European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/7111

6.12.2024

Foilsiú leasaithe chaighdeánaigh fhormheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint san earnáil táirgí talmhaíochta agus táirgí bia, dá dtagraítear in Airteagal 6b(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún

(C/2024/7111)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 6b(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún (1).

FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH AR SHONRAÍOCHT TÁIRGE LE hAGHAIDH AINMNIÚCHÁN TIONSCNAIMH FAOI CHOSAINT NÓ TÁSC GEOGRAFACH FAOI CHOSAINT DE THIONSCNAMH BALLSTÁIT A CHUR IN IÚL

‘Fontina’

Uimh. AE: PDO-IT-0008-AM01 - 23 Deireadh Fómhair 2024

ATFC (X) TGFC ( )

1.   Ainm an táirge

‘Fontina’

2.   An Ballstát ar leis an limistéar geografach

An Iodáil

3.   Údarás an Bhallstáit a bhfuil an leasú caighdeánach á chur in iúl aige

An Aireacht Talmhaíochta, Biafhlaithis agus Foraoiseachta (MASAF), Cáilíocht Agraibhia a chur chun cinn (PQA) 4

4.   Tuairisc ar an leasú (nó ar na leasuithe) formheasta

Míniú ar an gcúis go dtagann an leasú (nó na leasuithe) faoin sainmhíniú ar leasú caighdeánach dá bhforáiltear in Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

Is leasuithe caighdeánacha iad na leasuithe de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 toisc nach n-áirítear leo athrú ar ainm ATFC ná ar úsáid an ainm sin, nach bhfuil an baol ann go gcuirfear an nasc ar neamhní agus nach bhfuil srianta breise ar mhargú an táirge i gceist leo.

1.   Réamhrá

Bhí bileog achoimre ag ‘Fontina’, agus mar sin cuireadh ‘Doiciméad Aonair’ in ionad na bhfocal ‘Bileog Achoimre’.

Ní dhéanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.

2.   Tuairisc ar an táirge: Airteagal 8 den tsonraíocht táirge agus pointe 3.2 den doiciméad aonair

Leagan roimhe seo:

‘(a):

trastomhas idir 35 cm agus 45 cm’

Leagan nua:

‘(a):

trastomhas idir 30 cm agus 45 cm’

Cúis:

Leasaíodh an raon trastomhais ós rud é, mar gheall ar na teorainneacha roimhe seo, go raibh cásanna neamhchomhlíontachta ann uaireanta ina raibh an meáchan ceart agus an airde cheart ag cáiseanna ach ina raibh trastomhas ann a bhí níos lú ná an t-íosmhéid socraithe.

Déanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.

3.   Tuairisc ar an táirge: Airteagal 8 den tsonraíocht táirge agus pointe 3.2 den doiciméad aonair

Scriosadh an abairt seo a leanas:

‘Airíonna ceimiceacha: ní mór gur ábhar tirim 45 % ar a laghad den chéatadán saille.’

Cúis:

Tugadh an ceanglas sin isteach i dtréimhse stairiúil nuair a bhí ardleibhéil táirgthe ime agus uachtair ann. Tá athrú as cuimse tagtha ar an staid ó shin i leith, mar a léirítear le torthaí anailísí a rinneadh le blianta beaga anuas. Dá réir sin, ní príomhghné den phróiseas táirgthe é an paraiméadar sin a thuilleadh.

Déanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.

4.   Cruthúnas tionscnaimh: Airteagal 10 den tsonraíocht táirge

Leagan roimhe seo:

‘1.

Is iad seo a leanas na gnéithe inrianaitheachta ar na rothaí cáise: an lipéad cáiséine, stampa aitheantais ‘Consorzio Tutela Fontina’ [Comhlachas Cosanta Fontina] (lena ngabhann an giorrúchán ‘CTF’) agus an lógó.

1.1.

Tá cód aitheantais alfa-uimhriúil an rotha cáise ar an lipéad cáiséine agus tá sé suite ar sháil na cáise.

1.2.

Tá an stampa aitheantais ‘Consorzio Tutela Fontina’ (lena ngabhann an giorrúchán ‘CTF’) i gcód aitheantais alfa-uimhriúil an táirgeora freisin. Tá cruth dronuilleogach ar na stampaí (10 x 7.5 cm) agus tá siad déanta as plaisteach. Cuirtear ar cheann de thaobhanna cothroma na cáise iad le linn na céime fáiscthe, agus ina dhiaidh sin baintear iad.

Soláthraíonn CTF na stampaí sin do na páirtithe uile a oibríonn i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge le haghaidh ATFC ‘Fontina’.

1.3.

Tar éis don chomhlacht rialúcháin seiceáil a dhéanamh ar toradh dearfach a bhí uirthi, brandáiltear an lógó ar rothaí cáise a bhfuil na saintréithe dá dtagraítear in Airteagal 8 acu agus a aibíodh ar feadh 80 lá ar a laghad le héifeacht ó dháta an táirgthe.

Leagan nua:

‘1.

Is iad seo a leanas na gnéithe inrianaitheachta ar na rothaí cáise: an lipéad cáiséine, stampa aitheantais “Consorzio Tutela Fontina” [Comhlachas Cosanta Fontina] (lena ngabhann an giorrúchán “CTF”) agus an lógó.

1.1.

Tá cód aitheantais alfa-uimhriúil an rotha cáise ar an lipéad cáiséine agus tá sé suite ar sháil na cáise.

I gcás táirgí “alpeggio” [féarach sléibhe], baintear úsáid as lipéid ghlasa cháiséine lena ngabhann cód alfa-uimhrúil dar tús an litir A. I gcás láithreáin táirgthe eile, níl aon dath ar na lipéid cháiséine agus tosaíonn an cód alfa-uimhriúil ar aon litir seachas A.

1.2.

Tá an stampa aitheantais “Consorzio Tutela Fontina” (lena ngabhann an giorrúchán “CTF”) i gcód aitheantais alfa-uimhriúil an táirgeora freisin. Sainaithnítear láithreáin táirgthe “alpeggio” le stampaí lena ngabhann uimhir atá níos lú ná 600. Tá cruth dronuilleogach ar na stampaí (10 x 7.5 cm ar a laghad) agus tá siad déanta as plaisteach. Cuirtear ar cheann de thaobhanna cothroma na cáise iad le linn na céime fáiscthe, agus ina dhiaidh sin baintear iad.

Soláthraíonn CTF na stampaí sin do na páirtithe uile a oibríonn i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge le haghaidh ATFC “Fontina”.

1.3.

Brandáiltear an lógó ar rothaí cáise a bhfuil na saintréithe dá dtagraítear in Airteagal 8 acu agus a aibíodh ar feadh 80 lá ar a laghad, agus comhaireamh á dhéanamh ag tús na tréimhse aibiúcháin.

Is mar a leanas atá saintréithe grafacha an lógó:

“FONTINA”: agus an focal ar taispeáint mar imlíne veicteoireach.

“ZONA DI PRODUZIONE REGIONE AUTONOMA VALLE D’AOSTA” [Is é an limistéar táirgthe Réigiún Féinrialaitheach Valle d’Aosta]:

an cló a úsáidtear: Univers 75 Black

“DOP” [ATFC]: an cló a úsáidtear: Univers Black Extended

I lár na híomhá, tá imlíne de shliabh stílithe os cionn an fhocail “Fontina”. Faoina bhun sin, tá an giorrúchán “DOP” laistigh d’éilips.

Ní mór an lógó seo a úsáid i ndearbhchló i gcoinne aon chúlra nó dromchla a bhfuil dath sách éadrom le go bhfuil an lógó inléite go hiomlán.

Má dhéantar é a phriontáil nó a atáirgeadh ar chúlraí liatha, neamhrialta nó dorcha, ní mór an lógó a úsáidtear a bheith i gclaonchló.

I gcás dathphriontáil, is é Pantone 1535 CVC an dath tagartha.’

ÍOMHÁ 1

Cúis:

Rinneadh foráil maidir le lipéid cháiséine éagsúla agus stampaí aitheantais CTF éagsúla le haghaidh táirgí ‘alpeggio’. Dá bhrí sin, beidh lipéid cháiséine ghlasa agus stampaí aitheantais CTF lena ngabhann uimhir níos ísle ná 600 ar rothaí cáise a tháirgtear i limistéir féaraigh shléibhe. Mar thoradh ar an socrú sin, beifear in ann táirgí ‘alpeggio’ a shainaithint go soiléir agus gan débhrí agus éascófar inrianaitheacht na dtáirgí sin feadh an tslabhra táirgeachta ar fad.

Sonraíodh freisin nach mór 80 lá aibiúcháin a chomhaireamh ó thús iarbhír na céime aibiúcháin.

De bhreis air sin,tá saintréithe grafacha an lógó san airteagal sin anois, ar saintréithe iad a bhí in Airteagal 13 den tsonraíocht táirge roimhe seo agus tá an tAirteagal sin arna scriosadh anois.

Ní dhéanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.

5.   Modh táirgthe: Airteagal 3 den tsonraíocht táirge agus pointe 3.3 den doiciméad aonair

Leagan roimhe seo:

‘...eallach de chuid phór Valdostana (Pezzata Rossa, Pezzata Nera, Castana).’

Leagan nua:

‘...eallach de chuid phór Valdostana (Pezzata Rossa, Pezzata Nera, Castana) agus crosphórtha eatarthu.’

Cúis:

Leis an leasú seo, léirítear go soiléir go bhféadfar crosphórtha idir na pórtha ceadaithe a úsáid. Bhí gá leis an leasú sin chun léirmhínithe ar an tsonraíocht táirge a sheachaint.

Déantar eallach a leanann as crosphórú idir eallach de chuid phór Valdostana a chlárú go cuí i dtréadleabhar phór Valdostana atá formheasta ag an Aireacht Talmhaíochta, Biafhlaithis agus Foraoiseachta.

Déanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.

6.   Modh táirgthe: Airteagal 4 den tsonraíocht táirge agus pointe 3.3 den doiciméad aonair

Sonraíocht táirge

Leagan roimhe seo:

‘Ní mór gur féar tirim agus fhéar a tháirgtear in Valle d’Aosta atá in aiste bia na mbó déiríochta.

Féadfar úsáid a bhaint as dlúthbhia lena gcomhlíontar an reachtaíocht atá i bhfeidhm.’

Leagan nua:

‘1.

Ní mór aiste bhia na mbó dá dtagraítear in Airteagal 3 a bheith i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:

foráiste: cóimheas dlúthbhia (F:C) ≥ 67:33;

ní mór 60 % ar a laghad den ábhar tirim san aiste bia a bheith táirgthe laistigh den limistéar geografach a thuairiscítear in Airteagal 2 den tsonraíocht táirge seo.’

Doiciméad aonair

Leagan roimhe seo:

‘Ní mór gur féar tirim agus fhéar a tháirgtear in Valle d’Aosta atá in aiste bia na mbó déiríochta. De bhreis ar an bhféar agus ar an bhféar tirim, féadfar dlúthbhia a úsáid. Ní mór gur gránaigh agus ciondáil phróitéine le haghaidh eallaigh go bunúsach atá sa bheatha chumaisc. Toirmisctear úsáid a bhaint as sadhlas féir, beatha choipthe nó beatha eile ag a bhfuil saintréithe nach bhfuil oiriúnach do tháirgeadh “Fontina” (e.g. min eastósctha agus min phróitéine de thionscnamh ainmhíoch, min agus olaí ainmhithe agus plandaí, síolta, fréamhacha, glasraí, torthaí, seachtháirgí tionsclaíocha, foinsí nítrigine, antaibheathaigh, hormóin agus/nó spreagthaigh, meáin choipthe, silice, tuí atá cóireáilte go ceimiceach, arán úr nó tirim).’

Leagan nua:

‘Ní mór aiste bia na mbó déiríochta a bheith comhlíontach leis na ceanglais seo a leanas:

foráiste: cóimheas dlúthbhia (F:C) ≥ 67:33;

ní mór 60 % ar a laghad den ábhar tirim san aiste bia a bheith táirgthe laistigh den limistéar geografach atá sainithe i bpointe 4.

Laistigh den limistéar geografach, atá suite go hiomlán ar chríoch shléibhe, níl sé indéanta go teicniúil an bheatha uile is gá a fháil chun aiste bia cheart agus chothrom a thabhairt d’eallach atá ag lachtadh (gránaigh agus ciondáil phróitéine le haghaidh eallaigh), rud a chiallaíonn go ndearnadh foráil maidir le céatadán den bheatha de thionscnamh an limistéir táirgthe a bheith níos lú ná 100 %.

Ós rud é go dtagann 60 % den bheatha ón limistéar geografach, áirithítear nach gcuirtear cáilíocht ná saintréithe an táirge i mbaol, ar nithe iad arb í an timpeallacht gheografach is cúis leo go bunúsach, ós rud é gurb é an farae triomaithe a tháirgtear sa limistéar geografach agus an féar a itear sa tréimhse innilte a thugann don bhainne agus, dá bhrí sin, don táirge, na saintréithe uathúla atá inchurtha i leith an limistéir.

Ní mór gur gránaigh agus ciondáil phróitéine le haghaidh eallaigh go bunúsach atá sa bheatha chumaisc. Toirmisctear úsáid a bhaint as sadhlas féir, beatha choipthe nó beatha eile ag a bhfuil saintréithe nach bhfuil oiriúnach do tháirgeadh “Fontina” (e.g. min eastósctha agus min phróitéine de thionscnamh ainmhíoch, min agus olaí ainmhithe agus plandaí, síolta, fréamhacha, glasraí, torthaí, seachtháirgí tionsclaíocha, foinsí nítrigine, antaibheathaigh, hormóin agus/nó spreagthaigh, meáin choipthe, silice, tuí atá cóireáilte go ceimiceach, arán úr nó tirim).’

Cúis:

Leasú chun an tsonraíocht táirge agus an doiciméad aonair a thabhairt i gcomhréir le Rialacháin (AE) Uimh. 1151/2012 agus Uimh. 664/2014, lena sonraítear an céatadán den aiste bia nach mór teacht ón limistéar geografach sainithe agus an méid di a fhéadfaidh teacht ó áit lasmuigh den limistéar sin.

Déanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.

7.   An modh táirgthe: Airteagal 4 den tsonraíocht táirge

Leagan roimhe seo:

‘3.

Ceadaítear na hábhair bheatha seo a leanas a úsáid, laistigh de theorainneacha na gcainníochtaí a liostaítear do gach ceann díobh, arna sloinneadh mar chéatadán de chomhdhéanamh iomlán an dlúthbhia ar cuid de iad:

min lus na gréine ardcháilíochta, i.e. ina bhfuil cion próitéine is mó ná 30 % agus ina bhfuil cion snáithíneach is lú ná 28 % ar bhonn fliuch (gan dul thar 10 %);

ciondálacha rois lín, arbhar Indiach agus soighe orgánaigh dheimhnithe (gan dul thar 10 %; má tá siad péireáilte le lánsoighe, ní mor an tsuim iomlán a bheith níos lú ná 10 %);

beatha glútain arbhair Indiaigh (gan dul thar 10 %);

lánsoighe (gan dul thar 5 %; má tá sé péireáilte le ciondáil soighe orgánaigh dheimhnithe, ní mór an tsuim iomlán a bheith níos lú ná 10 %);

crotail soighe (gan dul thar 10 %);

laíon biatais (gan dul thar 10 %, ar choinníoll go bhfuil sé déanta as píosaí scafa);

piseanna próitéine (gan dul thar 10 %);

carbónáit chailciam (níos lú ná 2 %).

4.

Toirmisctear sadhlas féir, beatha choipthe agus na hábhair bheatha atá liostaithe thíos:

CIONDÁLACHA

Cácaí seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe 2.

MIN EASTÓSCTHA AGUS MIN PHRÓITÉINE DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH

Min eastósctha: pis talún, ráib, tornapa ráibe, cadás, tráta, poipín, eithne phailme, ológ, almóinn, gallchnó.

Min próitéine ainmhíche: iasc, feoil, fuil, seachtháirgí an mharaithe.

MIN AINMHÍOCH AGUS PHLANDÚIL AGUS OLAÍ AINMHÍOCHA AGUS PLANDÚLA

Min cnámh, saill cnámh, olaí plandúla (ach amháin i gcás ullmhóidí vitimíne i meán olúil), laíon olóige.

SÍOLTA

Cadás, peasair, seamair Ghréagach, lúipín, ráib, tornapa ráibe, planda ola ricne, pónairí, lintilí, trátaí, poipín, tobac.

FRÉAMHACHA, GLASRAÍ AGUS TORTHAÍ

Carúb, casabhach, taipióca, svaeid, práta, biatas úr agus seachtháirgí úra (duilleoga agus bairr), ológa agus seachtháirgí (laíon, iarmhair), glasraí garraí i gcoitinne (cabáiste, cainneann, plandaí sailéid), tornapaí, trátaí úra agus seachtháirgí (plandaí, craicne), torthaí úra nó triomaithe d’aon tionscnamh nó d’aon chineál (úlla, piorraí, péitseoga, fíonchaora, torthaí citris).

SEACHTHÁIRGÍ TIONSCLAÍOCHA

An tionscal siúcra agus milseogra: iarmhair shiúcróis, ghlúcóis, choipthe (marc, giosta), molás (a cheadaítear mar cheanglóir i millíní ar leibhéal is lú ná 3 %).

An tionscal ríse: rís agus seachtháirgí (bran, bran ríse scilligthe, meánlúirí, crotal, rís bhriste, grán ríse glaise agus suth ríse).

An tionscal fíona, beorach agus driogtha: marc, síolta fíonchaor, moirt, gráin driogairí.

Tá gach seachtháirge de chuid na dtionscal bia, maraithe agus déiríochta toirmiscthe freisin.

FOINSÍ NÍTRIGINE

Úiré, salainn amóiniam, tiúchán próitéine biatais, gráin driogairí de gach cineál.

EILE

Antaibheathaigh, hormóin agus/nó spreagthaigh, meáin choipthe, silice, tuí a cóireáladh go ceimiceach, arán úr nó tirim.’

Leagan nua:

‘Is iad seo a leanas na hábhair bheatha atá ceadaithe:

Foráistí

foráiste úr nó farae féir ó mhóinéir mheasctha chobhsaí, seagalach agus meidic na mbó;

tuí ó ghránaigh amhail cruithneacht, eorna, coirce, seagal agus triteacál.

Gránaigh agus táirgí arna ndíorthú uathu sin:

arbhar Indiach, eorna, cruithneacht, coirce, seagal agus triteacál, i bhfoirm grán, plúir agus na dtáirgí díorthaithe triomaithe gaolmhara.

Síolta ola agus táirgí arna ndíorthú uathu sin:

soighe, cadás, lus na gréine agus ros lín, i bhfoirm min eastósctha de chuid síolta iomlána nó scilligthe.

Táirgí arna ndíorthú ó thionscal an tsiúcra:

laíon díhiodráitithe;

molás agus/nó táirgí arna ndíorthú uathu sin: mar cheanglóirí agus mar shubstaintí blas-spreagthacha amháin, suas go 5 % de chomhdhéanamh na beatha.

Síolta léagúim:

piseanna próitéine, pónairí leathana, pónairí capaill, agus carúb (laíon),

Saille:

saillte plandúla (gallúnaithe nó hidriginithe).

Mianraí:

salainn mhianracha arna n-údarú leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm.

Breiseáin:

vitimíní, riandúilí, aimíonaigéid, blastáin agus frithocsaídeoirí, ag a bhfuil feidhmeanna teicneolaíochta, seachas feidhmeanna cothaitheacha, agus atá údaraithe leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm.

Ilghnéitheach:

giosta neamhghníomhach grúdairí mar iompróir i “réamh-mheascáin”,

meadhg ón ngabháltas, arna dhíorthú go heisiach ó phróiseáil an bhainne arna tháirgeadh ar an ngabháltas é féin.

3.

Toirmisctear sadhlas féir, beatha choipthe agus na hábhair bheatha a liostaítear thíos:

ráib, ráib tornapa, planda ola ricne, peasair, lúipín, pónairí agus lintilí;

práta, biatas úr agus seachtháirgí úra (duilleoga agus bairr), glasraí garraí i gcoitinne, tornapaí, trátaí úra agus seachtháirgí (plandaí, craicne), torthaí úra nó triomaithe d’aon tionscnamh nó d’aon chineál (úlla, piorraí, péitseoga, fíonchaora, torthaí citris);

gráin grúdairí agus driogairí agus seachtháirgí úra agra-thionsclaíocha eile;

seachtháirgí an tionscail déiríochta;

eile: antaibheathaigh, hormóin agus úiré (mar fhoinse nítrigine).’

Cúis:

Rinneadh an téacs a shimpliú trí na huaschéatadáin do roinnt ábhair bheatha a bhaint. Leis an leasú seo, lamhálfar solúbhthacht níos mó maidir le comhdhéanamh beatha cumaisc, chun sciar beatha a oiriúnú ar bhealach níos fearr do riachtanais an eallaigh i gcomhréir le saintréithe fhoráiste an ghabháltais é féin agus an méadú ar chostais mar gheall ar luaineacht praghsanna roinnt ítimí a fhritháireamh.

Soiléiríodh freisin nach bhféadfar breiseáin a úsáid ach amháin chun críoch teicneolaíoch agus ní chun críoch cothaitheach.

Rinneadh an téacs a bhí ann roimhe seo a shimpliú agus a chuíchóiriú freisin, ós rud é go n-áirítear ann i measc na n-ábhar beatha toirmiscthe roinnt ábhar beatha atá imithe i léig agus nach bhfuil ar fáil ar an margadh a thuilleadh nó ítimí a bhfuil toirmeasc orthu le reachtaíocht cheangailteach, amhail táirgí díorthaithe agus seachtháirgí ó earnálacha éagsúla.

Ní dhéanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.

8.   Modh táirgthe: Airteagal 5 den tsonraíocht táirge agus pointe 3.3 den doiciméad aonair

Sonraíocht táirge agus doiciméad aonair

Leagan roimhe seo:

‘Saothráin baictéar dúchasach aigéid lachtaigh (einsímí) a stóráiltear faoi fhreagracht Consorzio Produttori e Tutela della DOP Fontina, a scaoileann saor iad chuig gach táirgeoir ATFC “Fontina”, is féidir iad a chur leis an mbainne.’

Leagan nua:

‘Saothráin baictéar dúchasach aigéid lachtaigh (einsímí) a stóráiltear faoi fhreagracht Consorzio Produttori e Tutela della DOP Fontina, a scaoileann saor iad chuig gach táirgeoir ATFC “Fontina”, is iadsan amháin is féidir a chur leis an mbainne.’

Cúis:

Úsáideadh an frása ‘iadsan amháin’ lena shonrú athuair gur einsímí dúchasacha amháin, arna roghnú agus arna soláthar ag an Conzorzio, agus iadsan amháin atá ceadaithe.

Déanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.

9.   An modh táirgthe: Airteagal 5 den tsonraíocht táirge

Baineadh an tagairt do theocht agus do ré an téachta.

Baineadh an tagairt do theocht an tsuaite ar shiúl ón tine.

Baineadh an tagairt don mhéid ar dá réir nach mór na gruthanna a bhriseadh.

Baineadh an tagairt do ré íosta na tréimhse seasaimh roimh eastóscadh mhais na cáise.

Tá an chéim thriomúcháin níos soiléire.

Leagan roimhe seo:

‘1.

[...] Téachtann an bainne i ndabhcha copair nó cruach, agus binid lao curtha leis. Ní mór an nós imeachta a dhéanamh ag teocht idir 34°C agus 36°C agus ní mór dó maireachtáil ar feadh 40 nóiméad ar a laghad.

2.

Ní mór na gruthanna a bhriseadh ansin chun gráinní grutha a fháil atá ar mhéid inchomparáide le heithní arbhair Indiaigh.

3.

Is é an chéad chéim eile suaitheadh a dhéanamh os cionn tine ag teocht idir 46 °C agus 48 °C.

4.

Ní mór an suaitheadh a chríochnú ar shiúl ón tine go dtí cibé uair a chinneann déantóir na cáise go bhfuil na gráinní grutha draenáilte go leordhóthanach.

5.

Tar éis don cháis a bheith ina seasamh ar feadh tréimhse nach giorra ná 10 nóiméad, déantar mais na cáise a eastóscadh agus a chlúdach i gceirteacha fabraice. Ní mór mais na cáise a chur isteach sna múnlaí sáilchruthacha a chuirtear os cionn a chéile agus a fháisctear ansin.

6.

Nuair a thiontaítear cháis den chéad uair, ní mór lipéad cáiséine ar a bhfuil na saintréithe a léirítear in Airteagal 10 a chur uirthi. Bíonn cód aitheantais an rotha cáise agus an lógó lena sainaithnítear an táirge ar an lipéad cáiséine.

7.

Roimh an gcéim dheiridh fáiscthe, ní mór an stampa aitheantais a chur ar an gcáis i gcomhréir le hAirteagal 10. Bíonn uimhir an táirgeora, arna sannadh ag an Consorzio atá cumhachtaithe ag an Aireacht Beartais Talmhaíochta agus Foraoiseachta, ar an stampa.

8.

Leantar den chéim fáiscthe go dtí an chéad chéim eile den phróiseáil. Le linn na céime fáiscthe, ní mór na rothaí cáise a thiontú bunoscionn ionas go n-éascaítear draenáil na gcáiseanna.

9.

Laistigh de 24 uair an chloig ó chríochnú an fháiscthe, is féidir na cáiseanna a shailleadh ar feadh tréimhse uasta 12 uair an chloig trína gcur i ndabhcha ina bhfuil tuaslagán sáile.’

Leagan nua:

1.

Roimh an téachtadh, níor cheart an bainne a théamh go teocht os cionn 36 °C. Saothráin baictéar dúchasach aigéid lachtaigh (einsímí) a stóráiltear faoi fhreagracht Consorzio Produttori e Tutela della DOP Fontina, a scaoileann saor iad chuig gach táirgeoir ATFC ‘Fontina’, is iadsan amháin is féidir a chur leis an mbainne.’ Téachtann an bainne i ndabhcha copair nó cruach, agus binid lao curtha leis.

2.

Ní mór na gruthanna a bhriseadh ansin chun gráinní grutha ar mhéid aonfhoirmeach a fháil.

3.

Is é an chéad chéim eile suaitheadh a dhéanamh os cionn tine ag teocht a oireann do cháiseanna leathchócaráilte.

4.

Ní mór an suaitheadh a chríochnú ar shiúl ón tine go dtí cibé uair a chinneann déantóir na cáise go bhfuil na gráinní grutha draenáilte go leordhóthanach.

5.

Tar éis céim teasa optamúil na draenála a shroicheadh, déantar an mhais cháise a eastóscadh agus a chlúdach i gceirteacha fabraice. Ní mór mais na cáise a chur isteach sna múnlaí sáilchruthacha a chuirtear os cionn a chéile agus a fháisctear ansin.

6.

Nuair a thiontaítear an cháis den chéad uair, ní mór lipéad cáiséine ar a bhfuil na saintréithe a léirítear in Airteagal 10 a chur uirthi. Bíonn cód aitheantais an rotha cáise agus an lógó lena sainaithnítear an táirge ar an lipéad cáiséine.

7.

Roimh an gcéim dheiridh fáiscthe, ní mór an stampa aitheantais a chur ar an gcáis i gcomhréir le hAirteagal 10. Bíonn uimhir an táirgeora, arna sannadh ag an Consorzio atá cumhachtaithe ag an Aireacht Beartais Talmhaíochta agus Foraoiseachta, ar an stampa.

8.

Leantar den chéim fáiscthe go dtí an chéad chéim eile den phróiseáil. Le linn na céime fáiscthe, ní mór na rothaí cáise a thiontú bunoscionn ionas go n-éascaítear draenáil na gcáiseanna.

9.

Laistigh de 24 uair an chloig ó chríochnú an fháiscthe, is féidir na cáiseanna a shailleadh ar feadh tréimhse uasta 12 uair an chloig trína gcur i ndabhcha ina bhfuil tuaslagán sáile.’

10.

Sula dtosaíonn an t-aibiúchán, d’fhéadfadh sé go rachadh an cháis trí thréimhse thriomúcháin a mhaireann 15 lá ar a mhéad. Ní chomhairtear an tréimhse sin mar chuid den tréimhse aibiúcháin (Airteagal 6).’

Cúis:

Rinneadh roinnt teorainneacha uimhriúla maidir le teocht agus ré oibríochtaí áirithe a bhaint ionas go ndéanfaí simpliú ar na hoibleagáidí atá ar tháirgeoirí agus ar gá don chomhlacht rialúcháin iad a sheiceáil. Ba é ba chúis leis an méid sin a bhaint nach raibh fadhbanna ann riamh, i gcaitheamh na mblianta, mar gheall air i ndáil le táirgeadh ‘Fontina’.

Os a choinne sin, tá an chéim thriomúcháin níos soiléire anois agus sonraíodh nach ceadmhach í a chomhaireamh mar chuid den tréimhse aibiúcháin.

Ní dhéanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.

10.   An modh táirgthe: Airteagal 7 den tsonraíocht táirge

Maidir le saoráidí aibiúcháin

Leagan roimhe seo:

‘-

teocht idir 5 agus 12 °C.’

Leagan nua:

‘-

teocht idir 4 agus 12 °C.’

Cúis:

I gcaitheamh na mblianta, tugadh cuid mhór cásanna neamhchomhlíontachta faoi deara agus iad nasctha le teochtaí a bhí rud beag faoi bhun na dteochtaí íosta.

Ó tharla nach ndéanann athruithe chomh mion sin difear diúltach do shaintréithe an táirge, cinneadh an teocht íosta aibiúcháin a ísliú beagáinín.

Ní dhéanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.

11.   Lipéadú: Airteagal 11 den tsonraíocht táirge

Leagan roimhe seo:

‘Nuair a dhíoltar an táirge ina gcodanna, ní mór an méid seo a leanas a bheith ar an lipéad:

lógó sainaitheanta an ATFC arna thaispeáint in Airteagal 13;

lógó an Chomhphobail;

na foclaíochtaí “Prodotto di montagna” agus “Produit de montagne” [táirge sléibhe].’

Leagan nua:

2.

Ní mór an méid seo a leanas a bheith sna gnéithe pacáistíochta maille le grafaicí (páipéar agus lipéid eile, crapchlúdach, priontaí scáileáin, páipéar beartán, etc.) a úsáidtear le haghaidh an táirge a mhargaítear mar rothaí iomlána nó ina gcodanna:

lógó an Chomhphobail;

na foclaíochtaí ‘Prodotto di montagna’ agus ‘Produit de montagne’ [táirge sléibhe];

lógó ATFC ‘Fontina’ mar a thuairiscítear thíos:

An lógó oifigiúil, a bhfuil tuairisc air in Airteagal 10, agus a fhianaíonn an chomhlíontacht i ndáil leis na gceanglais lena ndeonaítear an ceart chun an t-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint ATFC ‘Fontina’ a úsáid, rinneadh é a mhodhnú beagán ionas go mbeidh sé níos inléite fiú nuair atá sé priontáilte i méideanna níos lú, agus an fhaisnéis go léir ann agus, i gcás an fhocail ‘Fontina’, ina gcoimeádtar an cló céanna.

Íomhá 2

Maidir le priontáil, ba cheart úsáid a bhaint as dath atá i gcodarsnacht leis an gcúlra, á áirithiú, ar an dóigh sin, gur furasta é a léamh agus, ag an am céanna, na méideanna idir na gnéithe éagsúla á gcoinneáil ar bun.

I gcás rothaí cáise, ní ceadmhach gnéithe pacáistíochta a chlúdaíonn lógó ATFC ‘Fontina’ atá brandáilte ar an gcáis.

(a)

Maidir leis na gnéithe pacáistíochta a chuirtear ar thaobh cothrom na rothaí cáise, ní mor na lógónna seo a leanas a úsáid orthu mar aitheantóirí tráchtála agus ní mó iad a bheith i gcomhréir leis na paraiméadair ghrafacha a bhaineann le hatáirgeadh:

ATFC ‘Fontina’: ní mór an lógó clasaiceach glas a bheith ann ar chúlra bán.

Íomhá 3

ATFC ‘Fontina’ maille leis an bhfocal ‘alpeggio’ [féarach sléibhe]: ní mór an lógó bán a bheith ann ar chúlra glas agus, ag an am céanna, ní mór an dath agus na méideanna a léirítear a bheith ar an mbanda dearg agus ar an bhfoclaíocht i gcónaí.

Íomhá 4

ATFC ‘Fontina’ maille leis na focail ‘lunga stagionatura’ [aibiúchán fada]: ní mór an lógó bán a bheith ann ar chúlra dubh agus, ag an am céanna, ní mór an dath agus na méideanna a léirítear a bheith ar an mbanda órga agus ar an bhfoclaíocht i gcónaí.

Íomhá 5

(b)

I bhfianaise mhéid bheag na ngnéithe pacáistíochta ina bhfuil grafaicí a úsáidtear le haghaidh táirgí arb iad roinnteoirí údaraithe a dhéanann iad a phacáistiú, ní mór na lógónna simplithe seo a leanas a úsáid mar aitheantóirí tráchtála ar a lipéadú, agus dath a úsáid atá i gcodarsnacht leis an gcúlra, á áirithiú ar an dóigh sin go bhfuil sé éasca an t-ábhar a léamh agus, ag an am céanna, na méideanna coibhneasta idir na gnéithe éagsúla á gcoinneáil ar bun:

ATFC ‘Fontina’

Íomhá 6

ATFC ‘Fontina’ maille leis an bhfocal ‘alpeggio’

Íomhá 7

ATFC ‘Fontina’ maille leis na focail ‘lunga stagionatura’

Íomhá 8’

Cúis:

Cinneadh úsáid a bhaint as lipéid shoiléire uathúla chun na cineálacha éagsúla ‘Fontina’ a shainaithint agus, ar an dóigh sin, ligean do thomhaltóirí an táirge a aithint láithreach.

Déanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.

12.   Lipéadú: Airteagal 8 den tsonraíocht táirge

Cuireadh an méid seo a leanas le hAirteagal 8 den tsonraíocht táirge:

‘Is féidir an focal “alpeggio” [féarach sléibhe] a chur isteach i gcás cáiseanna arna dtáirgeadh i limistéir féaraigh sléibhe nach n-úsáideann ach bainne a fhaightear ó bha a bhlitear i limistéir den sórt sin;

Féadfar na focail “lunga stagionatura” [aibiúchán fada] a chur isteach i gcás cáiseanna atá aibithe ar feadh 180 lá ar a laghad;’

Cúis:

Bhíothas ag iarraidh próifíl na dtáirgí fadaibithe agus féaraigh sléibhe a ardú.

Ní dhéanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.

13.   Eile: Rinneadh mionsonraí faoin gcomhlacht rialúcháin a chur leis an tsonraíocht táirge

Cuireadh airteagal sonrach léi.

Is mar a leanas a léitear an t-airteagal nua:

‘Airteagal 12 (An comhlacht rialúcháin)

Déanann comhlacht údaraithe cur i bhfeidhm fhorálacha na sonraíochta táirge seo a fhormhaoirsiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. Is é an comhlacht rialúcháin sin CSQA Certificazioni, Via S. Gaetano, 74, Thiene (VI) 36016, Teil. +39 0445 313011 - Facs +39 0445 313070, ríomhphost: csqa@csqa.it

Ní dhéanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.

14.   Eile: Pacáistíocht: Airteagal 11 den tsonraíocht táirge agus pointe 3.5 den doiciméad aonair

Cuireadh an méid seo a leanas isteach ag deireadh Airteagal 11(1 den tsonraíocht táirge agus le pointe 3.6 den doiciméad aonair:

‘Chun saintréithe orgánaileipteacha an táirge a chaomhnú, ceadaítear glanadh éadrom a dhéanamh ar an gcraiceann (e.g. scrabhadh) tráth an phacáistithe (folúsphacáil nó pacáistíocht atmaisféir mhodhnaithe) ionas go ndéantar aon iarmhar tais a d’fhéadfadh a bheith foirmithe le linn an aibiúcháin a bhaint. Ní ceadmhach an oibríocht seo a bheith ina cúis le bac a chur ar shainaithint lógó ATFC “Fontina” atá ionphriontáilte ar na cáiseanna. Is féidir an craiceann a bhaint den táirge a mhargaítear ina shliseanna nó atá beartaithe le haghaidh cineálacha eile próiseála.’

Cúis:

D’éirigh an leasú seo as an ngá le ATFC ‘Fontina’ roinnte, agus a shaintréithe orgánaileipteacha arna gcaomhnú, a sholáthar do thomhaltóirí.

Sonraíodh freisin an tráth is féidir an craiceann a bhaint ionas gur fearr a shásófar éileamh an mhargaidh.

Déanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

‘Fontina’

Uimh. AE: PDO-IT-0008-AM01 - 23 Deireadh Fómhair 2024

ATFC (X) TGFC ( )

1.   Ainm (nó ainmneacha) [an ATFC nó an TGFC]

‘Fontina’

2.   Ballstát nó Tríú Tír

an Iodáil

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an táirge bia

3.1.   An Cód Ainmníochta Comhcheangailte

04 - TORTHAÍ DÉIRÍOCHTA UIBHEACHA ÉAN; MIL AICEANTA TÁIRGÍ INITE DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH, NACH BHFUIL SONRAITHE NÁ ÁIRITHE IN ÁIT EILE

0406 - CÁIS AGUS GRUTH

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Is éard is ‘Fontina’ ann cáis lingeach, bhog bhlasta a tháirgtear ó lánbhainne bó amh a fhaightear ó eallach Valdostana a bhfuil a aiste bia bunaithe ar fhoráiste a fhaightear sa limistéar tionscnaimh. Ní mór an cháis a aibiú ar feadh 80 lá ar a laghad. Is féidir ‘Fointina’ a mhargú ina rothaí iomlána, i ranna nó i bhfoirm shlisithe.

Ní mór na saintréithe seo a leanas a bheith ag ‘Fontina’:

‘a bheith sorcóireach, agus cruth leacaithe air de ghnáth, taobhanna cothroma a bheith air, sáil chuasach a bheith air ar dtús, rud nach bhfuil intugtha faoi deara i gcónaí tar éis an aibiúcháin;

‘méid: trastomhas ó 30 go 45 cm, airde ó 7 go 10 cm;

‘meáchan an rotha: idir 7.5 agus 12 kg;

‘cuma sheachtrach: tanaí, craiceann teann sa raon ó dhonn éadrom go donn dorcha ag brath ar dhálaí aibiúcháin agus ar ré an aibiúcháin, bog nó leathchrua de réir mar a éiríonn an cháis níos aibí,

dath an taois sa raon ó eabharbhán go dath buí na tuí lena ngabhann déine athraitheach;

·uigeacht an taois: lingeach agus mín, éagsúlacht inti de réir thréimhse an táirgthe, agus súilíní saintréitheacha ann i gcónaí;

·bíonn an cháis bog blasta agus bíonn blas sainiúil de chineál séimh mín uirthi, ar blas é a éiríonn níos láidre de réir mar a aibíonn an cháis;

·cion ard saothrán lachtach beo.

3.3.   Beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)

Ní mór aiste bia na mbó déiríochta a bheith i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:

foráiste: cóimheas dlúthbhia (F:C) ≥ 67:33;

ní mór 60 % ar a laghad den ábhar tirim san aiste bia a bheith táirgthe laistigh den limistéar geografach atá sainithe i bpointe 4.

Laistigh den limistéar geografach, atá suite go hiomlán ar chríoch shléibhe, níl sé indéanta go teicniúil an bheatha uile is gá a fháil chun aiste bia cheart agus chothrom a thabhairt d’eallach atá ag lachtadh (gránaigh agus ciondáil phróitéine le haghaidh eallaigh), rud a chiallaíonn go ndearnadh foráil maidir le céatadán den bheatha de thionscnamh an limistéir táirgthe a bheith níos lú ná 100 %.

Ós rud é go dtagann 60 % den bheatha ón limistéar geografach, áirithítear nach gcuirtear cáilíocht ná saintréithe an táirge i mbaol, ar nithe iad arb í an timpeallacht gheografach is cúis leo go bunúsach, ós rud é gurb é an farae triomaithe a tháirgtear sa limistéar geografach agus an féar a itear sa tréimhse innilte a thugann don bhainne agus, dá bhrí sin, don táirge na saintréithe uathúla atá inchurtha i leith an limistéir.

Ní mór gur gránaigh agus ciondáil phróitéine le haghaidh eallaigh go bunúsach atá sa bheatha chumaisc. Toirmisctear úsáid a bhaint as sadhlas féir, beatha choipthe nó beatha eile ag a bhfuil saintréithe nach bhfuil oiriúnach do tháirgeadh “Fontina” (e.g. min eastósctha agus min phróitéine de thionscnamh ainmhíoch, min agus olaí ainmhithe agus plandaí, síolta, fréamhacha, glasraí, torthaí, seachtháirgí tionsclaíocha, foinsí nítrigine, antaibheathaigh, hormóin agus/nó spreagthaigh, meáin choipthe, silice, tuí atá cóireáilte go ceimiceach, arán úr nó tirim).

1.

Ní mór an bainne a phróiseáiltear chun “Fontina” a tháirgeadh a bheith táirgthe in Valle d’Aosta agus ní mór na nithe seo a leanas a bheith i gceist:

tá sé amh;

is lánbhainne é;

fuarthas é ó aon bhleán amháin;

fuarthas é ó eallach de chuid phór Valdostana (Pezzata Rossa, Pezzata Nera, Castana) agus ó chrosphórtha eatarthu

Saothráin baictéar dúchasach aigéid lachtaigh (einsímí) a stóráiltear faoi fhreagracht Consorzio Produttori e Tutela della DOP Fontina, a scaoileann saor iad chuig gach táirgeoir ATFC “Fontina”, is iadsan amháin is féidir a chur leis an mbainne.’

3.4.   Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Ní mór go ndéantar na nithe seo a leanas sa limistéar geografach sainaitheanta: táirgeadh agus próiseáil an bhainne agus aibiú cháis ATFC ‘Fontina’.

3.5.   Rialacha sonracha maidir le sliseadh, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Is féidir ‘Fontina’ a mhargú ina rothaí iomlána, i gcodanna nó i bhfoirm shlisithe.

Ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí, agus d’fhonn barántúlacht cháis ATFC ‘Fontina’ atá réamhphacáistithe, ina codanna agus slisithe nuair a chuirtear ar an margadh í a ráthú, ní mór gur sa limistéar geografach sainaitheanta a tharlaíonn déanamh na gcodanna agus an pacáistiú ina dhiaidh sin.

Tá gá leis sin toisc go gcailltear na marcálacha lena sainaithnítear cáis iomlán ATFC ‘Fontina, nó nach mbíonn siad infheicthe, ar an gcáis atá ina codanna, rud a chiallaíonn nach mór tionscnamh an táirge réamhphacáistithe a ráthú.

Tá craiceann tais ag ‘Fontina’, agus tá leibhéal áirithe taise ann a bhaineann leis an taos, nithe a fhágann gur nósanna imeachta fíoríogaire iad stórasú, stóráil agus pacáistiú a bhíonn le déanamh laistigh d’amscála gearr, agus na dálaí timpeallachta idéalacha (teocht agus taise) á gcoinneáil ar bun agus aird ar leith á tabhairt ar an tslí ina láimhseálann oibrithe na rothaí. Fágann cur i gcrích mear na gcéimeanna éagsúla gur féidir íoslaghdú a dhéanamh ar an mbaol go bhforbróidh múscán ar an gcraiceann nó laistigh den cháis í féin. Is féidir le forbairt an mhúscáin agus, chomh maith leis sin, le dídhathú an chraicinn mar thoradh ar fhorbairt mícéiliamaí fungais, baint go héasca d’iomláine an chraicinn thanaí agus, ar an dóigh sin, difear dochrach a dhéanamh d’airíonna na cáise í féin, rud as a leanann dídhathú agus blas láidir neamhphléisiúrtha, ar saintréithe iad nach mbíonn dúil ag tomhaltóirí iontu. Chun saintréithe orgánaileipteacha an táirge a chaomhnú nuair a mhargaítear ina chodanna é, ceadaítear glanadh éadrom a dhéanamh ar an gcraiceann tráth an phacáistithe ionas go ndéantar aon iarmhar tais a bhféadfadh sé gur fhorbair sé le linn an aibiúcháin a bhaint. Ní ceadmhach an oibríocht seo a bheith ina cúis le bac a chur ar shainaithint lógó ATFC ‘Fontina’ atá ionphriontáilte ar na cáiseanna. Féadfar an craiceann a bhaint den táirge a mhargaítear ina shliseanna nó atá beartaithe le haghaidh cineálacha eile próiseála.

3.6.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Is éard atá i lógó ‘Fontina’, a ionphriontáiltear i ndúch ar na rothaí, ciorcal ar ina lár atá íomhá stílithe de shliabh os cionn an fhocail ‘FONTINA’. Tá an giorrúchán ‘D.O.P.’ faoi bhun an fhocail sin. [ATFC] laistigh d’éilips agus, ag an am céanna, tá na focail ‘ZONA DI PRODUZIONE - REGIONE AUTONOMA VALLE D’AOSTA’ [Limistéar táirgthe - Réigiún Féinrialaitheach Valle d’Aosta] ann ar thrastomhas an chiorcail.

Image 1

(Íomhá 1)

Ní mór an méid seo a leanas a bheith sna gnéithe pacáistíochta maille le grafaicí (páipéar agus lipéid eile, crapchlúdach, priontaí scáileáin, páipéar beartán, etc.) a úsáidtear le haghaidh an táirge a mhargaítear mar rothaí iomlána nó ina gcodanna:

lógó an Chomhphobail;

na foclaíochtaí ‘Prodotto di montagna’ agus ‘Produit de montagne’ [táirge sléibhe];

lógó ATFC ‘Fontina’.

An lógó oifigiúil a fhianaíonn an chomhlíontacht i ndáil leis na gceanglais lena ndeonaítear an ceart chun an t-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint ATFC ‘Fontina’ a úsáid, rinneadh é a mhodhnú beagán ionas go mbeidh sé níos inléite fiú nuair atá sé priontáilte i méideanna níos lú, agus an fhaisnéis go léir ann agus, i gcás an fhocail ‘Fontina’, ina gcoimeádtar an cló céanna.

Image 2

(Íomhá 2)

Maidir le priontáil, ba cheart úsáid a bhaint as dath atá i gcodarsnacht leis an gcúlra, á áirithiú, ar an dóigh sin, gur furasta é a léamh agus, ag an am céanna, na méideanna idir na gnéithe éagsúla á gcoinneáil ar bun.

I gcás rothaí cáise, ní ceadmhach gnéithe pacáistíochta a chlúdaíonn lógó ATFC ‘Fontina’ atá brandáilte ar an gcáis.

(a)

Maidir leis na gnéithe pacáistíochta a chuirtear ar thaobh cothrom na rothaí cáise, ní mor na lógónna seo a leanas a úsáid orthu mar aitheantóirí tráchtála agus ní mó iad a bheith i gcomhréir leis na paraiméadair ghrafacha a bhaineann le hatáirgeadh:

ATFC ‘Fontina’: ní mór an lógó clasaiceach glas a bheith ann ar chúlra bán.

Image 3

(Íomhá 3)

ATFC ‘Fontina’ maille leis an bhfocal ‘alpeggio’ [féarach sléibhe]: ní mór an lógó bán a bheith ann ar chúlra glas agus, ag an am céanna, ní mór an dath agus na méideanna a léirítear a bheith ar an mbanda dearg agus ar an bhfoclaíocht i gcónaí.

Image 4

(Íomhá 4)

ATFC ‘Fontina’ maille leis na focail ‘lunga stagionatura’ [aibiúchán fada]: ní mór an lógó bán a bheith ann ar chúlra dubh agus, ag an am céanna, ní mór an dath agus na méideanna a léirítear a bheith ar an mbanda órga agus ar an bhfoclaíocht i gcónaí.

Image 5

(Íomhá 5)

(b)

I bhfianaise mhéid bheag na ngnéithe pacáistíochta ina bhfuil grafaicí a úsáidtear le haghaidh táirgí arb iad roinnteoirí údaraithe a dhéanann iad a phacáistiú, ní mór na lógónna simplithe seo a leanas a úsáid mar aitheantóirí tráchtála ar a lipéadú, agus dath a úsáid atá i gcodarsnacht leis an gcúlra, á áirithiú ar an dóigh sin go bhfuil sé éasca an t-ábhar a léamh agus, ag an am céanna, na méideanna coibhneasta idir na gnéithe éagsúla á gcoinneáil ar bun:

ATFC ‘Fontina’

Image 6

(Íomhá 6)

ATFC ‘Fontina’ maille leis an bhfocal ‘alpeggio’

Image 7

(Íomhá 7)

ATFC ‘Fontina’ maille leis na focail ‘lunga stagionatura’

Image 8

(Íomhá 8)

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Is é an limistéar táirgthe, aibiúcháin agus roinnte le haghaidh cháis ‘Fontina’ críoch iomlán réigiún Valle d’Aosta.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Is é an timpeallacht gheografach óna dtionscnaíonn ‘Fontina’ agus ina dtáirgtear é timpeallacht uathúil sléibhe Valle d’Aosta, ar gleann Alpach é lena mbaineann aeráid shonrach, flora sonracha agus fauna sonracha. Déantar pór dúchasach eallaigh, an Valdostana, a thógáil sa réigiún seo. Tá trí shainghné ag an bpór sin; a mhoirfeolaíocht mheatánach dlúth a ligeann dó gluaiseacht chuig féaraigh shléibhe agus an foráiste atá ar fáil a ithe go díreach, a chumas leas a bhaint as an bhforáiste áitiúil féir agus an bainne idéalach a tháirgeadh le haghaidh táirgeadh traidisiúnta cáise. Dá bhrí sin, mar thoradh ar phór dúchasach an Valdostana, is féidir an féar – arb é acmhainn fhlúirseach an limistéir shléibhtiúil é – a chlaochlú ina tháirge bunaidh cáise. Feabhsaítear an t-idirspleáchas sin ó tharla go ndéanann an t-eallach innilt ar thalamh shléibhe sa samhradh agus ar thalamh féaraigh san fhómhar agus san earrach, agus iad ag ithe féar úr a thugann cáilíochtaí sonracha don amhábhar ar cáilíochtaí iad a léirítear go díreach i saintréithe na cáise. Is léiriú iad pór Valdostana agus cáis ‘Fontina’ ar an timpeallacht as ar eascair siad: maidir leis an ngaolmhaireacht idir na trí eilimint – timpeallacht, pór agus cáis – ní gaolmhaireacht ordlathach í ach gaolmhaireacht iomlánaíoch. Go deimhin, is caomhnóirí tábhachtacha comhshaoil iad pór Valdostana agus ‘Fontina’. Dá bhrí sin, is é is bonn le ‘Fontina’ a bheith ina ainmniúchán tionscnaimh comhdhéanamh luibheolaíoch na bhféarach agus na móinéar (atá ann mar thoradh ar aeráid thirim samhraidh an ghleanna Alpaigh seo) agus uathúlacht bhithcheimiceach an bhainne a fhaightear ó phór Valdostana.

Maidir le tosca daonna, agus de bhreis ar thábhacht stairiúil na cáise sa gheilleagar áitiúil, is ceart a lua go bhfuil na hoibríochtaí casta táirgthe agus aibiúcháin atá i gceist le haghaidh ‘Fontina’ bunaithe ar theicníochtaí traidisiúnta ceardaíochta déanta cáise: maidir le baictéir aigéid lachtaigh arna roghnú sa limistéar táirgthe a chur isteach, maidir le binid lao a chur isteach ag an teocht idéalach maidir le múnlú na rothaí agus maidir le tirimshailleadh, is teicníochtaí iad a tugadh anuas ar feadh na gcéadta bliain sa limistéar geografach sainaitheanta.

Is cáis leathchócaráilte í ‘Fontina’ atá bog blasta agus bíonn réimse dathanna uirthi ó eabharbhán go dath buí na tuí agus gabhann déine athraitheach léi.

Tagann athrú ar a blas saintréitheach, ar blas séimh agus mín é, i gcomhréir le roinnt tosca amhail, go háirithe, cibé acu féar nó farae tirim a fhaigheann an t-eallach mar bheatha, agus fad an aibiúcháin.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

https://www.politicheagricole.it/flex/files/1/0/c/D.92acd5c0c7d6b38f0830/Disciplinare__Fontina.pdf


(1)   IO L 179, 19.6.2014, lch. 17.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7111/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)