|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/7400 |
9.12.2024 |
Conclúidí ón gComhairle maidir le comhpháirtíochtaí straitéiseacha san oideachas agus san oiliúint
(C/2024/7400)
DÉANANN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AN MÉID SEO A LEANAS,
AGUS AN MÉID SEO A LEANAS Á MHEABHRÚ AICI:
|
1. |
Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 17 agus an 18 Aibreán 2024 (1), ina n-iarrtar go gcothófaí poist ardcháilíochta ar fud na hEorpa trí dhlús a chur le saothrú príomhspriocanna 2030, trí idirphlé sóisialta treisithe maidir le rannpháirtíocht mhéadaithe i margadh an tsaothair, athsciliú/uas-sciliú agus foghlaim ar feadh an tsaoil, trí dhul i ngleic le bearnaí scileanna agus ganntanais lucht saothair i gcomhthéacs mórthreochtaí déimeagrafacha, lena n-áirítear soghluaisteacht tallainne laistigh den Aontas agus chuig an Aontas, agus tríd an gcomhionannas deiseanna a áirithiú; |
|
2. |
Clár Oibre Straitéiseach 2024-2029, inar fógraíodh tiomantas infheistíocht a dhéanamh i scileanna, in oiliúint agus in oideachas daoine ar feadh a saoil agus soghluaisteacht tallainne a spreagadh laistigh den Aontas Eorpach agus níos faide i gcéin (2); |
|
3. |
An Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (2021-2030) (3) agus an Rún ón gComhairle maidir lena struchtúr rialachais (4), ós rud é gurb é an creat straitéiseach an phríomhuirlis le haghaidh comhar idir na Ballstáit, an Coimisiún Eorpach agus páirtithe leasmhara, agus dá bhrí sin is uirlis ríthábhachtach é chun comhpháirtíochtaí a fhorbairt agus a shaothrú idir gníomhaithe éagsúla agus leibhéil éagsúla rialachais; |
|
4. |
An cúlra polaitíochta mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis na conclúidí seo. |
AGUS BÉIM Á LEAGAN AICI AR AN MÉID SEO A LEANAS:
|
5. |
Chun críocha na gconclúidí seo ón gComhairle, tuigtear ‘comhpháirtíocht straitéiseach’ mar iarracht chomhoibríoch a bhféadfadh údaráis phoiblí agus páirtithe leasmhara ábhartha eile a bheith rannpháirteach inti, sa bhreis ar institiúidí oideachais agus oiliúna, mar shampla, comhpháirtithe sóisialta, seirbhísí fostaíochta, comhlachais tráchtála, gnólachtaí agus comhlachais ghnó, ionadaithe foghlaimeoirí, eagraíochtaí taighde, agus gníomhaithe eacnamaíocha agus sóisialta áitiúla agus réigiúnacha, agus arb é is aidhm di cuspóirí coiteanna a bhaint amach agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais na sochaí trí chomhar frithpháirteach agus trí fhís fhadtéarmach. |
AGUS AN MÉID SEO A LEANAS Á AITHINT DÓIBH:
|
6. |
Na dúshláin agus na deiseanna atá ag teacht chun cinn a bhaineann leis na géarchéimeanna comhshaoil agus aeráide, leis an dul chun cinn teicneolaíoch, le hathruithe déimeagrafacha, le géarchéimeanna sláinte agus leis an domhandú, lena leagtar béim ar an ngá atá le cineálacha cur chuige nuálacha agus straitéiseacha i leith an oideachais agus na hoiliúna; |
|
7. |
Timpeallacht éagsúil an oideachais agus na hoiliúna ar fud na mBallstát, agus a thábhachtaí atá sé straitéisí agus beartais a chur in oiriúint do chomhthéacsanna áitiúla agus réigiúnacha agus comhar agus soghluaisteacht trasteorann á gcothú ag an am céanna; |
|
8. |
A thábhachtaí atá sé na príomhinniúlachtaí don fhoghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn (5), go háirithe inniúlacht fiontraíochta, agus scileanna digiteacha agus glasa sna córais oideachais agus oiliúna chun tacú leis an aistriú i dtreo sochaí agus geilleagar inbhuanaithe, cuimsitheach agus cothrom. Tráth a bhfuil athrú tapa sóisialta agus eacnamaíoch agus dúshláin chasta ann, tá uas-sciliú agus athsciliú leanúnach, chomh maith le foghlaim ar feadh an tsaoil, lena n-áirítear foghlaim neamhfhoirmiúil agus neamhfhoirmeálta, riachtanach do shaoránaigh chun sásamh pearsanta agus dea-bhail phearsanta a bhaint amach, lena bheith ullamh chun oiriúnú agus feidhmiú i margadh saothair atá ag athrú agus chun saoránacht ghníomhach fhreagrach a ghlacadh; |
|
9. |
Ról na scéimeanna foghlama obairbhunaithe agus printíseachta maidir le scileanna agus taithí phraiticiúil, saoil agus shóisialta a sholáthar d’fhoghlaimeoirí, rudaí atá ábhartha do riachtanais mhargadh an tsaothair agus na sochaí, agus dá bhforbairt phearsanta. Is féidir na scéimeanna sin a fhorbairt ar chomhpháirtíochtaí inbhuanaithe idir saol na hoibre agus saol an oideachais agus na hoiliúna, agus tá siad á leathnú thar ghairmoideachas agus gairmoiliúint (VET), lena n-áirítear ardoideachas; |
|
10. |
Is féidir leis na comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha sin a bheith ina mbealach éifeachtúil chun éilimh an mhargaidh saothair a nascadh le hoideachas agus le hoiliúint. Is féidir le foghlaimeoirí tairbhe a bhaint as foghlaim go díreach ón gcleachtas, ag obair leis na forbairtí is déanaí i ngach earnáil; féadfar, dá bhrí sin, nuálaíocht a chothú ar an dá thaobh; |
|
11. |
An méid a chuireann éiceachórais oideachais agus oiliúna le forbairt áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach, le fás eacnamaíoch agus le comhtháthú sóisialta. Is féidir le hoideachas agus oiliúint eolas, scileanna agus inniúlachtaí a aistriú thar réigiúin agus thar theorainneacha, rud a chuireann leis an nuálaíocht agus leis an bhfás eacnamaíoch, le daoine aonair a ullmhú do mhargadh saothair atá ag athrú san Aontas agus lena bhforbairt phearsanta. Le cúrsaíocht chothrom daoine oilte, is féidir a áirithiú go ndáilfear go cothrom ar fud an Aontais na tairbhí a bhaineann leis an tsoghluaisteacht agus leis an malartú eolais, lena n-áirítear aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí réigiúnacha i ndeiseanna oideachais agus oiliúna, go háirithe i réigiúin atá thíos le sáinn na forbartha tallainne, agus ar an gcaoi sin, comhtháthú a chothú agus riosca an dídhaonraithe agus imirce daoine oilte a laghdú. Ba cheart braistint féiniúlachta agus muintearais atá dearfach agus cuimsitheach a chothú ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, bunaithe ar luachanna coiteanna Eorpacha, a chothú agus a spreagadh, rud a chuirfeadh ar chumas na saoránach a gcuid eolais a leathnú agus rannchuidiú leis an tsochaí agus leis an margadh saothair; |
|
12. |
Luach an chomhair thrasnáisiúnta, an mhalartaithe thrasnáisiúnta agus na soghluaisteachta trasnáisiúnta, chomh maith le comhroinnt dea-chleachtas san oideachas agus san oiliúint. Le cleachtais mar sin, cuirtear chun cinn an t-idirphlé idirchultúrtha, luachanna Eorpacha, an tsaoránacht dhaonlathach agus an comhtháthú sóisialta, chomh maith le tuiscint fhrithpháirteach tríd an ilteangachas a fheabhsú. Tá inaistritheacht scileanna agus aitheantas cáilíochtaí (6) tábhachtach chun saoirse gluaiseachta éifeachtach d’fhoghlaimeoirí a áirithiú agus chun dul i ngleic le bearnaí scileanna na hEorpa. Leis an gcomhar trasnáisiúnta, leathnaítear an cumas peirspictíochtaí nua a fháil, smaointe a roinnt agus caidrimh institiúideacha fhadtéarmacha a fhorbairt chun eolas a chur chun cinn, cáilíocht agus ábharthacht an oideachais, na hoiliúna agus an taighde a mhéadú, naisc idir oideachas, oiliúint, taighde agus nuálaíocht a neartú, infhostaitheacht agus scileanna a fheabhsú, agus úsáid níos éifeachtaí a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha agus as an eolaíocht oscailte, agus ar an gcaoi sin, rannchuidiú le rath a bheith ar an aistriú glas, i measc réimsí eile; |
|
13. |
Gur féidir le héiceachórais náisiúnta oideachais agus oiliúna ar gach leibhéal an comhar trasnáisiúnta a neartú go suntasach. Le comhar trasnáisiúnta struchtúrtha ar an leibhéal institiúideach, mar shampla, an chomhghuaillíochtaí d’Ollscoileanna Eorpacha, Comhghuaillíochtaí um Nuálaíocht, na hIonaid Barr Feabhais Gairme, Acadaimh Múinteoirí Erasmus+, an Comhshocrú um Scileanna, agus Pobail Eolais agus Nuálaíochta, chomh maith leis an ardoideachas, gairmoideachas agus gairmoiliúint agus uas-sciliú agus athsciliú daoine fásta, is féidir cuidiú freisin le hiomaíochas na hEorpa a fheabhsú agus leis an dá aistriú a éascú; |
|
14. |
Chun an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025, iarrtar go mbeadh comhar trasnáisiúnta níos doimhne ann lena gcothófaí naisc agus lena gcumhachtófaí institiúidí oideachais agus oiliúna chun comhoibriú le chéile, lena n-éascófaí saorghluaiseacht foghlaimeoirí, céimithe, acadóirí, taighdeoirí agus foirne gairmiúla ar fud na hEorpa chun staidéar, obair agus taighde a dhéanamh, agus iarrtar freisin go mbeadh sineirgí ann leis an Limistéar Eorpach Taighde, i gcás inarb iomchuí; |
|
15. |
Maidir le gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna trasnáisiúnta a eascraíonn as comhpháirtíochtaí straitéiseacha, féadfar deiseanna soghluaisteachta traidisiúnta d’fhoghlaimeoirí a chumhdach leo, lena dtairgtear micridhintiúir agus deiseanna foghlama eile ar feadh an tsaoil, chomh maith le conairí foghlama solúbtha do mhic léinn agus rannpháirtíocht i gcláir chéime chomhpháirteacha a chuimsíonn roinnt campas ar fud na hEorpa. |
AGUS AN MÉID SEO A LEANAS Á CHUR SAN ÁIREAMH:
|
16. |
Tá iomaíochas na hEorpa ag brath ar scileanna a bheith ag na saoránaigh a sheasfaidh an aimsir. Tá ról lárnach ag comhpháirtíochtaí straitéiseacha san oideachas agus san oiliúint, i measc tosca eile, maidir le mímheaitseálacha scileanna a mhapáil agus aghaidh a thabhairt orthu agus maidir leis an leas is fearr is féidir a bhaint as an aistriú glas agus as an digitiú, trí thionscnaimh spriocdhírithe agus trí ghníomhaíochtaí comhpháirteacha. Trí réimsí a shainaithint ina bhfuil bearnaí scileanna nó ina bhfuil bacainní roimh ghrúpaí i staideanna leochaileacha agus ina bhfuil tacaíocht shonrach de dhíth orthu chun páirt iomlán a ghlacadh san oideachas, san oiliúint agus san fhostaíocht, is féidir le comhpháirtíochtaí straitéiseacha a n-iarrachtaí a oiriúnú chun tacaíocht agus acmhainní spriocdhírithe a chur ar fáil; |
|
17. |
Is príomhphrionsabal iad comhpháirtíochtaí agus gealltanais chomhroinnte a mhéid a bhaineann le rialachas na gcóras gairmoideachais agus gairmoiliúna. Is é is aidhm don chomhar le páirtithe leasmhara agus le héiceachórais áitiúla agus réigiúnacha, lena n-áirithítear úinéireacht chomhpháirteach, cleachtais nuálacha a fhorbairt, tarraingteacht agus ábharthacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a fheabhsú maidir le margadh an tsaothair, scéimeanna foghlama agus printíseachtaí obairbhunaithe a eagrú, a mhaoiniú agus a sholáthar, agus soghluaisteacht foghlaimeoirí gairmoideachais agus gairmoiliúna a eagrú; |
|
18. |
Tá ról lárnach ag an ardoideachas san fhorbairt réigiúnach agus áitiúil, mar shampla, maidir le deiseanna oideachais agus oiliúna a chur ar fáil mar fhreagairt ar ghanntanais agus mímheaitseáil scileanna. Trí bheith solúbtha, iomaíoch, trí acmhainní leordhóthanacha a bheith acu agus trí bheith cuntasach, agus trí bhaill foirne acadúla agus neamhacadúla spreagtha a mhealladh agus a choinneáil, is féidir le hinstitiúidí ardoideachais a bheith ina spreagadh don fhorbairt i gcomhar le hinstitiúidí oideachais agus oiliúna eile agus le comhpháirtithe straitéiseacha eile; |
|
19. |
Tá gá le tréscaoilteacht fheabhsaithe idir cineálacha éagsúla oideachais agus oiliúna, go háirithe idir an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint agus córais ardoideachais, chun aistriú rianúil a áirithiú d’fhoghlaimeoirí agus chun foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn. Le tréscaoilteacht idir an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint agus córais ardoideachais, agus urraim iomlán á tabhairt don neamhspleáchas institiúideach agus do chreataí náisiúnta cáilíochtaí, cuirtear ar chumas foghlaimeoirí gluaiseacht gan stró idir an dá chóras gan bacainní a bheith rompu, agus easpa aitheantas creidmheasa nó obair chúrsa iomarcach i gceist, mar shampla. Éascaíonn sé sin dul chun cinn foghlama agus cuireann sé ar chumas daoine aonair a gconairí foghlama a oiriúnú i gcomhréir lena mianta gairme athraitheacha; |
|
20. |
Tá sé ríthábhachtach tacú leis an aistriú idir an t-oideachas ginearálta agus an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint, an t-oideachas treasach agus an t-oideachas aosach chun rochtain ar oideachas agus ar oiliúint a fheabhsú do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste agus do ghrúpaí i staideanna leochaileacha, agus chun cabhrú le múinteoirí, le hoiliúnóirí agus le gairmithe, ar feadh a saoil ghairmiúil, scileanna agus inniúlachtaí nua a fhorbairt agus coinneáil suas leis na forbairtí teicneolaíochta is déanaí agus leis na cineálacha nua cur chuige agus modheolaíochtaí teagaisc. Féadfaidh ról a bheith ag micridhintiúir ina leith sin; |
|
21. |
Ba cheart go gcuideodh an fhoghlaim le dul i ngleic le dúshláin nua shochaíocha agus eacnamaíocha agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart go n-áireofaí léi gnéithe den fhoghlaim obairbhunaithe lenar féidir cur le hinniúlachtaí idirdhisciplíneacha a fhorbairt agus feabhas a chur ar an ngairmthreoir agus ar ábharthacht na gcóras oideachais agus oiliúna maidir le margadh an tsaothair, agus ar an gcaoi sin, infhostaitheacht na gcéimithe a mhéadú. Seachas cur chuige a oireann do chách a ghlacadh, is féidir le comhpháirtíochtaí straitéiseacha a bheith dírithe ar an todhchaí, agus a gcuid idirghabhálacha á gcur in oiriúint do chúinsí uathúla na bhfoghlaimeoirí éagsúla nó na dtionscal nó na réigiún éagsúil; |
|
22. |
Trí chomhordú a dhéanamh ar chonairí oideachais agus oiliúna i gcomhréir le riachtanais shochaíocha agus riachtanais mhargadh an tsaothair agus le riachtanais éagsúla mac léinn agus foghlaimeoirí ar feadh an tsaoil, agus neamhspleáchas na n-institiúidí ardoideachais agus éagsúlacht na gcóras náisiúnta gairmoideachais agus gairmoiliúna agus ardoideachais á n-urramú ag an am céanna, is féidir an lucht saothair a ullmhú ar bhealach níos fearr do dhúshláin na todhchaí. Le bearta atá bunaithe ar chur chuige uile-shochaí, is féidir le tionscnaimh oideachais agus oiliúna aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha laistigh den phobal, de thionscal sonrach nó den tsochaí i gcoitinne; |
|
23. |
Féadann comhpháirtíochtaí straitéiseacha tionchar níos mó a imirt má dhíríonn siad acmhainní ar réimsí inar féidir leo an difríocht is suntasaí a dhéanamh. Trí réimsí tosaíochta infheistíochta nó idirghabhála a shainaithint, is féidir le comhpháirtíochtaí straitéiseacha a áirithiú go leithdháilfear acmhainní go héifeachtúil agus go héifeachtach, agus ar an gcaoi sin, a dtionchar a uasmhéadú. Tá sé ríthábhachtach infheistíocht a dhéanamh i bhfothú acmhainneachta, go háirithe i réimsí ina bhfuil bonneagar oideachais, oiliúna agus taighde nach bhfuil chomh forbartha sin, agus i dtairiscintí oideachais atá nasctha le hearnálacha agus teicneolaíochtaí eacnamaíocha atá dírithe ar an todhchaí. Féadfar comhpháirtíochtaí straitéiseacha, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí, a ghiaráil freisin chun tithíocht inacmhainne agus leordhóthanach do mhic léinn agus do phrintísigh agus campais ghlasa atá tíosach ar fhuinneamh a fhorbairt. |
IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT, agus aird chuí á tabhairt ar an neamhspleáchas institiúideach agus an tsaoirse acadúil, agus i gcomhréir leis na himthosca náisiúnta, an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
1. |
Comhpháirtíochtaí straitéiseacha a chur chun cinn ar an leibhéal trasnáisiúnta, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, d’fhonn feabhas a chur ar cháilíocht, tarraingteacht, ábharthacht agus cuimsitheacht gach cineáil oideachais agus oiliúna; |
|
2. |
Inniúlacht fiontraíochta, cruthaitheacht agus nuálaíocht a chothú ar gach leibhéal agus i ngach cineál oideachais agus oiliúna, trí chomhar le gnólachtaí nuathionscanta agus gorlanna a spreagadh agus comhpháirtíochtaí eile leis an bpobal gnó a spreagadh, lena n-áirítear fiontraíocht shóisialta chuimsitheach, chomh maith le comhar idirghlúine a chur chun cinn; |
|
3. |
Forbairt agus cur chun feidhme conairí foghlama atá nuálach, dírithe ar an bhfoghlaimeoir agus solúbtha a chur chun cinn trí chomhpháirtíochtaí straitéiseacha, lena bhfeabhsaítear tréscaoilteacht idir cineálacha éagsúla oideachais agus oiliúna, go háirithe idir gairmoideachas agus gairmoiliúint agus córais an ardoideachais agus córais an oideachais aosaigh, agus aitheantas agus bailíochtú réamhfhoghlama agus réamhcháilíochtaí (foirmiúla, seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla) a chur chun cinn; |
|
4. |
Úsáid comhpháirtíochtaí straitéiseacha a chur chun cinn chun ról na seirbhísí treorach agus comhairleoireachta a neartú, go háirithe chun tacú le foghlaimeoirí aistriú idir conairí éagsúla oideachais agus oiliúna agus aistriú idir oideachas agus oiliúint agus fostaíocht, agus, ag an am céanna, foghlaim ar feadh an tsaoil agus forbairt gairme á gcothú; |
|
5. |
Deiseanna maidir leis an bhfoghlaim atá obairbhunaithe, printíseachtaí ar ardchaighdeán agus cineálacha eile foghlama ó thaithí a chur chun cinn trí chomhpháirtíochtaí straitéiseacha le fostóirí agus comhpháirtithe sóisialta; |
|
6. |
Tacú le agus aitheantas a thabhairt d’fhorbairt ghairmiúil agus soghluaisteacht múinteoirí, oiliúnóirí agus foirne oideachais agus oiliúna, chun feabhas a chur ar a gcumas taithí foghlama chuimsitheach nuálach ar ardchaighdeán a chur ar fáil i gcomhpháirtíochtaí straitéiseacha le páirtithe leasmhara, nó tacú leo an méid sin a bhaint amach; |
|
7. |
Comhtháthú na n-éiceachóras oideachais agus oiliúna i straitéisí forbartha áitiúla, réigiúnacha, trasteorann agus Aontais a chothú, chun go gcuirfear chun cinn sineirgí le réimsí beartais eile, mar shampla, taighde, nuálaíocht, an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, fiontraíocht, rannpháirtíocht an phobail agus cuimsiú sóisialta. |
IARRANN SÍ AR AN gCOIMISIÚN EORPACH, agus aird chuí á tabhairt ar an gcoimhdeacht agus ar na himthosca náisiúnta, an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
1. |
Malartú dea-chleachtas agus taithí a chur chun cinn maidir le comhpháirtíochtaí straitéiseacha agus comhar trasnáisiúnta a cheapadh, a chur chun feidhme agus a mheas san oideachas agus oiliúint, trí ghníomhaíochtaí piarfhoghlama, ardáin ar a ndéantar eolas a chomhroinnt agus staidéir ina leagtar béim ar dhea-chleachtais; |
|
2. |
Treoir a chur ar fáil agus deiseanna cistiúcháin a shainaithint chun tacú le comhpháirtíochtaí straitéiseacha agus comhar trasnáisiúnta a bhunú agus a chur chun feidhme san oideachas agus oiliúint, faoi chuimsiú na gclár Erasmus+ agus Fís Eorpach, Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí cistiúcháin ábhartha eile de chuid an Aontais, agus sineirgí a fhiosrú agus a chruthú a thuilleadh idir tionscnaimh oideachais agus oiliúna agus réimsí beartais eile de chuid an Aontais chun cuíchóiriú ghníomhaíochtaí comhpháirteacha an Aontais a fheabhsú; |
|
3. |
Leanúint de thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit agus d’institiúidí oideachais agus oiliúna ina n-iarrachtaí feabhas a chur ar chomhpháirtíochtaí straitéiseacha san oideachas agus oiliúint trí thionscnaimh agus gníomhaíochtaí beartais éagsúla, lena n-áirítear comhghuaillíochtaí d’Ollscoileanna Eorpacha, an Comhaontas Eorpach do Phrintíseachtaí agus na hIonaid Barr Feabhais Gairme, d’fhonn iomaíochas na hEorpa a neartú, an dá aistriú a éascú agus tacú le neamhspleáchas straitéiseach oscailte tríd an oideachas agus an oiliúint; |
|
4. |
Tacaíocht a chur ar fáil do thionscnaimh arb é is aidhm dóibh uas-sciliú agus athsciliú a chur i bhfeidhm in earnálacha agus teicneolaíochtaí atá dírithe ar an todhchaí; |
|
5. |
Cleachtadh mapála iomlán a dhéanamh ar na hacadaimh scileanna atá ann cheana agus atá beartaithe, lena n-áirítear sonraí maidir lena bhformáid, rialachas, cistiú agus spriocphobal, é a roinnt leis an gComhairle agus é a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn rialta; |
|
6. |
Úsáid cur chuige agus uirlisí nuálacha oideolaíocha a chur chun cinn a thuilleadh trí chomhpháirtíochtaí straitéiseacha, lena n-áirítear foghlaim atá dírithe ar an bhfoghlaimeoir agus obairbhunaithe, micridhintiúir agus scéimeanna printíseachta ar ardchaighdeán ar fud na hEorpa. |
(1) EUCO 12/24.
(2) Mar a leagtar amach sna Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 27 Meitheamh 2024 (EUCO 15/24).
(3) IO C 66, 26.2.2021, lch. 1.
(4) IO C 497, 10.12.2021, lch. 1.
(5) Mar a leagtar amach i Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2018 maidir le hinniúlachtaí lárnacha d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil (IO C 189, 4.6.2018, lch. 1).
(6) I gcás sonrach cáilíochtaí ardoideachais, meánoideachais shinsearaigh agus oiliúna, agus torthaí tréimhsí foghlama thar lear, is é an aidhm atá ann aitheantas frithpháirteach uathoibríoch a bhaint amach, mar a leagtar amach i Moladh ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir le haitheantas frithpháirteach uathoibríoch a chur chun cinn do cháilíochtaí ardoideachais, meánoideachais shinsearaigh agus oiliúna agus do thorthaí tréimhsí foghlama thar lear (IO C 444, 10.12.2018, lch. 1) agus sna conclúidí ón gComhairle maidir le céimeanna breise chun aitheantas frithpháirteach uathoibríoch san oideachas agus san oiliúint a bhaint amach (IO C 185, 26.5.2023, lch. 44).
IARSCRÍBHINN
An cúlra polaitiúil
1.
Conclúidí ón gComhairle Eorpach, an 27 Meitheamh 2024 (EUCO 15/24).
2.
Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 17 agus an 18 Aibreán 2024 (EUCO 12/24).
3.
Moladh ón gComhairle an 13 Bealtaine 2024‘An Eoraip ag Bogadh’ – deiseanna soghluaisteachta foghlama do chách, IO C, C/2024/3364, 14.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3364/oj.
4.
Rún ón gComhairle maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais: ag féachaint ar 2025 agus níos faide anonn (IO C 185, 26.5.2023, lch. 35).
5.
Conclúidí ón gComhairle maidir le céimeanna breise chun aitheantas frithpháirteach uathoibríoch san oideachas agus san oiliúint a bhaint amach, IO C 185, 26.5.2023, lch. 44.
6.
Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúir don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht, IO C 243, 27.6.2022, lch. 10.
7.
Conclúidí ón gComhairle maidir le straitéis Eorpach lena gcumhachtaítear institiúidí ardoideachais ar mhaithe le todhchaí na hEorpa, IO C 167, 21.4.2022, lch. 9.
8.
Moladh ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 maidir le naisc a chothú le haghaidh comhar éifeachtach Eorpach san ardoideachas, IO C 160, 13.4.2022, lch. 1.
9.
Rún ón gComhairle maidir le clár oibre Eorpach nua don fhoghlaim aosach 2021-2030, IO C 504, 14.12.2021, lch. 9.
10.
Rún ón gComhairle maidir le struchtúr rialachais an chreata straitéisigh le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (2021–2030), IO C 497, 10.12.2021, lch. 1.
11.
Conclúidí ón gComhairle maidir le tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha – An t-ardoideachas, an taighde, an nuálaíocht agus an tsochaí a nascadh: an bealach a réiteach do ghné nua san ardoideachas Eorpach, IO C 221, 10.6.2021, lch. 14.
12.
Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus thairis sin (2021–2030) IO C 66, 26.2.2021, lch. 1.
13.
Moladh ón gComhairle an 24 Samhain 2020 maidir leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht, IO C 417, 2.12.2020, lch. 1.
14.
Dearbhú Osnabrück maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint mar chumasóir téarnaimh agus aistrithe córa chuig geilleagar digiteach agus geilleagar glas (an 30 Samhain 2020).
15.
Moladh ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir le haitheantas frithpháirteach uathoibríoch a chur chun cinn do cháilíochtaí ardoideachais agus meánoideachais shinsearaigh agus do thorthaí tréimhsí foghlama thar lear (IO C 444, 10.12.2018, lch. 1).
16.
Moladh ón gComhairle an 15 Márta 2018 maidir le Creat Eorpach do Phrintíseachtaí Ardchaighdeáin agus Éifeachtacha, IO C 153, 2.5.2018, lch. 1.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7400/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)