíonn an ciste le haghaidh tionscadail bheaga d’fhaighteoirí deiridh.

Tá feidhm ag úsáid shainordaitheach RCS freisin i gcás deontais arna soláthar ag na Ballstáit do thairbhithe in oibríochtaí cúnaimh theicniúil i gcás nach mó ná EUR 200 000 costas iomlán na n-oibríochtaí sin. Dá bhrí sin, níl aon díolúine ann ó úsáid shainordaitheach RCSanna dá bhforáiltear le haghaidh oibríochtaí cúnaimh theicniúil  (8).

Níl feidhm ag an gceanglas maidir le húsáid shainordaitheach RCSanna maidir leis an méid seo a leanas (9):

Oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ar státchabhair í. Ní státchabhair í cabhair de minimis agus, dá bhrí sin, tagann oibríochtaí nach bhfaigheann ach cabhair de minimis faoi Airteagal 53(2) de RFC, i.e. úsáid shainordaitheach RCSanna. Mar sin féin, i gcás ina gcomhcheanglaítear státchabhair agus cabhair de minimis san oibríocht chéanna, níl feidhm ag úsáid shainordaitheach RCSanna.

Féadfaidh an t-údarás bainistíochta a chomhaontú roinnt oibríochtaí i réimse an taighde agus na nuálaíochta a dhíolmhú ón gceanglas a leagtar amach in Airteagal 53(2), an chéad fhomhír de RFC, ar choinníoll go mbeidh formheas tugtha roimh ré ag an gcoiste faireacháin maidir le díolúine den sórt sin. Ní shonraítear le RFC critéir maidir le díolúine den sórt sin. Dá bhrí sin, is faoin údarás bainistíochta atá sé díolúine den sórt sin a mholadh agus a áirithiú go ndéanfaidh an coiste faireacháin í a fhormheas.

I gcás ina bhfuil feidhm ag an oibleagáid roghanna costais simplithe a úsáid, baineann sí le gach catagóir costas oibríochta, cé is moite de dhá eisceacht ar bhonn Airteagal 53(2) de RFC:

(1)

Féadfar na catagóirí costas, a gcuirtear ráta comhréidh i bhfeidhm ina leith, a ríomh ar bhonn na bhfíorchostas. Mar shampla, i gcás ina n-úsáidtear an ráta comhréidh suas le 15 % le haghaidh costais indíreacha a leagtar amach in Airteagal 54, an chéad mhír, pointe (b) de RFC (a bhfuil costais foirne dhíreacha incháilithe mar bhonn ar a gcuirtear ráta comhréidh i bhfeidhm), féadfar na costais foirne dhíreacha incháilithe a dhearbhú ar bhonn na bhfíorchostas (ach ní mór do RCSanna costais dhíreacha seachas costais foirne dhíreacha a chumhdach). I gcás ina n-úsáidtear an ráta comhréidh suas le 7 % le haghaidh costais indíreacha a leagtar amach in Airteagal 54, an chéad mhír, pointe (a) de RFC, féadfar na costais dhíreacha incháilithe a dhearbhú ar bhonn na bhfíorchostas.

(2)

Féadfar liúntais agus tuarastail a íoctar le rannpháirtithe a aisíoc ar bhonn na gcostas a thabhaítear iarbhír.

Tá na heisceachtaí sin uileghabhálach.

Samplaí féideartha chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais maidir le húsáid shainordaitheach RCSanna trí RCSanna arna mbunú le RFC a úsáid

Úsáid Airteagal 54, an chéad mhír, pointe (a) nó (c) de RFC

Úsáid Airteagal 54, an chéad mhír, pointe (b), RFC

Úsáid Airteagal 56(1) agus (2) de RFC

Costais indíreacha = suas le 7 % de chostais dhíreacha incháilithe (ní theastaíonn aon mhodh ríofa) nó suas le 25 % de chostais dhíreacha incháilithe (teastaíonn modh ríofa atá cóir, cothromasach agus infhíoraithe, nó ráta comhréidh arna bhunú de bhun Airteagal 67(5)(a) de Rialachán 1303/2013 le haghaidh oibríocht chomhchosúil)

Costais dhíreacha = fíorchostais (10)

Costais indíreacha = suas le 15 % de na costais foirne dhíreacha incháilithe (ní theastaíonn aon mhodh ríofa)

Costais foirne dhíreacha = fíorchostais (11)

Gach costas díreach eile (más infheidhme) = RCS

Costais foirne dhíreacha = fíorchostais (12)

Na costais atá fágtha (seachas tuarastail agus liúntais a íoctar le rannpháirtithe) = suas le 40 % de na costais foirne dhíreacha incháilithe (ní theastaíonn aon mhodh ríofa)

Más infheidhme, féadfar tuarastail agus liúntais a íoctar le rannpháirtithe a íoc bunaithe ar fhíorchostais (= costais incháilithe bhreise)

CAIBIDIL 2:   CINEÁLACHA ROGHANNA COSTAIS SIMPLITHe

2.1.   Forbhreathnú ar na cineálacha éagsúla roghanna costais simplithe

Áirítear le hAirteagail 51 agus 53(1) de RFC trí chineál RCS, ar féidir iad a shainiú mar a leanas:

MAOINIÚ AR RÁTA COMHRÉIDH: Déantar catagóirí sonracha costas incháilithe arna sainaithint go soiléir roimh ré a ríomh trí chéatadán a bhunaítear roimh ré a chur i bhfeidhm maidir le catagóir amháin eile costas incháilithe nó roinnt catagóirí eile costas incháilithe.

COSTAIS AONAID: Ríomhfar na costais incháilithe uile nó cuid díobh ar bhonn gníomhaíochtaí, ionchuir, aschuir nó torthaí cainníochtaithe arna n-iolrú faoi chostais aonaid arna mbunú roimh ré.

CNAPSHUIMEANNA: Ríomhtar na costais incháilithe uile nó cuid de na costais incháilithe ar bhonn méideanna, arna mbunú roimh ré, a íoctar má chuirtear gníomhaíochtaí agus/nó aschuir réamhshainithe i gcrích.

Féadfaidh an t-údarás bainistíochta rogha a dhéanamh cineál amháin RCS a úsáid nó cineálacha éagsúla a chomhcheangal laistigh den oibríocht chéanna ar choinníoll go n-eisiatar aon fhorluí féideartha idir costais arna gcumhdach ag RCSanna éagsúla chun maoiniú dúbailte a sheachaint (féach freisin Caibidil 2.5 maidir leis an gcomhcheangal de roghanna costais simplithe).

2.2.   Maoiniú ar ráta comhréidh

Is féidir rátaí comhréidhe a úsáid ar an dá leibhéal aisíocaíochta, i.e. ar an leibhéal uachtair le haghaidh aisíocaíocht ranníocaíocht an Aontais (Airteagal 51(e) de RFC) agus ar an leibhéal íochtair le haghaidh deontais arna soláthar ag na Ballstáit don tairbhí (Airteagal 53(1)(d) de RFC).

Tá cineálacha éagsúla rátaí comhréidhe ann, go háirithe:

Na rátaí comhréidhe ‘réamhdhéanta’, i.e. iad sin a bhunaítear in RFC agus sna Rialacháin Chiste-shonracha, de réir mar a bheidh, i ngníomh tarmligthe arna ghlacadh faoi Airteagal 94(4) de RFC, agus nach gceanglaítear ar na húdaráis bhainistíochta modh ríofa a bhunú ina leith chun an ráta is infheidhme a chinneadh;

Rátaí comhréidhe ar fhorbair na húdaráis bhainistíochta modheolaíocht ina leith (lena n-áirítear modh ríofa).

2.2.1.   Prionsabail ghinearálta

Na catagóirí costas a shainiú

I gcóras maoinithe ar ráta comhréidh, tá trí chineál catagóirí costas ar a mhéad ann:

CINEÁL 1: catagóirí costas incháilithe ar ar a mbonn a chuirfear an ráta comhréidh i bhfeidhm chun na méideanna incháilithe a ríomh (ar a dtugtar ‘bonnchostas’);

CINEÁL 2: catagóirí costas incháilithe a chumhdófar tríd an ráta comhréidh a chur i bhfeidhm;

CINEÁL 3: i gcás inarb ábhartha, catagóirí eile costas incháilithe (ní chuirtear an ráta i bhfeidhm ina leith agus ní chumhdaítear iad tríd an ráta comhréidh a chur i bhfeidhm).

Agus córas maoinithe ar ráta comhréidh á úsáid, ní mór don údarás bainistíochta (nó don choiste faireacháin le haghaidh cláir Interreg) na catagóirí costas a thagann faoi gach cineál a shainiú: ní mór aon chatagóir caiteachais a áireamh go soiléir le ceann amháin – agus leis sin amháin – de na trí chineál. I gcásanna áirithe, is féidir cineál amháin a shainiú trí é a chur i gcodarsnacht le cineál eile nó leis na cineálacha eile (mar shampla, i gcóras nach bhfuil ann ach costais dhíreacha (cineál 1) agus indíreacha (cineál 2), is féidir costais indíreacha a shainiú mar gach costas incháilithe eile nach costais dhíreacha iad). Le linn roghnú na n-oibríochtaí, ba cheart don údarás bainistíochta (nó don choiste faireacháin le haghaidh cláir Interreg) a fhíorú go bhfuil gá leis na catagóirí costais a chumhdaítear leis an ráta comhréidh le haghaidh na hoibríochta sonraí, bunaithe ar na gníomhaíochtaí a bhfuil gá leo chun an oibríocht a chur chun feidhme, a shonraítear san iarratas ar chistiú.

Le RFC, ní chuirtear aon srian ar chatagóirí costas incháilithe a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh maoiniú ar ráta comhréidh. Ach ós rud é gurb é simpliú an príomhchuspóir a bhaineann le rátaí comhréidhe a úsáid, is fearr a oireann rátaí comhréidhe do chostais atá réasúnta íseal agus a bhfuil fíorú costasach ina leith (e.g. ráta comhréidh chun costais foirne nó costais indíreacha a chumhdach).

Image 8

Is féidir rátaí comhréidhe éagsúla a úsáid le haghaidh catagóirí éagsúla costas a chuirtear i bhfeidhm ar an mbonn céanna  (13). Mar shampla, is féidir ráta comhréidh 13 % de na costais foirne dhíreacha a úsáid chun na costais indíreacha a ríomh. Is féidir an bonn céanna (i.e. costais foirne dhíreacha) a úsáid freisin chun costais taistil agus chóiríochta na hoibríochta a ríomh ar ráta comhréidh 15 %.

Image 9

Is féidir ráta comhréidh a ríomh ar bhonn na bhfíorchostas nó na gcostas a aisíoctar trí ráta comhréidh eile a úsáid. (féach Caibidil 2.5)

Chun maoiniú dúbailte a sheachaint, agus modheolaíocht na rogha costais simplithe á dearadh, ba cheart aird ar leith a thabhairt chun a áirithiú nach n-áireofar sna bonnchostais catagóirí costais a chumhdófar leis an ráta comhréidh.

Rátaí comhréidhe sonracha chun catagóirí costas a ríomh a shonraítear in rfc agus sna rialacháin chiste-shonracha

Sainítear rátaí comhréidhe sonracha áirithe sa chreat dlíthiúil. Is féidir na rátaí comhréidhe sin a úsáid chun deontais arna soláthar ag na Ballstáit do thairbhithe a aisíoc (Airteagal 53(3)(e) de RFC).

Image 10

Is i gcás ina sonraítear go sainráite le RFC, agus sa chás sin amháin, is féidir rátaí comhréidhe a úsáid gan ceangal a chur ar an údarás bainistíochta modh ríofa a bhunú chun an ráta is infheidhme a chinneadh (roghanna costais simplithe ‘réamhdhéanta’). Cuirtear na rátaí comhréidhe sin i bhfeidhm maidir le catagóir áirithe costas (i.e. na bonnchostais), chun catagóirí eile costas a ríomh (a chumhdaítear leis an ráta comhréidh). Féadfaidh an t-údarás bainistíochta aon ráta a úsáid suas leis an ráta a luaitear san airteagal ábhartha, agus ní bheidh air údar a thabhairt leis an bhfáth ar roghnaíodh ráta faoin ráta a shonraítear sa Rialachán, fad atá na costais arna gcumhdach ag an ráta ábhartha don oibríocht shonrach. Má roghnaítear ráta níos ísle, níl aon cheanglas ann aon ríomh a dhéanamh.

Mar sin féin, féadfaidh an t-údarás bainistíochta ráta níos airde a bhunú ná na rátaí a leagtar amach in Airteagail 54 go 56 de RFC (seachas pointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 54 de RFC) bunaithe ar cheann de na modheolaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 53(3) de RFC.

Agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an ráta comhréidh atá le cur i bhfeidhm, ní mór prionsabal na córa comhionainne do thairbhithe a urramú. Dá bhrí sin, ní féidir caitheamh ar bhealach difriúil le tairbhithe a fhaigheann tacaíocht ó ghlao áirithe agus i gcás comhchosúil gan údar a bheith ann.

Is iad seo a leanas na rátaí comhréidhe ‘réamhdhéanta’:

Airteagal

Na rátaí comhréidhe ‘réamhdhéanta’

Airteagal 54, an chéad mhír, pointe (a) de RFC

Suas le 7 % de na costais dhíreacha incháilithe chun costais indíreacha a aisíoc

Airteagal 54, an chéad mhír, pointe (b) de RFC

Suas le 15 % de na costais foirne dhíreacha incháilithe chun costais indíreacha a aisíoc

Airteagal 55(1) de RFC

Suas le 20 % de chostais dhíreacha [incháilithe] (14) chun costais foirne dhíreacha a aisíoc

Airteagal 56(1) de RFC

Suas le 40 % de na costais foirne dhíreacha incháilithe chun na costais eile a bhaineann le hoibríocht a aisíoc (15)

Airteagal 39(3)(c) de Rialachán Interreg

Suas le 20 % de chostais dhíreacha [incháilithe] chun costais foirne dhíreacha a aisíoc

Airteagal 41(5) de Rialachán Interreg

Suas le 15 % de na costais foirne dhíreacha [incháilithe] chun costais taistil agus chóiríochta a aisíoc

Airteagal 22(1)(b) de Rialachán CSE+

1 % de na costais dá dtagraítear i bpointe (a) (16) chun na costais a chumhdach a sheasann an comhlacht ceannaigh a bhaineann le bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a iompar chuig na hiostaí stórála nó chuig na tairbhithe agus costais stórála

Airteagal 22(1)(c) de Rialachán CSE+

7 % de na costais dá dtagraítear i bpointe (a) nó 7 % de chostais luach an bhia arna dhiúscairt i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 chun na costais riaracháin, iompair, stórála agus ullmhúcháin a chumhdach, costais a sheasann na tairbhithe a bhfuil baint acu le dáileadh an bhia agus/nó an chúnaimh ábhartha bhunúsaigh ar na daoine is díothaí

Airteagal 22(1)(e) de Rialachán CSE+

7 % de na costais dá dtagraítear i bpointe (a) chun costais na mbeart tionlacain a chumhdach, ar bearta iad a dhéanann na tairbhithe nó a dhéantar thar ceann na dtairbhithe agus a dhearbhaíonn na tairbhithe a sholáthraíonn an bia agus/nó an cúnamh ábhartha bunúsach do na daoine is díothaí

Ina theannta sin, leagtar síos le hAirteagal 54, an chéad mhír, pointe (c) de RFC uasteorainn ar ráta comhréidh le haghaidh costais indíreacha go 25 % de na costais dhíreacha incháilithe, ar choinníoll go n-úsáidtear modh ríofa atá cóir, cothromasach agus infhíoraithe arna shainiú ag an údarás bainistíochta de bhun Airteagal 53(3)(a) de RFC.

Le húsáid aon cheann de na roghanna sin, ceanglaítear ar an údarás bainistíochta (nó ar an gcoiste faireacháin le haghaidh cláir Interreg) na catagóirí costas arna gcumhdach ag an ráta comhréidh agus na catagóirí costas a bhfuil feidhm ag an ráta comhréidh maidir leo a shainiú, i.e. na costais dhíreacha agus indíreacha agus na costais foirne dhíreacha. Is faoi na Ballstáit atá sé na catagóirí éagsúla costas a shainiú ar bhealach comhsheasmhach, aonchiallach agus neamh-idirdhealaitheach agus a áirithiú go seachnófar maoiniú dúbailte.

Ba cheart an sainiú ar na catagóirí costas a leagan amach go soiléir i rialacha an chláir nó sna glaonna ar thograí.

Image 11

Mar threoraíocht ghinearálta, is féidir na catagóirí costas a shainiú mar a leanas:

Is éard is costais dhíreacha ann na costais sin a bhaineann go díreach le cur chun feidhme na hoibríochta nó an tionscadail i gcás inar féidir an nasc díreach leis an oibríocht nó leis an tionscadal aonair sin a léiriú.

Is éard is costais indíreacha ann costais is gá chun an oibríocht a chur chun feidhme agus nach bhfuil baint dhíreach acu, nó nach féidir baint dhíreach a bheith acu, le cur chun feidhme na hoibríochta atá i gceist nó costais a bhaineann le cur chun feidhme na hoibríochta ach ar costais chúnta iad nach rannchuidíonn go díreach lena táscairí/torthaí/cuspóirí a bhaint amach. D’fhéadfaí a áireamh le costais den sórt sin, mar shampla, costais riaracháin/forchostais, ar deacair an méid is inchurtha i leith oibríocht nó tionscadal sonrach a chinneadh go beacht ina leith (caiteachas tipiciúil riaracháin/foirne, amhail: costais bhainistíochta, costais earcaíochta, costais don chuntasóir nó don ghlantóir, etc.; costais teileafóin, uisce nó leictreachais, agus mar sin de).

Sainítear costais foirne i rialacha náisiúnta agus is iondúil gurb iad na costais a eascraíonn as comhaontú idir fostóir agus fostaí nó conarthaí seirbhíse d’fhoireann sheachtrach (ar choinníoll go bhfuil na costais sin inaitheanta go soiléir). De ghnáth, áirítear le costais foirne an luach saothair iomlán, lena n-áirítear sochair chomhchineáil i gcomhréir le comhaontuithe comhchoiteanna, a íoctar le daoine mar chúiteamh ar obair a bhaineann leis an oibríocht. Áirítear leo freisin cánacha agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta fostaithe (mar shampla, i gcás pinsean, an chéad cholún agus an dara colún, an tríú colún amháin má leagtar amach iad i gcomhaontú comhchoiteann nó sa chomhaontú fostaíochta) agus aon ranníocaíocht dheonach incháilithe ó fhostaithe mar aon le ranníocaíochtaí sóisialta éigeantacha agus deonacha an fhostóra. D’fhéadfadh costais dhíreachaindíreacha a bheith i gceist le costais foirne, de réir anailís cás ar chás agus ról na foirne san oibríocht.

MIONSONRAÍ AN tSAINMHÍNITHE AR CHOSTAIS FOIRNE

Chun críoch chur i bhfeidhm na rátaí comhréidhe dá dtagraítear in Airteagal 54, an chéad mhír, pointe (b) de RFC, in Airteagal 56(1) de RFC agus in Airteagal 41(5) de Rialachán Interreg (nó aon ráta comhréidh eile arna bhunú ag an údarás bainistíochta ar bhonn Airteagal 53(3) de RFC atá le cur i bhfeidhm maidir le costais foirne dhíreacha), is féidir luach iomlán an luacha saothair mar a shainítear le rialacha náisiúnta a mheas mar chostais foirne toisc gurb iad an luach saothair iarbhír as obair an duine sin san oibríocht agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a chur san áireamh chun cineálacha eile costas na hoibríochta a chinneadh (a ríomhtar trí ráta comhréidh a chur i bhfeidhm maidir leis na costais foirne dhíreacha).

Image 12

Tá feidhm aige sin freisin maidir le cásanna ina ndéanann tríú páirtithe an tuarastal a aisíoc nó a chistiú (go páirteach) (e.g. gur earcaíodh foireann dhíreach le fóirdheontas earcaíochta; cuirtear an ráta comhréidh i bhfeidhm maidir le luach iomlán an luacha saothair fiú má íocann tríú páirtí cuid de). Má thagann costais foirne le haghaidh baill foirne sheachtracha ó chonradh seirbhíse, ní mór na costais foirne a bheith inaitheanta go soiléir. Mar shampla, má dhéanann tairbhí conradh le haghaidh seirbhísí oiliúnóra sheachtraigh dá sheisiúin oiliúna intí, ní mór na cineálacha éagsúla costas a shainaithint leis an sonrasc. Measfar gur costas foirne díreach seachtrach é tuarastal an oiliúnóra. Mura bhfuil costais foirne an oiliúnóra inaitheanta mar chatagóir ar leith ó chatagóirí eile costas, mar shampla, ábhair theagaisc, ní féidir iad a úsáid mar bhonn le rátaí comhréidhe, mar shampla, an ráta comhréidh 40 % mar a leagtar amach in Airteagal 56(1) de RFC.

Níl an sainmhíniú ar chostais foirne dhíreacha nasctha le cé acu atá nó nach bhfuil na costais foirne i bhfoirm caiteachais ranníocaíochta comhchineáil. Dá bhrí sin, is féidir luach na hoibre deonaí i bhfoirm ranníocaíocht chomhchineáil a áireamh leis an mbonnmhéid chun rátaí comhréidhe a ríomh, ar choinníoll go n-urramaítear Airteagal 67(1) de RFC.

Image 13

Ní mheastar gur costais foirne iad costais taistil, seachas costais a bhaineann le comaitéireacht chuig an áit oibre má chinneann rialacha náisiúnta gur cuid de na hollchostais fostaíochta iad.

Ní mheastar gur costais foirne ach oiread iad liúntais nó tuarastail arna n-eisíoc chun tairbhe rannpháirtithe in oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, CSE+, CUAC, CTIL, CSI agus ó IBTV (féach Airteagal 56(1) agus (2) de RFC). Mar shampla, in oibríocht arb é is aidhm di daoine nua a earcú, ní mheastar gur ‘costais foirne’ iad pá oibrithe nuafhostaithe chun críocha Airteagal 56 de RFC toisc nach bhfuil aon chúram á dhéanamh ag na daoine sin maidir leis an oibríocht a chur chun feidhme – meastar gur tuarastail iad a íoctar chun tairbhe na rannpháirtithe. Dá bhrí sin, ní féidir iad a ríomh ar bhonn an ráta chomhréidh a shainítear in Airteagal 56(1) de RFC.

Image 14

I gcomhthéacs Airteagal 56 de RFC, tuigfear gurb é atá i gceist le liúntas tacaíocht airgeadais arna soláthar do rannpháirtithe le haghaidh costais fhéideartha a bhaineann le cuspóir oibríochta ar leith.

Mar shampla, tagraíonn liúntais oiliúna faoi chuimsiú Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE +) do thacaíocht airgeadais a sholáthraítear do dhaoine aonair atá rannpháirteach i gcláir oiliúna. Ceaptar na liúntais sin chun costais éagsúla a bhaineann le hoiliúint a chumhdach, amhail costais taistil agus costais chothaithe. Is é an aidhm atá ann an oiliúint a dhéanamh níos inrochtana.

2.2.2.   Rátaí comhréidhe chun costais indíreacha a chinneadh (Airteagal 54 de RFC)

Cinntear leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 54 de RFC, i gcás ina n-eascraíonn costais indíreacha as cur chun feidhme oibríochta, go bhféadfar iad a ríomh ar bhonn ceann de na rátaí comhréidhe a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) dá chéad fhomhír. Le hAirteagal 54, an chéad mhír, pointe (a) de RFC, tugtar isteach ráta comhréidh suas le 7 % de na costais dhíreacha incháilithe chun costais indíreacha a ríomh. Le hAirteagal 54, an chéad mhír, pointe (b) de RFC, tá ráta comhréidh suas le 15 % de na costais foirne dhíreacha chun na costais indíreacha a ríomh. Féadfaidh an t-údarás bainistíochta an dá ráta chomhréidhe a úsáid go díreach, gan aon údar le ríomh an ráta, má tá sé laistigh den uasteorainn a shocraítear leis an Rialachán.

Ní sholáthraítear liosta uileghabhálach modhanna le hAirteagal 54 de RFC maidir le conas rátaí comhréidhe a bhunú le haghaidh costais indíreacha oibríochta agus ceadaítear do na Ballstáit ráta comhréidh a úsáid le haghaidh costais indíreacha arna mbunú ar bhonn modhanna eile, i.e. iad sin a shonraítear in Airteagal 53(3) (b) go (e) de RFC.

Image 15

Mar sin féin, tá ráta comhréidh lena gcumhdaítear costais indíreacha arna mbunú ar bhonn modh cóir, cothromasach agus infhíoraithe dá dtagraítear in Airteagal 53(3)(a) de RFC faoi réir uasteorainn 25 % de na costais dhíreacha incháilithe a leagtar amach in Airteagal 54, an chéad mhír, pointe (c) de RFC. Níl rátaí comhréidhe nach mbunaítear ar an mbonn sin ach ar mhodh eile i measc na modhanna dá dtagraítear in Airteagal 53(3)(b) go (e) de RFC faoi réir uasteorainn.

2.2.3.   Ráta comhréidh chun costais foirne dhíreacha a chinneadh (Airteagal 55(1) de RFC)

Sonraítear le hAirteagal 55(1) de RFC go bhféadfar costais foirne dhíreacha oibríochta a ríomh mar ráta comhréidh suas le 20 % de na costais dhíreacha seachas costais foirne na hoibríochta sin gan ceanglas a bheith ar na Ballstáit ríomh a dhéanamh chun an ráta is infheidhme a chinneadh.

Image 16

Mar sin féin, i gcás ina n-áirítear le costais dhíreacha na hoibríochta sin conarthaí oibreacha poiblí nó conarthaí soláthair nó seirbhíse a sháraíonn an tairseach a leagtar amach i dTreoir an Aontais maidir le soláthar poiblí, go háirithe Airteagal 4 de Threoir 2014/24/AE (17) agus Airteagal 15 de Threoir 2014/25/AE (18), ní fhéadfaí an ráta comhréidh réamhdhéanta in Airteagal 55(1) de RFC a chur i bhfeidhm agus ba ghá an ráta comhréidh do chostais foirne dhíreacha a chinneadh bunaithe ar mhodh dá bhforáiltear in Airteagal 53(3)(a) go (e) de RFC.. Sa chás sin, ní féidir an ráta comhréidh suas le 20 % gan ríomh a dhéanamh a chur i bhfeidhm ar an oibríocht ar leith. Tá feidhm aige sin maidir le gach conradh oibre/soláthair/seirbhíse os cionn na dtairseach a thagann faoi raon feidhme na dTreoracha sin, lena n-áirítear na conarthaí sin arna ndámhachtain ag eintitis chonarthacha seachas údaráis chonarthacha i gcás Threoir 2014/25/AE. Is é luach iomlán an tsoláthair phoiblí a chuirfear san áireamh agus cinneadh á dhéanamh maidir le cé acu a sáraíodh nó nár sáraíodh na tairseacha sna Treoracha, gan beann ar na luchtóga ina bhféadfar soláthar a roinnt (19).

Image 17

A mhéid a bhaineann le CTIL, IBTV agus CSI go sonrach, ní mór aon chostas atá faoi réir soláthair phoiblí (i.e. na costais ar fochonradh/seachtracha) a eisiamh ón mbonn le haghaidh ríomh an ráta chomhréidh, féach an dara fomhír d’Airteagal 55(1) de RFC.

I gcás cláir Interreg, is féidir costais foirne a aisíoc bunaithe ar ráta comhréidh suas le 20 % de na costais dhíreacha incháilithe, gan aon srian a bheith ann maidir le cé acu atá nó nach bhfuil soláthar poiblí san áireamh sna costais dhíreacha, de réir Airteagal 39(3)(c) de Rialachán Interreg.

Féadfaidh costais foirne dhíreacha a chinntear ar bhonn ráta comhréidh a bheith mar bhonn le cur i bhfeidhm ráta comhréidh a shonraítear faoi Airteagal 54, an chéad mhír, pointe (b) de RFC (ráta comhréidh suas le 15 % de na costais foirne dhíreacha incháilithe chun costais indíreacha a ríomh). Mar sin féin, ní féidir costais foirne dhíreacha arna ríomh ar bhonn ráta comhréidh a úsáid mar bhonn don ráta comhréidh faoi Airteagal 56(1) de RFC (ráta comhréidh suas le 40 % de na costais foirne dhíreacha incháilithe chun costais incháilithe eile na hoibríochta a ríomh), féach Airteagal 56(3) de RFC.

2.2.4.   Ráta comhréidh chun costais eile uile na hoibríochta seachas costais foirne dhíreacha a chinneadh (Airteagal 56 de RFC)

Ceadaítear le hAirteagal 56(1) de RFC go bhféadfar costais foirne dhíreacha a úsáid chun costais incháilithe eile uile na hoibríochta a ríomh, ar bhonn ráta comhréidh suas le 40 % de na costais foirne dhíreacha incháilithe. I gcás oibríochtaí a úsáideann an ráta comhréidh sin, ní féidir ach an méid seo a leanas a áireamh:

Costais foirne dhíreacha – bonnchostais le haghaidh an ráta chomhréidh;

agus ráta comhréidh suas le 40 % lena gcumhdaítear na costais eile a bhaineann leis an oibríocht;

agus tuarastail agus liúntais a íoctar le rannpháirtithe.

I gcás CFRE, CSE+, CUAC, CTIL, CSI agus IBTV, déantar tuarastail agus liúntais a íoctar le rannpháirtithe a eisiamh ó na costais a chumhdaítear leis an ráta comhréidh sin. [D’fhéadfaidís a bheith inaisíoctha dá bhrí sin agus úsáid á baint as foirm dhifriúil dá dtagraítear in Airteagal 53(1) de RFC]. Maidir leis an sainmhíniú ar liúntais agus ar thuarastail, féach Caibidil 2.2.1.

Image 18

Tá úsáid an ráta chomhréidh sin oiriúnach in oibríochtaí inar sciar mór den bhuiséad iad na costais foirne dhíreacha. Dá bhrí sin, tionscadail dlúthshaothair, tionscadail T&F, tionscadail ar mionscála lena mbaineann go leor costas íseal-luacha agus mórmhéide seachas costais foirne, tionscadail nuálaíochta bheaga, tionscadail oideachais agus ghairme, agus tionscadail gníomhaíochtaí boga, is iad is fearr a oireann d’úsáid an ráta chomhréidh a leagtar amach in Airteagal 56(1) de RFC.

Féadfaidh an t-údarás bainistíochta an ráta comhréidh sin a chur i bhfeidhm ar chineálacha oibríochtaí a dhéanann idirdhealú soiléir idir na catagóirí costas seo a leanas: costais foirne dhíreacha, costais dhíreacha eile, agus costais indíreacha. Leis an ráta comhréidh a shainítear in Airteagal 56(1) de RFC, ba cheart costais dhíreacha agus indíreacha eile a chumhdach, agus ní costais indíreacha amháin.

Mura n-áirítear san oibríocht ach costais indíreacha agus costais foirne dhíreacha, níor cheart don údarás bainistíochta an ráta comhréidh in Airteagal 56(1) de RFC a úsáid ach is féidir leis an ráta comhréidh a shainítear in Airteagal 54(b) de RFC a úsáid.

Ní féidir an ráta comhréidh in Airteagal 56(1) de RFC a chomhcheangal le ráta comhréidh le haghaidh costais indíreacha (e.g. na roghanna in Airteagal 54 de RFC) ós rud é go gcumhdófaí an chatagóir chéanna costas (i.e. na costais indíreacha) faoi dhó.

Ní féidir an ráta comhréidh sin suas le 40 % a úsáid in oibríocht i gcás ina ndéantar costais foirne dhíreacha iomlána na hoibríochta sin a ríomh ar bhonn ráta comhréidh (mar shampla, an ráta comhréidh faoi Airteagal 55(1) de RFC i gcomhréir le hAirteagal 56(3) de RFC). Mar sin féin, is féidir an ráta comhréidh sin a chur i bhfeidhm maidir le costais foirne dhíreacha a dheartar mar RCS, fad nach ráta comhréidh é an RCS sin (féach Caibidil 2.5).

Sampla 1

Is mian le húdarás bainistíochta na costais incháilithe oibríochta uile atá fágtha a chumhdach trí ráta comhréidh a chur i bhfeidhm ar chostais foirne dhíreacha incháilithe na hoibríochta EUR 150 000. I gcomhréir le hAirteagal 56(1) de RFC, cinneann an t-údarás bainistíochta ráta 35 % a chur i bhfeidhm. Ciallaíonn sé sin gur EUR 150 000 + (EUR 150 000 x 0,35) = EUR 202 500 a bheidh i gcostais incháilithe iomlána na hoibríochta.

Sampla 2

Is iad seo a leanas costais mheasta cúrsa oiliúna:

Iomlán na gcostas díreach

EUR 52 000

 

Iomlán na gcostas indíreach

EUR 5 000

Costais foirne dhíreacha

EUR 30 000

 

Costais foirne indíreacha

EUR 4 000

Costais seomra

EUR 3 000

 

Leictreachas, teileafón.

EUR 1 000

Costais taistil

EUR 4 000

 

 

 

Béilí

EUR 1 000

 

Costais incháilithe iomlána

EUR 57 000

Faisnéis / Poiblíocht

EUR 4 000

 

 

 

Liúntais arna n-íoc ag SPF leis na hoiliúnaithe

EUR 10 000

 

 

 

Is féidir leis an údarás bainistíochta a chinneadh Airteagal 56(1) de RFC a chur i bhfeidhm maidir leis an tionscadal sin agus socraíonn sé an ráta comhréidh chun na costais eile a bhaineann leis an oibríocht a aisíoc ag 40 %. Sa chás sin, bheadh an méid seo a leanas mar leithdháileadh uasta ag an doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht don oibríocht:

Costais dhíreacha foirne: EUR 30 000

Costais eile: 30 000 x 40 % = EUR 12 000

Ós rud é gur féidir na liúntais a íocann na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta leis na hoiliúnaithe a dhearbhú sa bhreis ar na costais foirne dhíreacha agus ar an ráta comhréidh, is iad seo a leanas na costais incháilithe iomlána:

Costais incháilithe iomlána: 30 000 (costais foirne dhíreacha) + 12 000 (costais eile) + 10 000 (liúntais arna n íoc ag SPF leis na hoiliúnaithe) = EUR 52 000

Image 19

Le linn chur chun feidhme na n-oibríochtaí ag baint úsáide as an ráta comhréidh ó Airteagal 56(1) de RFC, tá sé tábhachtach costais foirne dhíreacha a phleanáil go cúramach ón tús agus dlúthfhaireachán leanúnach a dhéanamh ar chaiteachas sa chatagóir costais sin. Mar gheall ar chineál an ráta chomhréidh 40 %, ciallóidh aon tearc-chaiteachas ar chostais foirne dhíreacha níos lú airgid go huathoibríoch a aisíocfar as costais eile.

Sampla

Le buiséad bunaidh na hoibríochta, leithdháileadh EUR 350 000 ar chatagóir na gcostas foirne díreach agus EUR 140 000 (40 % x EUR 350 000) ar chatagóir na gcostas atá fágtha. Le linn chur chun feidhme an chláir, níor tuairiscíodh ach EUR 230 000 de chostas foirne díreach. Ciallaíonn sé sin nach n-aisíoctar ach EUR 92 000 (40 % x EUR 230 000) le haghaidh na gcostas eile atá fágtha.

2.2.5.   Ráta comhréidh le haghaidh costais taistil agus chóiríochta (Airteagal 41(5) de Rialachán Interreg)

Déantar foráil le hAirteagal 41(5) de Rialachán Interreg maidir le ráta comhréidh le haghaidh na gcostas taistil agus cóiríochta a bhaineann le hoibríocht suas le 15 % de na costais foirne dhíreacha gan iallach a bheith ar na Ballstáit ríomh a dhéanamh chun an ráta is infheidhme a chinneadh. Tá an ráta comhréidh sin le húsáid go díreach in oibríochtaí Interreg.

2.2.6.   Cás sonrach na rátaí comhréidhe le haghaidh cúnamh teicniúil (Airteagal 36(5) de RFC)

De réir Airteagal 36(3) de RFC, tá méid na ranníocaíochta ón Aontas le haghaidh cúnamh teicniúil le déanamh mar aisíocaíocht na tacaíochta a sholáthraítear do thairbhithe i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme de RFC (Airteagal 51(b) de RFC) nó mar ráta comhréidh (Airteagal 51(e) de RFC) (tá úsáid an ráta chomhréidh sainordaitheach i gcásanna áirithe – féach thíos sa chaibidil seo).

Raon feidhme

Is faoi dhiscréid na mBallstát atá an rogha maoiniú ar ráta comhréidh a úsáid. I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 36(3) de RFC, tá feidhm ag an rogha maidir leis na cláir uile sa Bhallstát lena mbaineann le haghaidh na clárthréimhse ina hiomláine agus ní féidir í a mhodhnú ina dhiaidh sin. Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoina rogha maidir le foirm na ranníocaíochta ón Aontas le haghaidh cúnamh teicniúil sa Chomhaontú Comhpháirtíochta i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le RFC.

I gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 36(3) de RFC, maidir le cláir a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV agus maidir le cláir Interreg, ní dhéantar ranníocaíocht an Aontais le haghaidh cúnamh teicniúil ach i bhfoirm ráta comhréidh.

Leagtar síos na rátaí comhréidhe le haghaidh ranníocaíocht an Aontais le haghaidh cúnamh teicniúil in Airteagal 36(5) de RFC le haghaidh gach Ciste agus in Airteagal 27 de Rialachán Interreg le haghaidh cláir Interreg.

Is é an Ballstát atá freagrach as an gcaoi a n-úsáideann an Ballstát na híocaíochtaí ar ráta comhréidh le haghaidh cúnamh teicniúil; ní dhéanfar aon seiceáil ar chostais fholuiteacha na méideanna a aisíocfar bunaithe ar an ráta comhréidh ar leibhéal an Aontais.

Iarratais ar íocaíocht

I gcás ina n-úsáideann Ballstát nó clár Interreg an maoiniú ar ráta comhréidh le haghaidh cúnamh teicniúil, déanfar an céatadán ábhartha ar ráta comhréidh maidir leis an gCiste lena mbaineann dá bhforáiltear in Airteagal 36(5)(b) de RFC agus in Airteagal 27(3) de Rialachán Interreg a chur i bhfeidhm go huathoibríoch maidir le méid iomlán an chaiteachais incháilithe nó le méid iomlán an chaiteachais phoiblí, de réir mar is iomchuí, a áirítear le gach iarratas ar íocaíocht a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin. Tá méid an chúnaimh theicniúil ar ráta comhréidh i gcolún D (colún C le haghaidh CTIL, IBTV agus CSI) sa tábla ‘Caiteachas arna mhiondealú de réir tosaíochta’ d’Iarscríbhinn XXIII a ghabhann le RFC le ríomh go huathoibríoch in SFC2021 bunaithe ar na sonraí a sholáthraítear san iarratas ar íocaíocht.

Níl méid an chúnaimh theicniúil ar ráta comhréidh le tuairisciú i bhFoscríbhinn 2 d’Iarscríbhinn XXIII a ghabhann le RFC agus, i gcás chláir CTIL, IBTV agus CSI, i bhFoscríbhinn 3 d’Iarscríbhinn XXIII a ghabhann le RFC i.e. le haghaidh cuspóirí sonracha nach gcomhlíontar na coinníollacha cumasúcháin ina leith.

2.2.7.   Sainiúlachtaí na tacaíochta d’fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail

De réir Airteagal 34(1)(c) de RFC, cumhdaíonn tacaíocht ó na Cistí d’fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail an costas a bhaineann le bainistiú, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an straitéis agus ar a beochan, lena n-áirítear malartuithe idir páirtithe leasmhara a éascú. De réir an dara fomhír d’Airteagal 34(2) de RFC, tá na costais sin faoi réir uasteorainn 25 % den ranníocaíocht phoiblí iomlán leis an straitéis.

Léiríonn an sampla seo a leanas conas is féidir na costais sin a aisíoc ar bhonn ráta comhréidh a chuirtear i bhfeidhm maidir le costais cur chun feidhme eile:

Sampla

Rinne an t-údarás bainistíochta measúnú, bunaithe ar thaithí roimhe seo, ar an sciar tipiciúil de chostais oibriúcháin agus beochan grúpa gníomhaíochta áitiúil ar leith i gcomparáid leis an gcaiteachas arna thabhú chun oibríochtaí áitiúla a chur chun feidhme faoin straitéis forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail, agus chun gníomhaíochtaí comhair an ghrúpa gníomhaíochta áitiúil a ullmhú agus a chur chun feidhme. Cé nach féidir le tacaíocht ó Chistí RFC le haghaidh costais oibriúcháin agus bheochana dul os cionn uasteorainn 25 % den chaiteachas poiblí iomlán arna thabhú laistigh den straitéis forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail i gcomhréir le hAirteagal 34(2) de RFC, is léir ón taithí a fuarthas go bhfuil an céatadán sin níos ísle i ndáiríre i bhformhór na gcásanna.

Bunaíonn an t-údarás bainistíochta ráta comhréidh 17 % de na costais cur chun feidhme (bunaithe ar mhodh cóir, cothromasach agus infhíoraithe i gcomhréir le hAirteagal 53(1)(d) agus 53(3)(a) de RFC) maidir leis an gcaiteachas arna thabhú chun oibríochtaí faoin straitéis forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail a chur chun feidhme agus chun gníomhaíochtaí comhair an ghrúpa gníomhaíochta áitiúil a ullmhú agus a chur chun feidhme, chun na costais seo a leanas a chumhdach:

Costais oibriúcháin (costais atá nasctha le bainistiú, faireachán agus meastóireacht na straitéise, féach Airteagal 34(1)(c) de RFC);

Costais atá nasctha le beochan na straitéise forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail (chun malartú idir páirtithe leasmhara a éascú chun faisnéis a sholáthar agus chun an straitéis a chur chun cinn agus chun tacú le tairbhithe féideartha d’fhonn oibríochtaí a fhorbairt agus iarratais a ullmhú, féach Airteagal 34(1)(c) de RFC).

Dá bhrí sin, más é EUR 1,5 milliún (cineál 1) an buiséad a leithdháiltear ar an ngrúpa gníomhaíochta áitiúil chun oibríochtaí faoin straitéis forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail a chur chun feidhme agus chun gníomhaíochtaí comhair an ghrúpa gníomhaíochta áitiúil a ullmhú agus a chur chun feidhme, is é EUR 1,5 milliún x 17 % = EUR 255 000 (cineál 2) an buiséad uasta a chomhfhreagródh do chostais oibriúcháin agus bheochana. Dá bhrí sin, is é EUR 1,755 milliún an leithdháileadh buiséid iomlán don ghrúpa gníomhaíochta áitiúil.

Le linn na céime cur chun feidhme, ciallaíonn sé, aon uair a éilíonn tairbhí aisíocaíocht ar an gcaiteachas arna thabhú ar thionscadal, go mbeidh an grúpa gníomhaíochta áitiúil in ann 17 % den tsuim sin a éileamh as a chostais oibriúcháin agus bheochana.

Mar shampla, más é EUR 1 000 (cineál 1) caiteachas tabhaithe tionscadail, is féidir leis an ngrúpa gníomhaíochta áitiúil EUR 1 000 x 17 % = EUR 170 (cineál 2) dá chostais oibriúcháin agus bheochana a dhearbhú don údarás bainistíochta freisin.

Ní bheidh ar an ngrúpa gníomhaíochta áitiúil doiciméid tacaíochta a sholáthar maidir lena chostais oibriúcháin agus bheochana arna ndearbhú ar bhonn an ráta chomhréidh, ach ní mór an mhodheolaíocht chun an 17 % a chinneadh a bheith infhíoraithe.

N.B.

Ní gá go gcuirfí ráta 25 % i bhfeidhm mar thoradh ar an modheolaíocht chun an ráta comhréidh a bhunú. Mar sin féin, cibé modheolaíocht a úsáidtear chun an ráta comhréidh a shocrú, ní mór na forálacha maidir le huasteorainn na gcostas oibriúcháin agus na beochana dá bhforáiltear sa dara fomhír d’Airteagal 34(2) de RFC a urramú.

2.3.   Costais aonaid

Is féidir costais aonaid a úsáid ar an dá leibhéal aisíocaíochta, i.e. ar an ‘leibhéal uachtair’ le haghaidh aisíocaíocht ranníocaíocht an Aontais (Airteagal 51(c) de RFC) agus ar an ‘leibhéal íochtair’ le haghaidh deontais arna soláthar ag na Ballstáit don tairbhí (Airteagal 53(1)(b) de RFC).

2.3.1.   Prionsabail ghinearálta

Image 20

I gcás costais aonaid, déanfar costais incháilithe uile oibríochta nó cuid díobh a ríomh ar bhonn gníomhaíochtaí, ionchuir, aschuir nó torthaí cainníochtaithe arna n-iolrú faoi chostais aonaid arna mbunú roimh ré. Is féidir an fhéidearthacht sin a úsáid le haghaidh aon chineál oibríochta, tionscadail nó cuid de thionscadal, nuair is féidir cainníochtaí a bhaineann le gníomhaíocht agus costais aonaid ghaolmhara a shainiú. Is iondúil go mbíonn feidhm ag costais aonaid maidir le cainníochtaí atá inaitheanta go héasca.

Is féidir le costais aonaid a bheith:

Bunaithe ar phróiseas, i.e. nasctha le hionchuir (e.g. costas aonaid in aghaidh na huaire an chloig d’oiliúnóir) nó aschuir (e.g. costas aonaid in aghaidh na huaire an chloig in aghaidh an oiliúnaí);

Bunaithe ar thorthaí (e.g. costas aonaid in aghaidh an duine a fhaigheann deimhniú oiliúna).

Is é an cuspóir atá le RCSanna a úsáid in oibríocht próisis a shimpliú do na páirtithe leasmhara uile lena mbaineann. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis bhainistíochta ionchuir, aschuir, nó torthaí a shocrú lena ndéantar simpliú agus atá éasca a thaifeadadh, a rianú etc. Ba cheart do na húdaráis bhainistíochta aird ar leith a thabhairt freisin ar an rian iniúchóireachta agus rogha á déanamh acu idir costais aonaid atá bunaithe ar phróisis agus ar thorthaí.

Sampla 1 (CSE+)

a)

Bunaithe ar phróiseas: Maidir le hardoiliúint TF 1 000 uair an chloig a sholáthraítear do 20 oiliúnaí, féadfar na costais incháilithe a ríomh bunaithe ar chostas in aghaidh uair an chloig oiliúna x an líon oiliúnaithe. Rinne an t-údarás bainistíochta an costas in aghaidh na huaire an chloig a shainiú roimh ré trí úsáid a bhaint as an modh cóir, cothromasach agus infhíoraithe agus léirítear é sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht don oibríocht.

Má ghlactar leis, mar shampla, go socraíonn an t-údarás bainistíochta an costas oiliúna ag EUR 7 in aghaidh uair an chloig oiliúna in aghaidh an oiliúnaí, chuirfí uasteorainn leis an deontas uasta a leithdháilfí ar an tionscadal de 1 000 uair an chloig x 20 oiliúnaí x EUR 7 in aghaidh uair an chloig/oiliúnaí = EUR 140 000.

Ag deireadh na hoibríochta, socrófar na costais incháilithe deiridh ar bhonn an fhíorlín uaireanta an chloig le haghaidh gach oiliúnaí (a bhféadfadh neamhláithreachtaí áirithe a bhfuil údar cuí leo a bheith san áireamh iontu), de réir rannpháirtíocht iarbhír na n-oiliúnaithe agus na gcúrsaí a chuirfear ar fáil. Beidh gá fós le bileoga freastail cruinne maidir le hoiliúnaithe. Más rud é, ar deireadh, nár ghlac ach 18 duine páirt san oiliúint, 6 acu ar feadh 900 uair an chloig, 5 acu ar feadh 950 uair an chloig, 5 acu ar feadh 980 uair an chloig agus an 2 eile ar feadh 1 000 uair an chloig, beidh an líon iomlán uaireanta an chloig x oiliúnaithe cothrom le:

900x6 + 950x5 + 980x5 + 1 000x2 = 17 050 uair an chloig oiliúna san iomlán.

Is éard a bheidh sa chaiteachas incháilithe: 17 050 uair an chloig oiliúna x EUR 7 = EUR 119 350.

b)

Bunaithe ar thorthaí: Is éard atá san ardoiliúint TF de 1 000 uair an chloig 5 mhodúl de 200 uair an chloig an ceann. Baineadh úsáid as modh cóir, cothromasach agus infhíoraithe i gcomhréir le hAirteagal 53(3)(a) de RFC chun na costais iomlána a bhunú a bhaineann leis an oiliúint TF sin a chur ar fáil do 25 rannpháirtí. Ansin sanntar na costais iomlána, EUR 140 000, do na rannpháirtithe ar éirigh leo. I bhfianaise ráta teipe stairiúil 20 % (i.e. 5 rannpháirtí) EUR 140 000 / 20 rannpháirtí / 5 mhodúl = EUR 1 400 (costas aonaid in aghaidh an rannpháirtí in aghaidh an mhodúil a cuireadh i gcrích go rathúil) a bheadh sna costais aonaid in aghaidh an rannpháirtí agus an mhodúil a cuireadh i gcrích go rathúil.

Bheadh ar an rian iniúchóireachta doiciméad a áireamh lena gcruthaítear incháilitheacht an rannpháirtí agus, do gach rannpháirtí incháilithe, deimhniú ar mhodúl nó cúrsa iomlán a cuireadh i gcrích go rathúil. Ní bheadh gá le bileoga ama.

Sampla 2 (bunaithe ar aschur CFRE)

Eagraíonn an tairbhí, ar Seomra réigiúnach é, seirbhís chomhairleach do FBManna an réigiúin. Is iad comhairleoirí an tSeomra réigiúnaigh a sholáthraíonn an tseirbhís sin. Bunaithe ar chuntais roimhe seo de chuid roinn ‘chomhairleach’ an tSeomra, meastar gurb é EUR 350 in aghaidh an lae an costas a bhaineann le lá comhairle. Déanfar an cúnamh a ríomh ar bhonn na foirmle seo a leanas: an líon laethanta x EUR 350. Beidh gá fós le bileoga ama cruinne ina sonrófar an ghníomhaíocht chomhairleach agus láithreacht comhairleoirí.

Sampla 3 (bunaithe ar thorthaí CSE+)

D’fhéadfaí clár cúnaimh um chuardach poist a mhaireann 6 mhí (‘an oibríocht’) a mhaoiniú ar bhonn costais aonaid (mar shampla EUR 2 000 in aghaidh an duine) do gach duine den 20 rannpháirtí san oibríocht a fhaigheann post agus a choinníonn é ar feadh tréimhse réamhbhunaithe, mar shampla, 6 mhí. Bunaíodh an costas aonaid EUR 2 000 in aghaidh an rannpháirtí rathúil agus costais do na rannpháirtithe uile á gcur san áireamh. Dá bhrí sin, cumhdaíonn an méid costais do rannpháirtithe nár éirigh leo freisin.

Ríomh an deontais uasta a leithdháiltear ar an oibríocht: 20 duine x EUR 2 000 /socrúchán = EUR 40 000.

Ríomhtar na costais incháilithe deiridh ar bhonn fhíor-aschur na hoibríochta: más rud é nár cuireadh ach 17 nduine ar an margadh saothair agus gur choinnigh siad a bpoist don tréimhse a iarradh, is é a bheadh sna costais incháilithe deiridh ar ar a mbonn a íocfar an deontas leis an tairbhí 17 x EUR 2 000 = EUR 34 000.

Bheadh ar an rian iniúchóireachta doiciméid a áireamh lena gcruthaítear gur cuireadh an rannpháirtí ar an margadh saothair agus gur choinnigh sé a phost ar feadh na tréimhse a iarradh.

Sampla 4 (bunaithe ar phróiseas CEMID)

Ríomhtar rátaí laethúla le haghaidh úsáid soithigh ar bhonn sonraí stairiúla (meánrátaí ó bhlianta roimhe seo). Ansin fianaítear an líon laethanta a leithdháiltear ar an tionscadal trí logleabhair.

Sampla 5 (CTIL): Tionscadail éagsúla atá mar chuid den oibríocht chéanna a chistiú – dhá chostas aonaid éagsúla a úsáid

Soláthraíonn an t-údarás bainistíochta deontas EUR 1 600 000 do ghníomhaireacht phoiblí a dhéileálann le hiarrthóirí tearmainn, le haghaidh oibríochta lena gcumhdaítear dhá chineál gníomhaíochta: 1) tacaíocht chéadghlactha náisiúnach tríú tír tar éis dóibh Ballstát a shroicheadh (uasmhéid EUR 1 000 000), 2) oiliúint teanga d’iarrthóirí tearmainn (uasmhéid EUR 600 000).

Maidir leis an tacaíocht chéadghlactha, d’fhorbair an t-údarás bainistíochta (bunaithe ar shonraí stairiúla) costas aonaid EUR 50 in aghaidh an lae agus an duine chun costas lá amháin cúnaimh a sholáthraítear do náisiúnach tríú tír le linn a dtréimhse glactha sa tír óstach a chumhdach. Cumhdaítear leis na catagóirí costas a áirítear le méid an chostais aonaid gach gné den ghlacadh (amhail cóiríocht, soláthar bia agus earraí neamhbhia, scrúdú leighis, ateangaireacht, caomhnóireacht do mhionaoisigh neamhthionlactha, faisnéis agus comhairleoireacht). Cuirtear uasteorainn leis an leithdháileadh deontais uasta go 1 lá x EUR 50 x 20 000 náisiúnach tríú tír = EUR 1 000 000.

Is éard atá sna gnéithe éigeantacha den rian iniúchóireachta le haghaidh an chostais aonaid seo liosta sínithe agus dátaithe de náisiúnaigh tríú tír a fhaigheann tacaíocht agus fad a bhfanachta (i laethanta), mar aon lena n-aitheantas oifigiúil (má tá sé ar fáil) agus/nó uathúil (aon doiciméad lena ndeimhnítear céannacht an duine), agus cruthúnas ar an tacaíocht a soláthraíodh (e.g. liosta sínithe agus dátaithe den bhia agus de na hearraí neamhbhia a soláthraíodh, bileog fhreastail comhairliúcháin shínithe agus dátaithe, nóta sínithe agus dátaithe arna eisiúint ag gairmí cúraim sláinte údaraithe).

Ríomhtar an caiteachas incháilithe ar bhonn laethanta iarbhír na tacaíochta céadghlactha agus ar an líon náisiúnach tríú tír dá dtugtar tacaíocht. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, dá dtabharfaí tacaíocht do 1 000 náisiúnach tríú tír, 500 díobh sin ar feadh 20 lá agus 500 díobh ar feadh 10 lá, go mbeidh an líon iomlán laethanta/daoine cothrom leis an méid seo a leanas: 500 x 20 + 500 x 10 = 15 000 lá/duine tacaíochta. Beidh an caiteachas incháilithe = 15 000 x EUR 50 = EUR 750 000.

Maidir leis an oiliúint teanga, d’fhorbair an t-údarás bainistíochta (bunaithe ar shonraí stairiúla) costas aonaid EUR 10 in aghaidh na huaire agus in aghaidh an duine chun na costais a bhaineann le huair an chloig amháin de cheacht a chumhdach (is é 60 nóiméad fad an cheachta) d’oiliúnaí/iarrthóir tearmainn amháin chun freastal ar chúrsa teanga suas le 60 uair an chloig i ngrúpaí a bhfuil méid leordhóthanach iontu (suas le 15 oiliúnaí in aghaidh an ghrúpa). Leis na catagóirí costas a áirítear le méid an chostais aonaid, cumhdaítear costais uile na hoiliúna teanga (amhail costais foirne, costais chíosa áitreabh oiliúna, ábhair oiliúna). Tá uasteorainn 60 uair an chloig x 1 000 oiliúnaí x EUR 10 in aghaidh uair an chloig/oiliúnaí = EUR 600 000 leis an leithdháileadh deontais ar an tionscadal.

Ní mór cruthúnas/doiciméad/doiciméid a áireamh leis an rian iniúchóireachta chun tacú leis an gcaiteachas lena ndéantar faireachán ar fhreastal iarbhír (líon uaireanta an chloig) na n-oiliúnaithe agus fad an chúrsa, doiciméid lena ndeimhnítear céannacht na n-oiliúnaithe/na n-iarrthóirí tearmainn agus doiciméid lena rialaítear uainiú agus ábhar an chúrsa teanga, méid an ghrúpa (uasmhéid 15) agus fad caighdeánach ceachta (60 nóiméad).

Ríomhtar an caiteachas incháilithe ar bhonn an lín iarbhír uaireanta an chloig oiliúna a chuirtear ar fáil do gach iarrthóir tearmainn/oiliúnaí. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, mura raibh ach 900 iarrthóir tearmainn/oiliúnaí rannpháirteach san oiliúint, 750 díobh sin ar feadh 60 uair an chloig, 50 ar feadh 55 uair an chloig, 100 ar feadh 50 uair an chloig, beidh an líon iomlán uaireanta an chloig x oiliúnaithe cothrom leis an méid seo a leanas: 750 x 60 + 50 x 55 + 100 x 50 = 52 750 uair an chloig iomlán oiliúna x oiliúnaithe. Beidh an caiteachas incháilithe = 52 750 x EUR 10 = EUR 527 500.

Ós rud é go bhfuil dhá thionscadal/ghníomhaíocht éagsúla ina gcuid ar leith den oibríocht chéanna agus lena gcumhdaítear costais éagsúla na hoibríochta, níl aon riosca maoinithe dhúbailte ann toisc go bhfuil costais gach tionscadail/gníomhaíochta deighilte go soiléir.

2.3.2.   Costais foirne arna ríomh ar ráta in aghaidh na huaire an chloig (Airteagal 55(2) go (4) de RFC)

Déantar foráil le hAirteagal 55(2) de RFC maidir le dhá mhodh shonracha chun costais foirne dhíreacha a ríomh (20). Is féidir an dá rogha a úsáid chun ráta in aghaidh na huaire an chloig a ríomh chun costais foirne dhíreacha a chinneadh.

Is iad seo a leanas an dá mhodh:

an ráta in aghaidh na huaire an chloig a ríomh trí ollchostais bhliantúla fostaíochta a roinnt ar 1 720, Airteagal 55(2)(a) de RFC;

an ráta in aghaidh na huaire an chloig a ríomh trí na hollchostais mhíosúla fostaíochta a roinnt ar an meán-am oibre míosúil, Airteagal 55(2)(b) de RFC.

Is faoin údarás bainistíochta atá sé cinneadh a dhéanamh maidir leis an modh atá le húsáid. Is féidir an rogha a tugadh isteach in Airteagal 55(2)(b) de RFC a úsáid fiú i gcás ina bhfuil na sonraí maidir le hollchostais bhliantúla fostaíochta ar fáil. Baineann costais foirne dhíreacha ríofa le cur chun feidhme oibríochta. Ní mór a thuiscint go gcumhdaítear céimeanna uile oibríochta le ‘cur chun feidhme oibríochta’.

Sampla

Is minic a bhíonn costais phearsanra mar phríomhghné i gceist le cineálacha áirithe tionscadal atá dírithe ar FBManna i réimse T&F agus na nuálaíochta. Is simpliú a gcuireann na FBManna sin fáilte roimhe costais aonaid a chur i bhfeidhm mar rogha. Sloinntear costas aonaid na ngníomhaíochtaí sa chás seo mar ráta in aghaidh na huaire an chloig a chuirtear i bhfeidhm ar uaireanta an chloig a oibríonn an fhoireann go héifeachtach. Sainítear é roimh ré sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht don oibríocht lena socraítear uasmhéid an chúnaimh airgeadais mar uasmhéid na n-uaireanta an chloig oibre a cheadaítear arna iolrú faoin gcostas aonaid (costais ríofa na foirne lena mbaineann).

Agus é d’aidhm aige na fíorchostais a chumhdach tríd an gcomhfhogasú is fearr agus chun idirdhealú idir réigiúin agus brainsí a chur san áireamh, sainítear an costas a bhaineann le haonad caighdeánach mar chostas foirne in aghaidh na huaire an chloig de réir na foirmle seo a leanas (bunaithe ar Airteagal 55(2)(a) de RFC):

Costas foirne in aghaidh na huaire an chloig = na hollchostais bhliantúla dhoiciméadaithe is déanaí (féach Caibidil 2.2.1 le haghaidh mionsonraí faoi na costais is féidir a áireamh) roinnte ar 1 720 uair an chloig.

Mar shampla: Ráta in aghaidh na huaire an chloig = EUR 60 000 / 1 720 uair = EUR 34,88 in aghaidh na huaire an chloig.

Déantar an cúnamh airgeadais a thugtar don oibríocht a ríomh mar an ráta in aghaidh na huaire an chloig arna iolrú faoin bhfíorlíon fíoraithe uaireanta a oibríodh. Chuige sin, ní mór do FBManna na doiciméid tacaíochta uile faoi uaireanta an chloig a oibríonn an fhoireann (e.g. bileoga ama a bhaintear as córas TF) ar an tionscadal a choimeád agus ní mór don údarás bainistíochta na doiciméid uile lena dtugtar údar leis an gcostas foirne in aghaidh na huaire an chloig a choimeád. I bprionsabal, is é an toradh a bhíonn ar laghdú ar na huaireanta an chloig fíoraithe a oibríodh laghdú ar an méid deiridh atá le híoc.

Sampla malartach: Mar an gcéanna leis an méid thuas ach ríomhtar an costas foirne in aghaidh na huaire an chloig mar a leanas.

Costas foirne in aghaidh na huaire an chloig = na hollchostais bhliantúla dhoiciméadaithe is déanaí (féach Caibidil 2.2.1 le haghaidh mionsonraí faoi na costais is féidir a áireamh) roinnte ar mheánuaireanta an chloig oibre dlíthiúla (saoire bhliantúil á cur san áireamh).

Mar shampla: Ráta in aghaidh na huaire an chloig = EUR 60 000 / (1 980 uair – 190 uair an chloig de shaoire bhliantúil) = 60 000/1 790 = EUR 33,52 in aghaidh na huaire an chloig.

An ráta in aghaidh na huaire an chloig a ríomh trí na hollchostais bhliantúla fostaíochta dhoiciméadaithe is déanaí a roinnt ar 1 720 UAIR an chloig, airteagal 55(2)(a) de RFC

Is é an chéad rogha d’Airteagal 55(2)(a) de RFC costais foirne dhíreacha a chinneadh trí ráta in aghaidh na huaire an chloig a ríomh mar a leanas:

Costas foirne in aghaidh na huaire an chloig =

na hollchostais bhliantúla fostaíochta dhoiciméadaithe is déanaí

1 720

Is éard atá san ainmneoir, i.e. 1 720 uair an chloig, ‘am oibre’ caighdeánach bliantúil is féidir a úsáid go díreach, gan ceanglas a bheith ar na Ballstáit aon ríomh a dhéanamh. Tá an figiúr sin bunaithe ar mheánuaireanta an chloig oibre seachtainiúla na mBallstát arna n-iolrú faoi 52 seachtain agus ónar baineadh saoire bhliantúil le pá agus meán-saoire phoiblí bhliantúil. Is coibhéis lánaimseartha amháin é agus is féidir é a úsáid le haghaidh gach cás ina n-oibríonn an fostaí go lánaimseartha. Tá feidhm aige sin freisin más rud é, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcomhaontú comhchoiteann is infheidhme, go gcomhfhreagraíonn an choibhéis lánaimseartha do níos lú ná 40 uair an chloig in aghaidh na seachtaine.

I gcás daoine atá ag obair go páirtaimseartha, úsáidfear pro rata comhfhreagrach de 1 720 uair an chloig. Mar shampla, chun an ráta in aghaidh na huaire an chloig a ríomh do dhuine nach n-oibríonn ach 50 % (i.e. 0,5 Coibhéis Lánaimseartha don tairbhí), is é 860 uair an chloig (1 720 x (50/100) = 860) an t-ainmneoir a bheadh ann. Ba cheart an t-am oibre a leagtar síos sa chonradh oibre nó sa chinneadh ceapacháin a bheith ina thagairt dó sin.

Mar sin féin, ní mór údar maith a bheith leis an uimhreoir. Tagraítear le RFC don ‘ollchostas fostaíochta bliantúil doiciméadaithe is déanaí’. Mar sin féin, ní shainítear ollchostais fostaíochta in RFC. I gcomhréir le hAirteagal 63(1) de RFC, beidh ar rialacha incháilitheachta an méid a chumhdaítear le hollchostais bhliantúla fostaíochta a shainiú, agus na gnáthchleachtais chuntasaíochta á gcur san áireamh (féach Caibidil 3.2.1). Mar shampla, d’fhéadfadh na rialacha is infheidhme a chinneadh gur cuid de na hollchostais fostaíochta iad na costais a bhaineann le comaitéireacht chuig an áit oibre.

Image 21

Tagraíonn an Rialachán do ríomh an ráta in aghaidh na huaire an chloig agus úsáid á baint as an ollchostas bliantúil fostaíochta doiciméadaithe ‘is déanaí’. Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh na sonraí a úsáidtear a bheith ar na sonraí is déanaí atá ar fáil. Dá bhrí sin, ní bhaineann modh ríofa atá bunaithe ar shonraí stairiúla an tairbhí le hábhar de ghnáth. I gcomhréir leis an téarma ‘is déanaí’ in Airteagal 55(2) de RFC, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gurb iad na sonraí a úsáidtear na sonraí is déanaí, rud a léiríonn fíorchostais foirne dhíreacha.

Ní gá go mbainfeadh ollchostais bhliantúla fostaíochta le féilire nó le bliain airgeadais (mar shampla, d’fhéadfadh sonraí a bhaineann leis an tréimhse ó mhí Dheireadh Fómhair 2022 go mí Mheán Fómhair 2023 a bheith i gceist leo). An rud atá tábhachtach ná go gcumhdaíonn an t-ollchostas fostaíochta tréimhse iomlán 12 mhí. Is féidir an tréimhse 12 mhí roimh dheireadh tréimhse tuairiscithe (na hoibríochta nó an chláir) a bheith i gceist, 12 mhí roimh an doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht don oibríocht nó 12 mhí den bhliain féilire roimhe sin. I gcomhréir le hAirteagal 55(4) de RFC, i gcás nach mbeidh sonraí le haghaidh tréimhse iomlán 12 mhí ar fáil, féadfar iad

a dhíorthú ó na hollchostais fostaíochta dhoiciméadaithe atá ar fáil (mar shampla, d’fhéadfadh an t-údarás bainistíochta na sonraí a bhaineann le fostaí arb ann do 4 mhí de shonraí ina leith a ghlacadh, agus é sin a eachtarshuí chuig na hollchostais bhliantúla fostaíochta, agus saincheisteanna amhail íocaíochtaí saoire reachtúla nó íocaíochtaí an 13ú mí, mar a thugtar orthu, á gcur san áireamh, i gcás inarb ábhartha).

a dhíorthú ón doiciméad fostaíochta (i.e. conradh fostaíochta nó oibre nó cinneadh ceapacháin).

Is féidir na hollchostais bhliantúla fostaíochta a bhunú ar fhíorchostais fostaíochta an duine sin. I gcás nár oibrigh an duine an mhí ar fad (e.g. ní tharlaíonn tús an chonartha ag tús na míosa agus, dá bhrí sin, ní chumhdaíonn na sonraí atá ar fáil an mhí ar fad), féadfar luachanna eachtarshuite a ghlacadh chun teacht ar athróg ionadach mhaith chuig na fíorchostais a bhaineann le tréimhse 12 mhí.

Féadfaidh na hollchostais bhliantúla fostaíochta a bheith bunaithe freisin ar mheán na gcostas fostaíochta a bhaineann le comhiomlán níos mó fostaithe, mar shampla, iad siúd den ghrád céanna nó roinnt beart comhchosúil, atá i gcomhchoibhneas le leibhéal chostas na fostaíochta.

Is gá na hollchostais bhliantúla fostaíochta is déanaí a dhoiciméadú: is féidir é sin a dhéanamh trí chuntais, tuarascálacha párolla, tagairt a dhéanamh do chomhaontuithe nó do dhoiciméid atá ar fáil go poiblí, etc. Ní mór na doiciméid tacaíochta a bheith in-iniúchta.

Laistigh de chásanna sonracha, tá sé chomh maith méid an ráta in aghaidh na huaire an chloig a shocrú tar éis thús an tionscadail. Is féidir é a chinneadh, mar shampla, nuair a ghlacann duine fostaithe páirt sa tionscadal (síniú an chonartha fostaíochta nó athrú sannacháin d’fostaí) nó nuair a thuairiscíonn an tairbhí a chostais don údarás bainistíochta. Sa chás deireanach sin, áfach, ní mór an mhodheolaíocht is infheidhme a shonrú sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht don oibríocht freisin.

An ráta in aghaidh na hUaire an chloig a ríomh trí na hOllchostais mhíosúla fostaíochta a roinnt ar an meán-am oibre míosúil, airteagal 55(2)(B) de RFC.

Agus ráta in aghaidh na huaire an chloig á ríomh chun costais foirne dhíreacha a chinneadh bunaithe ar Airteagal 55(2)(b) de RFC, is faoin mBallstát nó faoi na Ballstáit atá sé an meán-am oibre míosúil a bhunú, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta is infheidhme dá dtagraítear sa doiciméad fostaíochta.

Costais foirne incháilithe a chinneadh tríd an ráta in aghaidh na hUaire an chloig ríofa a úsáid

Ní mór an líon uaireanta an chloig a oibríodh a chinneadh i gcomhréir le rialacha incháilitheachta an chláir faoi seach. I gcomhréir le hAirteagal 55(3) de RFC, ní rachaidh an líon iomlán uaireanta an chloig a dhearbhaítear in aghaidh an duine le haghaidh bliain nó mí ar leith thar an líon uaireanta an chloig a úsáidtear chun an ráta sin in aghaidh na huaire an chloig a ríomh.

Ciallaíonn sé sin, i gcás inar úsáideadh 1 720 mar an t-ainmneoir, nach féidir leis na huaireanta an chloig a dhearbhaítear a bheith níos mó ná 1 720, agus gurb iad na huaireanta an chloig sin uasmhéid uaireanta an chloig is féidir a dhearbhú le haghaidh obair in oibríocht ar feadh tréimhse 12 mhí. Dá n-úsáidfí pro rata 1 720 mar ainmneoir, bheadh feidhm ag an bprionsabal céanna (e.g. i gcás baill foirne a bhfuil conradh páirtaimseartha 50 % acu, 860 uair an chloig a bheadh san ainmneoir; dá bhrí sin, is é 860 an t-uaslíon uaireanta an chloig is féidir a dhearbhú don fhoireann lena mbaineann in aghaidh na bliana). Maidir le baill foirne a shanntar do roinnt oibríochtaí, tá feidhm ag an gcaidhpeáil pro rata maidir le gach oibríocht faoi seach, agus ní féidir léi dul thar uasmhéid uaireanta an chloig is féidir a dhearbhú don fhoireann shonrach ar feadh tréimhse 12 mhí.

I gcás Airteagal 55(2)(b) de RFC, ní gá gurb iad an líon uaireanta an chloig a oibríodh iarbhír iad na huaireanta an chloig a dhearbhaítear mar mheán-am oibre míosúil an duine lena mbaineann; ní mór an meán-am oibre míosúil mar a shocraítear sa doiciméad fostaíochta, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta is infheidhme, a chur san áireamh. Mar sin féin, ní fhéadfaidh na huaireanta an chloig a dhearbhaítear chun na costais foirne incháilithe a ríomh a bheith níos mó ná an líon uaireanta an chloig in aghaidh na míosa a úsáidtear chun an ráta sin in aghaidh na huaire an chloig a ríomh, mar a fhoráiltear in Airteagal 55(3) de RFC.

I gcás ina ríomhtar an ráta in aghaidh na huaire an chloig bunaithe ar Airteagal 55(2)(a) de RFC, níor cheart ach na huaireanta an chloig oibrithe iarbhír a úsáid chun na costais foirne incháilithe a ríomh agus a dhearbhú toisc go mbaineann an t-ainmneoir caighdeánach 1 720 saoire bhliantúil agus laethanta saoire poiblí cheana féin. Féadfar saoire bhreoiteachta a dhearbhú mar chostais foirne más é an tairbhí a íocann na costais ghaolmhara (i.e. tabhaíonn an tairbhí iad). Má chumhdaíonn tríú páirtí na costais (e.g. saoire bhreoiteachta fhadtéarmach a gcumhdaítear na costais ina leith leis an gcóras slándála sóisialta) nó i gcás saoire nó neamhláithreachtaí gan phá (e.g. neamhláithreachtaí gan údar) nach dtabhaíonn an tairbhí aon chostas ina leith, níor cheart na huaireanta an chloig/laethanta comhfhreagracha nár oibríodh a chur san áireamh chun na costais foirne incháilithe is féidir a dhearbhú a chinneadh. Is é is cúis leis sin nach dtabhaíonn an tairbhí aon chostas sna cásanna sin. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil costais foirne ann d’fhoireann bhreise a thagann in ionad an duine atá ar shaoire bhreoiteachta (nó ar chineál eile saoire), tá na costais foirne sin incháilithe (i.e. áirítear na huaireanta an chloig comhfhreagracha a oibríodh chun costais foirne incháilithe a ríomh).

Image 22

I gcás ina n-úsáidtear pointí (a) nó (b) d’Airteagal 55(2) de RFC, measfar gur costas aonaid é an méid a thiocfaidh as sin don ráta in aghaidh na huaire an chloig. Is féidir an costas aonaid sin a úsáid chun caiteachas ar chostais foirne a aisíoc, agus is féidir é a úsáid freisin chun na costais foirne dhíreacha a ríomh mar bhonnchostais chun rátaí comhréidhe a chur i bhfeidhm (mar shampla, tríd an ráta comhréidh 15 % a chur i bhfeidhm i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 54 de RFC nó chun na costais incháilithe eile uile atá fágtha a ríomh tríd an ráta comhréidh 40 % a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 56(1) de RFC). I gcás tionscadal a chuirtear chun feidhme thar roinnt blianta, féadfaidh an t-údarás bainistíochta rogha a dhéanamh an ráta in aghaidh na huaire an chloig le haghaidh costais foirne dhíreacha a thabhairt cothrom le dáta a luaithe a bheidh sonraí nua ar fáil nó na sonraí céanna a úsáid le haghaidh na tréimhse cur chun feidhme ar fad. Má tá an tréimhse cur chun feidhme an-fhada, is dea-chleachtas é céimeanna idirmheánacha na modheolaíochta a leagan amach maidir le cathain agus conas a d’fhéadfaí athbhreithniú a dhéanamh ar an ráta in aghaidh na huaire an chloig le haghaidh costas foirne (modh coigeartaithe).

Baill foirne a oibríonn go páirtaimseartha ar an oibríocht agus am socraithe acu in aghaidh na míosa, airteagal 55(5) de RFC

I gcás ina n-oibríonn fostaithe go páirtaimseartha ar shannachán ach a bhfuil céatadán seasta ama in aghaidh na míosa acu, foráiltear le hAirteagal 55(5) de RFC nach bhfuil aon oibleagáid ann córas ar leith a bhunú chun an t-am oibre a chlárú. Ceanglaítear ar an bhfostóir, áfach, doiciméad a eisiúint ina leagtar amach céatadán seasta an ama a oibríodh ar an oibríocht in aghaidh na míosa agus is féidir an céatadán sin a úsáid chun na costais foirne dhíreacha incháilithe a ríomh. Féadfar an céatadán sin a shocrú sa chonradh fostaíochta freisin. Mar shampla, má oibríonn duine 60 % dá chuid ama ar thionscadal, is féidir na costais foirne dhíreacha incháilithe don duine sin a ríomh trí na hollchostais fostaíochta (bunaithe ar fhíorchostais nó ar chostas aonaid ríofa) a iolrú faoi 60 %.

Sampla

Is féidir costais aonaid éagsúla a bhunú do ghrúpaí éagsúla fostaithe sna tionscadail, e.g. costais aonaid don bhainisteoir tionscadail, d’fhostaithe a bhfuil príomhfheidhmeanna acu agus d’fhoireann riaracháin. Ba cheart na difríochtaí a nascadh le breithnithe oibiachtúla chun a áirithiú gur athróg ionadach iontaofa ar fhíorchostais iad na costais aonaid.

Is féidir coinníollacha maidir leis an leibhéal oideachais nó taithí oibre a shainiú do gach grúpa foirne. Mar shampla, céim mháistreachta do ghrúpa amháin (grúpa 1), céim bhaitsiléara don dara grúpa (grúpa 2) agus cáilíocht oiliúna ábhartha don tríú grúpa (grúpa 3). Sa chás sin, ní mór aisíocaíocht ar chostas aonaid le haghaidh grúpa sonrach a bheith de réir chomhlíonadh an choinníll a bhaineann leis an ngrúpa sin (e.g. chun an costas aonaid le haghaidh ghrúpa 1 a aisíoc, ní mór céim mháistreachta a áireamh leis an rian iniúchóireachta).

2.4.   Cnapshuimeanna

Is féidir cnapshuimeanna a úsáid ar an dá leibhéal aisíocaíochta, i.e. ar an ‘leibhéal uachtair’ chun ranníocaíocht an Aontais a aisíoc (Airteagal 51(d) de RFC) agus ar an ‘leibhéal íochtair’ le haghaidh deontais arna soláthar ag na Ballstáit don tairbhí (Airteagal 53(1)(c) de RFC).

2.4.1.   Prionsabail ghinearálta

I gcás cnapshuimeanna, déantar an caiteachas incháilithe uile nó cuid de chaiteachas incháilithe oibríochta nó tionscadail a ríomh ar bhonn méid arna bhunú agus údar cuí tugtha leis roimh ré agus aisíoctar iad má chuirtear gníomhaíochtaí agus/nó aschuir réamhshainithe i gcrích.

D’fhéadfadh cnapshuimeanna a bheith oiriúnach i gcás nach réiteach iomchuí iad costais aonaid toisc go bhfuil cainníochtaí atá inaitheanta go héasca ar iarraidh, e.g. chun sraith straitéisí a tháirgeadh, chun imeacht pobail oscailte, seimineár a eagrú, etc.

Image 23

I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé go ndíspreagfaí údaráis bhainistíochta ó chnapshuimeanna a úsáid toisc go meastar de ghnáth go bhfuil an táirge insoláthartha bainte amach nó nach bhfuil sé bainte amach, rud a fhágann go bhfuil cás dénártha íocaíochta ann nó nach bhfuil aon íocaíocht ann ag brath ar ghnóthachtáil iomlán. Is féidir é sin a mhaolú trí íocaíochtaí céimnithe a bhaineann le garspriocanna idirmheánacha réamhshainithe áirithe a bhaint amach a chur san áireamh.

Sampla 1: CFRE

Chun táirgí áitiúla a chur chun cinn, is mian le grúpa fiontar beag páirt a ghlacadh i gcomhpháirt in aonach tráchtála.

Cinneann an t-údarás bainistíochta cnapshuim a úsáid chun an tacaíocht phoiblí a ríomh. Chuige sin, iarrtar ar an ngrúpa fiontar dréachtbhuiséad a mholadh le haghaidh na gcostas a bhaineann leis an seastán a ghlacadh ar cíos, a chur ar bun agus a reáchtáil. Bunaithe ar an dréachtbhuiséad sin, bunaítear cnapshuim EUR 20 000. Déanfar an íocaíocht leis an tairbhí ar bhonn cruthúnas rannpháirtíochta ag an aonach. An measúnú ar an dréachtbhuiséad agus na doiciméid tacaíochta ghaolmhara chun costais gach catagóire den dréachtbhuiséad a ríomh nó chun údar a thabhairt leo, ba cheart iad a choimeád le haghaidh iniúchtaí.

Sampla 2: CSE+

Teastaíonn tacaíocht ó ENR a bhainistíonn seirbhísí cúraim leanaí chun gníomhaíocht nua a sheoladh. Áiríonn sé cnapshuim lena thogra trí dhréachtbhuiséad mionsonraithe a chur isteach chun tús a chur leis an ngníomhaíocht agus í a reáchtáil thar thréimhse bliana. Choinneofaí an ghníomhaíocht ar bun go neamhspleách tar éis na bliana tosaigh. Mar shampla, chumhdófaí leis an gcnapshuim caiteachas a bhaineann le tuarastal duine amháin atá i gceannas ar aire a thabhairt do na leanaí le linn bliain amháin, dímheas trealaimh nua, costais phoiblíochta a bhaineann leis an ngníomhaíocht nua sin agus costais indíreacha a bhaineann lena chostais bhainistíochta agus chuntasaíochta, costais uisce, leictreachais, téimh, chíosa, etc.).

Ar bhonn dréachtbhuiséad mionsonraithe, deonaíonn an t-údarás bainistíochta cnapshuim EUR 47 500 lena gcumhdaítear na costais sin uile. Ag deireadh na hoibríochta, d’íocfaí an méid sin leis an ENR ar bhonn an aschuir; má tugadh aire d’uimhir ghnásúil leanaí breise (10). Dá bhrí sin, níor ghá údar a thabhairt leis na fíorchostais a thabhaítear i ndáil leis an ngníomhaíocht sin.

Ciallaíonn sé, áfach, mura dtabharfaí aire ach do 9 leanbh, go mbeadh na costais incháilithe cothrom le nialas agus nach n-íocfaí an chnapshuim. Chun é sin a mhaolú, d’fhéadfaí garsprioc a lua sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht don oibríocht lena n-íocfar leath den mhéid iomlán (EUR 23 750) má thugtar aire do chúigear leanaí.

Sampla 3: CSE+

Féachann ENR le seimineár áitiúil a eagrú agus sraith straitéisí a tháirgeadh maidir le staid shocheacnamaíoch an phobail Romaigh i réigiún de chuid Ballstáit. Sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht don oibríocht, beidh dréachtbhuiséad mionsonraithe agus cuspóirí an deontais, (1) eagrú an tseimineáir agus (2) sraith straitéisí a tháirgeadh chun aird na bhfostóirí sa réigiún a tharraingt ar na fadhbanna sonracha atá ag na Romaigh.

I ngeall ar chineál na hoibríochta (oibríocht a bhfuil costais aici nach féidir a chainníochtú go héasca trí chostais aonaid), cinneann an t-údarás bainistíochta an socrú cnapshuime a úsáid.

Chun méid na cnapshuime a ríomh, éileoidh an t-údarás bainistíochta dréachtbhuiséad mionsonraithe le haghaidh gach ceann de na hoibríochtaí: tar éis caibidlíocht a dhéanamh ar an dréachtbhuiséad mionsonraithe, bunaítear an chnapshuim ag: EUR 45 000 roinnte ina dhá thionscadal a éilíonn EUR 25 000 le haghaidh an tseimineáir agus EUR 20 000 le haghaidh na sraithe straitéisí.

Má urramaítear na coinníollacha sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht don oibríocht (eagrú an tseimineáir, táirgeadh na sraithe straitéisí), measfar EUR 45 000 mar chostais incháilithe. Beidh doiciméid tacaíochta ag teastáil mar chruthúnas gur eagraíodh an seimineár agus gur táirgeadh an tsraith straitéisí iomlán deiridh.

Mura ndéantar ach ceann amháin de na tionscadail (an seimineár, mar shampla), laghdófar an deontas don chuid seo (EUR 25 000), ag brath ar an méid a comhaontaíodh sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht don oibríocht.

Sampla 4: CEMID

Tacaíocht chun pleananna táirgthe agus margaíochta Eagraíochtaí Táirgeoirí a ullmhú agus a chur chun feidhme.

Tá an chnapshuim (iníoctha nuair a fhormheastar an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme an phlean) bunaithe ar shonraí stairiúla (uaireanta an chloig agus costais eile arna gcur isteach roimhe sin ag na heagraíochtaí táirgeoirí). Féadfar ullmhú agus cur chun feidhme pleananna táirgthe agus margaíochta a roinnt ina ngníomhaíochtaí éagsúla chun meánchostas a sholáthar, a mhéadaítear ansin faoin déine cabhrach is infheidhme.

2.5.   Comhcheangal de roghanna costais simplithe

Le hAirteagal 53(1) de RFC tugtar an fhéidearthacht do na húdaráis bhainistíochta rogha a dhéanamh idir cúig rogha chun deontais a bhainistiú faoi RFC. I gcomhréir le hAirteagal 53(1)(e) de RFC, féadfar na chéad cheithre rogha (gan maoiniú nach bhfuil nasctha le costais a áireamh) a chomhcheangal san oibríocht chéanna. Tá an fhéidearthacht sin faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas, áfach, chun cosc a chur ar aon mhaoiniú dúbailte den chatagóir costais chéanna:

(1)

ní mór do gach ceann acu catagóirí éagsúla costas incháilithe a chumhdach; nó

(2)

ní mór iad a úsáid le haghaidh tionscadail éagsúla san oibríocht chéanna; nó

(3)

ní mór iad a úsáid le haghaidh céimeanna leantacha oibríochta.

Is féidir roghanna costais simplithe a úsáid san oibríocht chéanna mar aon le costais a dhearbhaítear mar fhíorchostais nó costais a aisíoctar bunaithe ar RCS eile.

Ina theannta sin, is féidir méid a ríomhtar mar ráta comhréidh a úsáid mar bhonn le haghaidh ráta comhréidh eile: is féidir ráta comhréidh suas le 15 % chun costais indíreacha a aisíoc a chur i bhfeidhm ar chostais foirne dhíreacha arna ríomh mar ráta comhréidh suas le 20 % de na costais dhíreacha (seachas costais foirne dhíreacha).

Sampla 1: Tionscadail éagsúla ar cuid den oibríocht chéanna iad a chistiú (CSE +)

Sampla d’oibríocht lena mbaineann tionscadal oiliúna do dhaoine óga dífhostaithe, agus seimineár ina dhiaidh sin d’fhostóirí féideartha an réigiúin:

D’fhéadfaí na costais a bhaineann leis an oiliúint a íoc ar bhonn costais aonaid (mar shampla, EUR 1 000 in aghaidh an lae oiliúna). Is ar bhonn cnapshuimeanna a d’íocfaí an seimineár.

Ós rud é go bhfuil dhá thionscadal éagsúla ina gcuid den oibríocht chéanna, níl aon riosca ann go mbeidh maoiniú dúbailte ann toisc go bhfuil costais gach tionscadail deighilte go soiléir.

Sampla 2: Céimeanna leantacha oibríochta (CSE+)

Sampla d’oibríocht ar cuireadh tús léi cheana arna bainistiú ar bhonn fíorchostas ar mian leis an údarás bainistíochta leanúint dá bainistiú ar bhonn roghanna costais simplithe. Ní mór dhá chéim den oibríocht a shainiú go soiléir. D’fhéadfaí an chéad chéim a ríomh ar bhonn fíorchostas go dtí dáta ar leith. D’fhéadfaí an dara céim, maidir le caiteachas amach anseo, a ríomh ar bhonn costas aonaid ar choinníoll nach gcumhdaítear leis an gcostas aonaid aon chuid den chaiteachas ar tugadh tacaíocht dó roimhe seo.

Má chuirtear féidearthacht den sórt sin i bhfeidhm, ba cheart baint a bheith aige leis na tairbhithe uile sa chás céanna (trédhearcacht agus cóir chomhionann). D’fhéadfadh sé ualach riaracháin éigin a chruthú mar gheall ar an ngá atá leis an doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht don oibríocht a leasú, mura raibh coinne leis sin. Ní mór d’údaráis na mBallstát tuairisc mhionsonraithe ar an oibríocht a tharraingt suas go soiléir le haghaidh gach céime. Ba cheart an oibríocht a roinnt ina dhá thréimhse airgeadais inaitheanta ar leith ar a laghad agus, go hidéalach, ina dhá thréimhse fhisiceacha nó forbartha a chomhfhreagraíonn do na céimeanna lena mbaineann. Is é is aidhm don mhéid sin a dhéanamh cur chun feidhme agus faireachán trédhearcach a áirithiú agus chun rialuithe a éascú.

Sampla 3: Catagóirí éagsúla costas incháilithe (CSE+)

Sampla de sheisiún oiliúna ina gcomhcheanglaítear:

costas aonaid ar phá na n-oiliúnóirí, e.g. EUR 450 in aghaidh an lae;

fíorchostais: seomra ar cíos = EUR 800 in aghaidh na míosa de réir an chonartha cíosa le linn 12 mhí

ráta comhréidh le haghaidh na gcostas indíreach, mar shampla, 10 % de na costais dhíreacha.

Ag deireadh na hoiliúna, má bhí údar maith le 200 lá d’oiliúnóirí, íocfar an deontas ar an mbonn seo a leanas:

Costais dhíreacha (cineál 1):  (21)

 

pá na n-oiliúnóirí 200 lá x EUR 450 = EUR 90 000

 

seomra oiliúna: 12 mhí x EUR 800 = EUR 9 600

 

fo-iomlán na gcostas díreach: EUR 99 600

Costais indíreacha (cineál 2): 10 % de na costais dhíreacha = 10 % x EUR 99 600 = EUR 9 960

Caiteachas incháilithe: (EUR 90 000 + EUR 9 600) + EUR 9 960 = EUR 109 560

Sa chás sin, tá catagóirí éagsúla costas i gceist: pá oiliúnóirí, costais chíosa don seomra, costais indíreacha. Chun a fhíorú nach ann do mhaoiniú dúbailte, áfach, ní mór do na húdaráis a áirithiú nach mbaineann an costas aonaid le haon chostas a bhaineann leis an seomra a ghlacadh ar cíos nó leis na costais indíreacha (tuarastal na foirne riaracháin nó tuarastal an chuntasóra, mar shampla). Go cómhalartach, tá feidhm ag an rud céanna maidir leis an sainiú ar chostais indíreacha nár cheart baint a bheith acu le costais a chumhdaítear leis na costais aonaid nó leis na fíorchostais a bhaineann leis an seomra a ghlacadh ar cíos.

Má tá riosca forluí ann nó má tá sé dodhéanta a léiriú nach bhfuil aon fhorluí ann, beidh ar an údarás bainistíochta an rogha is iomchuí a roghnú chun aon mhaoiniú dúbailte (nó riosca maoinithe dhúbailte) a sheachaint.

Samplaí de chomhcheangail rcsanna nach gCeadaítear le RFC

Airteagal 56 agus Airteagal 55(1) de RFC

Airteagal 54 de RFC agus Airteagal 56 de RFC

Ní féidir ráta comhréidh suas le 40 % de na costais foirne dhíreacha incháilithe a úsáidtear chun na costais eile a bhaineann le hoibríocht a chumhdach (Airteagal 56 de RFC) a chur i bhfeidhm maidir le costais foirne arna ríomh ar bhonn ráta comhréidh suas le 20 % de na costais dhíreacha seachas costais foirne dhíreacha (Airteagal 55(1) de RFC)

Cúis: Ní féidir é sin a dhéanamh mar gheall ar Airteagal 56(3) de RFC toisc nach féidir leis an gcatagóir chéanna costas (i.e. costais foirne) a bheith mar bhonn chun ráta comhréidh a ríomh le haghaidh na gcostas uile eile a bhaineann le hoibríocht agus, an tráth céanna, a bheith ríofa mar ráta comhréidh ar bhonn cuid de na costais a áirítear leis na costais eile a bhaineann le hoibríocht (i.e. costais dhíreacha).

Ní féidir ráta comhréidh suas le 7 % de na costais dhíreacha incháilithe / suas le 15 % de na costais foirne dhíreacha incháilithe / suas le 25 % de na costais dhíreacha incháilithe (Airteagal 54 de RFC) chun costais indíreacha a ríomh (Airteagal 54 de RFC) a chomhcheangal le ráta comhréidh suas le 40 % de na costais foirne dhíreacha incháilithe a úsáidtear chun na costais eile a bhaineann le hoibríocht a chumhdach (Airteagal 56 de RFC)

Cúis: chumhdófaí an chatagóir chéanna costas (i.e. na costais indíreacha) faoi dhó.

Samplaí de chomhcheangail rcsanna

Tugtar forbhreathnú leis an tábla thíos ar chomhcheangail RCSanna atá féideartha/dodhéanta mar riail ghinearálta. Mar sin féin, ní mór anailís a dhéanamh ar gach cás de réir an cháis.

Ní mór d’údaráis bhainistíochta catagóirí ábhartha na gcostas (díreach/indíreach) a shainiú go soiléir agus a áirithiú nach ndéanfar na costais a chumhdaítear a mhaoiniú faoi dhó.

(IF – is féidir, NF – ní féidir)

Cónaisc

Suas le 20 % costais foirne

Suas le 7 % costais indíreacha

Suas le 15 % costais indíreacha

Suas le 15 % costais taistil

Costais foirne ar ráta in aghaidh na huaire an chloig (*1)

Suas le 40 % gach costas eile

Suas le 20 % costais foirne

 

IF

IF

IF

NF

NF

Suas le 7 % costais indíreacha

IF

 

NF

IF

IF

NF

Suas le 15 % costais indíreacha

IF

NF

 

IF

IF

NF

Suas le 15 % costais taistil

IF

IF

IF

 

IF

NF

Costais foirne ar ráta in aghaidh na huaire an chloig (*1)

NF

IF

IF

IF

 

IF

Suas le 40 % gach costas eile

NF

NF

NF

NF

IF

 

CAIBIDIL 3:   ROGHANNA COSTAIS SIMPLITHE A CHUR AR BUN

3.1.   Ní mór roghanna costais simplithe a shainiú ex-ante

Chun ranníocaíocht an Aontais a aisíoc, ní féidir RCSanna a úsáid ach amháin tar éis a bhformheasta le cinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár nó an leasú air, nó tar éis a nglactha i ngníomh tarmligthe ón gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 94(1) de RFC.

Ní mór RCSanna a úsáidtear chun deontais arna soláthar ag na Ballstáit don tairbhí a aisíoc a shainiú ex ante (i.e. roimh ré) freisin. I gcomhréir le hAirteagal 73(3) de RFC agus Airteagal 22(6) de Rialachán Interreg le haghaidh cláir Interreg, ní mór don údarás bainistíochta a áirithiú go soláthraítear doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht na hoibríochta don tairbhí nó don chomhpháirtí cinn in oibríocht Interreg. Sa doiciméad sin, tá sé tábhachtach a chur in iúl do na tairbhithe na ceanglais bheachta maidir le bunús a thabhairt leis an gcaiteachas dearbhaithe agus an t-aschur sonrach nó an toradh sonrach atá le baint amach.

Image 24

I gcomhréir le hAirteagal 73(3) de RFC agus Airteagal 22(6) de Rialachán Interreg le haghaidh cláir Interreg, ní mór an modh atá le cur i bhfeidhm chun costais na hoibríochta agus na coinníollacha íocaíochta a chinneadh a áireamh ar a dhéanaí leis an doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht don oibríocht. D’fhéadfaí na modhanna agus na coinníollacha ábhartha a ionchorprú i rialacha an chláir nó sna glaonna ar thograí.

Chun a áirithiú go n-urramófar prionsabal na trédhearcachta agus na córa comhionainne, ba cheart úsáid roghanna costais simplithe chun costais a aisíoc a lua sna glaonna ar thograí atá dírithe ar na tairbhithe féideartha. I gcásanna nach seoltar aon ghlao ar thograí, ba cheart úsáid roghanna costais simplithe a lua i rialacha an chláir nó sna rialacha náisiúnta lena gcumhdaítear na hoibríochtaí lena mbaineann.

Ina theannta sin, ba cheart cur i bhfeidhm cúlghabhálach maidir le hoibríochtaí a roghnaíodh cheana agus atá á gcur chun feidhme ar bhonn fíorchostas a sheachaint toisc go bhféadfadh sé nach n-áiritheofaí cóir chomhionann do thairbhithe. Is féidir roghanna costais simplithe a úsáid le haghaidh oibríochtaí a roghnaítear tar éis thús a gcur chun feidhme. Mar sin féin, ba cheart don tacaíocht Airteagal 63(6) de RFC a chomhlíonadh, lena bhforáiltear nár cheart oibríochtaí a roghnú le haghaidh tacaíocht ó na Cistí i gcás ina ndearnadh iad a lánchríochnú go fisiceach nó a chur chun feidhme ina n-iomláine sula gcuirtear an t-iarratas ar chistiú faoin gclár isteach. Féadfar roghanna costais simplithe, lena gcumhdaítear freisin caiteachas incháilithe arna thabhú ag tairbhithe sular roghnaíodh oibríochtaí, a úsáid in oibríochtaí den sórt sin agus i gcásanna áirithe, tá a n-úsáid sainordaitheach (féach Caibidil 1.4). Ní bhaineann sé le hábhar cé acu a thabhaigh nó nár thabhaigh tairbhithe caiteachas cheana féin sular seoladh an glao maidir le húsáid na roghanna costais simplithe, fad atá na gníomhaíochtaí atá mar bhonn le haisíocaíocht le déanamh laistigh den tréimhse incháilitheachta (Airteagal 63(2) de RFC) agus nach raibh an caiteachas sin mar chuid den chaiteachas a dearbhaíodh don Choimisiún roimhe sin.

A luaithe a bhunófar an costas aonaid, an ráta comhréidh nó an méid (i gcás cnapshuimeanna), níor cheart iad a athrú le linn cur chun feidhme oibríochta nó ina dhiaidh sin chun méadú ar chostais nó tearcúsáid an bhuiséid atá ar fáil a chúiteamh. Má tá an tréimhse cur chun feidhme an-fhada, is dea-chleachtas é modh coigeartaithe a leagan amach, roimh ré, lena sonraítear cathain agus conas a d’fhéadfaí an costas aonaid, an ráta comhréidh nó an méid a athbhreithniú (maidir le modhanna coigeartaithe, féach Caibidil 3.4. den Nóta Treoraíochta seo) (22). Aon athrú a dhéantar ar an gcostas aonaid, ar an ráta comhréidh nó ar an méid in éagmais modh coigeartaithe, meastar gur rogha costais shimplithe nua é sin.. I gcásanna eisceachtúla, i gcás oibríochtaí ilbhliantúla, is féidir na cuntais a shocrú agus íocaíochtaí a dhéanamh ar bhonn chostas iarbhír ghníomhaíochtaí comhfhreagracha na hoibríochta tar éis an chéad chuid den oibríocht a bheith déanta agus ansin rogha a thabhairt isteach maidir le maoiniú ar ráta comhréidh, costais aonaid nó cnapshuimeanna don chuid/tréimhse atá fágtha den oibríocht. I gcásanna den sórt sin, ba cheart an tréimhse a ndearbhaítear fíorchostais ina leith a dheighilt go soiléir ón tréimhse a ndearbhaítear costais ina leith ar bhonn roghanna costais simplithe, chun dearbhú costais tionscadail faoi dhó a sheachaint.

3.2.   Modheolaíochtaí

Leagtar amach na modheolaíochtaí chun RCSanna a bhunú in Airteagal 53(3) de RFC agus in Airteagal 94(2) de RFC. Go ginearálta, is ionann na modheolaíochtaí sin chun RCSanna a chur ar bun ar an leibhéal íochtair agus ar an leibhéal uachtair (cé is moite de roinnt eisceachtaí a léirítear go sonrach sa chaibidil seo).

3.2.1.   Modh ríofa atá cóir, cothromasach agus infhíoraithe

Is féidir na méideanna, na rátaí agus na costais aonaid a bhunú ar bhonn modh ríofa atá cóir, cothromasach agus infhíoraithe, mar a leagtar amach in Airteagal 53(3)(a) de RFC agus in Airteagal 94(2), an dara fomhír, pointe (a) de RFC.

Prionsabail ghinearálta

Ní mór dó a bheith cóir:

Caithfidh an ríomh a bheith réasúnta, i.e. bunaithe ar réaltacht, gan a bheith iomarcach ná foircneach. Mar shampla, má oibríodh costas aonaid ar leith amach roimhe seo ag idir EUR 1 agus EUR 2, ní bheadh coinne ag an gCoimisiún le scála EUR 7. Ón taobh sin de, beidh an modh a úsáidtear chun an costas aonaid, an ráta comhréidh, nó an chnapshuim a shainaithint thar a bheith tábhachtach. Ní mór don údarás bainistíochta (nó don choiste faireacháin le haghaidh cláir Interreg) a bheith in ann a roghanna a mhíniú agus údar cuí a thabhairt leo. D’fhéadfadh modh ríofa cóir údar a thabhairt le difríochtaí i rátaí/méideanna agus coinníollacha nó riachtanais shonracha á gcur san áireamh. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go gcosnódh cur i gcrích tionscadail níos mó i réigiún iargúlta ná i réigiún lárnach mar gheall ar chostais iompair níos airde.

Ní mór dó a bheith cothromasach:

Is é an príomhchoincheap is bun leis an téarma ‘cothromasach’ nach bhfuil sé i bhfabhar roinnt tairbhithe ná oibríochtaí thar thairbhithe nó oibríochtaí eile. Ní mór a áirithiú le ríomh an chostais aonaid, na cnapshuime nó an ráta chomhréidh go gcaithfear go cothrom le tairbhithe comhchosúla agus/nó le hoibríochtaí comhchosúla. Ba cheart aon difríocht sna méideanna nó sna rátaí a bheith bunaithe ar údair oibiachtúla, i.e. gnéithe oibiachtúla na dtairbhithe nó na n-oibríochtaí.

Ní mór dó a bheith infhíoraithe:

Ba cheart cinneadh na rátaí comhréidhe, na gcostas aonaid nó na gcnapshuimeanna a bheith bunaithe ar fhianaise dhoiciméadach is féidir a fhíorú (23). Caithfidh an t-údarás bainistíochta a bheith in ann an bonn ar ar bunaíodh an rogha costais shimplithe a léiriú. Is príomheilimint é chun comhlíontacht phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a áirithiú.

Ba cheart don chomhlacht a chinneann modh na rogha costais simplithe an méid seo a leanas ar a laghad a dhoiciméadú:

An tuairisc ar an modh ríofa, lena n-áirítear príomhchéimeanna an ríofa;

Foinsí na sonraí a úsáidtear le haghaidh na hanailíse agus na ríomhanna, lena n-áirítear measúnú ar ábharthacht na sonraí do na hoibríochtaí atá beartaithe, agus measúnú ar cháilíocht na sonraí;

An ríomh féin chun luach na rogha costais simplithe a chinneadh.

Foinsí sonraí

Agus roghanna costais simplithe á gcur ar bun, ní mór na sonraí a úsáidtear a bheith ábhartha don RCS atá á mheas. Ba cheart foinsí na sonraí a úsáidtear le haghaidh an ríomha – lena n-áirítear measúnú ar ábharthacht na sonraí maidir leis na hoibríochtaí atá beartaithe agus measúnú ar cháilíocht na sonraí – a sholáthar agus a dhoiciméadú.

Níl aon tacar sonraí íosta réamhshainithe ann a theastaíonn chun roghanna costais simplithe a ríomh. Braitheann sé ar shaintréithe an daonra. Má tá na sonraí an-scaipthe, ní mór an líon sonraí a bheith ard. Os a choinne sin, má tá na sonraí aonchineálach agus ionadaíoch ar an daonra, is féidir leis an tacar sonraí a bheith níos ísle.

Is féidir sonraí a fháil ó fhoinsí éagsúla. Beidh iontaofacht na sonraí a úsáidfear ag brath ar fhoinse na sonraí a úsáidfear. Mar shampla, meastar go bhfuil sonraí ó oifigí staidrimh náisiúnta nó ó EUROSTAT iontaofa. I gcás roinnt foinsí sonraí, d’fhéadfadh gá a bheith le seiceálacha níos mionsonraithe chun iontaofacht na sonraí a dheimhniú. I gcásanna áirithe, is féidir breithiúnas gairmiúil an údaráis iniúchóireachta a úsáid chun cinneadh a dhéanamh ar cheart seiceálacha breise a dhéanamh ar bhonn samplach nó nár cheart (agus aon fhaisnéis atá ar fáil don údarás iniúchóireachta maidir leis an gcineál sonraí, an bealach ina dtiomsaítear iad, nósanna imeachta inmheánacha na gcomhlachtaí chun an fhaisnéis a sholáthraítear a fhormheas etc. á gcur san áireamh). Mar sin féin, níl measúnú ex ante an údaráis iniúchóireachta ar an modheolaíocht sainordaitheach (ach moltar é) chun RCSanna a bhunú ar an leibhéal íochtair.

Nuair nach n-úsáidtear sonraí a thagann ó fhoinsí iontaofa (mar shampla, tuarascálacha foilsithe agus bunachair sonraí idirlín oifigiúla) go díreach mar sin (i.e. a ghintear go huathoibríoch ó bhunachar sonraí na foinse) ach go dtiomsaítear iad go foirm aontaithe, is dea-chleachtas é comparáid a dhéanamh (ar bhonn samplach) maidir le cé acu atá nó nach bhfuil na huimhreacha tiomsaithe i gcomhréir le tuarascálacha oifigiúla. Ós rud é, áfach, nach mbeidh sé sin éasca a dhéanamh go praiticiúil i gcónaí, féadfaidh an t-údarás iniúchóireachta, i gcás ina ndéanann sé measúnú ex-ante ar an modheolaíocht, úsáid a bhaint as a mbreithiúnas gairmiúil chun cinneadh a dhéanamh ar cheart seiceáil bhreise a dhéanamh ar bhonn an tsampla nó nár cheart, agus aon fhaisnéis atá ar fáil don údarás iniúchóireachta maidir leis an gcineál sonraí, an bealach ina dtiomsaítear iad, nósanna imeachta inmheánacha comhlachta a thiomsaíonn an fhaisnéis a sholáthraítear, etc. á gcur san áireamh).

Úsáid a bhaint as sonraí ‘staidrimh’, as sonraí stairiúla fíoraithe nó as gnáthchleachtais chuntasaíochta costála

Agus a RCSanna á mbunú acu, is féidir leis na húdaráis bhainistíochta sonraí staidrimh (ó fhoinsí éagsúla), sonraí stairiúla fíoraithe (maidir le tionscadail nó oibríochtaí arna gcistiú ó Chiste RFC) (24) nó gnáthchleachtais chuntasaíochta costála a úsáid.

Nuair a chinnfidh an t-údarás bainistíochta sonraí staidrimh nó sonraí stairiúla fíoraithe a úsáid, ba cheart dó tuairisc a thabhairt ar na nithe seo a leanas:

na catagóirí costas a chumhdaítear;

an modh ríofa a úsáidtear;

fad na sraithe atá le fáil: ba cheart sonraí thar thréimhse ionadaíoch ama a fháil chun aon imthoisc eisceachtúil fhéideartha a shainaithint a mbeadh tionchar aici ar chostais iarbhír i mbliain shonrach mar aon leis na treochtaí i méideanna na gcostas. Ba cheart an tréimhse thagartha sin a úsáid chun luaineachtaí bliantúla a chur san áireamh. Mar shampla, d’fhéadfaí a mheas go bhfuil tréimhse 3 bliana ionadaíoch. Mar sin féin, más féidir leis an údarás bainistíochta a léiriú go bhfuil údar cuí le sonraí a úsáid thar thréimhse níos lú ná 3 bliana, d’fhéadfadh sé sin a bheith inghlactha (e.g. i gcás inar cuireadh clár nua ar bun agus nach bhfuil sonraí ar fáil ach le haghaidh 2 bhliain, d’fhéadfadh sé sin a bheith leordhóthanach; i gcás nach ann do shonraí trí bliana, ag brath ar mhionsonraí an cháis, féadfar glacadh le sonraí 2 bhliain). Ní mór measúnú a dhéanamh air sin ar bhonn cás ar chás.

an méid tagartha atá le cur i bhfeidhm, mar shampla, na meánchostais thar an tréimhse thagartha nó na costais arna gclárú le blianta beaga anuas;

oiriúnuithe, más ann dóibh, is gá chun an méid tagartha a thabhairt cothrom le dáta. Féadfar coigeartú a chur i bhfeidhm chun costais ó bhlianta roimhe sin a thabhairt cothrom le dáta maidir le praghsanna reatha.

De réir Airteagal 53(3)(a)(ii) agus (iii), is féidir leis an údarás bainistíochta sonraí aonair a bhaineann go sonrach le tairbhí a úsáid freisin chun RCSanna a bhunú a chuirtear i bhfeidhm maidir le tairbhithe aonair. I bhfianaise na gceanglas a bhaineann le húsáid sonraí a bhaineann go sonrach le tairbhí, is simplithe iad na modheolaíochtaí sin, mar shampla, do thairbhithe a chuirfidh go leor tionscadal chun feidhme le linn na clárthréimhse.

Na sonraí stairiúla fíoraithe faoi thairbhithe aonair

Tá an modh seo bunaithe ar bhailiú sonraí cuntasaíochta roimhe seo ón tairbhí, le haghaidh costais iarbhír arna dtabhú le haghaidh na gcatagóirí costas incháilithe a chumhdaítear leis an rogha costais shimplithe a shainítear. I gcás inar gá, níor cheart a chumhdach leis na sonraí sin ach lárionad nó rannóg costais an tairbhí a bhaineann leis an oibríocht. Leis sin, i bhfíoras, glactar leis go bhfuil córas cuntasaíochta anailíseach ann ar leibhéal na dtairbhithe. Thairis sin, tugann sé le tuiscint go ndéantar aon chaiteachas neamh-incháilithe a scagadh ó aon ríomh a thacaíonn leis na roghanna costais simplithe.

Gnáthchleachtais chuntasaíochta costála na dtairbhithe aonair a chur i bhfeidhm

Is éard is gnáthchleachtais chuntasaíochta ann cleachtais a úsáideann an tairbhí chun cuntas a thabhairt ar a ghnáthghníomhaíochtaí agus a ghnáth-airgeadas ó lá go lá (lena n-áirítear iad sin nach bhfuil nasctha le tacaíocht ón Aontas). Ní mór do na modhanna sin rialacha agus caighdeáin chuntasaíochta náisiúnta a chomhlíonadh. Níl an fad úsáide criticiúil. Ní ‘gnáthmhodh’ é modh cuntasaíochta má rinneadh é a shaincheapadh d’oibríocht ar leith nó do thacar oibríochtaí ar leith, mar shampla, iad siúd a fhaigheann tacaíocht ón Aontas, agus má tá sé éagsúil leis an modh cuntasaíochta nó leis na modhanna cuntasaíochta a úsáidtear i gcásanna eile.

Tá sé tábhachtach idirdhealú a dhéanamh idir costais iarbhír agus costais a chinntear de réir ghnáthchleachtais chuntasaíochta costála na dtairbhithe aonair.

Dá bhrí sin, ciallaíonn costais iarbhír costais arna ríomh chomh cruinn agus is féidir (‘costais arna dtabhú iarbhír ag an tairbhí agus arna n-íoc’) le haghaidh thréimhse ama na hoibríochta. Mar shampla, le haghaidh costais foirne in aghaidh na huaire an chloig, glactar le húsáid uaireanta an chloig caighdeánacha mar ainmneoir (féach mar shampla an 1 720 uair an chloig i gCaibidil 2.3.2), ach is é an t-uimhreoir chun ‘costais iarbhír’ a ríomh na costais foirne incháilithe iomlána le haghaidh gach duine ar leith a shanntar don ghníomhaíocht.

D’fhéadfaí costas in aghaidh na huaire an chloig bunaithe ar chleachtais chuntasaíochta costála an tairbhí a ríomh ar bhonn mheán na gcostas luacha saothair de chomhiomlán fostaithe níos mó. De ghnáth is grád nó beart comhchosúil é an meán sin, a chomhghaolaíonn leis na hollchostais fostaíochta, ach d’fhéadfadh an chomparáid a bheith ina lárionad costais nó ina roinn (a bhaineann leis an oibríocht) ina bhféadfadh ollchostais fostaíochta a bheith an-éagsúil laistigh den ghrúpa comhiomlán fostaithe.

Dá bhrí sin, chun cóir chomhionann i measc tairbhithe a áirithiú agus chun nach gcumhdófar costais neamh-incháilithe leis an deontas, ní mór foráil a dhéanamh maidir le híoschoinníollacha sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht don oibríocht lena n-údaraítear do thairbhithe a gcleachtais chuntasaíochta costála a úsáid. Is é is aidhm do na coinníollacha íosta sin a áirithiú go mbeidh córas cóir agus cothromasach mar thoradh teoiriciúil agus praiticiúil ar na cleachtais chuntasaíochta costála. Tugann sé sin le tuiscint go bhfuil córas cuntasaíochta anailíseach ann ar leibhéal an tairbhí. Thairis sin, tugann sé le tuiscint go ndéantar aon chaiteachas neamh-incháilithe a scagadh amach ón ríomh.

Ceanglais choiteanna maidir le sonraí aonair a bhaineann go sonrach le tairbhí a úsáid

Beidh ar an údarás bainistíochta sonraí aonair a bhaineann go sonrach le tairbhí a fhíorú trí chur chuige cás ar chás. Ní mór é sin a dhéanamh ar a dhéanaí nuair a bheidh an doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht don oibríocht á sholáthar don tairbhí. Ag brath ar an dearbhú a gheobhaidh an t-údarás bainistíochta ó chóras bainistíochta agus rialaithe inmheánach an tairbhí, d’fhéadfadh sé gur gá sonraí a bhaineann go sonrach leis an tairbhí a bheith deimhnithe ag iniúchóir seachtrach nó, i gcás comhlachtaí poiblí, ag oifigeach cuntasaíochta inniúil agus neamhspleách, chun iontaofacht na sonraí tagartha a úsáideann an t-údarás bainistíochta a áirithiú. Féadfar sonraí stairiúla a dheimhniú mar chuid d’iniúchtaí reachtúla nó d’iniúchtaí conarthacha. Bheadh gá le heolas domhain, ón iniúchóir seachtrach nó ón oifigeach cuntasaíochta neamhspleách, ar RFC agus ar na Rialacháin Chiste-shonracha i leith e.g. an rian iniúchóireachta, incháilitheacht na gcostas foluiteach agus an dlí is infheidhme, chun aon deimhniú a dhéantar ar an mbealach sin a dhéanamh. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go n-iarrfaí ar an údarás iniúchóireachta tacú leis an bpróiseas sin.

I gcás ina meastar go bhfuil an riosca earráide nó neamhrialtachta sna sonraí cuntasaíochta a úsáideadh roimhe seo íseal, mar shampla, féadfar an modh ríofa a bhunú ar shonraí nach bhfuil deimhnithe ag iniúchóir ex ante. Bheadh ar an údarás bainistíochta a bheith in ann a léiriú, ar bhealach oibiachtúil, go bhfuil an riosca íseal go deimhin agus cén fáth a measann sé go bhfuil córas cuntasaíochta an tairbhí iontaofa, iomlán agus cruinn.

Faisnéis oibiachtúil eile nó breithiúnas saineolach a úsáid

D’fhéadfadh faisnéis oibiachtúil eile a bheith i bhfoirm na nithe seo a leanas, mar shampla:

suirbhéanna, staidéir, taighde margaidh, etc. (is gá doiciméadacht chuí a áirithiú);

sonraí maidir le luach saothair as obair choibhéiseach.

Ba cheart breithiúnais shaineolacha a bheith bunaithe ar shraith shonrach critéar agus/nó ar shaineolais a fuarthas i réimse sonrach eolais, feidhmchláir nó táirge, i ndisciplín ar leith, i dtionscal, etc. Ní mór é a dhoiciméadú agus a bheith sonrach d’imthosca sonracha gach cáis. Ní shainítear an breithiúnas saineolach le RFC. Is faoi na húdaráis bhainistíochta a bheidh sé na ceanglais a shonrú chun go gcáileoidh breithiúnas mar shaineolach agus chun a áirithiú nach mbeidh aon choinbhleacht leasa ann. I gcás aon saineolaí a roghnófar, bheadh ar an údarás bainistíochta a shaineolas sa réimse ábhartha a léiriú mar aon lena neamhspleáchas.

Is féidir tairseacha, uasteorainneacha nó uasluachanna eile a shocraítear i rialacha náisiúnta a mheas mar fhaisnéis oibiachtúil eile. Mar sin féin, ní féidir leis an údarás bainistíochta iad a chur i bhfeidhm ach amháin ar choinníoll gur féidir leis an údarás bainistíochta a léiriú gur luach cóir agus athróg ionadach iontaofa iad.

Sonraí stairiúla ó chlárthréimhsí roimhe sin a úsáid

Féadfar glacadh le húsáid sonraí stairiúla fíoraithe ó chlárthréimhsí roimhe sin (e.g. 2007-2013 agus 2014-2020), má léirítear go bhfuil na méideanna fós ábhartha. Ciallaíonn sé sin gur cheart d’údaráis na gclár a áirithiú go mbeidh na sonraí sin fós ina n-athróg ionadach iontaofa ar fhíorchostais agus iad a choigeartú i gcás inar gá.

3.2.2.   Dréachtbhuiséad

Mar a leagtar amach in Airteagail 53(3)(b) agus 94(2)(b) de RFC, is modh eile é dréachtbhuiséad chun roghanna costais simplithe a chur ar bun.

De réir Airteagal 53(3)(b) de RFC, maidir leis na RCSanna a úsáidtear ar an ‘leibhéal íochtair’ (Ballstát – tairbhí), níl feidhm aige sin ach amháin maidir le hoibríochtaí nach mó a gcostas iomlán ná EUR 200 000 agus ar gá iad a bhunú ar bhonn cás ar chás agus a chomhaontú roimh ré ag an gcomhlacht a roghnaíonn an oibríocht. Is iad costais iomlána na hoibríochta na costais uile is gá chun an oibríocht a chur chun feidhme, mar a shonraítear sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht don oibríocht. De réir Airteagal 94(2)(b) de RFC, níl aon teorainn den sórt sin ann maidir le roghanna costais simplithe a úsáidtear ar an ‘leibhéal uachtair’ (an Coimisiún – Ballstát) a chur ar bun.

I gcás tionscadail bheaga arna maoiniú ag cláir Interreg, de réir Airteagal 25(6) de Rialachán Interreg, is féidir leis an tairbhí a bhainistíonn an ciste le haghaidh tionscadail bheaga – ar bhonn cás ar chás – an dréachtbhuiséad a úsáid chun roghanna costais simplithe a bhunú chun faighteoirí deiridh a aisíoc mura dtéann an ranníocaíocht phoiblí leis an tionscadal beag thar EUR 100 000 .

Image 25

Is féidir leis an bhféidearthacht dréachtbhuiséad a úsáid cur chun feidhme éigeantach roghanna costais simplithe le haghaidh oibríochtaí beaga a éascú (féach freisin Airteagal 53(2) de RFC). Go deimhin, ceadaítear leis an modh seo roinnt costas simplithe a ríomh má tá an oibríocht an-sonrach.

I gcás dréachtbhuiséad a úsáidtear ar an ‘leibhéal íochtair’ , mar chéad chéim, ní mór don údarás bainistíochta (nó don choiste faireacháin le haghaidh cláir Interreg) prionsabail an mhodha ríofa a leagan amach sa ghlao ar thograí nó in éineacht leis.

Image 26

I ndáil leis sin, moltar go mór go mbunódh na húdaráis bhainistíochta (nó coistí faireacháin le haghaidh cláir Interreg) paraiméadair nó uasleibhéil chostais a úsáidtear chun comparáid a dhéanamh idir na costais bhuiséadaithe is tábhachtaí ar a laghad agus na paraiméadair sin. Féadfaidh an t-údarás bainistíochta tagarmharcanna íosta a shocrú freisin maidir le cáilíocht an toraidh nó na dtorthaí a bhfuil coinne leo. In éagmais paraiméadair, tagarmharcanna íosta nó uasleibhéil chostais den sórt sin, d’fhéadfadh sé a bheith deacair d’aon údarás bainistíochta (nó do choiste faireacháin le haghaidh cláir Interreg) cóir chomhionann agus urramú bainistíochta fónta airgeadais a áirithiú.

Bunaithe ar rialacha na gclár, is faoi na hiarratasóirí ar chistiú ansin atá sé buiséid mhionsonraithe fhíorasacha a ullmhú agus a chur isteach agus doiciméid a sholáthar chun údar a thabhairt leis na costais uile sa bhuiséad. Ba cheart RCSanna (lena n-áirítear garspriocanna le haghaidh cnapshuimeanna) a shainiú i ndlúthchomhar le hiarratasóirí (nó le tairbhithe tar éis roghnú na n-oibríochtaí) ionas go mbeidh siad ar an eolas faoina bhfuil le soláthar agus faoin bhfaisnéis/fianaise tacaíochta atá le soláthar chun íocaíochtaí a ghiniúint.

Ina dhiaidh sin, déanann an t-údarás bainistíochta measúnú ar dhréachtbhuiséid. Fiú má mholtar é, agus an buiséad á mheasúnú, ní bheidh sé riachtanach don údarás bainistíochta an dréachtbhuiséad mionsonraithe atá beartaithe ag an tairbhí féideartha a chur i gcomparáid le hoibríochtaí inchomparáide. Agus tacaíocht á tabhairt don tairbhí céanna roinnt uaireanta, moltar an dréachtbhuiséad mionsonraithe a chur i gcomparáid le hoibríochtaí a fuair tacaíocht roimhe sin.

Ar deireadh, tá an t-údarás bainistíochta (nó an coiste faireacháin le haghaidh cláir Interreg) ag claochlú an dréachtbhuiséid ina RCSanna (i.e. rátaí comhréidhe, cnapshuimeanna agus costais aonaid) roimh roghnú na n-oibríochtaí nó ina dhiaidh (ach sula n-eiseofar an doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht ar gá an RCS a áireamh leis). Ba cheart na RCSanna sainithe (agus garspriocanna féideartha do chnapshuimeanna) a léiriú sa doiciméad ina leagtar amach an coinníoll maidir le tacaíocht don oibríocht. Ní féidir leis an údarás bainistíochta / leis an gcoiste faireacháin measúnú agus claochlú na ndréachtbhuiséad in RCSanna a tharmligean chuig tairbhithe. I gcás tionscadail bheaga a roghnaítear faoi chistí le haghaidh tionscadail bheaga le haghaidh cláir Interreg, is é an tairbhí a bhainistíonn an ciste le haghaidh tionscadail bheaga a dhéanann measúnú ar an dréachtbhuiséad.

Ba cheart don údarás bainistíochta (nó don choiste faireacháin le haghaidh cláir Interreg) a mheasúnú ar an dréachtbhuiséad agus ar na doiciméid tacaíochta ghaolmhara a léiriú agus a chur sa chartlann chun costais chatagóirí uile an dréachtbhuiséid a ríomh nó chun údar a thabhairt leo. Ní cuid den doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht don oibríocht arna dtarraingt suas idir an t-údarás bainistíochta agus an tairbhí é an dréachtbhuiséad. Ní bhunófar fíoruithe bainistíochta na hoibríochta nó an tionscadail ach ar an gcineál roghanna costais simplithe a chuirfear i bhfeidhm, agus ní ar an mbuiséad féin.

Féadfaidh roghanna costais simplithe a bheith bunaithe ar dhréachtbhuiséad i ndáil le buiséad iomlán na hoibríochta nó an tionscadail nó i ndáil le cuid den bhuiséad sin. Mar shampla, le haghaidh oibríocht ina bhfuil cúig ghníomhaíocht éagsúla:

aisíoctar gníomhaíocht 1 agus gníomhaíocht 2 de na hoibríochtaí ar bhonn fíorchostas nó ar bhonn rogha costais shimplithe eile;

aisíoctar gníomhaíocht 3, gníomhaíocht 4 agus gníomhaíocht 5 de na hoibríochtaí mar chostais aonaid arna mbunú ar bhonn dréachtbhuiséid.

Thairis sin, féadfar na rátaí comhréidhe a chumhdaítear in Airteagail 54 go 56 de RFC a chur i bhfeidhm chun catagóirí ábhartha costas dréachtbhuiséid a bhunú.

Tá na prionsabail a mhínítear thuas infheidhme freisin maidir le dréachtbhuiséad a úsáidtear ar an ‘leibhéal uachtair’ .

Sampla 1

Is éard atá sna hoibríochtaí cnapshuim faoi bhun EUR 100 000 le haghaidh tionscadal beag ullmhúcháin (e.g. na tionchair chomhshaoil de bharr ithreacha sulfáite aigéid a laghdú).

Sa ghlao ar thograí, leagann an comhlacht idirmheánach amach (1) úsáid na gcnapshuimeanna agus sainíonn sé go soiléir na príomhchúraimí chun an toradh sainithe, na garspriocanna, amlíne na ngníomhaíochtaí a bhaint amach, agus (2) critéir mhionsonraithe a gcuirtear na costais bhuiséadaithe is tábhachtaí i gcomparáid leo.

Ina iarratas, leagann an tairbhí amach a dhréachtbhuiséad agus soláthraíonn sé doiciméid chun údar a thabhairt leis na costais uile sa bhuiséad. Soláthraíonn an tairbhí faisnéis mhionsonraithe maidir le gach líne bhuiséid le haghaidh gach cúraim a bhaineann leis an tionscadal. Ansin, déanann an comhlacht idirmheánach measúnú orthu sin ar bhonn (1) incháilitheacht na gcostas, agus (2) réasúnuithe na gcostas. Más gá, iarrann an comhlacht idirmheánach faisnéis agus sonraí breise (e.g. comparáid bhreise le tionscadail chomhchosúla).

Is mar a leanas atá an dréachtbhuiséad:

Achoimre ar na costais

Iomlán (in EUR)

1.

Costais tuarastail iomlána

58 440

2.

Seirbhísí seachfhoinsithe

1 000

3.

Infheistíocht in innealra agus trealamh

0

4.

Costais dhíreacha eile

0

5.

Costais indíreacha

14 026

Iomlán

73 466

Tar éis anailís a dhéanamh ar an dréachtbhuiséad, formheasann an comhlacht idirmheánach na costais mheasta agus leagann sé amach cnapshuim EUR 73 466 atá le híoc leis an tairbhí a luaithe a chuirtear an tionscadal chun feidhme.

I gcéim cur chun feidhme an tionscadail, ní gá aon údar a thabhairt leis an gcostas iarbhír. Aisíocfar na deontais bunaithe ar an gcnapshuim a bhunófar ex ante agus tar éis an toradh a bhaint amach.

Sampla 2

Tá sé beartaithe ag tairbhí seimineár a eagrú do 50 rannpháirtí chun uirlisí cur chun feidhme nua a chur i láthair.

Caitheann an fhoireann am ag pleanáil agus ag eagrú an imeachta, glactar áit ar cíos, tagann roinnt cainteoirí ón gcoigríoch, agus caithfear miontuairiscí an imeachta a fhoilsiú. Tá costais indíreacha ann freisin a bhaineann le foireann (costais chuntasaíochta, stiúrthóir, etc.) agus le leictreachas, billí teileafóin, tacaíocht TF, etc.

Is mar a leanas atá an dréachtbhuiséad: (25)

Iomlán na gcostas díreach

45 000

 

Iomlán na gcostas indíreach

7 000

Costais foirne dhíreacha

30 000

 

Costais foirne indíreacha

4 000

Costais seomra

4 000

 

Leictreachas, teileafón.

3 000

Costais taistil

5 000

 

 

 

Béilí

1 000

 

 

 

Faisnéis / Poiblíocht

5 000

 

 

 

Pléitear agus comhaontaítear an dréachtbhuiséad sin idir an t-údarás bainistíochta agus an tairbhí. Beidh ríomh na rogha costais simplithe bunaithe ar an bhfaisnéis arna soláthar don údarás bainistíochta agus arna fíorú aige.

D’fhéadfadh an t-údarás bainistíochta cinneadh a dhéanamh an deontas a ríomh ar bhonn costas aonaid, bunaithe ar an líon rannpháirtithe ag an seimineár: costas aonaid = EUR 52 000/50 = EUR 1 040 in aghaidh an rannpháirtí.

Sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht don oibríocht arna dtarraingt suas idir an t-údarás bainistíochta agus an tairbhí, ní mór an sainmhíniú ar na costais aonaid (cad is rannpháirtí ann), an t-uaslíon (íoslíon) rannpháirtithe, an rian iniúchóireachta agus a chostas aonaid (EUR 1 040) a shonrú.

Déanfar tagairt d’Airteagal 53(3)(b) de RFC sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht don oibríocht.

Soláthraítear tuilleadh samplaí maidir le conas roghanna costais simplithe a bhunú bunaithe ar dhréachtbhuiséad in Iarscríbhinn 1.

3.2.3.   Roghanna costais simplithe ó bheartais an Aontais a úsáid

De réir Airteagail 53(3)(c) agus 94(2)(c) de RFC, féadfaidh an t-údarás bainistíochta úsáid a bhaint as costais aonaid chomhfhreagracha, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe is infheidhme i mbeartais an Aontais le haghaidh oibríocht den chineál céanna. Is é príomhaidhm an mhodha sin na rialacha idir beartais an Aontais a chomhchuibhiú. Is é an rún atá ann a shoiléiriú, i gcás ina bhfuil roghanna costais simplithe forbartha cheana féin le haghaidh cineál áirithe oibríochta faoi bheartas an Aontais, nach gá don Bhallstát an iarracht sin a dhúbailt faoi Chistí RFC agus gur féidir leis an modh agus torthaí an mhodha sin a athúsáid.

D’fhéadfaí na modhanna uile is infheidhme faoi bheartais an Aontais a úsáid le haghaidh oibríochtaí comhchosúla má tá beartais an Aontais i bhfeidhm tráth a cuireadh an mhodheolaíocht ar bun. Is féidir na modhanna ó bheartais an Aontais a úsáid gan ríomhanna breise.

Ní mór an modh a úsáid ina iomláine: mar shampla, an sainmhíniú ar chostais dhíreacha / indíreacha, caiteachas incháilithe, raon feidhme, nuashonruithe) agus ní hamháin a thoradh (ráta X %). Mar phrionsabal ginearálta, ba cheart gach gné den mhodh a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an gcostas aonaid / cnapshuim / ráta comhréidh a chur san áireamh. Tá gá le scrúdú cás ar chás.

Image 27

Níl aon léiriú in RFC ar an méid a thuigtear le cosúlacht oibríochtaí. Is faoin údarás bainistíochta atá sé measúnú a dhéanamh ar bhonn cás ar chás maidir le cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar an coinníoll cosúlachta i gcás ar leith.

Má mhodhnaítear an modh faoi bheartas an Aontais le linn na clárthréimhse, ba cheart feidhm a bheith ag an modhnú céanna maidir leis na hoibríochtaí a roghnaítear faoi ghlaonna a sheoltar tar éis an mhodhnaithe.

Ní mór aon mhodhnú maidir leis an modh faoi bheartas an Aontais a úsáideadh chun modheolaíocht a chur ar bun faoi Airteagal 94(2)(c) de RFC a léiriú i bhFoscríbhinn 1 d’Iarscríbhinní V agus VI a ghabhann le RFC trí iarraidh ar leasú ar an gclár nach mór a fhormheas le cinneadh ón gCoimisiún.

Seo a leanas samplaí de RCSanna i mbeartais an Aontais:

Erasmus+: úsáidfear cnapshuimeanna agus costais aonaid (e.g. rátaí d’fhad taistil, tacaíocht teanga, cuairteanna ullmhúcháin, táillí cúrsa, eagrú na ndianchlár) sa chlár;

An Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (CERV): sainítear cnapshuimeanna in aghaidh an rannpháirtí in imeachtaí in situ agus fisiceacha sa chinneadh ón gCoimisiún lena n-údaraítear úsáid cnapshuimeanna le haghaidh gníomhaíochtaí faoin gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (2021-2027);

Fís Eorpach: Tá 3 chineál RCSanna le fáil ón gclár Fís Eorpach (ráta comhréidh, costais aonaid, cnapshuimeanna) a leagtar amach i gcinntí ón gCoimisiún; – e.g. costais aonaid le haghaidh úinéirí FBManna, costais aonaid le haghaidh soghluaisteacht foirne, cnapshuimeanna agus costais aonaid le haghaidh ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie;

An Cor Dlúthpháirtíochta Eorpach: an cinneadh lena n-údaraítear úsáid cnapshuimeanna, costas aonaid (e.g. costais taistil, tacaíocht eagraíochtúil, tacaíocht bainistithe tionscadal, costais foirne, tacaíocht teanga, costais chóitseála) agus maoiniú ar ráta comhréidh le haghaidh obair dheonach, cúrsaí oiliúna, post agus Tionscadail Dlúthpháirtíochta.

3.2.4.   Úsáid a bhaint as roghanna costais simplithe ó scéimeanna le haghaidh deontais arna gcistiú go hiomlán ag na Ballstáit

De réir Airteagail 53(3)(d) agus 94(2)(d) de RFC, féadfaidh an t-údarás bainistíochta úsáid a bhaint as costais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe comhfhreagracha is infheidhme faoi scéimeanna le haghaidh deontais arna gcistiú go hiomlán ag an mBallstát le haghaidh oibríocht den chineál céanna. Is féidir roghanna costais simplithe a úsáidtear faoi scéimeanna tacaíochta náisiúnta (amhail scoláireachtaí, liúntais laethúla) a úsáid gan ríomhanna breise, má tá na scéimeanna náisiúnta i bhfeidhm tráth a dheartar an mhodheolaíocht.

De réir an dara mír d’Airteagal 54 de RFC, féadfar rátaí comhréidhe le haghaidh costais indíreacha arna ríomh i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 67(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, i.e. bunaithe ar mhodh cóir, cothromasach agus infhíoraithe, a úsáid le haghaidh oibríochtaí comhchosúla arna maoiniú le linn chlárthréimhse 2021-2027. Féadfar na rátaí comhréidhe sin a úsáid chun críocha Airteagal 54, an chéad mhír, pointe (c) de RFC, i.e. chun údar a thabhairt leis an ráta suas le 25 % de na costais dhíreacha incháilithe chun costais indíreacha a aisíoc. Dá bhrí sin, tá feidhm ag an uasteorainn suas le 25 % a bhunaítear in Airteagal 54, an chéad mhír, pointe (c) de RFC maidir leis na rátaí comhréidhe sin.

Féadfar na modhanna náisiúnta uile is infheidhme a úsáid le haghaidh oibríochtaí comhchosúla a fhaigheann tacaíocht ó Chistí RFC (féach Caibidil 3.2.3 maidir leis an gcoincheap ‘cosúlacht’). Mar shampla, is féidir oibríocht a thacaíonn le printíseachtaí arna cistiú go hiomlán le hacmhainní náisiúnta/réigiúnacha a mheas mar scéim náisiúnta. Ba cheart an modh a athúsáid ina iomláine agus ní hamháin a thoradh. Féadfar modhanna ríofa réigiúnacha nó modhanna ríofa áitiúla eile a úsáid freisin ach ní mór iad a chur i bhfeidhm de ghnáth ar an limistéar geografach ina bhfuil siad in úsáid nó ar cheann níos lú (e.g. mura gcuirtear modheolaíocht i bhfeidhm ach i réigiún amháin, is féidir leis an réigiún lena mbaineann í a athúsáid ach ní féidir le réigiún eile den Bhallstát sin í a athúsáid i gcás nach bhfuil an mhodheolaíocht sin infheidhme). Má tá na coinníollacha inchomparáide go leordhóthanach, áfach, is féidir le modhanna eile a chuirtear i bhfeidhm feidhmiú mar shampla nó mar shamhail (féach Caibidil 3.2.7).

Má mhodhnaítear an modh le linn na clárthréimhse, ba cheart feidhm a bheith ag an modhnú céanna maidir leis na hoibríochtaí a roghnaítear faoi ghlaonna a sheoltar tar éis an mhodhnaithe.

Ní mór aon mhodhnú maidir leis an modh náisiúnta a úsáideadh chun modheolaíocht a chur ar bun faoi Airteagal 94(2)(d) de RFC a léiriú i bhFoscríbhinn 1 d’Iarscríbhinní V agus VI a ghabhann le RFC trí iarraidh ar leasú ar an gclár nach mór a fhormheas le cinneadh ón gCoimisiún.

3.2.5.   Rátaí comhréidhe agus modhanna sonracha arna mbunú le RFC nó leis na rialacha Ciste-shonracha, nó ar bhonn na rialacha sin, a úsáid

Sainítear le RFC agus leis na Rialacháin Chiste-shonracha roinnt rátaí comhréidhe sonracha, i.e. rátaí comhréidhe ‘réamhdhéanta’. Pléitear na rátaí comhréidhe a leagtar amach in RFC agus i Rialachán Interreg thuas, i gCaibidil 2.2. Is é an rún deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt agus an t-ualach oibre tosaigh nó an gá atá le sonraí atá ar fáil a laghdú chun córas ráta chomhréidh a bhunú toisc nach bhfuil aon cheanglas ann ríomh a dhéanamh chun na rátaí is infheidhme a chinneadh. Mar sin féin, níl na modhanna sin oiriúnach do gach cineál oibríochta.

Féadfar roghanna costais simplithe arna mbunú ar an ‘leibhéal uachtair’ le cinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar clár nó leasú ar chlár dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 94(3) de RFC agus i bhFoscríbhinn 1 d’Iarscríbhinní V agus VI a ghabhann le RFC a úsáid ar an ‘leibhéal íochtair’ ar bhonn Airteagal 53(3)(e) de RFC le haghaidh an chláir shonraigh. Mar sin féin, ní féidir an RCS a úsáid ach amháin a mhéid atá sé ceaptha chun costais tairbhithe a chumhdach i gcineál oibríochta iomchuí (nó sa chineál oibríochta céanna), murach sin ní bheadh sé ina athróg ionadach iontaofa ar fhíorchostais. Ina theannta sin, tá roghanna costais simplithe arna mbunú ar bhonn Airteagal 94(3) de RFC clárshonrach agus ní féidir iad a úsáid go huathoibríoch i gcur chun feidhme clár eile ná i mBallstáit eile. Is féidir le húdaráis na gclár iad a úsáid, áfach, mar shampla chun a scéimeanna clárshonracha a fhorbairt, ar scéimeanna iad is gá a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena bhformheas.

Féadfar modhanna breise a bhunú leis na Rialacháin Chiste-shonracha (le haghaidh tagartha, féach an tábla i gCaibidil 2.2.1.).

Ní bhaineann Airteagail 53 go 56 de RFC le tríú páirtithe a n-aisíocann tairbhithe oibríochta. Ciallaíonn sé sin nach gcuirtear forálacha RFC ná na Rialachán Ciste-shonracha i bhfeidhm go díreach (ach amháin i gcás ina dtagraítear go sonrach dóibh) maidir le tacaíocht ina dhiaidh sin ó na tairbhithe do thríú páirtithe. I gcás Chiste le haghaidh Tionscadail Bheaga de chuid Interreg, is féidir leis an tairbhí a athdháileann an tacaíocht ar fhaighteoirí deiridh modheolaíocht a leagan amach chun RCSanna a chur i bhfeidhm agus inspioráid á fáil aige ó RFC nó ó rialacha Interreg maidir le RCSanna.

3.2.6.   Roghanna Costais Simplithe ó chlárthréimhsí roimhe seo a úsáid

Is féidir modheolaíochtaí arna mbunú i gclárthréimhsí roimhe seo a úsáid má tá na coinníollacha sa chlárthréimhse roimhe seo fós ábhartha agus bailí don chlárthréimhse 2021-2027 (cineál gníomhaíochtaí, catagóirí costas arna gcumhdach, etc.) agus má tá na sonraí bunaidh in-iniúchta. Sa chás sin, ba cheart don údarás bainistíochta (nó don choiste faireacháin le haghaidh cláir Interreg) a áirithiú go gcuirfear an mhodheolaíocht in oiriúint don reachtaíocht nua is infheidhme maidir leis an gclárthréimhse 2021-2027. Dá molfaí modheolaíocht den sórt sin ar an ‘leibhéal uachtair’, bheadh ar an údarás iniúchóireachta measúnú a dhéanamh uirthi an tráth seo (má rinneadh iniúchadh ar an modheolaíocht sna clárthréimhsí roimhe seo, is féidir brath ar an obair iniúchóireachta roimhe seo, ar choinníoll go bhfuil rian iniúchóireachta leordhóthanach ar fáil).

3.2.7.   Athúsáid/athchúrsáil roghanna costais simplithe a cuireadh ar bun laistigh den Bhallstát céanna nó ó Bhallstáit eile

Is féidir le modheolaíochtaí éagsúla roghanna costais simplithe a bheith ann i mBallstát, i.e. RCSanna arna gcur ar bun i gcláir náisiúnta/réigiúnacha áirithe nó i ngach clár náisiúnta/réigiúnach ar an leibhéal uachtair agus/nó ar an leibhéal íochtair. D’fhéadfadh na modheolaíochtaí sin a bheith ina n-ábhar spéise d’údaráis bhainistíochta ó chláir eile nó ó Bhallstáit eile ar mian leo scéimeanna comhchosúla a chur ar bun. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil siad clárshonrach (nó fiú glao-shonrach), ní féidir na roghanna costais simplithe sin ná a méideanna/rátaí comhfhreagracha a úsáid go huathoibríoch faoi chláir eile ná ag Ballstáit eile. Ní mór d’údaráis bhainistíochta athbhreithniú a dhéanamh ar an modheolaíocht agus í a oiriúnú, i gcás inar gá, do shainiúlachtaí a gcláir (cineál gníomhaíochtaí, catagóirí costas a chumhdaítear, etc.). Thairis sin, ní mór na foinsí sonraí, na ríomhanna agus na méideanna a chur in oiriúint freisin don chlár faoina gcuirfear na RCSanna chun feidhme.

Image 28

Seasann na breithnithe sin d’fhorbairt roghanna costais simplithe ar an leibhéal uachtair agus ar an leibhéal íochtair araon. Ar an ‘leibhéal uachtair’, ní mór don údarás iniúchóireachta measúnú a dhéanamh ar an RCS nua sula gcuirfear faoi bhráid an Choimisiúin é. I gcás ina n-úsáidtear RCS nua ar an leibhéal íochtair, moltar go láidir a iarraidh ar an údarás iniúchóireachta a mheasúnú ex ante a dhéanamh.

3.3.   Céimeanna nós imeachta i dtreo rogha costais shimplithe a fhormheas sa chlár (an ‘leibhéal uachtair’)

De réir Airteagal 94(1) de RFC, is féidir roghanna costais simplithe le haghaidh aisíocaíocht ranníocaíocht an Aontais le clár a bhunú ar na méideanna agus na rátaí a leagtar amach i gcinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár nó an leasú ar chlár. Is féidir leis na Ballstáit RCSanna a leagtar amach i ngníomh tarmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún a úsáid freisin (féach Caibidil 4.4.)

De réir Airteagal 94(2) de RFC, ní mór do na Ballstáit togra a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir leis na teimpléid a leagtar amach i bhFoscríbhinn 1 d’Iarscríbhinní V nó VI a ghabhann le RFC, mar chuid de thíolacadh an chláir nó d’iarraidh ar leasú ar an gclár. Dá bhrí sin, tá feidhm ag an nós imeachta maidir le clár a fhormheas nó a leasú.

Image 29

Is gá Foscríbhinn 1 a chur isteach má chuirtear roghanna costais simplithe i bhfeidhm ar an ‘leibhéal uachtair’, gan beann ar an bhfoirm aisíocaíochta idir an t-údarás bainistíochta agus an tairbhí. Ní gá Foscríbhinn 1 a chur isteach má chuirtear roghanna costais simplithe i bhfeidhm go heisiach ar an ‘leibhéal íochtair’ nó le haghaidh roghanna costais simplithe ó ghníomh tarmligthe. Sainítear méideanna agus modhanna coigeartaithe an dara ceann le gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 94(4) de RFC (féach Caibidil 4.4.).

Image 30

Moltar malartuithe neamhfhoirmiúla leis an gCoimisiún roimh chlár nó iarraidh ar leasú a chur isteach toisc go n-éascaíonn siad próiseas an nós imeachta formheasa foirmiúil agus go gcuireann siad dlús leis.

Agus Foscríbhinn 1 d’Iarscríbhinní V agus VI a ghabhann le RFC á cur isteach, beidh ar an mBallstát nó ar na Ballstáit nó ar an gclár Interreg foinse na sonraí a úsáideadh chun na roghanna costais simplithe a ríomh a shonrú, agus faisnéis mhionsonraithe maidir leis an áit as a dtagann na sonraí a tháirgtear, a bhailítear agus a thaifeadtar, an áit a stóráiltear iad, aon scoithdháta mar aon leis an gcaoi a ndéantar iad a bhailíochtú á soláthar. Déanann an t-údarás iniúchóireachta measúnú an bhfuil na sonraí a úsáidtear iontaofa agus ábhartha, mar chuid dá mheasúnú iniúchóireachta sula gcuirtear Foscríbhinn 1 d’Iarscríbhinní V nó VI a ghabhann le RFC faoi bhráid an Choimisiúin.

Image 31

Is réamhchoinníoll é an measúnú dearfach ex-ante a dhéanann an t-údarás iniúchóireachta ar na tograí arna ndéanamh ag na Ballstáit chun Foscríbhinn 1 a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena formheas.

Leagfar amach leis an gcinneadh lena bhformheastar nó lena leasaítear an clár na cineálacha oibríochtaí a chumhdaítear leis an aisíocaíocht bunaithe ar roghanna costais simplithe a áirítear le Foscríbhinn 1, an sainmhíniú agus na méideanna a chumhdaítear leis na roghanna costais simplithe sin agus na modhanna chun na méideanna a choigeartú.

Bíonn roghanna costais simplithe arna bhformheas i gclár sainordaitheach agus ní féidir ranníocaíocht an Aontais le haghaidh na gcineálacha oibríochtaí lena mbaineann a aisíoc i bhfoirm eile a thuilleadh (e.g. costais a tabhaíodh iarbhír).

Chun tuilleadh treoracha agus samplaí a fháil maidir le conas Foscríbhinn 1 a líonadh isteach, féach Iarscríbhinn 2.

3.4.   Roghanna costais simplithe a oiriúnú in am (Modh Coigeartaithe)

Féadfaidh tuairisc ar mhodh coigeartaithe le haghaidh mhéideanna na roghanna costais simplithe a bheith san áireamh leis an modheolaíocht lena leagtar amach na roghanna costais simplithe. Níl coigeartú na méideanna sainordaitheach, ach moltar go láidir é, go háirithe i gcás roghanna costais simplithe a úsáidtear thar thréimhse níos faide, chun boilsciú nó athruithe eacnamaíocha a chur san áireamh (e.g. i gcostais fuinnimh, leibhéil tuarastal, etc.) agus chun a áirithiú go mbeidh an rogha costais shimplithe fós ina hathróg ionadach iontaofa ar na fíorchostais. Thairis sin, más rud é – i gcás RCSanna a úsáidtear ar an ‘leibhéal uachtair’ – go n-áirítear an modh coigeartaithe i bhFoscríbhinn 1 d’Iarscríbhinní V agus VI a ghabhann le RFC, ní mheastar gur modhnú ar mhodheolaíocht na rogha costais simplithe é an coigeartú a chur i bhfeidhm agus ní gá leasú a dhéanamh ar chlár.

Ba cheart a áireamh leis an modheolaíocht lena leagtar amach na roghanna costais simplithe mionsonraí leordhóthanacha faoin modh coigeartaithe atá beartaithe (e.g. an t-innéacs a úsáidtear, uainiú agus minicíocht an choigeartaithe, foirmle le haghaidh coigeartaithe,...).

Image 32

Dea-chleachtas is ea an coigeartú a nascadh leis an innéacs a bhaineann go sonrach leis na príomhchatagóirí costais a chumhdaítear leis na roghanna costais simplithe, ach tá saoirse ag na Ballstáit modhanna coigeartaithe eile a bhunú, má dhéantar iad a dhoiciméadú agus má tá údar cuí leo.

Féadfaidh an t-údarás bainistíochta (nó coiste faireacháin le haghaidh cláir Interreg) a chinneadh gan modh coigeartaithe a áireamh leis an modheolaíocht má mheasann siad nach mbeidh gá leis na roghanna costais simplithe a choigeartú le linn thréimhse a chur i bhfeidhm.

CAIBIDIL 4:   ROGHANNA COSTAIS SIMPLITHE A CHUR CHUN FEIDHME

4.1.   Airgeadra a úsáidtear le haghaidh RCSanna a bhunaítear ar an ‘leibhéal uachtair’

De réir Airteagal 87 de RFC, ní mór na méideanna uile a leagtar amach sna cláir, arna dtuairisciú nó arna ndearbhú don Choimisiún ag na Ballstáit, a ainmniú in euro. Tá feidhm ag an bhforáil sin freisin maidir le Foscríbhinn 1 d’Iarscríbhinn V nó VI a ghabhann le RFC toisc gur cuid den chlár í an fhoscríbhinn. Go praiticiúil, ciallaíonn sé sin:

ní mór méideanna na roghanna costais simplithe i bhFoscríbhinn 1 d’Iarscríbhinní V agus VI a ghabhann le RFC a shocrú in euro;

ní mór méideanna arna leagan amach in euro a bheith san áireamh leis an gcinneadh lena bhformheastar an clár nó an leasú ar an gclár;

agus tá an rogha costais shimplithe le háireamh in iarratais ar íocaíocht le hainmniú in euro freisin.

Image 33

Gan beann ar thoradh an chomhshó ar an leibhéal náisiúnta, ní féidir leis an méid atá le háireamh in iarratas ar íocaíocht chuig an gCoimisiún a bheith éagsúil le méid na rogha costais simplithe a formheasadh sa chinneadh ón gCoimisiún.

Image 34

I gcás na mBallstát nach bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra, d’fhéadfadh na ceanglais sin an riosca a mhéadú go mbeadh difríochtaí ann idir na méideanna atá le háireamh in iarratais ar íocaíocht agus na méideanna arna n-aisíoc ag na húdaráis bhainistíochta leis na tairbhithe san airgeadra náisiúnta mar gheall ar luaineachtaí sna rátaí malairte idir an euro agus an t-airgeadra náisiúnta.

Is féidir leis na Ballstáit an cás sin a mhaolú, mar shampla, trí na nithe seo a leanas a áireamh i bhFoscríbhinn 1 d’Iarscríbhinní V agus VI a ghabhann le RFC:

ráta malairte seasta (e.g. ar bhonn réamh-mheastachán ar an ráta malairte);

modh coigeartaithe lena gcuirtear cosc ar dhiall idir na méideanna arna n-aisíoc ag an gCoimisiún in euro agus na méideanna arna n-aisíoc ag na húdaráis bhainistíochta leis na tairbhithe (e.g. coigeartú ar an ráta malairte a úsáidtear i bhFoscríbhinn 1 i gcás diall réamhshainithe – suas nó síos – idir an ráta arna fhoilsiú ar leathanach InforEuro thar thréimhse áirithe ama agus an ráta malairte bunaidh tráth a chuirtear Foscríbhinn 1 faoi bhráid an Choimisiúin).

4.2.   Cur i bhfeidhm in am na roghanna costais simplithe arna nglacadh sa chlár

Tosóidh an Coimisiún ag aisíoc an Bhallstáit bunaithe ar roghanna costais simplithe a luaithe a fhormheasfar iad i gclár trí chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar an clár nó an leasú air. Is ón tráth sin amháin is féidir leis an údarás bainistíochta na méideanna a comhaontaíodh a áireamh in iarratais ar íocaíocht chuig an gCoimisiún.

Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go bhfuil roghanna costais simplithe á gcur chun feidhme cheana féin ar leibhéal na dtairbhithe sula bhformheasann an Coimisiún an mhodheolaíocht a chuirtear isteach i bhFoscríbhinn I d’Iarscríbhinní V agus VI a ghabhann le RFC. Go dtí go nglacfar cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 94(3) de RFC, féadfaidh an t-údarás bainistíochta na méideanna a dhearbhú don Choimisiún a chomhfhreagraíonn do na costais arna n-aisíoc leis na tairbhithe ag an údarás bainistíochta (‘leibhéal íochtair’). Ciallaíonn sé sin go bhféadfaidh na húdaráis bhainistíochta caiteachas na n-oibríochtaí costais simplithe a áireamh i gcolún B den iarratas ar íocaíocht (Iarscríbhinn XXIII a ghabhann le RFC) i gcomhréir le hAirteagal 91(4)(c) de RFC (le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir le hiarratais ar íocaíocht, féach Caibidil 4.3). Níor cheart, áfach, an caiteachas arna dhearbhú i gcolún B a áireamh arís le colún C den iarratas ar íocaíocht.

Image 35

A mhéid is féidir, chun aon neamhréireacht fhéideartha idir na modheolaíochtaí arna bhformheas ar an dá leibhéal le haghaidh na roghanna costais simplithe céanna a sheachaint, moltar do na Ballstáit an rogha costais shimplithe a chur isteach faoi Airteagal 94 de RFC agus formheas an Choimisiúin a fháil le haghaidh an leibhéil uachtair, sula n-úsáidfear na RCSanna lena mbaineann ar an ‘leibhéal íochtair’.

Tar éis an cinneadh maidir leis an gclár nó an leasú air a ghlacadh, tosóidh an Coimisiún ag aisíoc ranníocaíocht an Aontais le clár ar bhonn na roghanna costais simplithe ann. Áireoidh an t-údarás bainistíochta na méideanna sin le colún C den iarratas ar íocaíocht (Iarscríbhinn XXIII a ghabhann le RFC) i gcomhréir le hAirteagal 91(4)(b) de RFC (féach freisin Caibidil 4.3.).

Níl aon tionchar ag an gcinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar rogha costais shimplithe faoi Airteagal 94 de RFC ar incháilitheacht an chaiteachais, i.e. ní bheidh aon chaiteachas nua incháilithe mar thoradh ar an gcinneadh sin. Leagtar amach na rialacha maidir le hincháilitheacht caiteachais i rialacha náisiúnta agus in Airteagal 63 de RFC. Ní bhíonn tionchar ag cinneadh an Choimisiúin ach ar an modh aisíocaíochta idir an Coimisiún agus na Ballstáit.

4.3.   Conas roghanna costais simplithe a dhearbhú sna hiarratais ar íocaíocht

Foráiltear le hAirteagal 91(3) de RFC go bhfuil na hiarratais ar íocaíocht le cur isteach i gcomhréir le hIarscríbhinn XXIII a ghabhann le RFC, de réir tosaíochta (cuspóir sonrach agus cineál gníomhaíochta le haghaidh cláir CTIL, IBTV agus CSI) agus, i gcás inarb infheidhme, de réir catagóir réigiúin.

Maidir leis na RCSanna a úsáidtear ar ‘leibhéal uachtair’ , ní mór na méideanna arna bhformheas le cinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 94(3) de RFC nó a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 94(4) de RFC a dhearbhú i gcolún C d’Iarscríbhinn XXIII a ghabhann le RFC.

Tá méideanna na roghanna costais simplithe arna socrú ag na Ballstáit ar ‘ leibhéal íochtair ’ le haghaidh aisíocaíocht an tairbhí ag na Ballstáit nach gcumhdaítear le RCSanna a úsáidtear ar ‘leibhéal uachtair’ le háireamh le colún B d’Iarscríbhinn XXIII a ghabhann le RFC. De réir Airteagal 91(4)(c) de RFC, i gcás deontas a aisíoctar i bhfoirm RCSanna, is iad na méideanna a áirítear le hiarratas ar íocaíocht na costais a ríomhtar ar an mbonn is infheidhme (i.e. RCS).

Ní fhéadfar na méideanna a aisíoctar le tairbhithe le haghaidh na gcásanna a chumhdaítear le hAirteagal 91(4)(b) de RFC, i.e. aisíocaíocht ranníocaíocht an Aontais i bhfoirm roghanna costais simplithe, a thuairiscítear i gcolún C, a áireamh le colún B chun maoiniú dúbailte an chaiteachais chéanna a sheachaint. Tá difríochtaí sa bhealach a ndearbhaítear na RCSanna sna hiarratais ar íocaíocht agus sna cuntais. Go háirithe, sna cuntais, áirítear méid iomlán an chaiteachais incháilithe a dearbhaíodh le haghaidh aisíocaíochta i gcolún A de na cuntais (i.e. fíorchostais, Maoiniú nach bhfuil Nasctha le Costais agus gach RCS gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil siad faoi réir Airteagal 94 de RFC).

Tá na méideanna a fhormheastar leis an gcinneadh ón gCoimisiún ceangailteach agus, dá bhrí sin, ní mór do na Ballstáit na méideanna arna bhformheas a dhearbhú don Choimisiún, i.e. ní féidir leis méideanna a áireamh leis na hiarratais ar íocaíocht a bheadh éagsúil leis na méideanna sa chinneadh lena bhformheastar an clár (nó an leasú air). Bheadh gá le leasú ar an gcinneadh chun aon mhodhnú a dhéanamh ar na méideanna nach gcumhdaítear leis an modh coigeartaithe sa chinneadh lena bhformheastar an clár (nó an leasú air).

Image 36

De réir Airteagal 93(5) de RFC, níor cheart an tacaíocht ó na Cistí do thosaíocht in íocaíocht an iarmhéid don bhliain chuntasaíochta deiridh a bheith níos mó ná aon cheann de na méideanna seo a leanas:

an ranníocaíocht phoiblí arna dearbhú in iarratais ar íocaíocht;

an tacaíocht ó na Cistí a íocadh nó atá le híoc le tairbhithe;

an méid arna iarraidh ag an mBallstát.

4.4.   Úsáid na roghanna costais simplithe a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe ón gCoimisiún

De réir Airteagal 94(4) de RFC, is féidir leis an gCoimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh lena sainítear ar leibhéal an Aontais costais aonaid, cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe, a méideanna agus a modhanna coigeartaithe i gcomhréir le modhanna ríofa Airteagal 94(2) de RFC.

Tar éis an gníomh tarmligthe a ghlacadh, féadfaidh na Ballstáit aisíocaíocht ranníocaíocht an Aontais leis an gclár a iarraidh trí mhéideanna agus rátaí a leagtar amach sa ghníomh a úsáid (agus, más infheidhme, arna gcoigeartú i gcomhréir leis na modhanna coigeartaithe arna bhformheas sa ghníomh tarmligthe); ní mór na méideanna sin a dhearbhú i gcolún C d’Iarscríbhinn XXIII a ghabhann le RFC. Tá sé tábhachtach go gcloífear le rialacha an ghnímh tharmligthe agus an oibríocht á cur chun feidhme, inter alia maidir le gníomhaíochtaí incháilithe agus an rian iniúchóireachta. Féadfaidh na Ballstáit a n-iarratais ar íocaíocht agus an méid comhfhreagrach a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe a chur isteach gan formheas a fháil roimh ré ón gCoimisiún.

CAIBIDIL 5:   PRIONSABAIL CHOTHROMÁNACHA

5.1.   Soláthar poiblí agus úsáid na roghanna costais simplithe

Ó bhí clárthréimhse 2021-2027 ann, is féidir roghanna costais simplithe a úsáid freisin in oibríocht nó i dtionscadal atá mar chuid d’oibríocht a chuireann an tairbhí chun feidhme go heisiach trí sholáthar poiblí.

Maidir le hoibríochtaí atá faoi réir conarthaí soláthair phoiblí, measann an Coimisiún gur oibríochtaí iad a chuirtear chun feidhme trí chonarthaí poiblí a dhámhachtain i gcomhréir le Treoir 2009/81/CE, Treoir 2014/24/AE agus Treoir 2014/25/AE, nó trí chonarthaí poiblí a dhámhachtain faoi bhun thairseacha na dTreoracha céanna bunaithe ar rialacha náisiúnta.

Image 37

Níl aon eisceacht ann ó úsáid shainordaitheach rogha costais shimplithe le haghaidh oibríochtaí faoi bhun EUR 200 000 a chuirtear chun feidhme go heisiach trí sholáthar poiblí. Beidh ar na húdaráis bhainistíochta (nó coistí faireacháin le haghaidh cláir Interreg) comhoiriúnacht a áirithiú idir na rialacha maidir le roghanna costais simplithe agus rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta maidir le dámhachtain conarthaí poiblí.

Cé acu a sholáthraítear nó nach soláthraítear oibríocht ina hiomláine, níor cheart tionchar a bheith aige sin ar na modhanna ríofa a bhunaítear in Airteagail 53(3) agus 94(2) de RFC, ar modhanna iad atá mar an gcéanna le haghaidh gach cineáil oibríochta, bíodh siad soláthartha ina n-iomláine nó ná bíodh. Ba cheart do na húdaráis bhainistíochta modheolaíocht a dhearadh bunaithe ar shonraí iontaofa leordhóthanacha agus foráil a dhéanamh maidir le modhanna coigeartaithe lena n-áiritheofaí go mbeadh méideanna na roghanna costais simplithe fós ina n-athróg ionadach ar fhíorchostais le linn chur chun feidhme na n-oibríochtaí. Ní cheadaítear méid na roghanna costais simplithe a choigeartú leis na praghsanna a eascraíonn as nósanna imeachta soláthair phoiblí arna ndámhachtain faoi chuimsiú na hoibríochta ar leith. Ina theannta sin, ní mór do na húdaráis bhainistíochta roghanna costais simplithe, lena n-áirítear aon mhodh coigeartaithe, a shocrú ex ante agus ba cheart iad a áireamh leis an doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht.

5.2.   Comhoiriúnacht na roghanna costais simplithe leis na rialacha maidir leis an státchabhair

Ba cheart a chur i dtábhacht go bhfuil feidhm ghinearálta ag na rialacha maidir leis an státchabhair a leagtar síos sa Chonradh. Nuair is státchabhair de réir bhrí Airteagal 107 de CFAE é cistiú a sholáthraítear i bhfoirm RCSanna ar an ‘leibhéal íochtair’, ní mór na rialacha sin a chomhlíonadh.

Dá bhrí sin, ní mór do na húdaráis bhainistíochta (nó na coistí faireacháin le haghaidh oibríochtaí Interreg) a áirithiú go bhfuil na catagóirí costas dá mbunaítear roghanna costais simplithe incháilithe faoi rialacha Chistí RFC agus faoi na rialacha maidir leis an státchabhair araon. Ní mór dóibh a áirithiú freisin go n-urramaítear an uasdéine cabhrach a leagtar amach sna rialacha maidir leis an státchabhair agus an éifeacht dreasachta. I gcás cúiteamh as seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta ar státchabhair iad, ní mór méid an chúitimh a urramú.

Faoi rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair, ní mór fógra a thabhairt roimh ré don Choimisiún faoi gach beart cabhrach nua. Ní mór do na Ballstáit fanacht ar chinneadh an Choimisiúin sular féidir leo an beart a chur i bhfeidhm. Le rialacháin maidir le blocdhíolúine, i.e. an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine (AE) Uimh. 651/2014 ( (26) agus, i measc rialacháin eile, an Rialachán maidir le Blocdhíolúine Iascaigh (AE) 2022/2473 (27) déantar foráil maidir le díolúintí ón oibleagáid atá ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi scéimeanna cabhrach agus cabhair ad hoc a chomhlíonann na coinníollacha a shonraítear iontu. Ar an gcaoi chéanna, leagtar amach leis an gcinneadh maidir le státchabhair i bhfoirm cúiteamh seirbhíse poiblí le haghaidh seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (28)(‘an cinneadh maidir le seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta’) na coinníollacha faoina bhfuil státchabhair i bhfoirm cúiteamh seirbhíse poiblí a dheonaítear do ghnóthais a gcuirtear oibriú seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta ar a n-iontaoibh díolmhaithe ón gceanglas réamhfhógra a thabhairt. Ba cheart doiciméid eile amhail Treoirlínte earnáilsonracha ón gCoimisiún (29) a chur san áireamh freisin agus státchabhair á ceapadh toisc go leagtar síos leo na coinníollacha chun a mheas go bhfuil státchabhair ar tugadh fógra ina leith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.

Mar sin féin, níl gach tacaíocht a dheonaíonn údaráis phoiblí faoi réir rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair. Ar an gcéad dul síos, ba cheart a mheasúnú an státchabhair í an tacaíocht a deonaíodh d’oibríocht de réir bhrí Airteagal 107(1) de CFAE. Is féidir tuilleadh faisnéise faoi choincheap na státchabhrach a fháil san fhógra ón gCoimisiún maidir le coincheap na státchabhrach (30) lena soiléirítear tuiscint an Choimisiúin ar Airteagal 107(1) de CFAE, mar a léiríonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh é. Ba cheart forálacha na Rialachán (31) maidir le cabhair ‘de minimis’ a chur san áireamh freisin. Cabhair arb é atá inti cabhair ‘de minimis’ , ní státchabhair í de réir bhrí Airteagal 107(1) de CFAE. Dá bhrí sin, i gcás ina dtagann oibríocht arna cistiú ag Cistí RFC faoi raon feidhme an Rialacháin ábhartha de minimis, ciallaíonn sé nach státchabhair atá sa ranníocaíocht ó Chistí RFC. Dá bhrí sin, i gcás cabhair de minimis, ní gá measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht na rialacha maidir leis an státchabhair, ach amháin na rialacha sin a bhaineann le Cistí RFC agus na coinníollacha maidir leis an tacaíocht a mheas mar chabhair de minimis.

Ní fhéadfaidh cúiteamh as seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a bheith ina státchabhair ach oiread agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé a bheith lasmuigh de raon feidhme chur i bhfeidhm na rialacha maidir leis an státchabhair. Sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le rialacha i leith cúitimh a dheonaítear chun seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar (32), mínítear na himthosca ina dtarlaíonn sé sin.

Prionsabail ghinearálta maidir le comhoiriúnacht roghanna costais simplithe le rialacha maidir leis an státchabhair chun deontais arna soláthar ag na ballstáit do na tairbhithe a aisíoc

Agus roghanna costais simplithe á n-úsáid, tá rialacha maidir leis an státchabhair agus de minimis le breithniú ag céim ullmhúcháin na modheolaíochta agus ag céim roghnúcháin na n-oibríochtaí/an chur chun feidhme, ag brath ar chásanna aonair.

Chun comhlíontacht oibríochtaí Chistí RFC leis an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine, le Rialacháin eile maidir le Blocdhíolúine, leis an gcinneadh maidir le seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta agus le Treoirlínte ábhartha ón gCoimisiún a áirithiú, ní mór na heilimintí seo a leanas a bhreithniú:

—   Incháilitheacht na gcostas arna gcumhdach ag na RCSanna leis an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine agus leis na rialacha maidir le Cistí RFC

Ar an gcéad dul síos, nuair is mian leis an údarás bainistíochta tacaíocht a dheonú a mheastar gur státchabhair í, ba cheart na coinníollacha chun an chabhair a dheonú a sheiceáil de réir na catagóire ábhartha cabhrach/forála díolúine faoin Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine.

Ansin, ba cheart don údarás bainistíochta a áirithiú, faoi chuimsiú na catagóire cabhrach sin, go bhfuil na costais atá beartaithe le haghaidh oibríochta incháilithe, ar bhonn na bhforálacha díolúine ábhartha faoin Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine agus faoi rialacha Chistí RFC araon.

I ndáil leis sin, ceadaítear le hAirteagal 7(1) den Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine costais incháilithe faoin Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine a ríomh i gcomhréir leis na roghanna costais simplithe a leagtar amach in RFC, ar choinníoll go maoinítear an oibríocht go páirteach ar a laghad trí chiste de chuid an Aontais lena gceadaítear úsáid na roghanna costais simplithe sin agus go bhfuil an chatagóir costas incháilithe de réir na díolúine ábhartha sa Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine.

Ciallaíonn sé sin, i gcás inar bunaíodh rogha costais shimplithe i gcomhréir le RFC nó leis na Rialacháin Chiste-shonracha, go n-úsáidfear an méid a aisíocfar bunaithe ar an rogha costais shimplithe chun comhlíontacht na rialacha maidir leis an státchabhair a rialú, ar choinníoll go bhfuil an chatagóir costas féin incháilithe faoi rialacha maidir leis an státchabhair agus go gcomhlíonann an chabhair coinníollacha uile an Rialacháin Ghinearálta maidir le Blocdhíolúine.

I gcás ina n-úsáidtear roghanna costais simplithe, ba cheart na catagóirí costas arna ríomh ar bhonn roghanna costais simplithe a shainaithint sa mhodheolaíocht a úsáidtear chun teacht ar mhéid na roghanna costais simplithe. I gcás ina n-úsáidtear roghanna costais simplithe arna sainiú in RFC nó rialacha ciste-shonracha eile, ba cheart don údarás bainistíochta é sin a áirithiú agus glaonna ar thograí le haghaidh oibríochtaí á n-eisiúint aige a d’fhéadfadh a bheith faoi réir rialacha maidir leis an státchabhair, trí na catagóirí costas a chisteofar le Cistí RFC don oibríocht sin agus a chomhlíonann an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine freisin a shonrú. Ba cheart a shonrú freisin sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht don oibríocht cé na catagóirí costas a mheastar a bheith incháilithe don oibríocht sin.

Agus glaonna ar thograí á n-eisiúint ag údaráis bhainistíochta le haghaidh oibríochtaí a d’fhéadfadh a bheith faoi réir rialacha maidir leis an státchabhair, ní mór dóibh a shonrú, le haghaidh na n-iarratasóirí ar chabhair, na catagóirí costas a chisteofar le Cistí RFC le haghaidh na hoibríochta sin, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann a sheiceáil go gcomhlíonann siad ceann d’fhorálacha an Rialacháin Ghinearálta maidir le Blocdhíolúine, i.e. go ndearnadh na catagóirí costas a shainiú i gceart agus go gcomhlíonann siad forálacha ábhartha an Rialacháin Ghinearálta maidir le Blocdhíolúine. Tá catagóirí costas ann atá incháilithe d’aisíocaíocht ó chistí RFC ach nach bhfuil incháilithe faoi fhorálacha an Rialacháin Ghinearálta maidir le Blocdhíolúine.

Tugtar sampla in Iarscríbhinn 3 maidir le comhoiriúnacht an RCS le rialacha maidir leis an státchabhair.

—   Incháilitheacht na gcostas a chumhdaítear le RCSanna leis an gcinneadh maidir le seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta agus leis na rialacha maidir le Cistí RFC

Ba cheart an oibríocht a bheith faoi raon feidhme comhcheangailte Chinneadh 2021/21 ón gCoimisiún maidir le seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta agus na bhforálacha ábhartha maidir le raon feidhme na tacaíochta in RFC agus sna Rialacháin Chiste-shonracha.

—   Comhlíontacht leis an uasdéine cabhrach nó leis an uasmhéid cabhrach faoin Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine a áirithiú nó cúiteamh faoin gcinneadh maidir le seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a áirithiú

I gcás inar bunaíodh rogha costais shimplithe i gcomhréir le hAirteagail 53 go 56 de RFC nó leis na forálacha ábhartha sna Rialacháin Chiste-shonracha, úsáidfear an méid sin chun comhlíontacht na rialacha maidir leis an státchabhair a rialú.

Ní mór d’údaráis bhainistíochta hipitéis réasúnta agus stuama a úsáid chun a áirithiú gur athróg ionadach iontaofa ar fhíorchostais iad méideanna na roghanna costas simplithe. Leis sin, is féidir méideanna na roghanna costais simplithe a úsáid chun léiriú ar chomhlíontacht le huasdéine cabhrach, uasmhéideanna cabhrach nó tairseacha fógartha faoin Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine a éascú nó chun leibhéal cúitimh faoin gcinneadh maidir le seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a éascú. Beidh an mhodheolaíocht faoi réir iniúchta chun a áirithiú go mbeidh sí i gcomhréir le Cistí RFC is infheidhme agus leis na rialacha maidir leis an státchabhair.

Mar shampla, féach Iarscríbhinn 3.

—   Urraim don éifeacht dreasachta a áirithiú

De réir Airteagal 6 den Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine, i gcás fhormhór na gcatagóirí cabhrach, níl feidhm ag an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine ach amháin maidir le cabhair a bhfuil éifeacht dreasachta aici. Meastar go bhfuil éifeacht dreasachta ag an gcabhair má chuireann an tairbhí iarratas i scríbhinn ar an gcabhair faoi bhráid an Bhallstáit lena mbaineann leis an ábhar a cheanglaítear le hAirteagal 6(2) den Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine sula gcuirtear tús leis an obair ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht (i gcás cabhair ad hoc do ghnóthais mhóra, tá feidhm ag na coinníollacha breise a leagtar síos in Airteagal 6(3) den Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine freisin).

Image 38

Más státchabhair atá sa tacaíocht, tá sé d’oibleagáid ar údaráis bhainistíochta a áirithiú ex ante go n-urramaítear an éifeacht dreasachta, gan beann ar cé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear roghanna costais simplithe. Ní mór do na húdaráis bhainistíochta a áirithiú nach bhfuil aon chineál socruithe conarthacha déanta ag na tairbhithe lena léirítear go bhfuil siad toilteanach oibríochtaí a shaothrú fiú in éagmais cabhrach. D’fhéadfaí an tseiceáil ex ante sin a dhéanamh trí fhéindearbhú a éileamh ón iarratasóir ar chabhair nach raibh gealltanas dlíthiúil daingean déanta aige (tús na n-oibreacha mar a shainítear sa Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine) sular cuireadh isteach a iarratas. D’fhéadfaí a mheas go bhfuil féindearbhuithe inghlactha chun an éifeacht dreasachta a léiriú, ar choinníoll go bhfuil córas éifeachtach rialaithe ann lena gceadaítear seiceálacha randamacha ar na féindearbhuithe sin.

Forálacha sonracha sa rialachán ginearálta maidir le blocdhíolúine agus úsáid roghanna costais simplithe

Le hAirteagal 25(3)(e) den Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine, tugtar isteach ráta comhréidh suas le 20 % is féidir a chur i bhfeidhm i dtionscadail taighde agus forbartha chun forchostais bhreise agus costais oibriúcháin eile a ríomh, lena n-áirítear costais ábhar, soláthairtí agus táirgí comhchosúla, a thabhaítear go díreach mar thoradh ar an tionscadal. Tá cur i bhfeidhm an ráta chomhréidh faoi Airteagal 25(3)(e) den Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine malartach ar úsáid RCSanna arna mbunú faoi chláir RFC nó faoi chiste eile de chuid an Aontais lena gceadaítear roghanna costais simplithe a úsáid agus gan dochar dóibh. Tá an ráta comhréidh le cur i bhfeidhm maidir le costais iomlána incháilithe tionscadail taighde agus forbartha dá dtagraítear in Airteagal 25(3)(a) go (d) den Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine. Is féidir leis an mBallstát an ráta comhréidh a tugadh isteach leis an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine le haghaidh oibríochtaí arna gcómhaoiniú ag Cistí an Bheartais Chomhtháthaithe i gcomhréir le hAirteagal 53(3)(c) de RFC a úsáid mar ráta comhréidh comhfhreagrach is infheidhme i mbeartais an Aontais le haghaidh oibríocht den chineál céanna (33). Agus na modhanna a úsáidtear i mbeartais eile de chuid an Aontais á gcur i bhfeidhm, ní mór don Bhallstát a áirithiú go n-úsáidtear an modh ina iomláine agus go gcuirtear an modh i bhfeidhm maidir le hoibríochtaí den chineál céanna.

I gcás scéim cabhrach oiliúna a thagann faoi Airteagal 31 den Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine, is féidir an ráta comhréidh le haghaidh costais indíreacha arna ríomh ar bhonn na gcostas díreach a liostaítear faoi phointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 54 de RFC a chur i bhfeidhm maidir leis an scéim cabhrach oiliúna a thagann faoi Airteagal 31 den Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine. Chun comhoiriúnacht a áirithiú, níor cheart costais indíreacha faoi phointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 54 de RFC arna ríomh mar chéatadán de na costais dhíreacha a ríomh ach amháin bunaithe ar chatagóirí na gcostas díreach a shainmhínítear mar chostais incháilithe in Airteagal 31(3) den Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine, agus na teorainneacha sonracha le haghaidh gach ceann díobh dá bhforáiltear san fhoráil chéanna den Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine á gcur san áireamh.

5.3.   CFRE agus CSE+ go sonrach: trasmhaoiniú

De bhun Airteagal 25(2) de RFC, i gcás ina soláthraíonn CFRE nó CSE+ tacaíocht d’oibríocht ina hiomláine nó do chuid d’oibríocht a bhfuil na costais incháilithe ina leith faoin gCiste eile (‘trasmhaoiniú’), féadfar trasmhaoiniú suas le teorainn 15 % de thacaíocht ó na Cistí sin a úsáid le haghaidh gach tosaíochta de chlár. Tá feidhm ag rialacha incháilitheachta an Chiste eile, i.e. an ceann as a dtionscnaíonn an trasmhaoiniú, maidir leis an oibríocht sin (nó leis an gcuid sin den oibríocht).

Cé is moite de rátaí comhréidhe, féadfar rogha costais shimplithe aonair a úsáid i ndáil le caiteachas incháilithe faoi Chiste amháin nó faoin gCiste eile. Chun na roghanna costais simplithe a chur i bhfeidhm, ceanglaítear fós ar na Ballstáit an uasteorainn 15 % thuasluaite a chomhlíonadh.

Image 39

Go sonrach, le haghaidh maoiniú ar ráta comhréidh i gcásanna trasmhaoinithe, ba cheart feidhm a bheith ag rátaí comhréidhe ar leith maidir le gach cuid ‘CSE+’ agus ‘CFRE’ den oibríocht. Cuirfear rátaí comhréidhe CSE+ agus CFRE le haghaidh oibríochtaí comhchosúla i bhfeidhm maidir le codanna CSE+ agus CFRE faoi seach. Ní féidir meán an dá ráta a úsáid toisc gur gá an caiteachas a bheith inrianaithe chun a áirithiú go n-urramófar an uasteorainn fhoriomlán 15 % le haghaidh trasmhaoiniú. I gcás nach bhfuil aon ráta ann don Chiste eile le haghaidh oibríocht den chineál céanna (mar shampla, toisc nach gcuirtear an riail i bhfeidhm maidir leis an gCiste eile nó toisc nach bhfuil aon oibríocht chomhchosúil ann arna gcistiú ag an gCiste eile), ní mór don údarás bainistíochta an ráta is infheidhme a chinneadh i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta dlí a bhunaítear in Airteagal 53(3) de RFC agus in Airteagal 54 de RFC.

Sampla 1: Trasmhaoiniú CSE+/CFRE le costais aonaid nó le cnapshuimeanna

Más rud é, i gcás oibríocht CSE+, go n-áirítear leis an gcostas aonaid EUR 6 in aghaidh na huaire an chloig x oiliúnaí ceannach bonneagair le haghaidh EUR 0,50 in aghaidh na huaire an chloig atá incháilithe faoi CFRE, is é EUR 0,50 x an líon ‘uaireanta an chloig x oiliúnaí’ arna réadú a bheidh sa mhéid trasmhaoinithe.

Tá feidhm ag an bprionsabal céanna maidir le cnapshuimeanna: má áirítear ‘caiteachas trasmhaoinithe’ áirithe leis an dréachtbhuiséad mionsonraithe, tabharfar cuntas air agus déanfar faireachán ar leithligh air. Mar shampla, laistigh de chnapshuim EUR 20 000 arna cistiú ag clár CSE+, EUR 5 000 atá sa chaiteachas de chineál CFRE. Ag deireadh na hoibríochta, is éard a bheidh sa mhéid trasmhaoinithe an méid arna shainiú ex ante (EUR 5 000 as an EUR 20 000) nó ‘nialas’ mura n-íoctar an deontas toisc nár baineadh amach an t-aschur réamhshainithe. Beidh feidhm freisin ag prionsabal dénártha na gcnapshuimeanna, mura maolaítear é trí gharspriocanna a shocrú, maidir le caiteachas trasmhaoinithe.

Sampla 2: Trasmhaoiniú CSE+/CFRE le maoiniú ar ráta comhréidh

I gcás ina n-úsáidtear ráta comhréidh le haghaidh costais indíreacha bunaithe ar chostais dhíreacha, is éard a bheidh sa mhéid trasmhaoinithe méid na ‘gcostas díreach trasmhaoinithe’, móide costais indíreacha arna ríomh bunaithe ar an ráta comhréidh is infheidhme maidir leis na ‘costais dhíreacha thrasmhaoinithe’ sin.

Mar shampla, laistigh d’oibríocht EUR 15 000 arna cistiú ag clár CFRE, EUR 3 000 atá sna costais dhíreacha de chineál CSE+, agus ríomhtar costais indíreacha mar 15 % de na costais dhíreacha (EUR 450). Dá bhrí sin, bheadh an méid trasmhaoinithe cothrom le EUR 3 450. Dá laghdófaí na costais dhíreacha ag deireadh na hoibríochta, laghdófaí an méid trasmhaoinithe (lena n-áirítear le haghaidh costais indíreacha) de réir na foirmle céanna.

5.4.   Ceanglais a bhaineann le sonraí a bhailiú, a stóráil agus a fhoilsiú

De réir Airteagal 72(1)(e) de RFC, tá sé d’oibleagáid ar an údarás bainistíochta na sonraí maidir le gach oibríocht is gá le haghaidh faireacháin, meastóireachta, bainistíocht airgeadais, fíoruithe agus iniúchtaí i gcomhréir le hIarscríbhinn XVII a ghabhann le RFC a thaifeadadh agus a stóráil go leictreonach.

De réir réamhrá Iarscríbhinn XVII a ghabhann le RFC, níor cheart ach réimsí sonraí atá ábhartha don oibríocht atá i gceist a líonadh isteach. Tá réimsí sonraí ann a bhaineann go sonrach leis an aisíocaíocht i bhfoirm roghanna costais simplithe, chun deontais a aisíoc leis an tairbhí (réimsí 86-96) nó chun ranníocaíocht an Aontais le cláir a aisíoc (réimsí 112-114).

Ní gá faisnéis i réimsí sonraí 23 agus 24 faoi chonraitheoirí, a n-úinéirí tairbhiúla, a gconarthaí agus a bhfochonraitheoirí a thaifeadadh agus a stóráil i gcás costais indíreacha arna gcumhdach le ráta comhréidh, le costas aonaid nó le cnapshuim (34). Nuair a chumhdaíonn rogha costais shimplithe costais dhíreacha agus costais indíreacha araon, níl feidhm ag an gceanglas maidir le sonraí a thaifeadadh agus a stóráil faoi chonraitheoirí, a n-úinéirí tairbhiúla, a gconarthaí agus a bhfochonraitheoirí ach amháin maidir leis na costais dhíreacha.

Thairis sin, de réir Airteagal 49(3) de RFC, ní mór d’údaráis bhainistíochta liosta oibríochtaí a roghnaíodh le haghaidh tacaíocht ó na Cistí a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin. Ba cheart an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 49(3) de RFC a bheith bunaithe ar Iarscríbhinn XVII a ghabhann le RFC agus níor cheart aon sonraí breise seachas na sonraí a áirítear in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le RFC a bhailiú chun críoch Airteagal 49(3) de RFC. Mar a luaitear thuas, ní gá d’údaráis bhainistíochta sonraí maidir le conraitheoirí a thaifeadadh agus a stóráil go leictreonach in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le RFC le haghaidh costais indíreacha a chumhdaítear le costas aonaid, le cnapshuim nó le ráta comhréidh. Dá bhrí sin, níl feidhm ag an oibleagáid ainm chonraitheoirí an tairbhí a fhoilsiú a leagtar amach in Airteagal 49(3)(a) de RFC i ndáil le hainm an chonraitheora i gcás soláthar poiblí le haghaidh costais indíreacha a chumhdaítear le rogha costais shimplithe.

5.5.   Roghanna costais simplithe agus tréimhse incháilitheachta

Foráiltear leis an dara fomhír d’Airteagal 63(2) de RFC, i gcomhthéacs costais aonaid agus cnapshuimeanna, go bhfuil na gníomhaíochtaí atá mar bhonn le haisíocaíocht le déanamh idir an dáta a chuirfear an clár faoi bhráid an Choimisiúin nó ón 1 Eanáir 2021, cibé acu is túisce, agus an 31 Nollaig 2029. Ciallaíonn sé sin nach é an dáta iarbhír a d’íoc an tairbhí na costais iarbhír arna dtabhú, rud atá ábhartha don tréimhse incháilitheachta, ach na gníomhaíochtaí atá mar bhonn le haisíocaíocht.

Maidir leis na rátaí comhréidhe, ní gá don tairbhí ach na catagóirí costais ar a gcuirtear an ráta comhréidh i bhfeidhm (bonnchostais) – má tá siad bunaithe ar fhíorchostais – a thabhú agus a íoc i gcur chun feidhme oibríochtaí laistigh den tréimhse incháilitheachta dá bhforáiltear sa chéad fhomhír d’Airteagal 63(2) de RFC. Mar shampla, má ríomhtar costais indíreacha i bhfoirm ráta comhréidh suas le 25 % de na costais dhíreacha incháilithe, i gcomhréir le hAirteagal 54 de RFC, ní mór don tairbhí na bonnchostais chun an ráta comhréidh a ríomh (costais dhíreacha incháilithe na hoibríochta) a thabhú agus a íoc agus oibríochtaí á gcur chun feidhme laistigh den tréimhse incháilitheachta, i.e. faoin 31 Nollaig 2029.

CAIBIDIL 6:   FÍORUITHE BAINISTÍOCHTA AGUS INIÚCHADH

Éilítear le roghanna costais simplithe, seachas na RCSanna réamhdhéanta, comhfhogasú ex-ante costas bunaithe, mar shampla, ar shonraí stairiúla nó staidrimh. Ós rud é gur meánmhéideanna nó airmheánmhéideanna iad, nó gur toradh iad ar mhodheolaíochtaí eile atá fónta ó thaobh staidrimh de, is gné dhílis de sin go bhféadfaidh RCSanna róchúiteamh nó tearc-chúiteamh a dhéanamh go pointe teoranta ar na costais iarbhír arna dtabhú ag na tairbhithe agus arna n-íoc agus oibríochtaí á gcur chun feidhme. Mar sin féin, meastar go bhfuil sé sin inghlactha faoi na rialacha is infheidhme toisc go meastar gur athróga ionadacha iontaofa ar fhíorchostais iad na RCSanna arna mbunú ar mhodheolaíocht cheart; ní saibhriú éagórach é aon róchúiteamh den sórt sin.

Nuair a chuirfear RCSanna i bhfeidhm, ní sheiceálfar ex post le fíoruithe bainistíochta agus iniúchtaí na costais arna dtabhú iarbhír ag tairbhithe; seiceálfaidh siad go bhfuil an mhodheolaíocht lena gcuirtear an RCS ar bun ex ante i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme agus go gcuirtear i bhfeidhm i gceart í.

Tugtar tuairisc sa chaibidil seo ar an gcur chuige maidir le fíoruithe bainistíochta agus iniúchtaí ar roghanna costais simplithe.

6.1.   Cur chuige ginearálta maidir le fíoruithe bainistíochta agus iniúchadh

I gcás ina n-úsáidtear roghanna costais simplithe ar an ‘leibhéal íochtair’, chun dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais a chinneadh, seiceálfaidh iniúchtaí an Choimisiúin agus iniúchtaí náisiúnta araon dearadh ceart na modheolaíochta. Fíorófar cur i bhfeidhm ceart na modheolaíochta le linn iniúchtaí agus fíoruithe bainistíochta an Choimisiúin agus náisiúnta.

Sonraítear le hAirteagal 74(1)(a) de RFC go bhfuil an t-údarás bainistíochta le fíorú gur soláthraíodh na seirbhísí agus na táirgí cómhaoinithe, go gcomhlíonann an oibríocht an dlí is infheidhme, an clár agus na coinníollacha maidir le tacaíocht na hoibríochta.

Ina theannta sin, sonraítear le hAirteagal 74(1)(a)(ii) de RFC, i gcás costais a aisíoctar ar bhonn roghanna costais simplithe, go bhfuil an t-údarás bainistíochta le fíorú gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le caiteachas a aisíoc leis an tairbhí.

Le ceanglais Airteagail 74(1)(a) agus 77(1) de RFC agus Iarscríbhinn XIII a ghabhann le RFC ina sonraítear gur soláthraíodh na táirgí agus na seirbhísí cómhaoinithe agus go gcomhlíonann an oibríocht an dlí is infheidhme, tugtar le tuiscint gur cheart doiciméadacht maidir leis na costais fholuiteacha (e.g. sonraisc, doiciméadacht íocaíochta) a fhíorú nó a iarraidh le fíoruithe bainistíochta agus le hiniúchtaí. Ní chumhdófar le fíoruithe bainistíochta agus iniúchtaí na costais iarbhír arna dtabhú ag an tairbhí (e.g. sonraisc, admhálacha) ná nósanna imeachta sonracha soláthair phoiblí is bun leis an gcaiteachas a aisíoctar ar bhonn roghanna costais simplithe. Mar iarmhairt, níor cheart na doiciméid fholuiteacha airgeadais nó soláthair sin a iarraidh d’fhonn na méideanna (caiteachas) a thabhaigh an tairbhí iarbhír agus a íocadh a sheiceáil.

I gcás roghanna costais simplithe arna bhformheas ag an gCoimisiún le haghaidh an ‘leibhéil uachtair’ , de réir Airteagal 94(3) de RFC, is é is aidhm eisiach d’fhíoruithe bainistíochta agus iniúchtaí a fhíorú gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le haisíocaíocht ón gCoimisiún.

Ní mór na rialacha incháilitheachta a chomhlíonadh gan beann ar an bhfoirm aisíocaíochta. Dá bhrí sin, fiú nuair a úsáidtear RCSanna in oibríochtaí, ní mór incháilitheacht na hoibríochta, an tairbhí, na rannpháirtithe (más infheidhme) a áirithiú.

Rian iniúchóireachta

Déanfar na doiciméid uile is gá le haghaidh an riain iniúchóireachta mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII a ghabhann le RFC a choimeád i gcomhréir le hAirteagal 69(6) de RFC.

Rcsanna agus fíoruithe bainistíochta rioscabhunaithe

De réir Airteagal 74(2) de RFC, déantar fíoruithe bainistíochta bunaithe ar mheasúnú riosca a dhéantar ex ante. Más rud é, de réir an mheasúnaithe riosca, go gcaithfidh an t-údarás bainistíochta caiteachas arna dhearbhú faoi RCS a fhíorú (ní dhéanfar RCSanna a eisiamh go huathoibríoch ón measúnú riosca), áireofar leis na seiceálacha na pointí sonracha a shonraítear sa Chaibidil seo.

Coinbhleacht leasa

Tabharfar aghaidh freisin ar an gcoinbhleacht leasa in oibríochtaí ina n-úsáidtear RCSanna. Tá feidhm ag treoraíocht an Choimisiúin (35) maidir le coinbhleacht leasa a sheachaint agus a bhainistiú faoin Rialachán Airgeadais. Soláthraítear samplaí ábhartha sa treoraíocht sin. Cinnfear neamhcháilitheacht caiteachais ar bhonn cás ar chás, ag brath ar mhéid na coinbhleachta leasa a bhraitear (an oibríocht iomlán nó cuid den oibríocht amháin).

Sampla: Thacaigh Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) le tionscadal taighde in ollscoil. Fuair an tionscadal tacaíocht airgeadais chun taighdeoirí ar théarma seasta a fhostú (rinneadh aisíocaíocht bunaithe ar an gcostas aonaid caighdeánach in aghaidh na míosa in aghaidh an taighdeora). Formheasadh an tionscadal trí phróiseas roghnúcháin iomaíoch. Nochtadh le hiniúchadh ar an tionscadal coinbhleachtaí leasa i bpróiseas roghnúcháin na dtaighdeoirí. D’ainneoin rialacháin lena gceanglaítear neamhchlaontacht, rinne roinnt meastóirí athbhreithniú ar iarratais inar chomhscríobh siad foilseacháin leis na hiarratasóirí, nár nocht an Ollscoil ná an t-údarás bainistíochta i gceart nó nár thug siad aghaidh orthu i gceart. Dá bhrí sin, shainaithin na hiniúchóirí é sin mar choinbhleacht leasa, rud a chuir trédhearcacht agus cothroime an phróisis roghnúcháin i mbaol. Cheistigh na hiniúchóirí dlíthiúlacht an chaiteachais dhearbhaithe do na taighdeoirí lena mbaineann.

6.2.   Bunú ceart na modheolaíochta le haghaidh na rogha costais simplithe a fhíorú

Déanfar an mhodheolaíocht a fhíorú ar leibhéal an údaráis bhainistíochta nó an chomhlachta idirmheánaigh.

Déanann an t-údarás iniúchóireachta measúnú ar bhunú na modheolaíochta ex ante nó le linn an chur chun feidhme, mar a leanas:

I gcás roghanna costais simplithe a úsáidtear ar an ‘leibhéal uachtair’ (Airteagal 94 de RFC), tá sé sainordaitheach go ndéanfadh an t-údarás iniúchóireachta measúnú ex ante ar an modheolaíocht, sula gcuirfear Foscríbhinn 1 d’Iarscríbhinní V agus VI a ghabhann le RFC faoi bhráid an Choimisiúin. Tar éis don Choimisiún an rogha costais shimplithe a fhormheas, ní dhéanfaidh an Coimisiún iniúchadh ar an modheolaíocht arís.

I gcás roghanna costais simplithe a úsáidtear ar an ‘leibhéal íochtair’ (Airteagal 53 de RFC), moltar go mór go ndéanfadh an t-údarás iniúchóireachta measúnú ex ante ar an modheolaíocht agus go soláthródh sé toradh a mheasúnaithe roimh an gcur chun feidhme. De rogha air sin, déanfaidh an t-údarás iniúchóireachta measúnú air le linn an chur chun feidhme, nuair a bheidh iniúchadh á dhéanamh ar chaiteachas a aisíoctar le tairbhithe bunaithe ar roghanna costais simplithe. D’fhéadfadh measúnú agus bailíochtú na modheolaíochta ex-ante ag an údarás iniúchóireachta an riosca maidir le neamhrialtachtaí a laghdú go mór. Ina theannta sin, is féidir leis an údarás iniúchóireachta toradh a mheasúnaithe a úsáid le haghaidh iniúchtaí (dearbhaithe) amach anseo, nuair a dhéantar oibríochtaí ina n-úsáidtear RCSanna a shampláil. Maidir leis an gclár, tá sé de bhuntáiste ag an gcur chuige sin earráidí sistéamacha a chosc a bhféadfadh iarmhairtí airgeadais a bheith acu dá mbraithfí iad le linn an chur chun feidhme amháin. Má dhéantar an measúnú ex-ante agus má thagann an t-údarás iniúchóireachta ar chonclúid dhearfach (i.e. bailíochtú foirmiúil ar mhodheolaíocht RCS), féadfaidh an t-údarás iniúchóireachta toradh a mheasúnaithe a úsáid le haghaidh iniúchtaí amach anseo, nuair a dhéanfar oibríochtaí ina n-úsáidtear na RCSanna céanna a shampláil.

De ghnáth déanfar modheolaíocht an RCS a fhíorú maidir le clár (nó codanna de) nó maidir le roinnt clár atá faoi fhreagracht an údaráis bhainistíochta nó comhlachta idirmheánaigh. I gcás RCSanna atá bunaithe ar shonraí na dtairbhithe féin i gcomhréir le hAirteagail 53(3)(a)(ii) agus (iii) agus 53(3)(b) de RFC, déanfar an fíorú sin le haghaidh tairbhithe sonracha.

Sa chleachtas, fíoróidh an t-údarás iniúchóireachta ar cuireadh an rogha costais shimplithe ar bun i gcomhréir leis na ceanglais maidir le modhanna ríofa a shonraítear in Airteagal 53(3) le haghaidh ‘leibhéal íochtair’ agus in Airteagal 94(2) de RFC le haghaidh ‘leibhéal uachtair’ agus forálacha ábhartha arna sainiú ag údaráis na gclár le haghaidh rogha costais shimplithe den sórt sin.

Áireofar an méid seo a leanas sa mheasúnú a dhéanfaidh an t-údarás iniúchóireachta ar an modheolaíocht a d’fhorbair an t-údarás bainistíochta le haghaidh aon chineál RCS:

A sheiceáil gur dearadh an mhodheolaíocht bunaithe ar na modhanna ar a dtugtar tuairisc in RFC agus go dtugtar tuairisc cheart uirthi;

A fhíorú go bhfuil na catagóirí costas a chumhdaítear leis an RCS incháilithe;

A fhíorú go dtugtar tuairisc ar an rian iniúchóireachta le haghaidh táirgí insoláthartha agus go bhfuil sé leordhóthanach;

I gcás inar féidir roinnt RCSanna agus/nó fíorchostais a chomhcheangal san oibríocht chéanna, a sheiceáil nach bhfuil aon riosca ann go mbeidh maoiniú dúbailte ann (e.g. déantar catagóirí costas a chumhdaítear le rátaí comhréidhe a dheighilt go soiléir);

Má tá modh coigeartaithe beartaithe, measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an modh coigeartaithe ábhartha don RCS sonrach agus

Más rud é go n-úsáidfear an RCS in oibríochtaí atá faoi réir na rialacha maidir leis an státchabhair, a sheiceáil go bhfuil na costais a chumhdaítear leis an RCS incháilithe de réir na rialacha maidir leis an státchabhair.

Ina theannta sin, tá na heilimintí seo a leanas le seiceáil:

 

I gcás RCSanna bunaithe ar mhodh ríofa atá cóir, cothromasach agus infhíoraithe:

A sheiceáil go bhfuil faisnéis faoin modh ríofa doiciméadaithe, inrianaithe go héasca agus ceart;

A fhíorú go bhfuil na costais a áirítear sna ríomhanna ábhartha agus incháilithe;

Iontaofacht/cruinneas sonraí a fhíorú.

 

I gcás RCSanna atá bunaithe ar dhréachtbhuiséad:

A fhíorú go ndearna an t-údarás bainistíochta athbhreithniú ar an mbuiséad agus gur chomhaontaigh sé ex-ante é. I gcás inar RCS ar ‘leibhéal íochtair’ é, fíorófar leis na hiniúchtaí nach mó costas iomlán na hoibríochta ná EUR 200 000 nó EUR 100 000 i gcás tionscadal a chuirtear chun feidhme faoi chiste le haghaidh tionscadail bheaga (Airteagal 25 de Rialachán Interreg).

 

I gcás RCSanna bunaithe ar chostais aonaid chomhfhreagracha, ar chnapshuimeanna agus ar rátaí comhréidhe is infheidhme i mbeartais an Aontais:

A fhíorú go raibh na rialacha maidir le beartais chomhfhreagracha RCSanna an Aontais fós infheidhme tráth an ghlao ar thograí (le haghaidh RCSanna ar an ‘leibhéal íochtair’) nó tráth a cuireadh leasú ar an gclár faoi bhráid an Choimisiúin (le haghaidh RCSanna ar an ‘leibhéal uachtair’)

A fhíorú gur athúsáideadh iomlán na modheolaíochta

A fhíorú go n-úsáidtear RCS le haghaidh oibríochtaí comhchosúla.

 

I gcás RCSanna bunaithe ar chostais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe comhfhreagracha is infheidhme sna Ballstáit:

A fhíorú go raibh na rialacha maidir le RCSanna comhfhreagracha na mBallstát fós infheidhme tráth an ghlao ar thograí (le haghaidh RCSanna ar an ‘leibhéal íochtair’) nó tráth a cuireadh leasú ar an gclár faoi bhráid an Choimisiúin (le haghaidh RCSanna ar an ‘leibhéal uachtair’);

A fhíorú gur athúsáideadh iomlán na modheolaíochta;

A fhíorú go gcuirtear modheolaíocht RCS faoin mbeartas náisiúnta i bhfeidhm faoi scéimeanna le haghaidh deontais arna gcistiú go hiomlán ag an mBallstát;

A fhíorú go n-úsáidtear RCS le haghaidh oibríochtaí comhchosúla.

Dírítear leis an iniúchadh ar mhodheolaíocht RCS ar a fhíorú go gcomhlíontar forálacha RFC chun modheolaíocht a bhunú. Is é an t-údarás bainistíochta, agus an t-údarás sin amháin, a bheidh freagrach as rogha an mhodha ríofa. Ba cheart don údarás bainistíochta taifid leordhóthanacha a choimeád ar an modh ríofa bunaithe agus ba cheart dó a bheith in ann an bonn ar ar socraíodh na rátaí comhréidhe, na costais aonaid nó na cnapshuimeanna a léiriú. Beidh na taifid a choimeádtar chun an modh ríofa a dhoiciméadú faoi réir na gceanglas maidir le hinfhaighteacht doiciméad a leagtar amach in Airteagal 82 de RFC.

I gcás rátaí comhréidhe, cnapshuimeanna agus costais aonaid a shocraítear in RFC nó i Rialacháin Chiste-shonracha nach gá ríomh a dhéanamh orthu chun an ráta is infheidhme a chinneadh (RCSanna ‘réamhdhéanta’), díreoidh fíorú an údaráis iniúchóireachta ar na catagóirí costas a shainiú (e.g. costais dhíreacha, costais indíreacha, costais foirne dhíreacha). Fíoróidh na hiniúchóirí go bhfuil na catagóirí costas a chumhdaítear leis na rátaí comhréidhe ‘réamhdhéanta’ leagtha amach ag an mBallstát sna rialacha náisiúnta nó ag an údarás bainistíochta (nó ag an gcoiste faireacháin le haghaidh cláir Interreg) sa chlár nó sna glaonna ar thograí a sheoltar agus go seachnaítear maoiniú dúbailte.

6.3.   Fíorú ag an údarás bainistíochta agus iniúchadh ar chur i bhfeidhm ceart na modheolaíochta le linn an chur chun feidhme

Agus ráta comhréidh, costas aonaid nó cnapshuim á n-úsáid, ní gá údar a thabhairt le fíorchostais na gcatagóirí caiteachais a chumhdaítear leis na roghanna costais simplithe lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, dímheas agus ranníocaíochtaí comhchineáil (36).

Tá fíorú ar chomhlíontacht na rialacha maidir leis an státchabhair le déanamh agus roghanna costais simplithe á n-úsáid ar an ‘leibhéal íochtair’, i.e. mar mhodh aisíocaíochta le haghaidh tairbhithe (féach Caibidil 6.5).

Níl aon bhunús dlí ann chun seiceáil a dhéanamh ar na costais a tabhaíodh agus a íocadh iarbhír le haghaidh catagóirí costais a chumhdaítear le RCSanna arna mbunú i gcomhréir le RFC; dá bhrí sin, ní iarrtar doiciméid fholuiteacha lena dtugtar údar leis na fíorchostais (e.g. ní gá do thairbhithe sonraisc a sholáthar le haghaidh fíorchostas chun a fhíorú ar thabhaigh an tairbhí costais indíreacha 15 % go deimhin nuair a cuireadh pointe (b) d’Airteagal 54 de RFC i bhfeidhm).

Déanfar fíorú ar chur i bhfeidhm ceart an mhodha bhunaithe ar leibhéal an údaráis bhainistíochta le haghaidh roghanna costais simplithe a úsáidtear ar ‘leibhéal uachtair’ agus ar leibhéal an tairbhí le haghaidh roghanna costais simplithe a úsáidtear ar ‘leibhéal íochtair’.

Fíoraíonn an t-údarás bainistíochta/comhlacht idirmheánach cur i bhfeidhm ceart mhodheolaíocht RCS le linn fíoruithe bainistíochta. Fíoraíonn an t-údarás iniúchóireachta é le linn a iniúchtaí (iniúchtaí ar oibríochtaí, iniúchtaí téamacha, iniúchtaí ar an gcóras).

6.3.1.   Fíorú ar chur i bhfeidhm ceart rátaí comhréidhe

Beidh seiceáil na n-eilimintí seo a leanas i gceist le fíorú chur i bhfeidhm ceart an chórais mhaoinithe ar ráta comhréidh:

Shainigh an t-údarás bainistíochta (nó an coiste faireacháin le haghaidh cláir Interreg) na catagóirí costas arna gcumhdach ag an ráta comhréidh agus na catagóirí sin a bhfuil feidhm ag an ráta comhréidh maidir leo (‘na bonnchostais’). Ba cheart do na húdaráis bhainistíochta sainmhíniú soiléir a sholáthar ar na catagóirí costas nó liosta réamhbhunaithe a shainiú de gach catagóir costais incháilithe a chumhdaítear leis an ráta comhréidh agus de na catagóirí sin ar a bhfuil an ráta comhréidh bunaithe (agus, i gcás inarb ábhartha, catagóirí eile costas incháilithe);

Tá sé beartaithe an ráta comhréidh a úsáid sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht;

Tá na costais a úsáidtear mar bhonn don ríomh (ar a dtugtar ‘bonnchostais’) incháilithe, dlíthiúil agus rialta (37);

Ní dhéantar aon dearbhú dúbailte maidir leis an mír chostais chéanna (ní áirítear aon mhír chostais a chumhdaítear leis an ráta comhréidh leis an ‘mbonn’ don ríomh ná le haon fhíorchostas eile). Mar shampla, má chumhdaítear costais riaracháin le ráta comhréidh le haghaidh costais indíreacha, níor cheart iad a dhearbhú bunaithe ar chostais a thabhaítear iarbhír;

Déantar an méid a dhearbhaítear a ríomh i gceart tríd an ráta comhréidh a chur i bhfeidhm maidir leis na ‘bonnchostais’;

Déantar an méid a ríomhtar tríd an ráta comhréidh a chur i bhfeidhm a choigeartú go comhréireach má modhnaíodh luach an bhonnchostais/na mbonnchostas ar a gcuirtear an ráta comhréidh i bhfeidhm. I gcás aon laghdú ar mhéid incháilithe na ‘mbonnchostas’ arna nglacadh tar éis fíoruithe ar na catagóirí costas incháilithe ar a gcuirtear an ráta comhréidh i bhfeidhm (e.g. tar éis ceartú airgeadais) de na ‘bonnchostais’, déanfaidh sé difear go comhréireach don mhéid arna ghlacadh le haghaidh na gcatagóirí costas arna ríomh trí ráta comhréidh a chur i bhfeidhm maidir leis na ‘bonnchostais’;

Má shocraítear coinníollacha eile sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht, ní mór comhlíonadh na gcoinníollacha sin a fhíorú freisin le linn fíoruithe bainistíochta agus iniúchtaí;

Más infheidhme, cloítear le rialacha maidir leis an státchabhair le haghaidh RCSanna a úsáidtear chun tairbhithe a aisíoc (féach Caibidil 6.5);

Tá gá leis na catagóirí costais a chumhdaítear leis an ráta comhréidh chun an oibríocht a chur chun feidhme; ag céim an roghnúcháin, seiceálfaidh an t-údarás bainistíochta an bhfuil gá leis na catagóirí costais arna gcumhdach ag an ráta comhréidh, bunaithe ar na gníomhaíochtaí a bhfuil gá leo chun an tionscadal a chur chun feidhme, a shonraítear san iarratas ar chistiú agus sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht.

Ní dhéanfar aon seiceáil ar na nithe seo a leanas:

Na costais iarbhír arna dtabhú ag an tairbhí nó doiciméid tacaíochta (airgeadais) ghaolmhara le haghaidh na méideanna arna n-aisíoc ar bhonn ráta comhréidh;

Doiciméid tacaíochta chun a sheiceáil gur chaith an tairbhí méid an ráta chomhréidh ar an gcatagóir costais cheart;

Córas cuntasaíochta na dtairbhithe.

Ós rud é go ndéantar cúnamh teicniúil a aisíoctar bunaithe ar ráta comhréidh (38) a ríomh go huathoibríoch in SFC2021 bunaithe ar chaiteachas dearbhaithe, níl aon seiceáil le déanamh ag an údarás bainistíochta ná ag an údarás iniúchóireachta. Déanfaidh laghduithe ar an gcaiteachas atá mar bhonn ríomh an ráta chomhréidh tar éis ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm difear do ríomh uathoibríoch an ráta chomhréidh, rud a mbeidh laghdú comhréireach ar thacaíocht don chúnamh teicniúil mar thoradh air.

6.3.2.   Fíorú ar chur i bhfeidhm ceart na gcostas aonaid

Áireofar leis an bhfíorú ar chur i bhfeidhm ceart na gcostas aonaid measúnú chun a fháil amach ar comhlíonadh na coinníollacha a socraíodh i dtéarmaí próisis, aschuir agus/nó torthaí maidir le haisíocaíocht costas.

Ní mór na heilimintí seo a leanas a sheiceáil chun cur i bhfeidhm ceart na gcostas aonaid a fhíorú:

Tá úsáid an chostais aonaid beartaithe sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht;

Déantar doiciméadú ar na haonaid arna soláthar ag an tionscadal i gciall ionchuir, aschuir nó torthaí cainníochtaithe a chumhdaítear leis an gcostas aonaid agus, dá bhrí sin, tá siad infhíoraithe agus fíor. Ní féidir costais aonaid atá nasctha le haschuir agus torthaí nár baineadh amach a dhearbhú;

Tá an méid a dhearbhaítear cothrom leis an gcostas aonaid socraithe arna iolrú faoi na haonaid iarbhír arna soláthar ag an tionscadal;

Ní dhéantar aon dearbhú dúbailte maidir leis an mír chostais chéanna (ní áirítear aon mhír chostais a chumhdaítear leis an gcostas aonaid leis na costais a dhearbhaítear faoi chineálacha eile aisíocaíochta);

Má shocraítear coinníollacha eile sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht, ní mór comhlíonadh na gcoinníollacha sin a fhíorú freisin le linn fíoruithe bainistíochta agus iniúchtaí;

Más infheidhme, urramaítear na rialacha maidir leis an státchabhair le haghaidh RCSanna a úsáidtear chun tairbhithe a aisíoc (féach Caibidil 6.5).

Ní dhéanfar aon seiceáil ar na nithe seo a leanas:

Na costais iarbhír arna dtabhú ag an tairbhí nó doiciméid tacaíochta (airgeadais) ghaolmhara le haghaidh na méideanna arna n-aisíoc ar bhonn na gcostas aonaid;

Doiciméid tacaíochta chun a sheiceáil gur chaith an tairbhí an méid a aisíocadh mar chostais aonaid ar an gcatagóir costais cheart.

Córas cuntasaíochta na dtairbhithe

6.3.3.   Fíorú ar chur i bhfeidhm ceart cnapshuimeanna

I gcás cnapshuimeanna, tá sé fíor-riachtanach dearbhú a fháil gur fíor iad na haschuir/na torthaí a thuairiscítear. Dá bhrí sin, is éard atá i gceist leis an rialú seiceáil a dhéanamh ar na heilimintí seo a leanas:

Tá úsáid na cnapshuime beartaithe sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht;

Cuireadh céimeanna comhaontaithe (garspriocanna, más infheidhme) an tionscadail i gcrích ina n-iomláine agus baineadh amach na haschuir/torthaí i gcomhréir leis na coinníollacha arna socrú ag údaráis an chláir maidir le húsáid RCS (ní mór na haschuir/torthaí a dhoiciméadú);

Ní dhéantar aon dearbhú dúbailte maidir leis an mír chostais chéanna (ní áirítear aon mhír chostais a chumhdaítear leis an gcnapshuim leis na costais a dhearbhaítear faoi chineálacha eile aisíocaíochta);

Má shocraítear coinníollacha eile sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht, ní mór comhlíonadh na gcoinníollacha sin a fhíorú freisin le linn fíoruithe bainistíochta agus iniúchtaí;

Más infheidhme, urramaítear na rialacha maidir leis an státchabhair le haghaidh RCSanna a úsáidtear chun tairbhithe a aisíoc (féach Caibidil 6.5).

Ní dhéanfar aon seiceáil ar na nithe seo a leanas:

Na costais iarbhír arna dtabhú ag an tairbhí i ndáil leis na haschuir/torthaí a baineadh amach;

Doiciméid tacaíochta le haghaidh na gcostas iarbhír chun údar a thabhairt gur chaith an tairbhí méid na cnapshuime ar na cineálacha réamhshainithe costas/gníomhaíochtaí;

Córas cuntasaíochta na dtairbhithe.

6.4.   Easpa maoiniú dúbailte a fhíorú agus RCSanna á núsáid

Easpa maoiniú dúbailte laistigh den oibríocht chéanna

Ní mór aghaidh a thabhairt ar ghné an mhaoinithe dhúbailte cheana féin ó dhearadh na modheolaíochta trí na catagóirí costas a chumhdaítear le RCS agus na catagóirí a aisíoctar trí úsáid a bhaint as cineálacha eile aisíocaíochta a shainiú agus a idirdhealú go soiléir. Le linn fíoruithe bainistíochta agus iniúchtaí, i gcás comhcheangail RCSanna, sa bhreis ar na seiceálacha is gá le haghaidh na gcineálacha aonair costas simplithe ar a dtugtar tuairisc thuas, ní mór a dheimhniú leis na fíoruithe bainistíochta agus leis na hiniúchtaí nach ndearbhaítear costais uile na hoibríochta ach aon uair amháin. Áirítear leis sin a sheiceáil go n-áirithítear leis na modheolaíochtaí a chuirtear i bhfeidhm nach féidir aon chaiteachas oibríochta a mhuirearú faoi níos mó ná cineál amháin RCS agus, más infheidhme, catagóire costais (dearbhú dúbailte costas, mar shampla, mar chostais dhíreacha agus mar chostais indíreacha araon).

Ba cheart do na fíoruithe bainistíochta agus iniúchtaí a sheiceáil freisin nach bhfuil aon dearbhú dúbailte ann maidir leis an mír chostais chéanna, i.e. nach n-áirítear leis an ‘mbonnchostas’ nó le haon fhíorchostas eile aon mhír chostais a thagann faoi ráta comhréidh de ghnáth. Mar shampla, ní fhéadfar costais chuntasaíochta a chumhdaítear le ráta comhréidh le haghaidh costais indíreacha de réir Airteagal 54 a áireamh le catagóir eile costas, amhail costais dhíreacha le haghaidh saineolas seachtrach má áirítear costais chuntasaíochta leo freisin, chun an riosca maidir le maoiniú dúbailte a sheachaint.

Easpa maoiniú dúbailte ó chistí, cláir agus ionstraimí eile de chuid an aontais

Is féidir dul i ngleic leis an easpa maoiniú dúbailte ar leibhéil éagsúla (clársceidealú, roghnú nó cur chun feidhme); Is féidir leis na Ballstáit bearta leordhóthanacha a dhearadh (agus a iarraidh ar thairbhithe é a chur chun feidhme) chun maoiniú dúbailte a sheachaint. Sa chaibidil seo, cuirfimid samplaí i láthair de bhearta chun maoiniú dúbailte a sheachaint ar gach ceann de na leibhéil sin.

Ní mór an comhordú, an críochú agus na comhlántachtaí idir na Cistí agus, i gcás inarb iomchuí, an comhordú idir cláir náisiúnta agus cláir réigiúnacha a bheith sa Chomhaontú Comhpháirtíochta.

Sampla 1: Críochú soiléir

Tugtar tuairisc leis an gComhaontú Comhpháirtíochta go maoineoidh clár X de chuid an Bhallstáit faoi seach na bóithre náisiúnta agus go maoineoidh clár Y bóithre tuaithe nó go bhfuil teorannú geografach soiléir ann.

I gcásanna nach bhfuil teorannú soiléir sa Chomhaontú Comhpháirtíochta, is gá bearta leordhóthanacha a chur i bhfeidhm ar leibhéal an Bhallstáit chun maoiniú dúbailte a sheachaint.

Sampla 2: Fíoruithe ag céim an roghnúcháin

Soláthraíonn údarás bainistíochta cláir a liosta oibríochtaí atá beartaithe lena roghnú d’údaráis bhainistíochta eile sa Bhallstát céanna, ag iarraidh orthu comparáid a dhéanamh lena liostaí féin de thionscadail roghnaithe chun forluí soiléir a sheachaint (e.g. faigheann an t-údarás áitiúil céanna deontais ó dhá fhoinse chun an chuid chéanna de chladach abhann a chomhdhlúthú).

Sampla 3: Fíoruithe téamacha ag na húdaráis bhainistíochta

Chruthaigh an Comhlacht Comhordúcháin i mBallstát uirlis IS lena ndéantar comparáid idir liostaí na n-oibríochtaí ó chláir ina bhfuil forluí i réimsí maoinithe agus scanta do thairbhithe comhchosúla agus tuairisc ar oibríochtaí. I gcás meaitseanna, tugann sé foláireamh d’fhoireann na n-údarás bainistíochta faoi seach a leanann ar aghaidh chuig seiceálacha breise chun maoiniú dúbailte a sheachaint.

Le linn athbhreithniú téamach ar an bhfoireann a fostaíodh sna hoibríochtaí a maoiníodh trí RCSanna, shainaithin an t-údarás bainistíochta an duine céanna a fostaíodh sa tréimhse ama chéanna i dtrí thionscadal éagsúla. I gcás dhá cheann de na tionscadail, aisíocadh costais foirne bunaithe ar fhíorchostais agus i gcás tionscadal amháin, aisíocadh costais foirne bunaithe ar rátaí in aghaidh na huaire an chloig. Tar éis don údarás bainistíochta fíorú a dhéanamh ar na huaireanta a dearbhaíodh don chéad dá thionscadal le haghaidh an duine lena mbaineann, chinn sé gur sáraíodh méid iomlán an ama oibre a cheadaítear de réir rialacha náisiúnta. Thug sé sin le tuiscint nach bhféadfadh an duine lena mbaineann oibriú ar thionscadal breise, fiú dá n-aisíocfaí é bunaithe ar rátaí in aghaidh na huaire an chloig.

De réir Airteagal 63(9) de RFC, féadfaidh an oibríocht tacaíocht a fháil ó Chiste amháin nó níos mó nó ó chlár amháin nó níos mó agus ó ionstraimí eile de chuid an Aontais, fad nach ndearbhaítear an caiteachas céanna ach aon uair amháin. Ní mór an easpa maoiniú dúbailte a áirithiú agus a sheiceáil fiú nuair a bhíonn an aisíocaíocht leis na tairbhithe i bhfoirm roghanna costais simplithe.

Sampla 4: Seiceálacha ar leibhéal an tairbhí

Déanann an t-údarás bainistíochta na fíoruithe bainistíochta ar leibhéal tairbhí. Úsáideann an oibríocht an ráta comhréidh 40 % a chuirtear i bhfeidhm ar chostais foirne dhíreacha. Mar chuid de sheiceálacha an údaráis bhainistíochta ar na costais foirne (bonnchostais), déantar tuairisc ar phost duine a fhíorú. Luaitear sa tuairisc ar an bpost gur le haghaidh oibríochtaí arna maoiniú ag CFRE a dhéantar 100 % de na gníomhaíochtaí a dhéanann an fhoireann faoi seach, agus go ndéantar an oibríocht fhíoraithe a mhaoiniú trí CSE+.

I ndeireadh na dála, is ar an mBallstát atá an fhreagracht na bearta is gá a dhearadh agus a chur chun feidhme chun maoiniú dúbailte a sheachaint, i gcomhréir le hAirteagal 63(9) de RFC. Díreofar le hiniúchtaí an Choimisiúin go háirithe ar a áirithiú go bhfuil na bearta sin i bhfeidhm agus, i gcás nach amhlaidh an cás, go ndéantar gníomhaíochtaí feabhais.

Féadfar úsáid a bhaint as féindearbhuithe ó thairbhithe nach n-iarrfaidh siad maoiniú le haghaidh gníomhaíochtaí den chineál céanna ó chistí eile má chomhthacaítear iad (ar bhonn cás ar chás) le foinsí breise faisnéise. Féadfar a áireamh leis na fíoruithe bainistíochta agus leis na hiniúchtaí cuardach a dhéanamh sna bunachair sonraí náisiúnta nó Eorpacha agus seiceálacha a dhéanamh ar na bearta poiblíochta a ghlac na tairbhithe ar a suíomhanna gréasáin agus ina suíomhanna.. I gcás amhrais, ní mór do na húdaráis bhainistíochta agus iniúchóireachta seiceálacha níos doimhne a dhéanamh agus faisnéis bhreise a bhailiú ó na tairbhithe.

Sampla 5: Amhras faoi mhaoiniú dúbailte

Ar leibhéal tairbhí amháin, sainaithníodh dhá thionscadal a bhain le lána rothar a chruthú; bhí an ceann a mhaoinigh CFRE ina chuspóir d’iniúchadh ar oibríochtaí. Shainaithin na hiniúchóirí gur cuireadh cuid den lána rothar isteach mar chuid de thionscadail uair amháin le haghaidh chistiú CFRE agus uair eile le haghaidh chistiú CETFT. Deimhníodh leis na fíoruithe a rinne an t-údarás bainistíochta ar iarraidh ó na hiniúchóirí go raibh costais na comharthaíochta maoinithe ag CFRE agus CETFT araon, rud a d’fhág go raibh maoiniú dúbailte ar chuid den oibríocht.

6.5.   Comhlíontacht na rialacha maidir leis an státchabhair a fhíorú i gcás ina núsáidtear roghanna costais simplithe mar fhoirm aisíocaíochta

Agus roghanna costais simplithe á n-úsáid chun tairbhithe a aisíoc, is gá fíorú a dhéanamh ar rialacha maidir leis an státchabhair agus rialacha de minimis. Má mheastar gur státchabhair í an tacaíocht, chun comhlíontacht na rialacha maidir leis an státchabhair a sheiceáil, cumhdófar na heilimintí seo a leanas leis na fíoruithe bainistíochta agus leis na hiniúchtaí:

—   Incháilitheacht na gcostas a chumhdaítear le RCS faoi rialacha an Rialacháin Ghinearálta maidir le Blocdhíolúine agus faoin gCinneadh maidir le seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta

I gcás ina bhfuil feidhm ag rialacha maidir leis an státchabhair (féach Caibidil 5.2), ní mór do na costais a chumhdaítear le RCS a bheith incháilithe faoi rialacha an Rialacháin Ghinearálta maidir le Blocdhíolúine nó faoin gCinneadh maidir le seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. Chun an incháilitheacht a sheiceáil, seiceálann an t-údarás bainistíochta agus an t-údarás iniúchóireachta go bhfuil na catagóirí costas a shainaithnítear ar leibhéal na modheolaíochta, a fhoilsítear sna glaonna ar thograí agus a shonraítear sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht, go bhfuil siad incháilithe faoi rialacha an Rialacháin Ghinearálta maidir le Blocdhíolúine nó faoin gCinneadh maidir le seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta.

Maidir le hoibríochtaí ina n-úsáidtear na rátaí comhréidhe réamhshainithe ó na Rialacháin, fíorófar incháilitheacht na gcostas trí sheiceáil a dhéanamh ar an doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht chun a áirithiú nach gcisteoidh an oibríocht ach catagóirí incháilithe costas.

—   Urramaítear an uasdéine cabhrach/an uasmhéid cabhrach/cúiteamh

I gcás inar bunaíodh roghanna costais simplithe i gcomhréir le hAirteagail 53 go 56 de RFC nó leis na forálacha ábhartha sna Rialacháin Chiste-shonracha, úsáidfear an méid sin chun an uasdéine cabhrach a sheiceáil nó, i gcás seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, chun an cúiteamh a sheiceáil. Dá bhrí sin, cosúil le fíorchostais a úsáid faoin Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine nó faoin gCinneadh maidir le seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, úsáidfear méid na rogha costais simplithe chun comhlíontacht leis an uasdéine cabhrach a fhíorú faoin gcatagóir ábhartha státchabhrach nó chun méid an chúitimh a ríomh faoi rialacha na seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta.

—   Urramaítear an éifeacht dreasachta, de réir Airteagal 6 den Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine

Ní mór don údarás bainistíochta a sheiceáil ex-ante go n-urramaíonn an tairbhí an éifeacht dreasachta.

Beidh ar an údarás bainistíochta agus ar an údarás iniúchóireachta araon a sheiceáil nach ndearna an tairbhí aon chineál socrú conarthach a léiríonn a thoilteanas an tionscadal a shaothrú fiú in éagmais cabhrach. D’fhéadfaí an tseiceáil sin a dhéanamh trína cheangal go ndéanfadh an t-iarratasóir ar chabhair féindearbhú nach raibh gealltanas dlíthiúil daingean déanta aige (tús na n-oibreacha mar a shainítear sa Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine) sular cuireadh an t-iarratas isteach. D’fhéadfaí a mheas go bhfuil féindearbhuithe inghlactha chun an éifeacht dreasachta a léiriú, ar choinníoll go bhfuil córas éifeachtach rialaithe ann lena gceadaítear seiceálacha randamacha ar na féindearbhuithe sin.

6.6.   Cásanna calaoise agus easnaimh thromchúiseacha

Tabharfaidh an córas náisiúnta aghaidh ar aon líomhaintí calaoise a bhaineann le hoibríochtaí a mhaoinítear trí RCSanna nó, i gcás ina bhfaigheadh an Coimisiún an fhaisnéis sin, chuirfí ar aghaidh í chuig OLAF, chuig comhlachtaí náisiúnta um imscrúdú calaoise agus chuig Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, de réir mar is iomchuí, agus saothrófar í an mbealach céanna le líomhaintí calaoise i gcás nach bhfuil RCSanna mar chuid den chlár.

Ní mór cinneadh an chomhlachta inniúil, mar aon leis an reachtaíocht náisiúnta, a chur san áireamh. Ba cheart a mheabhrú, áfach, gur minic nach mbeidh gá le ciontú deiridh lena sanntar dliteanas coiriúil do dhuine sonrach as gníomh calaoiseach a dhéantar i ndáil le cistí de chuid an Aontais chun neamhrialtacht a shuí agus chun dul ar aghaidh le ceartuithe airgeadais (39).

I gcásanna ina ndéanann an chalaois difear d’oibríochtaí atá á n-aisíoc trí úsáid a bhaint as RCSanna, measfar go bhfuil an caiteachas a dhearbhaítear trí úsáid a bhaint as na RCSanna sin neamhrialta freisin.

I gcás ina bhfuil fianaise ann a thugann le fios gurb ann d’easnamh tromchúiseach nach ndearnadh bearta ceartaitheacha ina leith, féadfaidh an Coimisiún íocaíochtaí gaolmhara a bhriseadh nó a chur ar fionraí faoi seach (Airteagail 96 agus 97 de RFC). I gcás ina gcinneann an Coimisiún gurb ann d’easnamh tromchúiseach a chuir an tacaíocht ó na Cistí a íocadh leis an gclár cheana i mbaol, déanfaidh sé ceartuithe airgeadais trí thacaíocht ó na Cistí do chlár a laghdú (Airteagal 104 de RFC).

6.7.   Earráidí nó neamhrialtachtaí féideartha a bhaineann le húsáid roghanna costais simplithe

I measc na dtorthaí a d’fhéadfaí a mheas a bheith ina n-earráidí, ar leibhéal chur ar bun na modheolaíochta, áirítear an méid seo a leanas:

Ní urramaíonn an mhodheolaíocht a úsáidtear chun RCSanna a ríomh na coinníollacha rialála (mar shampla, ní raibh an modh a úsáideadh chun rogha costais shimplithe a fhorbairt cóir, cothrom agus infhíoraithe). Mar shampla, bunaíodh costas aonaid le haghaidh cúrsa oiliúna ar bhonn sonraí ó cheithre thionscadal agus ar bhonn na sonraí sin amháin. Ní raibh foinse na sonraí soiléir agus níor cruthaíodh ábharthacht na dtionscadal a breithníodh le haghaidh na sonraí stairiúla;

Níl an sampla a bhreithnítear chun RCS a ríomh ionadaíoch. Mar shampla, bhí an costas aonaid le haghaidh tuarastal a bunaíodh bunaithe ar shonraí tionscadail aonair lenar cumhdaíodh 6 mhí (mí Iúil-mí na Nollag), cé go raibh luaineacht sna costais tuarastail i rith na bliana. Níor measadh go raibh an sampla ionadaíoch toisc nár chumhdaigh sé luaineachtaí éagsúla i gcostais tuarastail thar thréimhse bliana;

Níor úsáideadh torthaí an mhodha ríofa i gceart chun na roghanna costais simplithe a bhunú. Mar shampla, i gcás costas aonaid le haghaidh rátaí in aghaidh na huaire an chloig arna mbunú bunaithe ar chostais foirne ón gclárthréimhse roimhe sin, rinneadh torthaí an mhodha ríofa a choigeartú le hinnéacs nach raibh baint aige le héabhlóid na gcostas tuarastail;

Cuirtear costais neamh-incháilithe san áireamh sa ríomh chun an rogha costais shimplithe a bhunú. Mar shampla, i gcás costas aonaid le haghaidh ráta in aghaidh na huaire an chloig, a bunaíodh bunaithe ar shonraí stairiúla, cuireadh san áireamh sa ríomh árachas roghnach d’fhostaithe nár measadh a bheith ina chostas incháilithe;

Bunaíodh RCSanna agus bunaíodh iad ar chur i bhfeidhm na gcostas aonaid comhfhreagrach, na gcnapshuimeanna agus na rátaí comhréidhe arna gcur i bhfeidhm faoi scéimeanna le haghaidh deontais arna gcistiú ina n-iomláine ag an mBallstát le haghaidh oibríocht den chineál céanna, ach níor úsáideadh an scéim náisiúnta ina hiomláine. Mar shampla, i gcás costais aonaid arna mbunú le haghaidh costais tuarastail bunaithe ar luach saothair fostaithe atá ag obair i réimse leas an phobail, sonraíodh sa dlí náisiúnta coinníollacha maidir leis an leibhéal sinsearachta (íoslíon blianta taithí) chun an costas aonaid a chur i bhfeidhm. Níor áiríodh na coinníollacha sin i modheolaíocht an chostais aonaid.

I measc na dtorthaí a d’fhéadfaí a mheas ina n-earráidí nó neamhrialtachtaí, ar leibhéal chur i bhfeidhm na modheolaíochta, áirítear an méid seo a leanas:

Níor chuir tairbhí i bhfeidhm na roghanna costais simplithe arna mbunú ag an údarás bainistíochta chun caiteachas a dhearbhú;

Cuirtear roghanna costais simplithe i bhfeidhm go cúlghabhálach: mar shampla, athraíodh an mhodheolaíocht chun ráta comhréidh a bhunú agus tháinig méadú ar an ráta comhréidh ó 2 % go 3 % le haghaidh tionscadail nua-roghnaithe. Baineadh úsáid as an ráta comhréidh nua 3 %, áfach, chun caiteachas ar oibríochtaí a roghnaíodh cheana a aisíoc.

Dearbhú dúbailte ar an mír chostais chéanna: mar ‘bhonnchostas’ (arna ríomh ar bhonn phrionsabal an fhíorchostais, cnapshuime nó costais aonaid) agus mar chostais incháilithe arna gcumhdach ag an ráta comhréidh. Má dhearbhaítear costais a chumhdaítear le ráta comhréidh mar fhíorchostais freisin, meastar nach bhfuil an méid a dhearbhaítear mar fhíorchostais incháilithe;

I gcás rátaí comhréidhe, nuair a laghdaítear na ‘bonnchostais’ gan laghdú comhréireach ar chostais incháilithe ‘ríofa’ (san áireamh leis an ráta comhréidh). Má bhraitear neamhrialtacht i gcatagóirí costas incháilithe a gcuirtear ráta comhréidh i bhfeidhm maidir leo le linn fíorú bainistíochta nó le linn iniúchta, beidh gá leis an aisíocaíocht fhoriomlán faoin ráta comhréidh a laghdú freisin.

I gcás cnapshuime, easpa doiciméad tacaíochta chun údar a thabhairt leis na haschuir, nó aschuir nach bhfuil údar leo ach go páirteach ach a íoctar ina n-iomláine;

Dearbhaíodh an chnapshuim a chomhfhreagraíonn don táirge insoláthartha sonrach don Choimisiún, ach tar éis iniúchta, ní mheastar go bhfuil an táirge insoláthartha bainte amach. Má bhaintear an táirge insoláthartha amach tráth níos déanaí, is féidir an méid comhfhreagrach a dhearbhú an tráth sin.

Tá na neamhrialtachtaí uile a bhaineann le modheolaíochtaí SCO agus lena gcur i bhfeidhm le ceartú.

Sampla 1: CFRE

Faigheann bardas deontas ar uasmhéid EUR 1 000 000 de chostais incháilithe chun bóthar a thógáil.

Is mar a leanas atá an t-éileamh ar íocaíocht le haghaidh an tionscadail:

Tionscadal 1: obair (nós imeachta soláthair phoiblí)

EUR 700 000

Tionscadal 2: costais eile:

EUR 300 000

Costais foirne dhíreacha (cineál 1)

EUR 50 000

Costais dhíreacha eile (cineál 3)

EUR 242 500

Costais indíreacha (cineál 2)

Costais dhíreacha foirne x 15 % = EUR 7 500

Costais iomlána arna ndearbhú

EUR 1 000 000

Seiceálann an t-údarás bainistíochta an caiteachas arna dhearbhú ag an tairbhí. Faightear caiteachas neamh-incháilithe sna costais foirne dhíreacha a dearbhaíodh.

Is mar a leanas atá an t-éileamh ar íocaíocht a nglactar leis:

Tionscadal 1: obair (nós imeachta soláthair phoiblí)

EUR 700 000

Tionscadal 2: costais eile:

EUR 288 500

Costais foirne dhíreacha (cineál 1)

EUR 40 000

Costais dhíreacha eile (cineál 3)

EUR 242 500

Costais indíreacha (cineál 2)

Costais foirne dhíreacha x 15 % = EUR 6 000

Costais incháilithe iomlána tar éis asbhaint pro rata:

EUR 988 500

Sampla 2: CSE+

Íoctar costas aonaid EUR 5 000 as gach oiliúnaí a chuireann oiliúint i gcrích.

Tosaíonn an oiliúint i mí Eanáir, críochnaíonn sé i mí an Mheithimh agus tá coinne leis go bhfreastalóidh 20 duine uirthi. Is é 20 x EUR 5 000 = EUR 100 000 méid an chaiteachais incháilithe ionchasaigh. Gach mí seolann an soláthraí oiliúna sonrasc a chomhfhreagraíonn do 10 % den deontas: EUR 10 000 ag deireadh mhí Eanáir, EUR 10 000 ag deireadh mhí Feabhra, etc.

Mar sin féin, ós rud é nach bhfuil an oiliúint curtha i gcrích ag aon oiliúnaí roimh dheireadh mhí an Mheithimh, ní féidir na híocaíochtaí sin a dhearbhú don Choimisiún. Ní féidir an caiteachas ábhartha a dhearbhú don Choimisiún go dtí go léirítear go bhfuil an oiliúint curtha i gcrích ag roinnt daoine: mar shampla, má tá an oiliúint curtha i gcrích ag 15 dhuine, féadfar 15 x EUR 5 000 = EUR 75 000 a dhearbhú don Choimisiún.


(1)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

(2)  Féach, mar shampla, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa – Simplification in post-2020 delivery of Cohesion Policy [Simpliú i dtabhairt i gcrích an Bheartais Chomhtháthaithe tar éis 2020], Páipéar Faisnéise, Bealtaine 2018; Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir leis an mbliain airgeadais 2011, Caibidil 6, mír 30; Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir leis an mbliain airgeadais 2012, Caibidil 6, mír 42; Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir leis an mbliain airgeadais 2014, Caibidil 6, mír 79; Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir leis an mbliain airgeadais 2018, Caibidil 6, mír 24; Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir leis an mbliain airgeadais 2020, Caibidil 5, mír 23; Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir leis an mbliain airgeadais 2021, Caibidil 5, mír 23.

(3)   https://www.eca.europa.eu/Lists/ECADocuments/BRP_Cohesion_simplification/Briefing_paper_Cohesion_simplification_EN.pdf.

(4)  De réir Iarscríbhinní V (nó VI), Foscríbhinn 1, roinn C, pointe 5 de RFC.

(5)  Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach Caibidil 6 den doiciméad seo maidir le Fíoruithe Bainistíochta agus Iniúchadh.

(6)  Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh (IO L 231, 30.6.2021, lch. 94).

(7)  I gcás na mBallstát nach bhfuil sa limistéar euro, ba cheart an comhshó go EUR a dhéanamh ar bhonn na méideanna a shainítear sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht, trí ráta malairte míosúil an Choimisiúin (InforEuro) don mhí inar síníodh an doiciméad a úsáid.

(8)  Tá feidhm ag úsáid shainordaitheach RCSanna nuair a dhéantar ranníocaíocht an Aontais le haghaidh cúnamh teicniúil i mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 36(4) de RFC.

(9)  Mar sin féin, féadfar RCSanna a úsáid sna hoibríochtaí sin cé nach bhfuil sé sainordaitheach iad a úsáid. Maidir le húsáid RCSanna in oibríochtaí a fhaigheann státchabhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin Ghinearálta maidir le Blocdhíolúine, féach freisin Caibidil 5.2.

(10)  Is féidir na costais dhíreacha a aisíoc freisin i bhfoirm RCS eile, e.g. costas aonaid arna ríomh ar bhonn modha ó Airteagal 53(3)(a)-(d) de RFC. Maidir le comhcheangail de RCSanna éagsúla, féach Caibidil 2.5.

(11)  Is féidir costais foirne dhíreacha a aisíoc freisin i bhfoirm RCS eile.

(12)  Is féidir costais foirne dhíreacha a aisíoc freisin i bhfoirm costas aonaid nó cnapshuime (ach ní i bhfoirm ráta chomhréidh, féach Caibidil 2.5).

(13)  Mar sin féin, ní féidir na rátaí comhréidhe uile a chomhcheangal. Go háirithe, ní fhéadfar ráta comhréidh Airteagal 56(1) de RFC a chomhcheangal le rátaí comhréidhe Airteagail 54 ná 55(1) de RFC, féach Caibidil 2.2.4. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi chomhcheangal RCSanna, féach Caibidil 2.5.

(14)  Ar choinníoll nach n-áirítear le costais dhíreacha na hoibríochta conarthaí oibreacha poiblí ná conarthaí soláthair nó seirbhíse a bhfuil luach ag baint leo a sháraíonn na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó in Airteagal 15 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ina theannta sin, i gcás CTIL, CSI agus IBTV, ní chuirfear an ráta comhréidh sin i bhfeidhm ach amháin maidir le costais dhíreacha na hoibríochta nach bhfuil faoi réir soláthar poiblí.

(15)  Measfar gur costais bhreise incháilithe nach n-áirítear leis an ráta comhréidh iad na tuarastail agus na liúntais a íoctar le rannpháirtithe.

(16)  Airteagal 22(1)(a) de Rialachán CSE+: an costas a bhaineann le bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a cheannach, lena n-áirítear na costais a bhaineann le bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a iompar chuig na tairbhithe a sholáthraíonn an bia nó an cúnamh bunúsach don fhaighteoir deiridh.

(17)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

(18)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar a dhéanann eintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).

(19)  Tagraíonn Airteagal 4 de Threoir 2014/24/AE do soláthairtí a bhfuil luach atá glan ó cháin bhreisluacha (CBL) acu atá cothrom leis na tairseacha sonracha a shonraítear ann nó níos mó. Leagtar amach an fhoráil chéanna in Airteagal 15 de Threoir 2014/25/AE.

(20)  Féadfar costais foirne dhíreacha a bhunú freisin le modheolaíocht dhifriúil a shocraítear in RFC, e.g. d’fhéadfaí costais aonaid ag a bhfuil ainmneoir difriúil ná 1 720 uair an chloig a bhunú ar bhonn Airteagal 53(1)(b) agus ar bhonn ceann de na modhanna a shocraítear in Airteagal 53(3) de RFC.

(21)  Chun míniú a fháil maidir leis na cineálacha éagsúla costas, féach Caibidil 2.2.1.

(*1)  Airteagal 55(2) de RFC, i.e., modh 1 720 uair an chloig nó ráta in aghaidh na huaire an chloig a fhaightear tríd an ollchostas fostaíochta míosúil doiciméadaithe is déanaí a roinnt ar mheán-am oibre míosúil na hoibríochta

(22)  I gcás tacaíocht nach mbronntar trí ghlao ar thograí, ba cheart é sin a lua sa doiciméad ginearálta ina sonraítear an mhodheolaíocht tacaíochta.

(23)  Is cuma cén uair a bunaíodh an mhodheolaíocht i gcomhréir le hAirteagal 53(3)(a) de RFC nó le hAirteagal 94(2)(a) de RFC, fad atá sí in úsáid, ní mór í a bheith in-iniúchta.

(24)  Ní féidir an buiséad atá beartaithe (e.g. ó ghlao ar thograí roimhe seo) a úsáid mar fhoinse sonraí le haghaidh an mhodha ríofa i gcomhréir le hAirteagail 53(3)(a), 94(2)(a) de RFC), toisc nach mór na sonraí stairiúla a fhíorú.

Is féidir an buiséad atá beartaithe don oibríocht shonrach a úsáid chun RCS a chur ar bun ar bhonn dréachtbhuiséid i gcomhréir le hAirteagal 53(b) de RFC le haghaidh oibríochtaí faoi bhun EUR 200 000 agus i gcomhréir le hAirteagal 94(2)(b) de RFC.

(25)  Níl ach cuspóir léiritheach ag an dréachtbhuiséad seo. Níor cheart é sin a mheas mar dhréachtbhuiséad atá mionsonraithe go leordhóthanach.

(26)  Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).

(27)  Rialachán (AE) 2022/2473 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh, i bpróiseáil agus i margú táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO L 327, 21.12.2022, lch. 82).

(28)  Cinneadh 2012/21/AE ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2011 maidir le hAirteagal 106(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar státchabhair i bhfoirm cúiteamh seirbhíse poiblí arna dheonú do ghnóthais áirithe a gcuirtear ar a n-iontaoibh oibriú seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (IO L 7, 11.1.2012, lch. 3).

(29)  Féach, mar shampla, na Treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh (2022/C 80/01).

(30)  Fógra ón gCoimisiún maidir le coincheap na státchabhrach dá dtagraítear in Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO C 262, 19.7.2016, lch. 1).

(31)  Rialachán (AE) 2023/2831 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023 maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le cabhair de minimis (IO L, 2023/2831, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2831/oj); Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2014 maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le cabhair de minimis in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe (IO L 190, 28.6.2014, lch. 45); Rialachán (AE) Uimh. 2023/2832 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023 maidir le hAirteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar chabhair de minimis arna deonú do ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (IO L, 2023/2832, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2832/oj).

(32)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le rialacha i leith cúitimh arna dheonú chun seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar (IO C 8, 11.1.2012, lch. 4).

(33)  Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin modh ríofa in Airteagal 53(3)(c) de RFC, féach Caibidil 3.2.

(34)  Tabhair do d’aire nach gá an fhaisnéis faoi réimse 23, faisnéis faoi chonraitheoirí, a n-úinéirí tairbhiúla agus a gconarthaí a thaifeadadh ach amháin i gcás ina gcuirtear an oibríocht chun feidhme i gcomhréir le rialacha soláthair phoiblí an Aontais (i.e. soláthar poiblí os cionn na dtairseach a leagtar amach i dTreoir 2014/24/AE nó i dTreoir 2014/25/AE). Ní gá faisnéis faoi fhochonraitheoirí faoi réimse 24 a thaifeadadh ar an gcéad leibhéal fochonraitheoireachta, ach amháin i gcás ina ndéantar faisnéis a thaifeadadh ar chonraitheoir faoi réimse 23, agus i gcás fochonarthaí ar mó a luach iomlán ná EUR 50 000 amháin.

(35)  Fógra ón gCoimisiún (IO C 121, 9.4.2021, lch. 1). eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52021XC0409(01)

(36)  Is féidir ranníocaíochtaí comhchineáil dá dtagraítear in Airteagal 67(1) de RFC a chur san áireamh chun luach ráta chomhréidh, costais aonaid nó cnapshuime a ríomh, ar choinníoll go n-urramaítear Airteagal 67(1) de RFC. Mar sin féin, nuair a chuirtear an rogha costais shimplithe i bhfeidhm, ní gá a fhíorú gurb ann do na ranníocaíochtaí comhchineáil, agus, dá réir sin, go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 67(1) de RFC.

(37)  Agus ríofa i gceart má dhearbhaítear iad ar bhonn roghanna costais simplithe.

(38)  De réir Airteagal 36(5) de RFC agus Airteagal 27(2) de Rialachán Interreg le haghaidh cláir Interreg.

(39)  Le neamhrialtacht a bheith ann, glactar leis go bhfuil comhcheangal de thrí ghné ann, is iad sin, ar an gcéad dul síos, sárú ar an dlí is infheidhme a bheith ann, ar an dara dul síos, an fíoras go bhfuil an sárú sin mar thoradh ar ghníomh nó ar neamhghníomh de chuid oibreora eacnamaíoch agus, ar an tríú dul síos, go bhfuil dochar ann, iarbhír nó féideartha, do bhuiséad an Aontais Eorpaigh. Ní féidir a mheas gur gné fhíor-riachtanach é cineál intinneach nó faillíoch an iompair chun neamhrialtacht a chinneadh de réir bhrí na forála sin (breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 1 Deireadh Fómhair 2020, Elme Messer, C-743/18, EU:C:2020:767, go háirithe mír 62).


IARSCRÍBHINN 1

Samplaí de roghanna costais simplithe

Soláthraítear leis an iarscríbhinn seo sampla de dheontas do thairbhí a bhfuil sé beartaithe aige seimineár a eagrú do 50 rannpháirtí chun uirlisí cur chun feidhme nua a chur i láthair. Caitheann an fhoireann am ag pleanáil agus ag eagrú an imeachta, glactar ionad ar cíos, tagann roinnt cainteoirí ón gcoigríoch, agus caithfear miontuairiscí an imeachta a fhoilsiú. Tá costais indíreacha ann freisin a bhaineann le foireann (costais chuntasaíochta, stiúrthóir, etc.) agus le leictreachas, billí teileafóin, tacaíocht TF, etc.

Cuirtear RCS ar bun bunaithe ar dhréachtbhuiséad, de réir Airteagal 53(3)(b) de RFC.

Is mar a leanas atá an dréachtbhuiséad, agus coimeádfar a fhoirm le haghaidh na bhféidearthachtaí agus na roghanna uile ionas gur féidir na difríochtaí a fheiceáil ar bhealach níos soiléire:

Iomlán na gcostas díreach

135 000

 

Iomlán na gcostas indíreach

15 000

Costais dhíreacha foirne

90 000

 

Costais foirne indíreacha

12 000

Costais seomra

12 000

 

Leictreachas, teileafón, etc.

3 000

Costais taistil

15 000

 

 

 

Béilí

3 000

 

 

 

Faisnéis / Poiblíocht

15 000

 

 

 

Tugtar tuairisc thíos ar na bealaí éagsúla ina gcaithfí leis an tionscadal seo, ag brath ar an rogha costais shimplithe a roghnaíodh.

Féidearthacht 1: Costais aonaid (Airteagal 53(1)(b) de RFC)

Prionsabal: déantar an caiteachas incháilithe iomlán nó cuid de a ríomh ar bhonn ionchuir, aschuir nó torthaí cainníochtaithe arna n-iolrú faoi chostas aonadach a shainítear roimh ré.

I gcás an tseimineáir, d’fhéadfaí costas aonaid EUR 3 000 in aghaidh an duine a fhreastalaíonn ar an seimineár a bhunú (ar bhonn Airteagal 53(3)(b) de RFC).

Is mar a leanas a bheadh costais na hoibríochta:

 

An t-uaslíon daoine a bheidh ag freastal ar an seimineár = 50

 

Costas aonaid / duine ag freastal ar an seimineár = EUR 3 000

 

Iomlán na gcostas incháilithe = 50 x EUR 3 000 = EUR 150 000.

Má fhreastalaíonn 48 duine ar an seimineár, is é an costas incháilithe: 48 x EUR 3 000 = EUR 144 000

Rian iniúchóireachta don chaiteachas a aisíoctar bunaithe ar mhodheolaíocht RCS:

ba cheart an mhodheolaíocht a úsáidtear chun luach an chostais aonaid a chinneadh a dhoiciméadú agus a stóráil;

ní mór don doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht don oibríocht a bheith soiléir faoin gcostas aonaid agus faoi na tosca spreagtha íocaíochta;

cruthúnas ar fhreastal ar an seimineár (bileoga freastail).

Tabhair faoi deara:

Sa sampla seo, ní gá incháilitheacht na rannpháirtithe a fhíorú. Mar sin féin, aon uair nach mór do na rannpháirtithe spriocdhírithe próifíl shonrach a chomhlíonadh, ba cheart a n-incháilitheacht a fhíorú.

Ní mór don rian iniúchóireachta iomlán a bheith i gcomhréir le hIarscríbhinn XIII a ghabhann le RFC.

Féidearthacht 2: Cnapshuimeanna (Airteagal 53(1)(c) de RFC)

Prionsabal: déantar caiteachas incháilithe iomlán oibríochta nó cuid de a aisíoc ar bhonn méid réamhbhunaithe aonair, i gcomhréir le téarmaí réamhshainithe comhaontaithe maidir le gníomhaíochtaí agus/nó aschuir (a chomhfhreagraíonn d’aon aonad amháin). Íoctar an deontas má chuirtear i gcrích téarmaí réamhshainithe an chomhaontaithe maidir le gníomhaíochtaí agus/nó aschuir.

D’fhéadfaí cnapshuim EUR 150 000 a bhunú chun an seimineár a eagrú (go neamhspleách ar an líon rannpháirtithe) chun uirlisí cur chun feidhme nua a chur i láthair, arna ríomh ar bhonn Airteagal 53(3)(b) de RFC.

Dhéanfaí aisíocaíocht na n-oibríochtaí mar a leanas:

 

Cuspóir na cnapshuime = seimineár a eagrú chun uirlisí cur chun feidhme nua a chur i láthair

 

Costas incháilithe iomlán = EUR 150 000

Má eagraítear an seimineár agus má chuirtear uirlisí cur chun feidhme nua i láthair, tá an chnapshuim EUR 150 000 incháilithe. Mura n-eagraítear an seimineár nó mura gcuirtear uirlisí cur chun feidhme nua i láthair, ní íoctar aon ní.

Rian iniúchóireachta don chaiteachas a aisíoctar bunaithe ar mhodh RCS:

ba cheart an mhodheolaíocht a úsáidtear chun luach na cnapshuime a chinneadh a dhoiciméadú agus a stóráil;

ní mór don doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht a bheith soiléir faoi na cnapshuimeanna agus faoi na tosca spreagtha íocaíochta;

tá gá le cruthúnas ar chur ar fáil an tseimineáir agus ar ábhar an tseimineáir (ailt nuachtáin, cuireadh agus clár, grianghraif...).

Ní mór don rian iniúchóireachta iomlán a bheith i gcomhréir le hIarscríbhinn XIII a ghabhann le RFC.

Féidearthacht 3: Maoiniú ar ráta comhréidh (Airteagal 53(1)(d) de RFC)

N.B.:

slánaítear na méideanna a eascraíonn as na ríomhanna.

Prionsabal ginearálta: Déantar catagóirí sonracha costas incháilithe, a shainaithnítear go soiléir roimh ré, a ríomh trí chéatadán seasta ex ante a chur i bhfeidhm maidir le catagóir eile amháin costas incháilithe nó roinnt catagóirí eile costas incháilithe.

Agus comparáid á déanamh idir córais mhaoinithe ar ráta comhréidh, déan comparáid i gcónaí idir na gnéithe thíos den mhodh agus ní hamháin na rátaí comhréidhe:

catagóirí costas incháilithe ar a gcuirfear an ráta comhréidh i bhfeidhm (an ‘bonn’);

an ráta comhréidh féin;

catagóirí costas incháilithe arna ríomh leis an ráta comhréidh;

i gcás inarb ábhartha, catagóirí costas incháilithe nach gcuirtear an ráta comhréidh i bhfeidhm maidir leo agus nach ríomhtar leis an ráta comhréidh.

 

Rogha 1: Riail ghinearálta maidir le ‘maoiniú ar ráta comhréidh’

Úsáideann an Ballstát Airteagal 53(3)(b) de RFC chun ráta comhréidh 47 % a shainiú, a chuirfear i bhfeidhm ar na costais foirne uile (díreacha agus indíreacha araon) chun costais eile na hoibríochta a ríomh:

Catagóirí costas incháilithe a bhfuil an ráta le cur i bhfeidhm maidir leo chun na méideanna le haghaidh costais incháilithe eile a ríomh (cineál 1)

Costais foirne = 90 000 + 12 000 = EUR 102 000

An ráta comhréidh féin

47 %

Catagóirí eile costas incháilithe a ríomhfar leis an ráta comhréidh (cineál 2)

Costais eile = 47 % de na costais foirne

= 47 % x 102 000 = EUR 47 940

Catagóirí eile costas incháilithe nach gcuirtear an ráta i bhfeidhm maidir leo agus nach ríomhtar leis an ráta comhréidh (cineál 3)

Níl siad ábhartha

=> Costais incháilithe iomlána = 102 000 + 47 940 = EUR 149 940.

Is san fhoirm seo a leanas a bheidh aisíocaíocht an chaiteachais:

Costais foirne (cineál 1):

102 000

 

Costais eile (cineál 2) = 47 % costais foirne

47 940

Costais dhíreacha foirne

90 000

 

(ríofa)

 

Costais foirne indíreacha

12 000

 

Costais incháilithe iomlána

149 940

(Bunaithe go ginearálta ar fhíorchostais)

Rian iniúchóireachta don chaiteachas a aisíoctar mar RCS:

Catagóirí costas incháilithe a bhfuil an ráta le cur i bhfeidhm maidir leo chun méideanna na gcostas incháilithe eile a ríomh

Costais dhíreacha =

sainiú soiléir ar na costais foirne;

cruthúnas ar na costais sin (duillíní pá, bileoga ama más ábhartha, etc.)

An ráta comhréidh

Ba cheart an mhodheolaíocht a úsáidtear chun luach an ráta chomhréidh a chinneadh a dhoiciméadú agus a stóráil, lena n-áirítear an cruthúnas gur gá na catagóirí costais uile lena mbaineann a chumhdach

an doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht don oibríocht ina luaitear an ráta comhréidh.

Rogha 2: Maoiniú ar ráta comhréidh le haghaidh costais indíreacha

Dearann an Ballstát córas ráta chomhréidh ina gcuirtear ráta comhréidh 11,1 % i bhfeidhm maidir leis na costais dhíreacha incháilithe, i gcomhréir le hAirteagal 53(3)(b) de RFC.:

Catagóirí costas incháilithe a bhfuil an ráta le cur i bhfeidhm maidir leo chun na méideanna le haghaidh costais indíreacha incháilithe a ríomh (cineál 1)

Costais dhíreacha incháilithe = EUR 135 000

An ráta comhréidh

11,1 %

Catagóirí costas incháilithe a ríomhfar leis an ráta comhréidh (cineál 2)

Costais indíreacha (ríofa) = 11,1 % de na costais dhíreacha incháilithe = 11,1 % x 135 000 = EUR 14 985

Catagóirí costas incháilithe nach gcuirtear an ráta i bhfeidhm maidir leo agus nach ríomhtar leis an ráta comhréidh (cineál 3)

Níl sé infheidhme toisc nach bhfuil aon chostas incháilithe eile ann.

=> Costais incháilithe iomlána = 135 000 + 14 500 = EUR 149 500

Is san fhoirm seo a leanas a bheidh an aisíocaíocht:

Costais dhíreacha (cineál 1)

135 000

 

Costais indíreacha (cineál 2) = 11,1 % de na costais dhíreacha

14 985

Costais dhíreacha foirne

90 000

 

(ríofa)

 

Costais seomra

12 000

 

 

 

Costais taistil

15 000

 

Costais incháilithe iomlána

149 985

Béilí

3 000

 

 

 

Faisnéis/ Poiblíocht

15 000

 

 

 

(Bunaithe go ginearálta ar fhíorchostais)

 

 

Rian iniúchóireachta:

Catagóirí costas incháilithe a bhfuil an ráta comhréidh le cur i bhfeidhm maidir leo chun na méideanna incháilithe a ríomh

Costais dhíreacha =

sainiú soiléir ar na costais dhíreacha atá i gceist;

cruthúnas ar na costais sin (duillíní pá, bileoga ama más ábhartha, cruthúnas poiblíochta agus sonraisc, ticéid taistil, etc.)

An ráta comhréidh

Ba cheart an mhodheolaíocht a úsáidtear chun luach an ráta chomhréidh a chinneadh a dhoiciméadú agus a stóráil

an doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht don oibríocht ina luaitear an ráta comhréidh.

 

 


IARSCRÍBHINN 2

Conas Foscríbhinn 1 d’Iarscríbhinní V agus VI a ghabhann le RFC a líonadh isteach

Ranníocaíocht ón Aontas bunaithe ar chostais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe

Teimpléad chun sonraí a chur isteach lena meas ag an gCoimisiún (Airteagal 94)

An dáta a cuireadh isteach an togra

15 Bealtaine 2024

Níl an Fhoscríbhinn seo ag teastáil nuair a úsáidtear roghanna costais simplithe ar leibhéal an Aontais arna mbunú leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 94(4) de Rialachán na bhForálacha Coiteanna.

A.   Achoimre ar na príomheilimintí

Tosaíocht

Ciste

Cuspóir sonrach

Catagóir réigiúin

Sciar measta den leithdháileadh airgeadais iomlán laistigh den tosaíocht a gcuirfear roghanna costais simplithe i bhfeidhm ina leith in %

Cineál(acha) oibríochta a chumhdaítear

Táscaire lena spreagtar aisíocaíocht

Aonad tomhais don táscaire lena spreagtar aisíocaíocht

Cineál RCS

(costais aonaid, cnapshuimeanna nó rátaí comhréidhe)

Méid (in EUR) nó céatadán (i gcás rátaí comhréidhe) den rogha costais shimplithe

 

 

 

 

 

Code1 (1)

Tuairisc

Code2 (2)

Tuairisc

 

 

 

2

CFRE

RSO2.2.

Beagfhorbartha

0,15  %

053. Córais Chliste Fuinnimh (eangacha cliste agus córais TFC chliste san áireamh) agus stóráil ghaolmhar

Gairis stórála fuinnimh

 

Toilleadh an ghairis stórála fuinnimh atá suiteáilte

kWh

Costas aonaid

EUR 100 = costas aonaid in aghaidh an kWh de ghaireas stórála fuinnimh fearófosfáit litiam

EUR 70 = costas aonaid in aghaidh an kWh de ghaireas stórála fuinnimh ian litiam

2

CC

RSO2.2.

 

0,10  %

053. Córais Chliste Fuinnimh (eangacha cliste agus córais TFC chliste san áireamh) agus stóráil ghaolmhar

Gairis stórála fuinnimh

 

Toilleadh an ghairis stórála fuinnimh atá suiteáilte

kWh

Costas aonaid

EUR 100 = costas aonaid in aghaidh an kWh de ghaireas stórála fuinnimh fearófosfáit litiam

EUR 70 = costas aonaid in aghaidh an kWh de ghaireas stórála fuinnimh ian litiam


A –

Achoimre ar na príomheilimintí

Tugtar achoimre leis an tábla i gCuid A d’Fhoscríbhinn 1 d’Iarscríbhinn V nó d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le RFC ar an bhfaisnéis a sholáthraítear i gCuid B do gach RCS.

In SFC, tógfaidh Cuid A d’Fhoscríbhinn 1 faisnéis ó chuid B go huathoibríoch agus cruthóidh sí an tábla achomair arna mhiondealú de réir Tosaíochta/Ciste/Catagóir Réigiúin/Cuspóir Sonrach/Cineál Oibríochta agus Táscaire lena spreagtar aisíocaíocht. Dá bhrí sin, beidh an líon línte i dtábla A ag brath ar shainiúlacht na scéime/na scéimeanna RCS a áirítear i bhFoscríbhinn 1.

In SFC, tá ceithre réimse ann nach mór a thabhairt isteach de láimh i gCuid A i.e.:

Sciar measta den leithdháileadh airgeadais iomlán laistigh den tosaíocht a gcuirfear an RCS i bhfeidhm ina leith: Tá an fhaisnéis atá le soláthar ar leibhéal gach líne de Chuid A (féach thuas cad dó a bhféadfadh gach líne comhfhreagairt). Má tá roinnt línte ann le haghaidh an RCS céanna laistigh d’ais tosaíochta, ní mór suim na línte sin uile a bheith cothrom leis an gcion measta den leithdháileadh airgeadais iomlán laistigh den tosaíocht a gcuirfear an RCS i bhfeidhm ina leith.

Cód le haghaidh an chineáil oibríochta/oibríochtaí a chumhdaítear: Roghnaigh cód/cóid an Réimse/na Réimsí Idirghabhála a mbeidh feidhm ag RCS maidir leis nó leo. Déantar an roghnú ó liosta Cód an Chineáil Oibríochta in Iarscríbhinn I a ghabhann le RFC ina bhfuil na cóid Réimse Idirghabhála uile (agus tuairisc orthu) atá bailí don Chuspóir Sonrach, don Chiste agus a roghnaítear i dTábla 4 don Tosaíocht, don Chiste, don Chatagóir Réigiúin, don Chuspóir Sonrach sin. I gcás CTIL, IBTV agus CSI, déantar an roghnú ó liosta na gcód réimse idirghabhála in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialacháin CTIL, IBTV agus CSI.

Má tá feidhm ag scéim RCS maidir le gach cineál idirghabhála nó líon mór idirghabhálacha sa chlár, roghnaigh cineál idirghabhála amháin i gCuid A (más féidir, an ceann is ábhartha don scéim RCS) agus sonraigh, i gcuid B (faoi Thuairisc ar an oibríochta), na cineálacha idirghabhála eile uile a chumhdaítear leis an scéim RCS.

Cód don táscaire lena spreagtar aisíocaíocht: Tá an réimse seo sainordaitheach nuair a úsáideann RCS comhtháscairí. Ní mór an táscaire a roghnú ón liosta anuas ina bhfuil na cóid comhtháscairí uile (agus tuairisc orthu), Aschur agus Toradh, a úsáidtear cheana féin i dTáblaí 2 agus 3, le haghaidh na Tosaíochta, an Chiste, na Catagóire Réigiúin, an chomhcheangail de Chuspóirí Sonracha.

Ba cheart an réimse a fhágáil folamh i gcás ina n-úsáideann RCS táscairí clárshonracha.

RCS neamhbhainteach: Is féidir go gcumhdaítear le Cuspóir Sonrach amháin Tosaíochtaí agus/nó Cistí agus/nó Catagóirí réigiúin iomadúla, ach nach mbaineann scéim RCS atá beartaithe i bhFoscríbhinn 1 le cuid de na Tosaíochtaí agus/nó Cistí agus/nó Catagóirí réigiúin sin. Mar sin féin, cruthóidh Cuid A d’Fhoscríbhinn 1 línte ar leith do gach Tosaíocht/Ciste/Catagóir réigiúin a chumhdaítear leis an gCuspóir Sonrach atá i gceist (i.e. fiú dóibh siúd nach cuid de scéim RCS iad). Sa chás sin, cuir tic leis an mbosca i gcolún RCS neamhbhainteach maidir leis na Tosaíochtaí/Cistí/Catagóirí réigiúin sin nach bhfuil feidhm ag an scéim RCS maidir leo.


B -

Sonraí de réir cineál oibríochta (le comhlánú le haghaidh gach cineáil oibríochta)

Ceist

Barúlacha

Sampla

1.

Tuairisc ar an gcineál oibríochta lena n-áirítear amlíne an chur chun feidhme

Ba cheart tuairisc shoiléir a thabhairt ar na hoibríochtaí agus ba cheart na heilimintí uile a áireamh leo, i.e. gníomhaíochtaí incháilithe, tairbhithe, aschuir a bhfuil coinne leo, fad tréimhse mar aon le rannchuidiú na hoibríochta le cuspóirí an chláir a bhaint amach. Ba cheart an amlíne le haghaidh cur chun feidhme a chur in iúl freisin, i.e. an dáta tosaigh atá beartaithe maidir le roghnú na n-oibríochtaí agus an dáta deiridh atá beartaithe dá dtabhairt i gcrích. Ina theannta sin, ba cheart faisnéis ábhartha a sholáthar chun a thaispeáint nach bhfuil na hoibríochtaí curtha i gcrích go fisiceach/curtha chun feidhme ina n-iomláine.

Ba cheart an fhaisnéis a bheith comhsheasmhach le Cuid A - Cineál(acha) oibríochtaí a chumhdaítear. Más infheidhme, ná déan dearmad na réimsí idirghabhála uile sa chlár a chumhdaítear leis an scéim RCS a chur in iúl (féach na mínithe thuas i gCuid A - Cód le haghaidh an chineáil/na gcineálacha oibríochta a chumhdaítear).

CFRE

Tacaíocht chun gairis stórála fuinnimh aonair a shuiteáil do thomhaltóirí (teaghlaigh) a bhfuil sé beartaithe acu leictreachas a tháirgeadh chun freastal ar riachtanais an teaghlaigh. Le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin, spreagfar teaghlaigh chun réitigh a ghlacadh maidir leis an leictreachas a tháirgtear ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh.

Tá sé beartaithe go ndeonófar an tacaíocht do theaghlaigh ar leo foirgneamh cónaithe aon-árasáin nó foirgneamh gairdín (teach gairdín), atá cláraithe sa Chlár Náisiúnta Eastáit Réadaigh agus ina bhfuil gléasra cumhachta gréine nó gaoithe suiteáilte acu nó ina bhfuil sé beartaithe acu gléasra cumhachta gréine nó gaoithe a shuiteáil faoi dháta an iarrata ar aisíocaíocht.

Rannchuideoidh an oibríocht le baint amach na gcuspóirí faoi CS 2 de thosaíocht 2 de chlár 2021-2027 – beart ‘Giniúint leictreachais ó fhoinse fuinnimh in-athnuaite agus úsáid réiteach stórála fuinnimh i dteaghlaigh a chur chun cinn’.

Is é an dáta tosaigh agus an dáta críochnaithe a mheastar a roghnófar an ghníomhaíocht seo R3 2024 go R2 2028.

2.

Cuspóirí sonracha

Ba cheart don chuspóir sonrach a bheith i gcomhréir leis na cineálacha oibríochta(í) a chumhdaítear.

CFRE

RSO 2.2

3.

Táscaire lena spreagtar aisíocaíocht

Ba cheart don táscaire a bheith ábhartha don chineál oibríochtaí agus ba cheart dó a bheith soiléir, intomhaiste agus simplí.

D’fhéadfadh na táscairí a bheith:

Bunaithe ar chineál costais: foirmlithe i dtéarmaí na gcatagóirí costais a gcuirtear RCS i bhfeidhm maidir leo;

Bunaithe ar phróisis: táscairí a foirmlíodh i dtéarmaí aonad ionchuir;

Bunaithe ar thorthaí: táscairí a foirmlíodh i dtéarmaí torthaí / táirgí insoláthartha a baineadh amach laistigh den oibríocht.

N.B.:

aon uair is féidir, moltar ‘scáth-tháscairí’ a shocrú chun iolrú na dtáscairí a úsáidtear a sheachaint.

Sampla: in ionad trí tháscaire éagsúla a shocrú – toilleadh na gcaidéal aer go huisce suiteáilte; toilleadh na dteaschaidéal gáis suiteáilte; toilleadh na gcaidéal uisce go huisce – ní féidir ach táscaire amháin a shocrú – toilleadh na suiteálacha giniúna teasa i dteaghlaigh agus trí mhéid éagsúla a shainiú le haghaidh gach suiteála.

CFRE

toilleadh an ghairis stórála fuinnimh suiteáilte;

teaghaisí (tithíocht shóisialta) ina bhfuil feidhmíocht fuinnimh fheabhsaithe;

diagnóis dhigiteach ar FBM a rinneadh;

tuarascálacha comhairleachta arna n-eisiúint agus arna bhformheas;

rannpháirtíocht FBManna in aontaí idirnáisiúnta;

fostaithe oilte FBManna a bhfuil deimhniú críochnaithe á fháil acu.

CSE+

uaireanta an chloig na n-oiliúnóirí a rinneadh;

uaireanta an chloig an oiliúnaí leanta/curtha i gcrích;

duine atá bainteach le seirbhísí fostaíochta agus a aimsíonn post;

d’éirigh leis an mac léinn cúrsa oiliúna a chur i gcrích.

Gach ciste

costais foirne dhíreacha chun costais indíreacha nó costais incháilithe eile uile na hoibríochta a ríomh (e.g. taisteal, cóiríocht etc.)

4.

Aonad tomhais don táscaire lena spreagtar aisíocaíocht

Ba cheart don aonad tomhais comhfhreagairt don táscaire agus a bheith ábhartha don chineál oibríochtaí.

CFRE:

cileavatuair (kWh)

líon (teaghaisí, tuarascálacha comhairleachta/FBManna, fostaithe etc.)

CSE+

líon (uaireanta an chloig, oiliúnaithe, daoine, etc.)

5.

Scála caighdeánach na gcostas aonaid, cnapshuim nó ráta comhréidh

Ba cheart go gcomhfhreagródh sé don chineál RCS a forbraíodh.

CFRE:

Costas aonaid

CSE+

Costas aonaid

6.

Méid in aghaidh an aonaid tomhais nó céatadán (i gcás rátaí comhréidhe) den rogha costais shimplithe

Ba cheart méid(eanna) aonair nó ráta comhréidh RCS a sholáthar.

N.B.

I gcás ‘scáth-tháscairí’, ba cheart méid(eanna) gach cineáil táirge insoláthartha aonair a chumhdaítear le RCS a bheith sa réimse.

CFRE:

EUR 100 = costas aonaid in aghaidh an kWh de ghaireas stórála fuinnimh fearófosfáit litiam

EUR 70 = costas aonaid in aghaidh an kWh de ghaireas stórála fuinnimh ian litiam

7.

Catagóirí na gcostas arna gcumhdach ag an gcostas aonaid, an chnapshuim nó an ráta comhréidh

Soláthair tuairisc shoiléir ar na catagóirí costais a chumhdaítear le RCS chun a áirithiú nach ndéanfar aon mhaoiniú dúbailte ar chostais (go háirithe i gcás comhcheangail RCSanna).

CFRE:

Cumhdóidh an costas aonaid na catagóirí costais seo a leanas: an costas a bhaineann le gaireas stórála fuinnimh a cheannach, na gabhálais is gá a cheannach chun an gaireas stórála fuinnimh a shuiteáil (luchtaire/inbhéartóir hibrideach, etc.), an costas a bhaineann leis an tsuiteáil a shuiteáil.

8.

An bhfuil gach caiteachas incháilithe don oibríocht á gcumhdach faoi na catagóirí costais seo? (Tá/Níl)

Is réimse Tá/Níl é seo

Mura gcumhdaítear gach costas le RCS, tabhair tuairisc i réimse 7 ar na catagóirí costas a éilítear sa bhreis orthu siúd a chumhdaítear le RCS.

CFRE:

9.

Modh coigeartaithe/coigeartuithe

Sonraigh minicíocht, scoithdháta agus uainiú an choigeartaithe/na gcoigeartuithe agus tagairt shoiléir do tháscaire sonrach.

Mínigh na foinsí ar a bhfuil sé bunaithe (reachtaíocht náisiúnta nó eile, lena n-áirítear nasc leis an suíomh gréasáin ar a bhfoilsítear an táscaire sin, más infheidhme) agus cathain a thosaíonn úsáid an mhéid choigeartaithe.

CFRE:

Tabharfar na costais aonaid cothrom le dáta uair sa bhliain roimh dheireadh na chéad ráithe de bhliain N, faoi na coinníollacha seo a leanas:

ag cur san áireamh an t-athrú ar an ráta CBL a leagtar síos sa Dlí maidir le CBL;

i gcomhréir leis na hathruithe ar an bPraghasinnéacs Tomhaltóirí arna fhoilsiú ag an Oifig Staidrimh Náisiúnta. Ríomhtar an méadú/laghdú céatadáin agus an t-athrú ar an innéacs thar an tréimhse idir an mhí dheireanach de choigeartú na gcostas aonaid agus mí an athbhreithnithe á chur san áireamh.

Cuirfear na costais aonaid athríofa i bhfeidhm maidir leis na hoibríochtaí faoi na glaonna a seoladh tar éis an choigeartaithe.

10.

Fíorú gur baineadh amach an t-aonad tomhais

tabhair tuairisc ar an doiciméad/na doiciméid nó ar an gcóras a úsáidfear le fíorú gur gnóthaíodh na haonaid tomhais arna gcur i bhfeidhm;

tabhair tuairisc ar a seiceálfar agus cé a bheidh i mbun na seiceála le linn fíoruithe bainistíochta;

tabhair tuairisc ar na socruithe a dhéanfar chun sonraí/doiciméid ábhartha a bhailiú agus a stóráil.

Tabhair tuairisc shoiléir ar an doiciméad/na doiciméid/ar an gcóras/na córais a úsáideadh le haghaidh an fhíoraithe; comhlacht(aí) atá le déanamh agus doiciméid atá le seiceáil le linn an fhíoraithe bainistíochta; socruithe chun sonraí ábhartha a bhailiú agus a stóráil.

CFRE:

Chun íocaíocht a fháil ar bhonn na gcostas aonaid, baileofar na doiciméid tacaíochta seo a leanas:

an bonn cirt atá le fáil agus suiteáil trealaimh agus táthcheangail (admháil aistrithe trealaimh; dearbhú ón gconraitheoir maidir le cáilíocht na n-oibreacha arna ndéanamh i gcomhréir le ceanglais na reachtaíochta lena rialaítear suiteáil gaireas stórála fuinnimh);

mionsonraí teicniúla an trealaimh (Pas Suiteála agus/nó sonraíocht theicniúil) nach mór an cineál suiteála a ceannaíodh (fearófosfáit litiam nó ian litiam) agus an toilleadh a shonrú.

Déanfaidh an t-údarás bainistíochta na fíoruithe bainistíochta de réir na nósanna imeachta atá i bhfeidhm. Stórálfar na doiciméid ábhartha i gcomhréir leis an tuairisc ar an gcóras bainistíochta agus rialaithe agus beidh siad ar fáil i gcóras faireacháin leictreonach an chláir.

11.

Dreasachtaí saobha féideartha, bearta maolaitheacha agus an leibhéal measta riosca (ard / meán / íseal)

Mínigh conas a d’fhéadfadh úsáid RCSanna difear diúltach a dhéanamh do chur chun feidhme na n-oibríochtaí (in áit fíorchostas a úsáid) trí léiriú a thabhairt ar an leibhéal riosca (íseal/meán/ard), mar aon leis na bearta maolaithe atá beartaithe a chur i bhfeidhm.

I gcás comhcheangail RCSanna, bíonn riosca maoinithe dhúbailte ann i gcónaí – tabhair tuairisc ar bhearta chun an riosca a mhaolú.

CFRE:

D’fhéadfadh réitigh theicneolaíocha nua a bheith ar an margadh as a n-eascródh athruithe móra ar chostas gaireas stórála fuinnimh nó ar an ngá le roinnt teicneolaíochtaí a chomhcheangal, rud a éileoidh athbhreithniú ar na rátaí.

Leibhéal riosca: Meánmhéide

Bearta maolaithe:

Déanfar suirbhé nua ar phraghsanna margaidh chun costais aonaid na réiteach teicneolaíoch nua a ríomh. Cuirfear an mhodheolaíocht faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh lena formheas trí leasú ar chlár.

12.

An méid iomlán (méid náisiúnta agus méid an Aontais) a mheastar go n-aisíocfaidh an Coimisiún ar an mbonn sin

Ba cheart go mbeadh sé comhsheasmhach le Cuid A – Sciar measta den leithdháileadh airgeadais iomlán laistigh den tosaíocht a gcuirfear RCS i bhfeidhm maidir leis in %. Mar sin féin, ba cheart an méid iomlán atá le caitheamh le haghaidh RCS a léiriú anseo.

EUR 5 000 000


C -

Scála caighdeánach na gcostas aonaid, cnapshuimeanna nó rátaí comhréidhe a ríomh

Barúil ghinearálta: Mar gheall ar theorannú na gcarachtar in SFC, ba cheart achoimre ghearr ar an bhfaisnéis níos mionsonraithe atá san áireamh le measúnú an údaráis iniúchóireachta a bheith san fhaisnéis a sholáthraítear. Má mheastar go bhfuil gá leis, is féidir doiciméadacht tacaíochta eile a uaslódáil sa chóras tríd an roinn Ginearálta -> Doiciméid.

Ceist

Barúlacha

Sampla

1.

Foinse na sonraí a úsáideadh chun scála caighdeánach na gcostas aonaid, cnapshuimeanna nó rátaí comhréidhe a ríomh (cé a rinne na sonraí a tháirgeadh, a bhailiú agus a thaifeadadh; an áit a stóráiltear na sonraí; scoithdhátaí; bailíochtú, etc.).

Tabhair tuairisc ar fhoinsí sonraí (ar úsáideadh na sonraí uile nó sampla?), agus creat ama na sonraí á léiriú go soiléir. Murar cuireadh roinnt tionscadal san áireamh san anailís, soláthair bonn cirt maidir leis an bhfáth.

Soláthair catagóirí uileghabhálacha costais (costais) a úsáidtear chun RCS a ríomh.

Tabhair tuairisc ar shocruithe chun a áirithiú go bhfuil na sonraí a úsáidtear cothrom le dáta.

I gcás ina n-úsáidtear sonraí oibiachtúla eile nó breithiúnas saineolach, déan cinnte go bhfuil na sonraí ar fáil chun a thaispeáint go bhfuil do ríomh comhsheasmhach, iomlán etc.

Sampla 1: Rinne an t-údarás bainistíochta suirbhé ar phraghsanna margaidh idir mí Aibreáin agus mí an Mheithimh 2022 trí agallamh a chur ar sholáthróirí réiteach teicneolaíoch nua le haghaidh gaireas stórála fuinnimh. Tá liosta na soláthróirí bunaithe ar an bhfaisnéis faoi eintitis dhlítheanacha agus a ngníomhaíochtaí ón mbunachar sonraí náisiúnta, atá ar fáil go poiblí ar an suíomh gréasáin.

Tá an bunachar sonraí ar fáil san iarscríbhinn agus déantar é a thaifeadadh i gcóras TF an údaráis bhainistíochta.

Sampla 2: Ríomhadh an costas aonaid bunaithe ar shonraí stairiúla an chláir. Roghnaigh an t-údarás bainistíochta na hoibríochtaí uile a maoiníodh i gclárthréimhse 2014-2020 a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh. Stóráiltear sonraí i gcóras TF an údaráis bhainistíochta agus bailíochtaíodh iad le fíoruithe bainistíochta agus iniúchtaí.

2.

Sonraigh an fáth go bhfuil an modh agus an ríomh beartaithe atá bunaithe ar Airteagal 94(2) ábhartha don chineál oibríochta.

An léiríonn RCS atá beartaithe réaltacht? Cén fáth a bhfuil gá leis? Cén simpliú a dhéanann sé agus cé dó a ndéanann sé difear?

Cén fáth a n-úsáidtear modh ríofa sonrach? An úsáidtear meán (nó airmheán)?

Cén fáth a n-úsáidtear sampla sonrach (más infheidhme)?

Sampla 1: Tá an mhodheolaíocht sin iomchuí don chineál sonrach gníomhaíochta, ós rud é go ndearnadh an staidéar bunaithe ar anailís ar phraghsanna margaidh; scrúdaíodh reachtaíocht náisiúnta a bhaineann le saincheisteanna an imscrúdaithe freisin. Ní féidir ach an modh anailíse ar phraghsanna margaidh a chur i bhfeidhm maidir le ríomh na gcostas aonaid: ós rud é go bhfuil gairis stórála fuinnimh nua ar an margadh, níor maoiníodh ceannach na ngaireas sin le haon bhuiséad de chuid an Aontais ná le haon bhuiséad de chuid an stáit sular cuireadh tús leis an imscrúdú agus, dá bhrí sin, níl sonraí stairiúla ar fáil. Thug 80 % de na soláthróirí uile freagra ar an iarraidh.

Sampla 2: Is de chineál aonchineálach iad na hoibríochtaí a maoiníodh i gclárthréimhse 2014-2020 ar foinse na ríomhanna iad. Tá an mhodheolaíocht bunaithe ar na fíorchostais arna bhfíorú ag an údarás bainistíochta, agus soláthraíonn siad torthaí atá intomhaiste go hoibiachtúil.

Maoineofar an cineál céanna oibríochtaí i gclárthréimhse 2021-2027. Is ualach riaracháin an-mhór do na tairbhithe agus don slabhra bainistíochta uile é na hoibríochtaí sin a chur chun feidhme bunaithe ar chostais iarbhír arna dtabhú. Laghdaítear an t-ualach sin go mór trí thairbhithe a aisíoc trí úsáid a bhaint as RCSanna.

3.

Sonraigh an chaoi a ndearnadh na ríomhanna, ag cur san áireamh go háirithe aon toimhde a rinneadh ó thaobh cáilíochta nó cainníochtaí de. I gcás inarb ábhartha, ba cheart fianaise agus tagarmharcanna staidrimh a úsáid agus, má iarrtar sin, iad a chur ar fáil i bhformáid is féidir leis an gCoimisiún a úsáid.

Tabhair tuairisc ar ríomh céim ar chéim agus ar an gcaoi ar tháinig tú ar an méid/céatadán (i gcás maoiniú ar ráta comhréidh).

I gcás samplála, mínigh conas agus cén fáth. I gcás sonraí eisiata (asluitigh), mínigh do réasúnaíocht.

Seachain slánú suas toisc go bhféadfadh riosca a bheith ann go mbeadh praghas ró-ard ar RCSanna. Cur chuige stuama a d’fhéadfadh a bheith ann slánú síos.

Sampla 1: Rinneadh anailís ar an gcreat dlíthiúil lena rialaítear na coinníollacha maidir le gairis stórála fuinnimh sa Bhallstát. Bunaithe ar an anailís sin, sainíodh na híoscheanglais theicniúla.

Seoladh an suirbhé chuig na soláthróirí a sainaithníodh sa bhunachar sonraí náisiúnta. D’fhreagair 80 % de na soláthróirí an suirbhé.

Tar éis torthaí an tsuirbhé a fháil, cinneadh idirdhealú a dhéanamh idir na gairis stórála fuinnimh agus a dteicneolaíocht agus meánphraghsanna á ríomh, toisc gur tugadh faoi deara difríochtaí móra praghais idir na teicneolaíochtaí éagsúla sin. Roghnaíodh na teicneolaíochtaí is mó a úsáidtear, agus ríomhadh costas aonaid mar mheán na bpraghsanna a fuarthas ón suirbhé. Tá an ríomh ar fáil in Iarscríbhinn 2 agus stóráiltear i gcóras TF an údaráis bhainistíochta é. Sheiceáil feidhm staidrimh x le haghaidh asluitigh sna sonraí agus ní raibh aon mhéid eisiata.

Sampla 2: Bunaithe ar shonraí stairiúla, cinneadh idirdhealú a dhéanamh idir athchóiriú fuinnimh ar thithíocht aonair agus ar thithíocht chomhchoiteann. Ríomhadh an costas aonaid mar mheánchostas athchóirithe fuinnimh na tithíochta aonair agus na tithíochta comhchoitinne. Tá an ríomh ar fáil in Iarscríbhinn 1 agus stóráiltear i gcóras TF an údaráis bhainistíochta é.

4.

Mínigh an chaoi ar áirithigh tú nár cuireadh ach caiteachas incháilithe san áireamh agus scála caighdeánach na gcostas aonaid, cnapshuim nó ráta comhréidh á ríomh.

Baineann sé seo le hiontaofacht sonraí. Tá coinne leis go míneoidh tú cén fáth go bhfuil na sonraí a úsáidtear tábhachtach. E.g., i gcás sonraí stairiúla cláir, gur fíoraíodh é trí fhíoruithe bainistíochta agus gur ceartaíodh aon toradh iniúchóireachta, nó, i gcás staidreamh náisiúnta, nach n-áirítear leis an mbonn sonraí aon rud nach meastar a bheith incháilithe.

Sampla 1: Ní áirítear le ríomh na gcostas aonaid ach sonraí ábhartha le haghaidh anailíse:

agus liosta na soláthróirí á bhunú, rinneadh cuid de na fiontair a thug le fios nár sholáthair siad seirbhísí sonracha nó nach raibh siad in ann suirbhé a chur isteach a fhágáil as an áireamh.

cuireadh íoscheanglais theicniúla maidir le gairis stórála fuinnimh ón reachtaíocht náisiúnta san áireamh.

rinneadh na hipitéisí staidéir a fhíorú le clár staidrimh. Tá ríomh na gcostas aonaid bunaithe ar thorthaí na hanailíse comhghaoil.

Sampla 2: Níor úsáideadh ach oibríochtaí a bhaineann leis na hathchóirithe éifeachtúlachta fuinnimh le haghaidh na ríomhanna. Eisiadh na hoibríochtaí seo a leanas maidir le hathchóirithe nach bhfuil nasctha le héifeachtúlacht fuinnimh: (liosta na n-oibríochtaí).

Laistigh de na hoibríochtaí maoinithe, fíoraíodh na catagóirí costas agus níor breithníodh ach na costais a chumhdaítear le RCS sa ríomh. Rinne an t-údarás bainistíochta agus an t-údarás iniúchóireachta na catagóirí costais uile a úsáideadh chun an costas aonaid a ríomh a sheiceáil agus a fhormheas.

5.

Measúnú ón údarás/ó na húdaráis iniúchóireachta ar an modheolaíocht don ríomh agus na méideanna agus ar na socruithe chun fíorú, cáilíocht, bailiú agus stóráil na sonraí a áirithiú.

Tá an measúnú ex-ante dearfach a dhéanann an t-údarás iniúchóireachta sainordaitheach agus déanfar é a uaslódáil in SFC faoin roinn Ginearálta -> Doiciméid.

Sampla 1: Bunaithe ar an measúnú ar an staidéar ar bhunú RCSanna, is féidir leis an údarás iniúchóireachta a dheimhniú go gcomhlíonann an struchtúr atá beartaithe na ceanglais rialála, go háirithe:

a)

go bhfuil an modh ríofa cóir, ceart agus infhíoraithe;

b)

go bhfuil na sonraí a úsáideadh bunaithe ar fhaisnéis oibiachtúil eile (suirbhé ar phraghsanna margaidh). Measadh go raibh na sonraí a úsáideadh iontaofa agus ábhartha don chineál oibríochta;

c)

go gcomhlíonann na catagóirí agus na cineálacha caiteachais a chuirtear san áireamh chun RCSanna a bhunú na rialacha ábhartha náisiúnta agus de chuid an Aontais maidir le hincháilitheacht, go háirithe iad siúd a leagtar amach in Airteagail 64 agus 67 de RFC;

d)

bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil faoi struchtúr na gcostas aonaid, nach bhfuil aon riosca ann go ndéanfar maoiniú dúbailte ar na costais chéanna (ní chumhdaíonn na RCSanna atá i gceist costais uile na hoibríochta, ní dhéanann costais bhreise arna n-aisíoc ag RCSanna eile dúbláil ar na costais chéanna ná ní chumhdaíonn siad na costais chéanna);

e)

go bhfuil méideanna na roghanna costais simplithe in aghaidh an aonaid tomhais a chinntear comhsheasmhach leis na toimhdí a rinneadh agus leis na sonraí a úsáideadh chun na méideanna a chinneadh;

f)

go soláthraítear faisnéis leordhóthanach leis an tuairisc ar an modh coigeartaithe maidir le coinníollacha agus uainiú a chur i bhfeidhm, go bhfuil na coinníollacha soiléir agus intomhaiste, agus go meastar go bhfuil an modh iomchuí.

A mhéid a bhaineann leis na bearta chun fíorú, cáilíocht, bailiú agus stóráil sonraí a áirithiú, tá sé beartaithe doiciméid tacaíochta iomchuí agus córas a úsáid chun gnóthú an lín idirmheánaigh aonad agus stóráil na sonraí a dheimhniú.

Sampla 2: Measúnú dearfach an údaráis iniúchóireachta de réir thuarascáil mheasúnachta an údaráis iniúchóireachta (san iarscríbhinn),


(1)  Tagraíonn sé seo don chód le haghaidh ghné an réimse idirghabhála i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le RFC (nó don chód in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialacháin CTIL, IBTV agus CSI).

(2)  Tagraíonn sé seo do chód comhtháscairí, más infheidhme.


IARSCRÍBHINN 3:

Sampla de chomhoiriúnacht RCSanna le rialacha maidir leis an státchabhair

Faigheann cuideachta deontas faoi scéim státchabhrach chun tionscadal oiliúna a chur chun feidhme dá foireann. Is fiú EUR 387 000 an tacaíocht phoiblí. Tá an chabhair sin faoi bhun na tairsí fógartha EUR 3 mhilliún a leagtar síos in Airteagal 4(1)(n) den Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine le hAGHAIDH oiliúintí agus comhlíontar na coinníollacha eile uile a leagtar síos leis an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine i leith na cabhrach sin. Dá bhrí sin, tá feidhm ag an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine.

Comhaontaíonn an tairbhí agus an t-údarás bainistíochta costais aonaid a úsáid chun costas an chúrsa in aghaidh an rannpháirtí a chinneadh.

Sonraítear le hAirteagal 31 den Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine an méid seo a leanas maidir le cabhair oiliúna:

(1)

Beidh cabhair oiliúna comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh í chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

(2)

Ní dheonófar cabhair le haghaidh oiliúint a dhéanann gnóthais chun caighdeáin shainordaitheacha náisiúnta maidir le hoiliúint a chomhlíonadh.

(3)

Is iad seo a leanas na costais incháilithe:

(a)

costais phearsanra na n-oiliúnóirí, le haghaidh na n-uaireanta an chloig lena linn a nglacann na hoiliúnóirí páirt san oiliúint;

(b)

costais oibriúcháin oiliúnóirí agus oiliúnaithe a bhaineann go díreach leis an tionscadal oiliúna amhail costais taistil, costais chóiríochta, ábhair agus soláthairtí a bhaineann go díreach leis an tionscadal, dímheas uirlisí agus trealaimh, a mhéid a úsáidtear iad go heisiach le haghaidh an tionscadail oiliúna;

(c)

costais seirbhísí comhairleacha atá nasctha leis an tionscadal oiliúna;

(d)

costais phearsanra na n-oiliúnaithe agus costais indíreacha ghinearálta (costais riaracháin, cíos, forchostais) le haghaidh na n-uaireanta an chloig ina nglacann na hoiliúnaithe páirt san oiliúint.

(4)

Ní sháróidh an déine cabhrach 50 % de na costais incháilithe. Féadfar é a mhéadú, suas le huasdéine cabhrach 70 % de na costais incháilithe, mar a leanas:

(a)

faoi 10 bpointe céatadáin má thugtar an oiliúint d’oibrithe faoi mhíchumas nó d’oibrithe faoi mhíbhuntáiste;

(b)

faoi 10 bpointe céatadáin má dheonaítear an chabhair d’fhiontair mheánmhéide agus faoi 20 pointe céatadáin má dheonaítear an chabhair d’fhiontair bheaga;

(5)

I gcás ina ndeonaítear an chabhair in earnáil an mhuiriompair, féadfar an déine cabhrach a mhéadú go 100 % de na costais incháilithe ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

nach baill ghníomhacha den chriú iad na hoiliúnaithe ach go bhfuil siad breise ar bord; agus

(b)

go ndéanfar an oiliúint ar bord long atá iontráilte i gcláir an Aontais.

Cinneann an t-údarás bainistíochta costais aonaid a bhunú chun caiteachas incháilithe na dtionscadal a chinneadh. Tá sonraí staidrimh á n-úsáid aige (de réir Airteagal 53(3)(a)(i) de RFC) maidir le hoiliúint den chineál céanna i limistéar geografach ar leith.

Tar éis na sonraí staidrimh a láimhseáil go hiomchuí, is iad seo a leanas na meánchostais in aghaidh na míre caiteachais le haghaidh an chineáil seo cúrsa le líon comhchosúil rannpháirtithe:

Costais dhíreacha (in EUR)

 

Costais indíreacha (in EUR)

Oiliúnóir – luach saothair

100 000

 

Costais riaracháin

17 500

Oiliúnóir – costais taistil

10 000

 

Cíos

15 000

Oiliúnaithe – luach saothair

140 000

 

Forchostais

12 500

Oiliúnaithe – cóiríocht

55 000

 

Iomlán na gcostas indíreach

45 000

Oiliúnaithe — costais taistil

25 000

 

 

 

Earraí tomhaltais nach féidir a dhímheas

5 000

 

 

 

Poiblíocht

2 000

 

 

 

Costais eagrúcháin

5 000

 

 

 

Iomlán na gcostas díreach

342 000

 

 

 

Agus na sonraí á bpróiseáil aige, tógann an t-údarás bainistíochta na costais neamh-incháilithe uile amach.

Is mar a leanas atá an ríomh:

Costais incháilithe iomlána na hoiliúna

(costais iomlána – costais neamh-incháilithe)

EUR 387 000 – 0 = EUR 387 000

An líon rannpháirtithe a bhfuil coinne leis go mbeidh an oiliúint curtha i gcrích acu

300

Costais in aghaidh an rannpháirtí a chuireann an oiliúint i gcrích (costas aonaid)

EUR 387 000 / 300 rannpháirtí =

EUR 1 290 / rannpháirtí

Seo a leanas cistiú sealadach an tionscadail oiliúna:

Cistiú poiblí (náisiúnta + CSE)

EUR 193 500

Cistiú príobháideach (féinmhaoiniú)

EUR 193 500

Déine na státchabhrach

50  %

Le hAirteagal 31(4) den Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine, teorannaítear an déine cabhrach go 50 % de na costais incháilithe (mar a leagtar amach sa doiciméad ina leagtar amach an coinníoll maidir le tacaíocht). Tá an buiséad sealadach i gcomhréir leis an gceanglas sin.

Tar éis an tionscadal a chur chun feidhme, beidh na costais incháilithe bunaithe ar an bhfíorlíon rannpháirtithe a chuirfidh an oiliúint i gcrích. Mura gcríochnaíonn ach 200 rannpháirtí an oiliúint, is mar a leanas a bheidh an chabhair:

Iomlán na gcostas incháilithe atá le dearbhú don Choimisiún

EUR 1 290 x 200 = EUR 258 000

Cistiú poiblí (náisiúnta + CSE+)

EUR 129 000

Cistiú príobháideach (féinmhaoiniú)

EUR 129 000

Déine na státchabhrach

50  %


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7467/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)