|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/7325 |
16.12.2024 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 23 Deireadh Fómhair 2024 – Nordea Rahoitus Suomi v BRA (Ranníocaíochtaí ex ante 2022)
(Cás T-432/22) (1)
(Aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta - Aontas baincéireachta - Sásra Réitigh Aonair le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe (SRA) - Ciste Réitigh Aonair (CRA) - Cinneadh BRA maidir le ríomh na ranníocaíochtaí le haghaidh 2022 - Airteagal 70(2) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 - Earráid dlí - Éifeachtaí an bhreithiúnais a theorannú ó thaobh ama de)
(C/2024/7325)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Nordea Rahoitus Suomi (Heilsincí, an Fhionlainn) (ionadaithe: H. Berger, M. Weber agus D. Schoo, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (ionadaithe: J. Kerlin, C. Flynn, K.-P. Wojcik agus C. De Falco, Gníomhairí, le cúnamh ó G. Coppo agus K. Bongs, Dlíodóirí)
Idiragraithe chun tacú leis an gcosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: O. Denkov, J. Etienne agus E. Ní Chaoimh, Gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: J. Haunold, E. d’Ursel agus A. Westerhof Löfflerová, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh SRB/ES/2022/18 ón mBord Réitigh Aonair (BRA) an 11 Aibreán 2022 maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante le haghaidh 2022 leis an gCiste Réitigh Aonair ar neamhní, a mhéid a bhaineann sé lena ranníocaíochtaí ex ante.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Cuirtear Cinneadh SRB/ES/2022/18 ón mBord Réitigh Aonair (BRA) an 11 Aibreán 2022 maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante le haghaidh 2022 leis an gCiste Réitigh Aonair (CRA) ar neamhní, a mhéid a bhaineann sé le Nordea Rahoitus Suomi Oy. |
|
2) |
Déantar na héifeachtaí a eascraíonn ó Chinneadh SRB/ES/2022/18 a chothabháil, a mhéid a bhaineann siad le Nordea Rahoitus Suomi, go dtí go nglacfaidh BRA na bearta is gá chun an breithiúnas seo a chur chun feidhme, agus laistigh de thréimhse réasúnach ama nach féidir a bheith níos faide ná 6 mhí ón dáta a thiocfaidh an breithiúnas seo chun bheith críochnaitheach. |
|
3) |
Ordaítear do BRA a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Nordea Rahoitus Suomi a íoc. |
|
4) |
Ordaítear do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh a gcostais féin a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7325/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)