European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/7266

3.12.2024

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11564 – INTERNATIONAL PAPER / DS SMITH)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2024/7266)

1.   

An 25 Samhain 2024, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

International Paper Company (‘International Paper’, na Stáit Aontaithe),

DS Smith Plc (‘DS Smith’, an Ríocht Aontaithe).

Faigheann International Paper rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar DS Smith ina iomláine.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is soláthraí táirgí pacáistíochta snáithínbhunaithe agus laín é International Paper, agus is athchúrsálaí dramhaíl shnáithínbhunaithe é, a bhfuil a scaireanna á dtrádáil ar Stocmhalartán Nua-Eabhrac,

Is soláthraí idirnáisiúnta táirgí pacáistíochta snáithínbhunaithe inbhuanaithe é DS Smith, a bhfuil a scaireanna á dtrádáil ar Stocmhalartán Londain, agus atá dírithe go príomha ar mhargaí na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh. Bíonn oibríochtaí athchúrsála agus déanta páipéir aige freisin.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11564 – INTERNATIONAL PAPER / DS SMITH

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

Seoladh Ríomhphoist: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

An Coimisiún Eorpach

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7266/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)