|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/7257 |
10.12.2024 |
An tÚdarás um an Sciúradh Airgid a Chomhrac (ÚSAC)
Foilsiú folúntais le haghaidh fheidhm an Stiúrthóra Feidhmiúcháin
(Gníomhaire Sealadach – Grád AD 14)
(COM/2024/20112)
(C/2024/7257)
Cé sinn
Is ábhar imní mór don Aontas iad an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta. Tá siad ina mbagairt thromchúiseach ar shláine gheilleagar agus chóras airgeadais an Aontais agus ar shlándáil na saoránach.
Chun saoránaigh an Aontais agus córas airgeadais an Aontais a chosaint ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, chinn an Chomhairle agus an Pharlaimint, de bhun togra ón gCoimisiún, Údarás de chuid an Aontais Eorpaigh um an Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac (SAC/MSC) (ÚSAC) a bhunú.
Is é ÚSAC a bheidh mar údarás lárnach a thacaíonn le húdaráis maoirseachta náisiúnta agus a chomhordaíonn iad chun go gcuirfear rialacha an Aontais maidir le SAC/MSC i bhfeidhm ar bhealach ceart comhsheasmhach. San earnáil airgeadais, déanfaidh an tÚdarás maoirseacht dhíreach ar na heintitis san earnáil sin atá nochta do rioscaí an-ard sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. Déanfaidh ÚSAC comhordú freisin ar aonaid um fhaisnéis airgeadais (AFAnna) agus tacóidh sé leo, lena n-áirítear trí thacú le hanailís chomhpháirteach ar chásanna trasteorann agus trí réitigh malartaithe faisnéise agus anailísíochta a sholáthar, mar shampla tríd an gcóras FIU.net a óstáil, a bhainistiú agus a fhorbairt. Ar deireadh, beidh ÚSAC freagrach as rialacha an Aontais maidir le SAC/MSC a chomhlánú trí chaighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme a fhorbairt agus trí threoirlínte a eisiúint.
Beidh Bord Ginearálta (BG) ag ÚSAC, comhdhéanta d’ionadaithe do Mhaoirseoirí SAC agus d’Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais ó gach Ballstát, agus Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta de chúigear comhaltaí neamhspleách lánaimseartha, gan an Cathaoirleach a chur san áireamh. Is é Cathaoirleach an Údaráis a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an dá bhord.
An tairiscint
Tá próiseas roghnúcháin á eagrú ag an gCoimisiún Eorpach le haghaidh fheidhm Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis um an Sciúradh Airgid a Chomhrac (ÚSAC). Is gairmí neamhspleách lánaimseartha é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, comhalta d’fhoireann ÚSAC, lonnaithe in Frankfurt am Main (an Ghearmáin), áit a mbeidh suíomh an Údaráis.
Tá ról an Stiúrthóra Feidhmiúcháin ríthábhachtach maidir le pleananna airgeadais agus oibríochtúla an Údaráis a bhainistiú agus a chur i gcrích. Déanfaidh sé gníomhaíochtaí ÚSAC a bhainistiú ó lá go lá agus cinnteoidh sé go mbainfear cuspóirí ÚSAC amach. Beidh sé cuntasach do Bhord Feidhmiúcháin ÚSAC agus tuairisceoidh sé don Bhord Feidhmiúcháin ar bonn leanúnach maidir le forbairt ghníomhaíochtaí ÚSAC.
Go sonrach, i measc chúraimí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin tá roinnt príomhfhreagrachtaí atá fíor-riachtanach maidir le feidhmiú éifeachtach an Údaráis. Is iad seo a leanas na freagrachtaí sin:
|
— |
Bainistiú Laethúil: Maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí laethúla an Údaráis, na cúraimí a bhaineann le bainistiú foirne san áireamh; |
|
— |
Cur i bhFeidhm Cinntí: Na cinntí a ghlacann an Bord Feidhmiúcháin a chur i bhfeidhm; |
|
— |
Doiciméad Clársceidealaithe: An dréachtdhoiciméad clársceidealaithe a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhord Feidhmiúcháin lena ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. A bheith freagrach as cur i bhfeidhm an doiciméid chlársceidealaithe agus tuairisciú don Bhord Feidhmiúcháin maidir lena chur i gcrích; |
|
— |
Tuairisciú Bliantúil: An dréacht-tuairisc bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí an Údaráis a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Feidhmiúcháin lena measúnú agus lena glacadh; |
|
— |
Obair Leantach ar Iniúchtaí: Plean gníomhaíochta a ullmhú tar éis iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha agus tuairisciú maidir leis an dul chun cinn; |
|
— |
Formhaoirseacht Airgeadais: Leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint trí bhearta coisctheacha in aghaidh na calaoise agus an éillithe a chur i bhfeidhm; |
|
— |
Buiséadú: Dréachtbhuiséad an Údaráis a ullmhú agus a bhuiséad a chur i bhfeidhm agus aird ar phrionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta, na héifeachtachta agus na bainistíochta fónta airgeadais; |
|
— |
Slándáil TF: Straitéis slándála TF a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun bainistiú riosca iomchuí a chinntiú; |
|
— |
Cur i gCrích an Chláir Oibre: An clár oibre bliantúil a chur i bhfeidhm faoi rialú an Bhoird Feidhmiúcháin. |
Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin rannpháirteach i gcruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin, ach ní bheidh ceart vótála aige.
Tá tuairisc níos mionsonraithe ar phríomhchúraimí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin le fáil in Airteagal 71 de Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharliamint na hEorpa agus ón gComhairle (1), ar rialachán bunaidh ÚSAC é.
Cad atá á lorg againn (na critéir roghnúcháin)
Ba cheart na nithe seo a leanas a bheith ag na hiarrthóirí:
|
|
Scileanna bainistíochta
|
|
|
Sainscileanna agus saintaithí
|
|
|
Buanna pearsanta
|
Ní mór na cáilíochtaí seo a bheith ag iarrthóirí (ceanglais incháilitheachta)
Is ar bhonn na gcritéar foirmiúil seo a leanas amháin, nach mór iad a bheith comhlíonta faoin sprioc-am le hiarratas a dhéanamh, a chuirfear na hiarrthóirí san áireamh nuair a bheidh an rogha á déanamh:
|
— |
Náisiúntacht: ní mór do na hiarrthóirí a bheith ina saoránaigh de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. |
|
— |
Céim nó dioplóma ollscoile: ní mór d’iarrthóirí: |
|
— |
leibhéal oideachais a bheith acu is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile ar baineadh dioplóma amach dá bharr i gcás ina maireann an ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile 4 bliana nó níos mó; |
|
— |
nó leibhéal oideachais a bheith acu is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile ar baineadh dioplóma amach dá bharr agus taithí oibre chuí bliain amháin ar a laghad i gcás ina maireann an ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile 3 bliana ar a laghad (ní féidir an bhliain amháin sin de thaithí oibre a chur san áireamh sa taithí oibre iarchéime a iarrtar thíos). |
|
— |
Taithí ghairmiúil: ní mór d’iarrthóirí 15 bliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil iarchéime (2) a bheith acu ar leibhéal ar féidir le duine tosú air ach na cáilíochtaí dá dtagraítear thuas a bheith aige. Ní mór 5 bliana ar a laghad den taithí ghairmiúil sin a bheith faighte i réimse ghníomhaíochtaí ÚSAC. |
|
— |
Taithí bhainistíochta: ní mór 5 bliana ar a laghad den taithí oibre iarchéime a bheith faighte i bhfeidhm bainistíochta ardleibhéil (3) i réimse atá ábhartha don phost seo. |
|
— |
Teangacha: ní mór d’iarrthóirí eolas cuimsitheach a bheith acu ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (4) agus eolas sásúil ar cheann eile de na teangacha oifigiúla sin. Deimhneoidh na painéil roghnúcháin le linn na n-agallamh an gcomhlíonann iarrthóirí an ceanglas maidir le heolas sásúil ar cheann eile de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. D’fhéadfaí an t-agallamh nó cuid den agallamh a dhéanamh sa teanga eile sin mar chuid den tástáil sin. |
|
— |
Teorainn aoise: ní mór d’iarrthóirí a bheith in ann, ag an sprioc-am le hiarratais a dhéanamh, an tréimhse oifige iomlán 5 bliana a chur i gcrích sula mbainfidh siad aois scoir amach. I gcás baill foirne shealadacha de chuid an Aontais Eorpaigh, sainítear an aois scoir mar dheireadh na míosa ina mbeidh 66 bliana slán ag an duine (féach Airteagal 47 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (5)). |
Roghnú agus ceapadh
Is é Bord Feidhmiúcháin ÚSAC a cheapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar bhonn gearrliosta a chuirfidh an Coimisiún Eorpach ar fáil.
Chun an gearrliosta sin a thiomsú, eagróidh an Coimisiún Eorpach an próiseas de réir a nós imeachta roghnúcháin agus earcaíochta (féach an Doiciméad maidir leis an mBeartas um Oifigigh Shinsearacha (6)).
Mar chuid den phróiseas roghnúcháin seo, cuirfidh an Coimisiún Eorpach painéal réamhroghnúcháin ar bun. Déanfaidh an painéal sin anailísiú ar na hiarratais go léir, rachaidh sé ar aghaidh leis an gcéad fhíorú incháilitheachta agus sainaithneoidh sé na hiarrthóirí a bhfuil na próifílí is fearr acu i bhfianaise na gcritéar roghnúcháin a luaitear thuas agus a bhféadfaí cuireadh a thabhairt dóibh agallamh a dhéanamh leis an bpainéal réamhroghnúcháin.
I ndiaidh na n-agallamh sin, tarraingeoidh an painéal réamhroghnúcháin suas a thuairimí agus molfaidh sé liosta iarrthóirí le haghaidh agallaimh eile le Coiste Comhairleach an Choimisiúin Eorpaigh um Cheapacháin (CCA). Cuirfidh CCA na tuairimí ón bpainéal réamhroghnúcháin san áireamh agus é ag cinneadh cé na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun agallaimh dóibh.
Glacfaidh na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun agallaimh le CCA dóibh páirt in ionad measúnaithe bainistíochta a mhairfidh lá iomlán a reáchtálfaidh comhairleoirí earcaíochta seachtracha. Agus torthaí an agallaimh agus tuarascáil an ionaid measúnaithe á gcur san áireamh, tiomsóidh CCA gearrliosta d’iarrthóirí a mheasann sé a bheadh oiriúnach maidir le bheith ag feidhmiú mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin ÚSAC.
Is é/iad Comhalta/Comhaltaí an Choimisiúin atá freagrach as an Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil caidreamh leis an Údarás faoina cúram a chuirfidh na hiarrthóirí atá ar ghearrliosta CCA faoi agallamh (7).
Tar éis na n-agallamh sin, glacann an Coimisiún Eorpach gearrliosta de bheirt iarrthóirí cháilithe ar a laghad le haghaidh phost an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, agus cuirfear an gearrliosta sin in iúl do Bhord Feidhmiúcháin ÚSAC. Féadfaidh an Bord Rialaithe cinneadh a dhéanamh na hiarrthóirí a chur faoi agallamh sula ndéanfaidh siad an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh as na hiarrthóirí ar ghearrliosta an Choimisiúin. Ní hionann duine a bheith ar an bpainéal agus ráthaíocht a bheith aige go gceapfar é.
D’fhéadfaí a iarraidh ar iarrthóirí dul faoi agallaimh bhreise agus/nó tástálacha breise a dhéanamh, sa bhreis orthu siúd a luaitear thuas. D’fhéadfadh sé go n-iarrfaí orthu freisin ráiteas a dhéanamh os comhair an choiste nó na gcoistí ábhartha de chuid Pharlaimint na hEorpa.
Ba cheart d’iarratasóirí a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an gearrliosta sin a chur ar fáil go poiblí tar éis don Choimisiún Eorpach é a ghlacadh.
Ba cheart don iarrthóir a roghnófar deimhniú bailí imréitigh slándála óna údarás náisiúnta slándála a bheith aige nó a bheith in ann an deimhniú sin a fháil. Is éard atá in imréiteach slándála pearsanta cinneadh riaracháin a dhéantar i ndiaidh d’údarás náisiúnta slándála inniúil an duine grinnfhiosrúchán slándála a chur i gcrích i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialacháin náisiúnta slándála is infheidhme, agus lena ndeimhnítear go bhféadfar cead a thabhairt don duine sin rochtain a fháil ar fhaisnéis rúnaicmithe suas le leibhéal áirithe. (Tabhair do d’aire gur ar iarraidh an fhostóra amháin is féidir tús a chur leis an nós imeachta is gá maidir le himréiteach slándála, agus ní ar iarraidh an iarrthóra).
Ní bheidh rochtain ag an iarrthóir ar fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) ar an leibhéal CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó os a chionn sin, agus ní fhreastalóidh an t-iarrthóir ar aon chruinniú ag a bpléifear FRAE den sórt sin, go dtí go dtabharfaidh an Ballstát lena mbaineann an t-imréiteach slándála pearsanra agus go gcuirfear an nós imeachta imréitigh i gcrích leis an seisiún faisnéise, a bhfuil ceangal dlí leis, ó Stiúrthóireacht Slándála an Choimisiúin.
Éagsúlacht agus Cuimsiú
Aithníonn an tÚdarás gur gné thábhachtach spreagtha do go leor daoine í cothromaíocht shláintiúil oibre agus saoil agus go mbíonn coinne leis anois, níos mó ná riamh, gur obair sholúbtha a bheadh i gceist i dtimpeallacht oibre nua-aimseartha. Dá bhrí sin, cuireann sé sochair ar fáil mar shocruithe oibre solúbtha reachtúla, clárú saor in aisce i Scoil Eorpach Frankfurt do leanaí na mball foirne agus treoir suiteála agus tacaíocht ó ÚSAC agus ó údaráis áitiúla Frankfurt. Mar fhostóir, tá an tÚdarás um an Sciúradh Airgid a Chomhrac tiomanta don chomhionannas inscne a áirithiú agus cosc a chur le hidirdhealú ar aon fhoras. Is mór aige iarratais ó na hiarrthóirí cáilithe uile ó chúlraí éagsúla, de gach cumas agus ón mbonn geografach is leithne is féidir i measc Bhallstáit an Aontais. Chun an comhionannas inscne a chur chun cinn, spreagann an Coimisiún agus ÚSAC iarratais ó mhná go háirithe. Is féidir cúnamh a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas le linn an nós imeachta earcaíochta.
Coinníollacha fostaíochta
Tá na tuarastail agus na coinníollacha fostaíochta leagtha síos i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh.
Déanfaidh an tÚdarás um an Sciúradh Airgid a Chomhrac an t-iarrthóir ar éirigh leis a fhostú mar Ghníomhaire Sealadach ar ghrád AD 14 (8). Rangófar é i gcéim 1 nó i gcéim 2 laistigh den ghrád sin, de réir fhad a thaithí gairmiúla roimhe sin.
Mairfidh téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin 5 bliana agus féadfar síneadh a chur leis an téarma sin uair amháin ar chinneadh ón mBord Feidhmiúcháin tar éis measúnú a dhéanamh ina gcuirtear san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin san am a chuaigh thart agus ar chúraimí agus dúshláin an Údaráis amach anseo.
Féadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ar chinneadh ón mBord Feidhmiúcháin ar mholadh ón gCoimisiún.
Ba cheart d’iarratasóirí a thabhairt dá n-aire go gceanglaítear de réir Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh nach mór do gach ball foirne nua tréimhse phromhaidh 9 mí a chur i gcrích agus toradh sásúil a bheith uirthi.
Is in Frankfurt am Main na Gearmáine atá an t-ionad oibre.
Beidh an folúntas ann ón 1 Iúil 2025 ar aghaidh.
Eolas tábhachtach d’iarrthóirí
Cuirtear i gcuimhne d’iarrthóirí gur faoi rún atá an obair a dhéanann na painéil roghnúcháin. Tá cosc ar iarrthóirí dul i dteagmháil, bíodh sé díreach nó indíreach, le comhaltaí na bpainéal sin, agus tá cosc ar dhuine ar bith eile déanamh amhlaidh thar a gceann. Ní mór gach fiosrúchán a sheoladh chuig rúnaíocht an phainéil lena mbaineann.
Sonraí pearsanta a chosaint
Cinnteoidh an Coimisiún go bpróiseálfar sonraí pearsanta na n-iarrthóirí mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Baineann sé sin go háirithe le rúndacht agus slándáil na sonraí sin.
Neamhspleáchas agus dearbhú leasanna
Sula rachaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i mbun a chuid dualgas, cuirfear de cheangal air dearbhú a thabhairt go bhfuil sé tiomanta a bheith ag gníomhú go neamhspleách ar mhaithe leis an bpobal agus dearbhú a thabhairt maidir le haon leas atá aige a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas.
Nós imeachta maidir le hiarratas a dhéanamh
Sula gcuirfear an t-iarratas isteach, ba cheart don iarrthóir a sheiceáil go cúramach an gcomhlíonann sé gach ceann de na ceanglais incháilitheachta (‘Ní mór na cáilíochtaí seo a bheith ag iarrthóirí’), go háirithe iad sin a bhaineann leis na cineálacha dioplóma, an taithí oibre ardleibhéil agus an acmhainn theangeolaíoch atá ag teastáil. Má bhíonn aon cheann de na ceanglais incháilitheachta gan chomhlíonadh, eisiafar an t-iarrthóir go huathoibríoch ón bpróiseas roghnúcháin.
Más mian leat iarratas a dhéanamh, ní mór duit clárú ar an idirlíon ar an suíomh gréasáin seo thíos agus na treoracha maidir le céimeanna éagsúla an phróisis a leanúint:
https://ec.europa.eu/dgs/human-resources/seniormanagementvacancies/
Ní mór seoladh ríomhphoist bailí a bheith agat. Bainfear úsáid as an seoladh ríomhphoist sin chun do chlárú a dheimhniú agus chun dul i dteagmháil leat ag céimeanna éagsúla den phróiseas. Dá bhrí sin, coinnigh an Coimisiún Eorpach ar an eolas faoi aon athrú ar do sheoladh ríomhphoist.
Chun iarratas a dhéanamh, ní mór duit CV a uaslódáil i bhformáid PDF, i bhformáid CV Europass (10) más féidir sin, agus litir inspreagtha a líonadh isteach ar líne (uasmhéid 8 000 carachtar). Is féidir leat an CV agus an litir inspreagtha a chur isteach in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.
Is chun do leasa é a chinntiú go bhfuil d’iarratas cruinn, críochnúil agus fírinneach.
Ar chríochnú do chlárúcháin ar líne duit, gheobhaidh tú ríomhphost a dheimhneoidh gur cláraíodh d’iarratas. Mura bhfaighidh tú ríomhphost deimhnithe, níor cláraíodh d’iarratas!
Tabhair do d’aire nach féidir monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn d’iarratais ar líne. Rachaidh an Coimisiún Eorpach i dteagmháil go díreach leat maidir le stádas d’iarratais.
Ní ghlacfar le hiarratais a sheolfar le ríomhphost. Má tá tuilleadh eolais uait nó má bhíonn fadhbanna teicniúla agat, seol ríomhphost chuig:
HR-MANAGEMENT-ONLINE@ec.europa.eu
Is fútsa atá sé do chlárúchán ar líne a chríochnú in am. Moltar go láidir duit gan fanacht go dtí cúpla lá roimh an sprioc-am chun iarratas a dhéanamh, mar go bhféadfadh trácht trom ar an idirlíon nó fadhb a bhaineann leis an nasc idirlín deireadh a chur leis an gclárúchán ar líne sula mbeadh sé críochnaithe agat, rud a chuirfeadh iallach ort an próiseas clárúcháin a dhéanamh athuair. Nuair a bheidh an sprioc-am le hiarratas a chur isteach thart, ní bheidh tú in ann tuilleadh sonraí a chur isteach. Ní ghlacfar le clárúcháin dhéanacha.
Dáta deiridh
Is é an 21 Eanáir 2025, 12.00 meán lae, am na Bruiséile, an sprioc-am le clárú. Ní féidir clárú ina dhiaidh sin.
(1) Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L, 2024/1620, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1620/oj).
(2) Ní chuirtear taithí ghairmiúil san áireamh ach amháin más caidreamh oibre iarbhír atá i gceist léi, caidreamh arb é an sainmhíniú atá air fíorobair a bhfuarthas pá aisti i gcáil fostaí (ar aon chineál conartha) nó soláthraí seirbhíse. Déanfar gníomhaíocht ghairmiúil a rinneadh ar bhonn páirtaimseartha a ríomh ar bhonn pro rata, de réir chéatadán deimhnithe na n-uaireanta lánaimseartha a oibríodh. Cuirtear saoire mháithreachais/saoire tuismitheora/saoire páiste a uchtú san áireamh más faoi chuimsiú conradh oibre atá sí. Is cuid den taithí ghairmiúil í dochtúireacht, fiú amháin nuair nach dochtúireacht ar pá í, ach uastréimhse 3 bliana amháin atá i gceist sa chás sin, agus ar choinníoll gur éirigh leis an iarrthóir an dochtúireacht a bhaint amach. Ní féidir tréimhse a chomhaireamh ach uair amháin.
(3) Maidir leis na blianta uile ina bhfuair na hiarrthóirí taithí bhainistíochta, ba cheart dóibh a léiriú go soiléir ina curriculum vitae: (1) teideal agus ról na bpost bainistíochta a bhí acu; (2) an líon ball foirne a ndearna siad maoirseacht orthu sna poist sin; (3) méid na mbuiséad a bhainistigh siad; (4) an líon sraitheanna ordlathais os a gcionn agus faoina mbun; agus (5) líon na bpiaraí.
(4) ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1958/1(1)/2013-07-01
(5) ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1962/31(1)/2024-01-01.
(6) https://commission.europa.eu/document/download/d30847ac-43c6-4048-8970-f80683c3e706_en?filename=compilation-of-the-senior-official-policy-at-the-european-commission_en.pdf (ar fáil i mBéarla amháin).
(7) Ach amháin i gcás ina ndéanfaidh an Comhalta den Choimisiún lena mbaineann, i gcomhréir leis an gCinneadh ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2007 (PV(2007) 1811) agus an 30 Meán Fómhair 2020 (PV(2020) 2351) an cúram sin a tharmligean.
(8) Tá an chomhéifeacht cheartúcháin is infheidhme do Frankfurt maidir le luach saothair agus pinsin oifigeach agus seirbhíseach eile de chuid an Aontais socraithe ag 101,1 % ón 1 Iúil 2024. Tá an chomhéifeacht sin faoi réir athbhreithniú bliantúil.
(9) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(10) Tá eolas le fáil faoi conas CV Europass a chruthú ar líne ag: https://europa.eu/europass/ga/create-europass-cv
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7257/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)