|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/7131 |
28.11.2024 |
Caingean arna tabhairt an 16 Deireadh Fómhair 2024 ag Údarás Faireacháin CSTE i gcoinne na hÍoslainne
(Cás E-27/24)
(C/2024/7131)
Thug Údarás Faireacháin CSTE caingean i gcoinne na hÍoslainne os comhair Chúirt CSTE an 16 Deireadh Fómhair 2024, agus ionadaíocht á déanamh don Údarás sin ag Sigurbjörn Bernharð Edvardsson, Sigrún Ingibjörg Gísladóttir agus Melpo-Menie Joséphidès, ag gníomhú dóibh mar Ghníomhairí Údarás Faireacháin CSTE, Avenue des Arts/Kunstlaan 19H, 1000 Bruxelles/Brussel, Belgique/België.
Iarrann Údarás Faireacháin CSTE ar Chúirt CSTE an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
1. |
A dhearbhú nár chomhlíon an Íoslainn a hoibleagáidí faoi Airteagal 7 de Chomhaontú LEE, toisc nach ndearna sí cuid dá dlíchóras inmheánach a dhéanamh den Ghníomh dá dtagraítear ag pointe 29as d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1406 ón gCoimisiún an 2 Deireadh Fómhair 2020 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i ndáil le nósanna imeachta agus foirmeacha maidir le malartú faisnéise agus comhar idir na húdaráis inniúla, ESMA, an Coimisiún agus eintitis eile faoi Airteagal 24(2) agus Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le drochúsáid mhargaidh), arna oiriúnú le Prótacal 1 a ghabhann le Comhaontú LEE, agus |
|
2. |
Ordú a thabhairt don Íoslainn costais na n-imeachtaí sin a iompar. |
An cúlra dlíthiúil agus an cúlra fíorasach, mar aon le pléadálacha faoin dlí a thugtar ar aird chun tacú leis an méid sin:
|
— |
Leis an iarratas seo, iarrann Údarás Faireacháin CSTE (‘an tÚdarás’) ar an gCúirt a dhearbhú nár ghlac an Íoslainn na bearta is gá chun cuid dá dlíchóras inmheánach a dhéanamh den nGníomh dá dtagraítear ag pointe 29as d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE, arna oiriúnú le Prótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú sin, mar a cheanglaítear le hAirteagal 7 LEE. |
|
— |
Níor thug an Íoslainn freagra ar litir fógra fhoirmiúil Údarás Faireacháin CSTE an 21 Samhain 2023. |
|
— |
Thug Údarás Faireacháin CSTE tuairim réasúnaithe uaidh an 10 Iúil 2024 inar thug sé 2 mhí don Íoslainn na bearta is gá a dhéanamh chun an tuairim réasúnaithe a chomhlíonadh, i.e. tráth nach déanaí ná an 10 Meán Fómhair 2024. |
|
— |
Ní bhfuair Údarás Faireacháin CSTE aon fhreagra ón Íoslainn laistigh den tréimhse ama a sonraíodh sa tuairim réasúnaithe. |
|
— |
Ós rud é nár chomhlíon an Íoslainn an tuairim réasúnaithe faoin sprioc-am a leagadh síos inti, chinn Údarás Faireacháin CSTE an t-ábhar a tharchur chuig an gCúirt, de bhun Airteagal 31 den gComhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú. |
|
— |
Tugann Údarás Faireacháin CSTE dá aire, agus an t-iarratas seo á thaisceadh aige, nár chuir an Íoslainn Údarás Faireacháin CSTE ar an eolas faoi aon bheart a bheith glactha aici chun cuid dá dlíchóras inmheánach a dhéanamh den Gníomh. Thairis sin, ní raibh aon fhaisnéis eile ag an Údarás a thug le fios go ndearnadh cuid de dhlíchóras inmheánach na hÍoslainne den Gníomh. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7131/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)