|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/7449 |
12.12.2024 |
Fógra le haghaidh na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/72/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis
(C/2024/7449)
Dírítear aird na ndaoine a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/72/CBES ón gComhairle (1) agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 ón gComhairle (2), a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis, ar an bhfaisnéis seo a leanas.
Tá faisnéis faighte ag an gComhairle ó údaráis na Túinéise a mheasfar faoi chuimsiú an athbhreithnithe bhliantúil ar na bearta sriantacha a bhaineann leis na daoine uile a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/72/CBES agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 101/2011. Cuirtear na daoine lena mbaineann ar an eolas leis seo go bhféadfaidh siad iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle chun an fhaisnéis a bhaineann leo a fháil, roimh an 19 Nollaig 2024 , chuig an seoladh seo a leanas:
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
|
An Ardrúnaíocht |
|
RELEX.1 |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
|
ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu |
Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críoch athbhreithniú tréimhsiúil na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Chinneadh 2011/72/CBES agus le hAirteagal 12(4) de Rialachán (AE) Uimh. 101/2011.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7449/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)