|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/7456 |
19.12.2024 |
Fógra tionscnaimh maidir le páirt-athbhreithniú eatramhach ar na bearta frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne
(C/2024/7456)
Tá iarraidh faighte ag an gCoimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) ar páirt-athbhreithniú eatramhach de bhun Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint in aghaidh allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’).
1. Iarraidh ar athbhreithniú
Is iad Cerame-Unie / An Chónaidhm Eorpach um Earraí Ceirmeacha le haghaidh an Bhoird agus Earraí Ceirmeacha Ornáideacha (‘FEPF’) (‘an t-iarratasóir’) a chuir an iarraidh isteach an 17 Deireadh Fómhair 2024 thar ceann thionscal earraí ceirmeacha an Aontais le haghaidh an bhoird agus na cistine de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán.
Tá raon feidhme an athbhreithnithe teoranta do scrúdú a dhéanamh ar dhumpáil.
Tá leagan oscailte den iarraidh mar aon le hanailís ar a mhéid a thacaíonn táirgeoirí an Aontais leis an iarraidh le fáil sa chomhad le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. I roinn 5.4 den fhógra seo, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar an gcomhad le haghaidh páirtithe leasmhara.
2. An táirge faoi athbhreithniú
Is é an táirge atá faoi réir an athbhreithnithe seo earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine, seachas muilte ceirmeacha le haghaidh tarsann agus spíosraí agus a pháirteanna meilte ceirmeacha, muilte caife ceirmeacha, líofóirí ceirmeacha sceana, líofóirí ceirmeacha, uirlisí ceirmeacha cistine atá le húsáid le haghaidh gearrtha, meilte, grátála, slisnithe, scríobtha agus scafa, agus clocha ceirmeacha píotsa cordiairít de chineál a úsáidtear chun píotsa nó arán a bhácáil (‘an táirge faoi athbhreithniú’), a thagann faoi láthair faoi chóid AC ex 6911 10 00 , ex 6912 00 21 , ex 6912 00 23 , ex 6912 00 25 agus ex 6912 00 29 (cóid TARIC 6911 10 00 90, 6912 00 21 11, 6912 00 21 91, 6912 00 23 10, 6912 00 25 10 agus 6912 00 29 10). Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar na cóid AC agus TARIC gan dochar d’aon athrú a dhéanfaí ar an aicmiú taraife ina dhiaidh sin.
3. Na bearta atá ann cheana
Is iad na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair dleacht frithdhumpála chinntitheach arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 ón gCoimisiún (2).
An 12 Iúil 2024, d’fhoilsigh an Coimisiún Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’ nó ‘an tír lena mbaineann’) (3). Go dtí go gcríochnófar an t-imscrúdú maidir leis an athbhreithniú éaga, leanfaidh na bearta de bheith i bhfeidhm.
4. Foras an athbhreithnithe
Tá an iarraidh bunaithe ar fhianaise leordhóthanach arna soláthar ag an iarratasóir go bhfuil athrú tagtha, a mhéid a bhaineann le dumpáil, ar na himthosca ar ar a mbonn a forchuireadh na bearta atá ann cheana agus go bhfuil na hathruithe sin de chineál marthanach.
Baineann na hathruithe sin le méadú suntasach ar acmhainneachtaí táirgeachta mar aon le hathstruchtúrú suntasach thionscal earraí ceirmeacha na Síne le haghaidh an bhoird agus na cistine. Léirigh an t-iarratasóir, cé gur tugadh tuairisc go raibh an earnáil an-ilroinnte le linn an imscrúdaithe bunaidh (4), gur ghlac údaráis áitiúla agus bhardasacha na Síne straitéis forbartha tionscail atá bunaithe ar bhraislí ó shin d’fhonn comhdhlúthú suntasach ar an tionscal ceirmeach a chothú timpeall ar roinnt príomhfhiontar mór.
Thairis sin, chuir an t-iarratasóir i dtábhacht gur tháinig laghdú ar phraghsanna onnmhairiúcháin tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne chuig an Aontas le blianta beaga anuas mar thoradh ar an méadú ar an acmhainneacht táirgeachta mar aon le hatheagrú suntasach thionscal earraí ceirmeacha na Síne le haghaidh na cistine agus an bhoird. Cé go léiríonn staitisticí allmhairiúcháin ar leibhéal CAL méadú beag ar phraghsanna allmhairí Síneacha idir mí Eanáir 2019 agus mí an Mheithimh 2024, is dócha gurb é is cúis leis sin éagsúlachtaí i gcostais lasta idirnáisiúnta. Tacaítear leis an léirmhíniú sin le staidreamh onnmhairiúcháin na Síne ar leibhéal SAB, lena léirítear laghdú ar phraghsanna agus a fheidhmíonn mar tháscaire níos iontaofa chun measúnú a dhéanamh ar threocht na bpraghsanna onnmhairiúcháin, staidreamh a bhunaítear de ghnáth ar leibhéal na trádála díreach ón monarcha, staidreamh a úsáidtear i ríomhanna dumpála. In aon chás, tá an méadú beag ar phraghsanna ar allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne ar leibhéal CAL fós i bhfad níos lú ná na harduithe praghsanna a tugadh faoi deara in allmhairí ón dá phríomhfhoinse allmhairiúcháin eile, an Téalainn agus an Tuirc, idir mí Eanáir 2019 agus mí an Mheithimh 2024.
Léirigh an t-iarratasóir nach bhfuil an laghdú a tháinig le déanaí ar phraghas onnmhairiúcháin an táirge lena mbaineann ag teacht leis na treochtaí domhanda níos leithne i gcostais agus i bpraghsanna laistigh den tionscal earraí ceirmeacha le haghaidh na cistine agus an bhoird. D’áitigh siad gur dócha go dtiocfaidh an laghdú sin ar phraghsanna mar gheall ar atheagrú agus méadú ar an acmhainneacht táirgeachta, ar athruithe struchtúracha marthanacha iad araon.
Dá bhrí sin, líomhnaigh an t-iarratasóir nach leor na bearta atá ann faoi láthair chun gníomhú in aghaidh na dumpála.
Mhaígh an t-iarratasóir nach iomchuí praghsanna agus costais intíre sa tSín a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh agus chun na corrlaigh dhumpála a athríomh, i ngeall gur ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.
Chun bunús a thabhairt leis na líomhaintí maidir le saobhadh suntasach, bhí an t-iarratasóir ag brath ar an bhfaisnéis a bhí sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críche Imscrúduithe Cosanta Trádála dar dáta an 10 Aibreán 2024 lena dtugtar tuairisc ar imthosca sonracha an mhargaidh sa tír lena mbaineann (5).
Go háirithe, thagair an t-iarratasóir do shaobhadh amhail láithreacht an stáit i gcoitinne agus an tionchar atá aige sin go sonrach ar an earnáil earraí ceirmeacha agus ar chaibidlí maidir le saobhadh ginearálta fuinnimh, talaimh, caipitil, amhábhar agus saothair. Ina theannta sin, bhí an t-iarratasóir ag brath ar fhaisnéis a bhí ar fáil go poiblí, go háirithe torthaí an Choimisiúin san athbhreithniú éaga an 12 Iúil 2019 (6), agus ‘Plean Rialtas na Síne um Fhorbairt an Tionscail Éadroim’.
I bhfianaise na faisnéise atá ar fáil, measann an Coimisiún go bhfuil fianaise leordhóthanach ann de bhun Airteagal 5(9) den bhun-Rialachán a d’fhéadfadh a léiriú, i ngeall ar shaobhadh suntasach a dhéanann difear do phraghsanna agus do chostais, nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tSín, rud a fhágann gur gá imscrúdú a thionscnamh ar bhonn Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.
Tá an tuarascáil tíre le fáil sa chomhad le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (7).
5. Nós imeachta
Agus é cinntithe ag an gCoimisiún, tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas, go bhfuil fianaise leordhóthanach ann chun údar a thabhairt le páirt-athbhreithniú eatramhach a thionscnamh, athbhreithniú a bheidh teoranta ionas gurb éard a bheidh i gceist leis scrúdú a dhéanamh ar dhumpáil, tá sé ag tionscnamh athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 11(3) den bhun-Rialachán. Is é is cuspóir don athbhreithniú an ráta dumpála a shuí do na táirgeoirí onnmhairiúcháin.
5.1. Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe
Cumhdóidh an t-imscrúdú an tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024 (‘tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe’).
5.2. Barúlacha maidir leis an iarraidh agus tionscnamh an imscrúdaithe
Na páirtithe leasmhara uile ar mian leo barúil a thabhairt ar an iarraidh nó ar aon ghné a bhaineann le tionscnamh an imscrúdaithe (lena n-áirítear an méid tacaíochta atá ann don iarraidh), ní mór dóibh é sin a dhéanamh laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (8).
Aon iarraidh ar éisteacht maidir le tionscnamh an imscrúdaithe, ní mór í a chur isteach laistigh de 15 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo.
5.3. Nós imeachta um dhumpáil a chinneadh
Na táirgeoirí uile den táirge faoi athbhreithniú ón tír lena mbaineann, lena n-áirítear na hallmhaireoirí nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá i bhfeidhm ba thoradh air, iarrtar orthu a bheith rannpháirteach in imscrúdú seo de chuid an Choimisiúin.
5.3.1. Imscrúdú a dhéanamh ar tháirgeoirí onnmhairiúcháin sa tír lena mbaineann
Ó tharla go bhféadfadh líon mór táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tír lena mbaineann a bheith bainteach leis an athbhreithniú eatramhach seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn teorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon tairgeoirí a dhéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar ‘sampláil’ ar an bpróiseas sin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéanfar an tsampláil.
Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, iarrtar ar gach táirgeoir, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a cheann, lena n-áirítear na táirgeoirí nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá faoi réir an athbhreithnithe seo ba thoradh air, faisnéis faoina gcuideachtaí a chur ar fáil don Choimisiún laistigh de 7 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí TRON.tdi ag an seoladh seo a leanas:
https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi/form/R831_SAMPLING_FORM_FOR_EXPORTING_PRODUCER. I roinn 5.4 agus roinn 5.7 thíos, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar Tron.
D’fhonn an fhaisnéis a fháil a mheasann sé a bheith riachtanach do roghnú shampla na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin, rachaidh an Coimisiún i dteagmháil le húdaráis na tíre lena mbaineann agus féadfaidh sé dul i dteagmháil le haon chomhlachas de tháirgeoirí onnmhairiúcháin a bhfuiltear ar an eolas fúthu sa tír lena mbaineann.
Má tá gá le sampla, roghnófar na tairgeoirí onnmhairiúcháin ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó de tháirgeacht, díolacháin nó onnmhairí ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta laistigh den am atá ar fáil. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do gach táirgeoir onnmhairiúcháin is eol sa tír lena mbaineann, d’údaráis na tíre lena mbaineann agus do chomhlachais de tháirgeoirí onnmhairiúcháin, trí údaráis na tíre lena mbaineann, más iomchuí, faoi na cuideachtaí a roghnófar le bheith sa sampla.
Nuair a gheobhaidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá chun sampla de na táirgeoirí onnmhairiúcháin a roghnú, cuirfidh sé na páirtithe lena mbaineann ar an eolas faoina chinneadh iad a roghnú nó gan iad a roghnú le bheith sa sampla. Beidh ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá tar éis an dáta a thugtar fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.
Cuirfidh an Coimisiún nóta leis an gcomhad le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a léireoidh roghnú an tsampla. Aon bharúil maidir le roghnú an tsampla, ní mór í a bheith faighte laistigh de 3 lá tar éis an dáta a fhógraítear an cinneadh faoin sampla.
Tá cóip den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tír lena mbaineann ar fáil sa chomhad le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2767).
Gan dochar do chur i bhfeidhm féideartha Airteagal 18 den bhun-Rialachán, na cuideachtaí a bhí toilteanach a bheith sa sampla ach nár roghnaíodh iad le bheith ann, measfar gur cuideachtaí comhoibríocha atá iontu.
5.3.2. Nós imeachta breise maidir leis an tír lena mbaineann atá faoi réir saobhadh suntasach
Faoi réir fhorálacha an fhógra seo, leis seo, iarrtar ar na páirtithe leasmhara uile a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach, agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Mura sonraítear a mhalairt, ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 37 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo.
Go háirithe, iarrann an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara uile a dtuairimí a chur in iúl maidir leis na hionchuir agus maidir le cóid an Chórais Chomhchuibhithe (CC) a sholáthraítear sa ghearán, tír ionadaíoch nó tíortha ionadaíocha iomchuí a mholadh agus céannacht tháirgeoirí onnmhairiúcháin an táirge faoi athbhreithniú sna tíortha sin a chur ar fáil. Ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 15 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo.
De bhun Airteagal 2(6a), pointe (e), den bhun-Rialachán, go luath tar éis dó an t-imscrúdú a thionscnamh, cuirfidh an Coimisiún na páirtithe san imscrúdú ar an eolas faoi na foinsí ábhartha a bhfuil sé beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach sa tír lena mbaineann a chinneadh de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, agus déanfaidh sé amhlaidh trí bhíthin nóta a chur leis an gcomhad le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. Cuimseoidh sé sin na foinsí uile, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tríú tír iomchuí a roghnú. Nuair a chuirfear an nóta leis an gcomhad sin, beidh 10 lá ón dáta sin ag na páirtithe san imscrúdú chun a gcuid barúlacha a chur isteach.
De réir na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún, d’fhéadfadh an Tuirc a bheith ina tríú tír ionadaíoch don tír lena mbaineann sa chás seo. D’fhonn an tríú tír ionadaíoch iomchuí a roghnú ar deireadh, scrúdóidh an Coimisiún an bhfuil tíortha ann a bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche acu atá cosúil le leibhéal forbartha eacnamaíche na tíre lena mbaineann, ina bhfuil táirgeadh agus díolachán an táirge faoi athbhreithniú agus ina bhfuil sonraí ábhartha ar fáil go héasca. I gcás ina bhfuil níos mó ná rogha amháin ann i ndáil le tír ionadaíoch, tabharfar tús áite, i gcás inarb iomchuí, do thíortha inar leordhóthanach leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil atá iontu.
Maidir leis na foinsí ábhartha, iarrann an Coimisiún ar tháirgeoirí onnmhairiúcháin uile na tíre lena mbaineann faisnéis a chur ar fáil maidir leis na hábhair (amh agus próiseáilte) agus fuinneamh a úsáidtear chun an táirge atá faoi athbhreithniú a tháirgeadh laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí TRON.tdi ag an seoladh seo a leanas:
https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi/form/R831_INFO_ON_INPUTS_FOR_EXPORTING_PRODUCER_FORM.
I roinn 5.4 agus roinn 5.7 thíos, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar Tron.
Thairis sin, ní mór aon fhaisnéis fhíorasach a chuirtear isteach chun luach a chur ar chostais agus ar phraghsanna de bhun Airteagal 2(6a), pointe (a), den bhun-Rialachán a chomhdú laistigh de 65 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo. Ba cheart faisnéis fhíorasach den sórt sin a thógáil ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí, agus ó na foinsí sin amháin.
D’fhonn an fhaisnéis a fháil a mheasann sé a bheith riachtanach dá imscrúdú i ndáil leis an saobhadh suntasach líomhnaithe de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, cuirfidh an Coimisiún ceistneoir ar fáil freisin do Rialtas na tíre lena mbaineann.
5.3.3. Imscrúdú a dhéanamh ar allmhaireoirí neamhchomhlachaithe (9) (10)
Allmhaireoirí neamhchomhlachaithe an táirge faoi athbhreithniú ón tSín chuig an Aontas, lena n-áirítear iad siúd nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá i bhfeidhm ba thoradh air, iarrtar orthu a bheith rannpháirteach san imscrúdú seo.
Ó tharla go bhféadfadh líon mór allmhaireoirí neamhchomhlachaithe a bheith bainteach leis an athbhreithniú eatramhach seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn na dteorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon allmhaireoirí neamhchomhlachaithe a ndéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar ‘sampláil’ ar an bpróiseas sin freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéanfar an tsampláil.
Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, iarrtar leis seo ar na hallmhaireoirí neamhchomhlachaithe uile, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a gceann, lena n-áirítear iad siúd nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá faoi réir an athbhreithnithe seo ba thoradh air, iad féin a chur in aithne don Choimisiún. Ní mór do na páirtithe sin déanamh amhlaidh laistigh de 7 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo, tríd an bhfaisnéis faoina gcuideachta nó faoina gcuideachtaí arna hiarraidh san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhfógra seo a thabhairt don Choimisiún.
An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach chun sampla na n-allmhaireoirí neamhchomhlachaithe a roghnú, chun an fhaisnéis sin a fháil, féadfaidh sé teagmháil a dhéanamh le haon chomhlachas aitheanta d’allmhaireoirí atá ann.
Má tá gá le sampla, féadfar na hallmhaireoirí a roghnú ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó de dhíolacháin an táirge faoi athbhreithniú ón tSín chuig an Aontas ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta laistigh den am atá ar fáil. Gach allmhaireoirí neamhchomhlachaithe aitheanta agus na comhlachais d’allmhaireoirí, tabharfaidh an Coimisiún fógra dóibh faoi na cuideachtaí a roghnaíodh le bheith sa sampla.
Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún nóta leis an gcomhad le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a léireoidh roghnú an tsampla. Aon bharúil maidir le roghnú an tsampla, ní mór í a bheith faighte laistigh de 3 lá tar éis an dáta a fhógraítear an cinneadh faoin sampla.
An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe, chun an fhaisnéis sin a fháil, cuirfidh sé ceistneoirí ar fáil do na hallmhaireoirí neamhchomhlachaithe sampláilte. Ní mór do na páirtithe sin ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá tar éis an dáta a thugtar fógra faoi roghnú an tsampla, mura sonraítear a mhalairt.
Tá cóip den cheistneoir le haghaidh allmhaireoirí neamhchomhlachaithe le fáil sa chomhad le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2767).
5.4. Páirtithe leasmhara
Chun bheith rannpháirteach san imscrúdú, páirtithe leasmhara, amhail táirgeoirí sa tír/sna tíortha lena mbaineann, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí ionadaíocha tomhaltóirí, ní mór dóibh a léiriú i dtús báire gur ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi athbhreithniú.
Táirgeoirí sa tír lena mbaineann, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus comhlachais ionadaíocha a chuir faisnéis ar fáil, measfar gur páirtithe leasmhara atá iontu má tá nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi athbhreithniú.
Ní bheidh páirtithe eile in ann a bheith rannpháirteach san imscrúdú mar pháirtithe leasmhara go dtí go gcuirfidh siad iad féin in aithne, agus ar choinníoll gur ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú. Is gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 18 den bhun-Rialachán a mheastar go bhfuil páirtí ina pháirtí leasmhar.
Is féidir an comhad le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a rochtain trí Tron.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI. Lean na treoracha ar an leathanach sin chun rochtain a fháil (11).
5.5. Aighneachtaí eile i scríbhinn
Faoi réir fhorálacha an fhógra seo, iarrtar ar na páirtithe leasmhara uile, leis seo, a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach, agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil. Mura sonraítear a mhalairt, ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 37 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo.
5.6. An deis éisteacht a fháil le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin
Féadfaidh gach páirtí leasmhar éisteacht a iarraidh le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin. Aon iarraidh ar éisteacht, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór cúiseanna na hiarrata a shonrú inti mar aon le hachoimre ar an méid ar mian leis an bpáirtí leasmhar a phlé le linn na héisteachta. Beidh an éisteacht teoranta do na saincheisteanna arna leagan amach ag na páirtithe leasmhara i scríbhinn roimh ré.
I bprionsabal, ní úsáidfear éisteachtaí chun faisnéis fhíorasach nach bhfuil sa chomhad go fóill a chur i láthair. Mar sin féin, ar mhaithe le dea-riarachán agus chun gur féidir le seirbhísí an Choimisiúin dul ar aghaidh leis an imscrúdú, féadfar a iarraidh ar pháirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua a chur ar fáil tar éis na héisteachta.
5.7. Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus maidir le ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras a sheoladh
Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipcheart. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipchearta tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear don Choimisiún a) an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críoch an nós imeachta cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú seo i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gcearta cosanta a fheidhmiú.
Gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar san fhógra seo, ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfí leo, cuirfear an lipéad ‘ Íogair ’ orthu (12). Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu údar a thabhairt lena n-iarraidh gur i modh rúin a chaithfí léi.
Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis ‘Íogair’ achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 19(2) den bhun-Rialachán, achoimrí ar a gcuirfear an lipéad ‘Le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara ’. Ba cheart do na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach i modh rúin a thuiscint go réasúnta. Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thabhairt lena iarraidh gur i modh rúin a chaithfí léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus den cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.
Iarrtar ar na páirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI) lena n-áirítear iarrataí ar chlárú mar pháirtithe leasmhara agus cóipeanna scanta de chumhachtaí aturnae agus de dheimhnithe. Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad ‘COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA’, doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://europa.eu/!7tHpY3. Ní mór do pháirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuireann siad ar fáil, agus gur seoladh é a sheiceáiltear ar bhonn laethúil. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, mura n-iarrfaidh siad go sainráite na doiciméid uile ón gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide, nó mura gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise a fháil maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha dá dtagraítear thuas maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara.
|
Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais: |
|
An Coimisiún Eorpach |
|
Directorate-General for Trade |
|
Directorate G |
|
Office: CHAR 04/039 |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
TRON. tdi: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi
Ríomhphost: TRADE-R831-TABLEWARE-INTERIM@ec.europa.eu
6. Sceideal an imscrúdaithe
De ghnáth, tabharfar an t-imscrúdú chun críche laistigh de 12 mhí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 15 mhí tar éis dháta foilsithe an fhógra seo, de bhun Airteagal 11(5) den bhun-Rialachán.
7. Faisnéis a chur isteach
Go hiondúil, ní fhéadfaidh na páirtithe leasmhara faisnéis a chur isteach ach amháin laistigh de na tráthchláir a shonraítear i roinn 5 den fhógra seo.
Chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na sprioc-amanna sainordaitheacha, ní ghlacfaidh an Coimisiún le haighneachtaí ó pháirtithe leasmhara tar éis an sprioc-ama chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh nó, i gcás inarb infheidhme, tar éis an sprioc-ama chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh breise.
8. An deis barúlacha a thabhairt maidir le haighneachtaí ó pháirtithe eile
Chun cearta na cosanta a ráthú, ba cheart an deis a bheith ag páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir leis an bhfaisnéis a chuireann páirtithe leasmhara eile isteach. Agus é sin á dhéanamh acu, féadfaidh na páirtithe leasmhara díriú ar shaincheisteanna a ardaítear in aighneachtaí ó pháirtithe eile agus ar na saincheisteanna sin amháin, agus ní fhéadfaidh siad saincheisteanna nua a ardú.
Barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí cinntitheacha, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 5 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis na torthaí cinntitheacha, mura sonraítear a mhalairt. Más ann do nochtadh deiridh breise, barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar an nochtadh breise sin, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 1 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh breise sin, mura sonraítear a mhalairt.
An tráthchlár arna leagan amach, tá sé gan dochar do cheart an Choimisiúin faisnéis bhreise a iarraidh ar pháirtithe leasmhara i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.
9. Síneadh leis na teorainneacha ama a shonraítear san fhógra seo
Níor cheart aon shíneadh maidir leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear san fhógra seo a iarraidh ach amháin in imthosca eisceachtúla, agus ní dhéanfar é a dheonú ach amháin má tá údar cuí leis. In aon chás, beidh teorainn 3 lá de ghnáth le síneadh an sprioc-ama chun freagra a thabhairt ar cheistneoirí, agus mar riail ghinearálta, ní rachaidh sé thar 7 lá. Maidir le teorainneacha ama le haghaidh faisnéis eile seachas an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a chur isteach, ní rachaidh an síneadh thar 3 lá, mura léirítear gur ann d’imthosca eisceachtúla.
10. Neamh-chomhoibriú
I gcás ina ndiúltóidh aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó má chuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar torthaí, bídís deimhneach nó diúltach, a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.
I gcás ina ndéanfar amach gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis a bhí bréagach nó míthreorach, féadfar neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin agus úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.
Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus, dá bhrí sin, má tá na torthaí bunaithe ar fhíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, féadfaidh an toradh gan a bheith chomh fabhrach don pháirtí sin agus a bheadh sé dá mbeadh sé tar éis comhoibriú.
Mura dtugtar freagairt leictreonach, ní mheasfar go bhfuil neamh-chomhoibriú i gceist ar choinníoll go léireoidh an páirtí leasmhar lena mbaineann go mbeadh ualach breise míréasúnta nó costas breise míréasúnta ag baint leis an bhfreagra a chur isteach de réir mar a iarradh. Ba cheart don pháirtí leasmhar teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún láithreach.
11. An tOifigeach Éisteachta
Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála a iarraidh. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh leis na teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara agus tríú páirtithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na n-imeachtaí.
Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteachtaí a eagrú agus idirghabháil a dhéanamh idir an páirtí nó na páirtithe leasmhara agus seirbhísí de chuid an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú ina n-iomláine. Ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna atá leis na hiarrataí. Níor cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil ach amháin murar réitíodh na saincheisteanna le seirbhísí an Choimisiúin in am trátha.
Ní mór aon iarraidh a chur isteach in am trátha agus go gasta ionas nach gcuirfear stiúradh ordúil na n-imeachtaí i mbaol. Chuige sin, ba cheart do pháirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh a luaithe is féidir tar éis an teagmhais is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. I gcás ina gcuirfear iarrataí éisteachta isteach lasmuigh de na tréimhsí ama ábhartha, déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna le hiarrataí déanacha den sórt sin, ar chineál na saincheisteanna a ardaíodh agus tionchar na saincheisteanna sin ar chearta cosanta, ag féachaint go cuí do leasanna an dea-riaracháin agus do chríochnú tráthúil an imscrúdaithe.
Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://policy.trade.ec.europa.eu/contacts/hearing-officer_en.
12. Próiseáil sonraí pearsanta
Aon fhaisnéis phearsanta a bhailítear le linn an imscrúdaithe seo, caithfear léi i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).
Tá fógra cosanta sonraí le fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: https://europa.eu/!vr4g9W
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/1036 (IO L 189, 15.7.2019, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/1198/oj).
(3) Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO C, C/2024/4504, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4504/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 412/2013 ón gComhairle an 13 Bealtaine 2013 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí earraí ceirmeacha agus cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar na hallmhairí sin (IO L 131, 15.5.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/412/oj).
(5) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 10.4.2024, SWD (2024) 91 final, atá le fáil ag: https://ec.europa.eu/transparency/documents-register/detail?ref=SWD(2024)91&lang=en.
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/1036 (IO L 189, 15.7.2019, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/1198/oj).
(7) Féadfar na doiciméid a luaitear sa tuarascáil tíre a fháil freisin ach iarraidh chuí-réasúnaithe a dhéanamh.
(8) Le tagairtí d’fhoilsiú an fhógra seo, is é foilsiú an fógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a bheidh i gceist mura sonraítear a mhalairt.
(9) Ní féidir ach allmhaireoirí nach bhfuil comhlachaithe leis na táirgeoirí sa tír lena mbaineann a shampláil. Allmhaireoirí atá comhlachaithe le táirgeoirí, ní mór dóibh Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gceistneoir le haghaidh na dtáirgeoirí sin a líonadh isteach. I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, measfar beirt a bheith gaolmhar sna cásanna seo a leanas: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más ag tríú páirtí 5 % nó níos mó de na stoic nó de na scaireanna le cearta vótála atá ag an mbeirt acu, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má rialaíonn duine acu an duine eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an bheirt acu faoi rialú díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) más daoine den teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558). I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn ‘duine’ duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chumann de dhaoine nach bhfuil ina dhuine dlítheanach ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
(10) Na sonraí a chuireann allmhaireoirí neamhchomhlachaithe ar fáil, féadfar iad a úsáid i ndáil le gnéithe den imscrúdú seo nach mbaineann le dumpáil a chinneadh.
(11) I gcás fadhbanna teicniúla, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Seirbhíse Trádála ach ríomhphost a sheoladh chuig trade-service-desk@ec.europa.eu nó ar an nguthán +32 22979797.
(12) Is doiciméad ‘ Íogair ’ doiciméad a mheastar é a bheith rúnda de bhun Airteagal 19 den bhun-Rialachán agus Airteagal 6 de Chomhaontú EDT maidir le cur chun feidhme Airteagal VI de GATT 1994 (An Comhaontú Frithdhumpála). Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).
(13) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
IARSCRÍBHINN
|
□ |
Leagan Íogair |
|
□ |
Leagan le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara |
|
(Cuir tic sa bhosca iomchuí) |
|
PÁIRT-ATHBHREITHNIÚ EATRAMHACH AR NA BEARTA FRITHDHUMPÁLA IS INFHEIDHME I dTACA LE HALLMHAIRÍ EARRAÍ CEIRMEACHA LE hAGHAIDH AN BHOIRD AGUS NA CISTINE DE THIONSCNAMH DHAON-PHOBLACHT NA SÍNE
FAISNÉIS MAIDIR LEIS AN SAMPLA D’ALLMHAIREOIRÍ NEAMHCHOMHLACHAITHE A ROGHNÚ
Tá an fhoirm seo ceaptha le cuidiú le hallmhaireoirí neamhchomhlachaithe agus an iarraidh ar fhaisnéis samplála a rinneadh i bpointe 5.3.3 den fhógra tionscnamh á freagairt acu.
Ba cheart an leagan Íogair agus an leagan Le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara a chur ar ais chuig an gCoimisiún de réir mar a leagtar amach san fhógra tionscnaimh.
1. CÉANNACHT AGUS SONRAÍ TEAGMHÁLA
Tabhair na sonraí seo a leanas faoi do chuideachta:
|
Ainm na cuideachta |
|
|
Seoladh |
|
|
Duine teagmhála |
|
|
Seoladh ríomhphoist |
|
|
Uimhir theileafóin |
|
2. LÁIMHDEACHAS AGUS AN MÉID DÍOLACHÁN
Léirigh in euro (EUR) láimhdeachas iomlán na cuideachta, an luach in euro (EUR) agus an méid i dtonaí le haghaidh allmhairí an táirge faoi athbhreithniú de réir mar a shainmhínítear san fhógra tionscnaimh, agus le haghaidh athdhíolacháin an táirge sin ar mhargadh an Aontais tar éis a allmhairithe ó Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’) le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.
|
|
An méid i dtonaí |
Luach in euro (EUR) |
|
Láimhdeachas iomlán do chuideachta in euro (EUR) |
|
|
|
Allmhairí an táirge faoi imscrúdú de thionscnamh na Síne |
|
|
|
Allmhairí an táirge faoi imscrúdú (de gach áit tionscnamh) |
|
|
|
Athdhíolacháin an táirge faoi imscrúdú ar mhargadh an Aontais tar éis a allmhairithe ón tSín |
|
|
3. GNÍOMHAÍOCHTAÍ DO CHUIDEACHTA AGUS NA GCUIDEACHTAÍ ATÁ COMHLACHAITHE LÉI (1)
Tabhair sonraí maidir le gníomhaíochtaí beachta na cuideachta agus gach cuideachta atá comhlachaithe léi (liostaigh iad agus sonraigh an gaol idir iad agus do chuideachta) atá bainteach le táirgeadh agus/nó díol (onnmhairiúcháin agus/nó intíre) an táirge faoi athbhreithniú. D’fhéadfaí a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin ceannach an táirge faoi athbhreithniú, é a tháirgeadh faoi shocruithe fochonarthachta, nó é a phróiseáil nó a thrádáil, agus gníomhaíochtaí eile nach iad.
|
Ainm agus suíomh na cuideachta |
Gníomhaíochtaí |
Gaol |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
4. FAISNÉIS EILE
Tabhair aon fhaisnéis ábhartha eile a mheasann an chuideachta a bheith úsáideach chun cuidiú leis an gCoimisiún an sampla a roghnú.
5. DEIMHNIÚ
Tríd an bhfaisnéis thuas a sholáthar, aontaíonn an chuideachta gur féidir í a áireamh sa sampla. Má roghnaítear an chuideachta le bheith sa sampla, beidh ar an gcuideachta sin ceistneoir a líonadh isteach agus glacadh le cuairt ar a háitreabh chun a freagraí a fhíorú. Má thugann an chuideachta le fios nach mbeadh sí sásta a bheith sa sampla, measfar nár chomhoibrigh sí leis an imscrúdú. Is ar na fíorais atá ar fáil a bhunaíonn an Coimisiún torthaí a imscrúdaithe i gcás allmhaireoirí neamh-chomhoibríocha, agus d’fhéadfadh sé nach mbeidís chomh fabhrach don chuideachta sin agus a bheidís dá mbeadh sí tar éis comhoibriú.
Síniú an oifigigh údaraithe:
Ainm agus teideal an oifigigh údaraithe:
Dáta:
(1) I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, measfar beirt a bheith comhlachaithe sna cásanna seo a leanas: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más ag tríú páirtí 5 % nó níos mó de na stoic nó de na scaireanna le cearta vótála atá ag an mbeirt acu, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má rialaíonn duine acu an duine eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an bheirt acu faoi rialú díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) más daoine den teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558). I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn ‘duine’ duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chumann de dhaoine nach bhfuil ina dhuine dlítheanach ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7456/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)