|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/7181 |
9.12.2024 |
Caingean arna tabhairt an 16 Deireadh Fómhair 2024 – Russian Maritime Register of Shipping agus Jūrų Laivybos Registras v an Chomhairle
(Cás T-535/24)
(C/2024/7181)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Russian Maritime Register of Shipping (Cathair Pheadair, an Rúis), UAB Jūrų Laivybos Registras (Klaipeda, an Liotuáin) (ionadaithe: J. Iriarte Ángel, J. Ordóñez Cobo agus F. Rodríguez González-Chaves, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
Airteagal 1(4)(a) i gcomhar le hIarscríbhinn VI, Airteagal 1aa(1)(a) i gcomhar le hIarscríbhinn X, Airteagal 1ab, Airteagal 4ha(1a) agus (2) de Chinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (1), arna leasú ar deireadh le Cinneadh (CBES) 2024/2026 ón gComhairle an 22 Iúil 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine a chur ar neamhní; agus |
|
— |
Airteagal 3e, Airteagal 3ea(1), (1a) agus (2), Airteagal 3eb(1), (2) agus (3), Airteagal 5(4)(a) i gcomhar le hIarscríbhinn XIII, Airteagal 5a i gcomhar le hIarscríbhinn XIX, agus Airteagal 5aa(4) de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (2), arna leasú ar deireadh le Cinneadh (CBES) 2024/2026 ón gComhairle an 22 Iúil 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (‘Gníomhartha atá faoi Chonspóid’); |
|
— |
Ordaítear don chomhairle na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 7(3) de Rialachán 391/2009. |
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta. |
|
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear easpa réasúnaíochta sna Gníomhartha atá faoi Chonspóid. |
|
4. |
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an ceart chun athbhreithniú breithiúnach éifeachtach. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7181/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)