European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/7438

13.12.2024

Rún ón gComhairle agus ionadaithe rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir leis an bPlean Oibre do Straitéis Óige an Aontais 2025-2027

(C/2024/7438)

DÉANANN AN CHOMHAIRLE AGUS IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT, AG TEACHT LE CHÉILE DÓIBH I dTIONÓL NA COMHAIRLE, AN MÉID SEO A LEANAS,

Á MHEABHRÚ DÓIBH AN MÉID SEO A LEANAS:

1.

Sa rún ón gComhairle maidir le creat don chomhar Eorpach i réimse na hóige: Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 (1), iarrtar ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún Eorpach, laistigh dá réimsí inniúlachtaí faoi seach, Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme go héifeachtach ar fud an Aontais agus sna Ballstáit trí bhíthin ionstraimí sonracha – lena n-áirítear Pleananna Oibre an Aontais Eorpaigh don Óige.

2.

Is de réir tréimhsí oibre tríbhliantúla a mhaireann dhá Fhoireann Trí Uachtaránachta atá Straitéis Óige an Aontais bunaithe. Cuirtear na tosaíochtaí agus na gníomhaíochtaí do na tréimhsí oibre faoi seach i láthair i bPleananna Oibre an Aontais don Óige. Ba cheart tarraingt ar threoirphrionsabail agus ar thosaíochtaí Straitéis Óige an Aontais sna pleananna sin, lena dtabharfaí aghaidh ar shaincheisteanna i leith na hóige i bhfoirmíochtaí eile de chuid na Comhairle agus i gcomhlachtaí ullmhúcháin i réimsí ábhartha beartais.

3.

Ionstraim is ea Plean Oibre an Aontais a fheidhmíonn mar threoir lena léirítear do na Ballstáit, don Choimisiún agus do na páirtithe leasmhara uile an chaoi le cuspóirí Straitéis Óige an Aontais a bhaint amach.

TUGANN SIAD AN MÉID SEO A LEANAS DÁ nAIRE:

4.

Tarraingeoidh an Chomhairle suas na Pleananna Oibre sin de chuid an Aontais bunaithe ar an réamhaisnéis a fuarthas ó na foirne trí uachtaránacht ó na tíortha seo a leanas: an Pholainn, an Danmhairg agus an Chipir, agus Éire, an Liotuáin agus an Ghréig.

5.

Tá athbhreithniú le déanamh le linn an chéad leath de 2026 ar na tosaíochtaí agus na gníomhaíochtaí a chuirtear i láthair sa chlár oibre tríbhliantúil sin (arna ullmhú ag na foirne trí uachtaránacht le linn na tréimhse 2025-2027, san Iarscríbhinn) agus formheasfaidh an Chomhairle agus na Ballstáit an t-athbhreithniú ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2026.

6.

Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hoidhreacht Bhliain Eorpach na hÓige (2) chomh maith leis an tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an meastóireacht eatramhach ar Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 (3), soláthraíodh ionchur chun cur chun feidhme Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh a fheabhsú a thuilleadh, go háirithe trí dhlús breise a chur leis na cuspóirí maidir le príomhshruthú na hóige agus rannpháirtíocht na hóige, lena n-áirítear trí Idirphlé an Aontais Eorpaigh leis an Aos Óg agus trí phromhadh na hóige a chur chun feidhme ar an leibhéal Eorpach.

7.

Is féidir leis an gCoimisiún tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát a leagtar amach sa Phlean Oibre seo agus iad a chomhlánú, go háirithe tríd an gcomhar a spreagadh, trí thacú le soghluaisteacht daoine óga agus oibrithe don óige agus trí dhaoine óga a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa saol daonlathach. Áirítear leis na huirlisí a forbraíodh chun tacú le cur chun feidhme Straitéis Óige an Aontais a shlógadh Idirphlé an Aontais Eorpaigh leis an Aos Óg, Grúpa Páirtithe Leasmhara Óige an Aontais (4), Tairseach Eorpach an Aontais na hÓige, Comhordaitheoir Eorpach na hÓige agus gníomhaíochtaí foghlama frithpháirtí (grúpaí saineolaithe, gníomhaíochtaí piarfhoghlama agus an phiarchomhairleoireacht). Is féidir tacú leis sin trí nuashonruithe agus malartuithe rialta leis na Ballstáit maidir le tosaíochtaí beartais náisiúnta don óige agus riachtanais chomhair, an vicí don óige, deais óige an Aontais (5) agus táscairí óige, suirbhéanna, staidéir agus taighde. Is féidir an tacaíocht a threisiú a thuilleadh trí chláir i réimse na hóige (go háirithe Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach (6)) agus trí chomhpháirtíochtaí agus comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile, go háirithe Chomhairle na hEorpa, ECFE agus na Náisiúin Aontaithe.

8.

Ní mór d’Idirphlé an Aontais leis an Aos Óg leanúint de bheith ag forbairt agus ag fás chun an dul chun cinn maidir le cuimsiú a baineadh amach le linn na dtimthriallta roimhe seo a chosaint, mar shampla trí rannpháirtíocht daoine óga ar lú na deiseanna atá acu agus grúpaí faoi ghannionadaíocht a mhéadú a thuilleadh. Ní mór aird a thabhairt ar na próisis chun moltaí ó Idirphlé an Aontais leis an Aos Óg a roinnt le lucht ceaptha beartas agus le páirtithe leasmhara eile. Ba cheart feasacht a mhéadú maidir le sásraí infheictheachta agus cumarsáide agus a thábhachtaí atá sé faireachán a dhéanamh chun feabhas a chur ar thionchar Idirphlé an Aontais leis an Aos Óg chun rannpháirtithe agus páirtithe leasmhara a chur ar an eolas faoin obair leantach ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil.

9.

In 2025-2026, seolfaidh an Coimisiún próiseas comhchruthaithe i gcomhar leis na páirtithe leasmhara óige uile chun an chéad Straitéis Óige eile de chuid an Aontais tar éis 2027 a ullmhú. Áireofar leis sin Grúpa Páirtithe Leasmhara Óige a shlógadh, cruinnithe agus imeachtaí a eagrú ar nós Sheachtain Eorpach na hÓige 2026 agus feachtas ar líne, agus d’fhéadfadh sé a bheith mar chuid de chomhairliúcháin Idirphlé an Aontais leis an Aos Óg. Tá an Coimisiún ag tacú freisin leis an gCoinbhinsiún Eorpach maidir le hObair Óige 2025 atá beartaithe don 28 go dtí an 30 Bealtaine 2025, i Málta, ar féidir leis rannchuidiú leis an gcéad Straitéis Óige eile de chuid an Aontais.

10.

Cuirfear toradh na meastóireachtaí meántéarma (atá beartaithe do dheireadh 2024) ar chláir Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh san áireamh sna hullmhúcháin do ghlúin nua an chláir. Áireofar leis sin comhairliúcháin ar leibhéil éagsúla le páirtithe leasmhara óige agus le daoine óga chun próiseas comhchruthaithe a chinntiú do na cláir chun freagairt do na riachtanais agus do na dúshláin atá os comhair daoine óga agus eagraíochtaí don óige.

IARRANN SIAD AR UACHTARÁNACHTAÍ NA COMHAIRLE AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

11.

Deiseanna a chur ar fáil do na Ballstáit agus do pháirtithe leasmhara i réimse na hóige chun todhchaí an chomhair Eorpaigh i réimse na hóige tar éis 2027 a phlé, lena n-áirítear trí Idirphlé an Aontais Eorpaigh leis an Aos Óg agus le tacaíocht ón gCoimisiún Eorpach, chun na sineirgí is fearr is féidir a chur ar fáil leis an nglúin nua de chláir agus chun na déchuspóirí a bhaineann le rannpháirtíocht fhóinteach na hóige agus príomhshruthú na hóige a bhaint amach, agus chun gur féidir leis na haireachtaí ábhartha uile agus na páirtithe leasmhara eile Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh a thuiscint ar bhealach níos éasca mar gheall ar a cineál trasearnálach.

IARRANN SIAD AR AN gCOIMISIÚN EORPACH AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

12.

Comhairliúchán inmheánach trasearnála a áirithiú go luath i ndearadh na chéad Straitéise Óige eile de chuid an Aontais i gcomhréir leis an Teachtaireacht maidir le hoidhreacht Bhliain Eorpach na hÓige (7), chun cuspóir phríomhshruthú na hóige ar fud na réimsí beartais uile a ghabháil.

Plean oibre do Straitéis Óige an Aontais 2025-2027  (8)

Dáta

Modh oibre/ionstraim

Sprioc tháscach agus aschur táscach

Na spriocanna a bhaineann leis an óige

Nasc leis an gCreat chun Clár Oibre Eorpach don Obair Óige a bhunú (9)

Arna mholadh ag

PL, DK, CY

Ábhar foriomlán: An tAontas a nascadh leis an óige

Sprioc Eorpach #1 don Óige

2025 (an 1ú leath)

Conclúidí ón gComhairle

maidir le pobal d’Eorpaigh óga atá bunaithe ar luachanna uilíocha chun go mbeidh Eoraip choiteann shlán ann

Formheas ag an gComhairle

Sprioc Eorpach #1 don Óige - An tAontas a nascadh leis an óige

 

PL

2025 (an 1ú leath)

Rún ón gComhairle lena bhfeabhsaítear rialachas Idirphlé an Aontais leis an Aon Óg i gcomhthéacs na meastóireachta ar Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027

Formheas ag an gComhairle

Spriocanna Eorpacha uile don Óige

 

PL

2025 (an 1ú leath)

Comhdháil Óige an Aontais

(Lublin, an 2-5 Márta 2025)

An fhéiniúlacht Eorpach a neartú i measc Eorpaigh óga bunaithe ar luachanna conartha chomh maith le próiseas comhairliúcháin Idirphlé an Aontais leis an Aos Óg a chur chun feidhme.

Sprioc Eorpach #1 don Óige – An tAontas Eorpach a nascadh leis an óige

 

PL

2025 (an 1ú leath)

Cruinniú na hArd-Stiúrthóireachta um an Óige

(Lublin, an 5-6 Márta 2025)

Plé ar thodhchaí chláir an Aontais, i.e. Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach; athbhreithniú ar Straitéis Óige an Aontais 2019-2027; príomhshruthú bheartas na hóige

Sprioc Eorpach #1 don Óige – An tAontas Eorpach a nascadh leis an óige

 

PL

2025

Cruinniú de Ghrúpa Páirtithe Leasmhara Óige an Aontais (cruinniú amháin ar a laghad in aghaidh na bliana)

Malartuithe agus comhairliúcháin leis an óige a éascú maidir le tionscnaimh bheartais atá ar na bacáin

Spriocanna Eorpacha uile don Óige

Sprioc Eorpach #1 don Óige – An tAontas a nascadh leis an óige

 

COM

2025 (an 1ú leath)

Glacadh Thuarascáil an Aontais ar an Óige

 

 

 

COM

2025 (an 1ú leath)

Gníomhaíocht phiarfhoghlama maidir le príomhshruthú na hóige

Feasacht a mhúscailt agus taithí a mhalartú maidir le cineálacha cur chuige agus sásraí príomhshruthaithe óige, agus an nasc le hIdirphlé neartaithe an Aontais leis an Aos Óg

 

 

COM

2025 (an 1ú leath)

An 4ú Coinbhinsiún Eorpach maidir le hObair Óige (an 28-30 Bealtaine 2025, Málta)

Oibriú i dtreo togra le haghaidh Creat Straitéiseach Eorpach chun beartas maidir le hobair don óige a chur chun feidhme agus aitheantas a thabhairt do chleachtas cáilíochta maidir le hobair don óige (teideal le dearbhú)

 

 

MT, COM

2025 (an 2ú leath)

Seimineár/ceardlann/seimineár gréasáin maidir le Tuarascáil an Aontais ar an Óige

Feasacht a mhúscailt maidir le príomhfhaisnéis ar dhul chun cinn Straitéis Óige an Aontais agus ar staid daoine óga

 

 

COM

2025 (an 2ú leath)

Comhdháil Óige an Aontais ag díriú ar na chéad chláir eile de chuid Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus ar rannpháirtíocht daoine óga sa daonlathas

Rannpháirtíocht daoine óga sa daonlathas a mhéadú

Sprioc Eorpach #9 don Óige: Fairsinge agus rannpháirtíocht do chách

Sprioc Eorpach #11 don Óige: Eagraíochtaí don óige agus cláir Eorpacha

 

DK

2025 (an 2ú leath)

Cruinniú na hArd-Stiúrthóireachta um an Óige ag díriú ar na chéad chláir eile de chuid Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus ar rannpháirtíocht daoine óga sa daonlathas

Rannpháirtíocht daoine óga sa daonlathas a mhéadú

Sprioc Eorpach #9 don Óige: Fairsinge agus rannpháirtíocht do chách

Sprioc Eorpach #11 don Óige: Eagraíochtaí don óige agus cláir Eorpacha

 

DK

2025

Gníomhaíocht phiarfhoghlama maidir le beartas áitiúil don óige

Feasacht a mhúscailt agus an taithí a fuarthas agus dea-chleachtais a mhalartú maidir leis an mbeartas áitiúil don óige

Sprioc Eorpach #3 don Óige - Sochaithe Cuimsitheacha

 

BG

2026

Cruinniú de Ghrúpa Páirtithe Leasmhara Óige an Aontais (cruinniú amháin ar a laghad in aghaidh na bliana).

Comhairliúchán faoi chuimsiú an phróisis chomhchruthaithe leis na páirtithe leasmhara uile chun an chéad Straitéis Óige eile de chuid an Aontais Eorpaigh a ullmhú

 

 

COM

2026

Gníomhaíocht phiarfhoghlama maidir le straitéis oibre don óige a chur chun feidhme

Mar obair leantach ar an 4ú Coinbhinsiún Eorpach maidir le hObair Óige

 

 

MT, COM

2026 (an 1ú leath)

2026 Seachtain Eorpach na hÓige

Eagraíonn an Coimisiún Eorpach imeacht Sheachtain Eorpach na hÓige gach dara bliain chun rannpháirteachas, rannpháirtíocht agus saoránacht ghníomhach na hóige a cheiliúradh agus a chur chun cinn.

Spriocanna Eorpacha uile don Óige

 

COM

2026 (an 1ú leath)

Rún maidir leis an bPlean Oibre do Straitéis Óige an Aontais 2025-2027 (athbhreithniú)

Formheas ag an gComhairle

Spriocanna Eorpacha uile don Óige

 

CY

2026 (an 1ú leath)

Rún maidir le torthaí an 11ú Timthriall d’Idirphlé an Aontais leis an Aos Óg

Formheas ag an gComhairle

Sprioc Eorpach #1 don Óige: An tAontas a nascadh leis an óige

 

CY

2026 (an 1ú leath)

Conclúidí ón gComhairle maidir le muinín daoine óga i dtionscadal an Aontais a fhorbairt

Formheas ag an gComhairle

Sprioc Eorpach #1 don Óige: An tAontas a nascadh leis an óige.

Fosprioc 1.6: Muinín daoine óga i dtionscadal an Aontais a fhorbairt trí aghaidh a thabhairt ar an easnamh daonlathais, an easpa trédhearcachta agus an infheictheacht

 

CY

2026 (an 1ú leath)

Comhdháil Óige an Aontais

An 11ú Timthriall d’Idirphlé an Aontais leis an Aos Óg a thabhairt chun críche/Tosaíocht CY a phlé maidir le muinín daoine óga as tionscadal an Aontais a fhorbairt

Sprioc Eorpach #1 don Óige: An tAontas a nascadh leis an óige

 

CY

2026 (an 1ú leath)

Cruinniú na hArd-Stiúrthóireachta um an Óige

Sprioc Eorpach #1 don Óige: An tAontas a nascadh leis an óige.

(b)

Todhchaí Straitéis Óige an Aontais

Sprioc Eorpach #1 don Óige: An tAontas a nascadh leis an óige.

 

CY

IE, LT, EL

Ábhar foriomlán: Faisnéis agus idirphlé cuiditheach agus fairsinge agus rannpháirtíocht do chách

Spriocanna Eorpacha don Óige: #4 agus #9

2026 (an 2ú leath)

(b'fhéidir) Conclúidí ón gComhairle maidir le fairsinge a chruthú do dhaoine óga: Rannpháirtíocht leanaí agus daoine sa chinnteoireacht agus i spásanna don óige

Formheas ag an gComhairle

Sprioc Eorpach #9 don Óige: Fairsinge agus rannpháirtíocht do chách

Sprioc Eorpach #1 don Óige: An tAontas a nascadh leis an óige

Sprioc Eorpach #4 don Óige: Faisnéis agus idirphlé cuiditheach

 

IE

2026 (an 2ú leath)

(b'fhéidir) Conclúidí ón gComhairle maidir le timpeallacht a chruthú chun tacú ar bhealach gníomhach leis an óige chun páirt a ghlacadh in idirphlé measúil, fulangach agus neamhfhoréigneach, ar líne agus as líne

Formheas ag an gComhairle

Sprioc Eorpach #9 don Óige: Fairsinge agus rannpháirtíocht do chách

Sprioc Eorpach #4 don Óige: Faisnéis agus idirphlé cuiditheach

 

IE

2026 (an 2ú leath)

(b'fhéidir) Comhdháil/seimineár maidir le faisnéis agus cumarsáid atá fabhrach don óige

Moltaí beartais

Malartú dea-chleachtas

Sprioc Eorpach #9 don Óige: Fairsinge agus rannpháirtíocht do chách

Sprioc Eorpach #4 don Óige: Faisnéis agus idirphlé cuiditheach

 

IE

2026 (an 2ú leath)

Comhdháil Óige an Aontais maidir le faisnéis agus cumarsáid atá fabhrach don óige

Comhdháil Óige an Aontais agus cruinniú Ard-Stiúrthóireachta

(b'fhéidir) Moltaí beartais

Malartú dea-chleachtas

Sprioc Eorpach #9 don Óige: Fairsinge agus rannpháirtíocht do chách

Sprioc Eorpach #4 don Óige: Faisnéis agus idirphlé cuiditheach

 

IE, COM

2027 (an 1ú leath)

Conclúidí ón gComhairle maidir le hEoraip atá Slán

Formheas ag an gComhairle

Sprioc Eorpach #4 don Óige: Faisnéis agus idirphlé cuiditheach

Sprioc Eorpach #9 don Óige: Fairsinge agus rannpháirtíocht do chách

 

LT

2027 (an 1ú leath)

Conclúidí ón gComhairle maidir le rannpháirtíocht saoránach – an t-athrú trí eagraíochtaí don óige – agus litearthacht meán na hóige

Formheas ag an gComhairle

Sprioc Eorpach #9 don Óige: Fairsinge agus rannpháirtíocht do chách

 

LT

2027 (an 1ú leath)

Conclúidí ón gComhairle maidir le sláinte choirp agus mhothúchánach daoine óga a neartú

Formheas ag an gComhairle

Sprioc Eorpach #5 don Óige: Meabhairshláinte & dea-bhail

 

LT

2027 (an 1ú leath)

Conclúidí ón gComhairle maidir le hEoraip atá Slán

Comhdháil Óige an Aontais agus cruinniú Ard-Stiúrthóireachta

(b'fhéidir) Moltaí beartais

Malartú dea-chleachtas

Sprioc Eorpach #4 don Óige: Faisnéis agus idirphlé cuiditheach

Sprioc Eorpach #9 don Óige: Fairsinge agus rannpháirtíocht do chách

 

LT

2027

Cruinniú de Ghrúpa Páirtithe Leasmhara Óige an Aontais (cruinniú amháin ar a laghad in aghaidh na bliana).

 

 

 

COM

2027

Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis Óige an Aontais tar éis 2027

 

 

 

COM

2027

Gníomhaíocht phiarfhoghlama (ábhar le sainiú)

 

 

 

COM

2027 (an 2ú leath)

Conclúidí ón gComhairle maidir le huas-sciliú daoine óga leochaileacha

Formheas ag an gComhairle

Sprioc Eorpach #9 don Óige: Fairsinge agus rannpháirtíocht do chách

Sprioc Eorpach #1 don Óige: An tAontas a nascadh leis an óige

§ 1

§ 4

§ 10(a)

§ 21

EL

2027 (an 2ú leath)

(b'fhéidir) Rún ón gComhairle maidir leis an 12ú timthriall d’Idirphlé an Aontais leis an Aos Óg

Formheas ag an gComhairle

Sprioc Eorpach #9 don Óige: Fairsinge agus rannpháirtíocht do chách

 

EL

2027 (an 2ú leath)

Comhdháil/seimineár maidir le rannpháirtíocht daoine óga i bpróisis dhaonlathacha Eorpacha

Moltaí beartais

Malartú dea-chleachtas

Sprioc Eorpach #9 don Óige: Fairsinge agus rannpháirtíocht do chách

Sprioc Eorpach #1 don Óige: An tAontas a nascadh leis an óige

§ 4

§ 6

§ 21

EL

2027 (an 2ú leath)

Comhdháil aireachta neamhfhoirmiúil nó cruinniú ardleibhéil nó Cruinniú na hArd-Stiúrthóireachta um an Óige

Malartú smaointe idir Ard-Stiúrthóireachtaí maidir le tosaíochtaí na Gréige

Spriocanna Eorpacha uile don Óige

 

EL

2027 (an 2ú leath)

(b'fhéidir) Rún ón gComhairle maidir leis an gcéad Straitéis eile de chuid an Aontais i leith na hÓige 2028-2036

Formheas ag an gComhairle

Spriocanna Eorpacha uile don Óige

 

EL


(1)  Rún ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le creat don chomhar Eorpach i réimse na hóige: Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027, 2018/C 456/01.

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Bliain Eorpach na hÓige 2022 (COM/2024/1 final).

(3)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún ar an meastóireacht Eatramhach ar Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027.

(4)  Tá sainiúlachtaí an ghrúpa fós le cinneadh.

(5)  Eurostat, leanaí agus an óige, deais óige an Aontais.

(6)  Tuarascáil ón gCoimisiún ar an meastóireacht eatramhach ar Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027. (COM/2024/162 final).

(7)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Bliain Eorpach na hÓige 2022, COM (2024) 1 final.

(8)  Tiomsaithe ag Uachtaránacht na hUngáire ar bhonn na réamhfhaisnéise a fuarthas ó na foirne trí Uachtaránacht, is iad sin PL-DK-CY agus IE-LT-EL.

(9)  Féach an Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir leis an gCreat chun Clár Oibre Eorpach don Obair Óige a bhunú (2020/C 415/01).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7438/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)