|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/7099 |
25.11.2024 |
FÓGRA FAOI IONSTRAIM NA GINÉIVE DE CHOMHAONTÚ LIOSPÓIN
Foilsiú na hiontrála sa Chlár Idirnáisiúnta um Ainmniúcháin Tionscnaimh agus um Thásca Geografacha ‘Gështenja e Malësisë së Madhe’ de bhun Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/1753
(C/2024/7099)
An 1 Samhain 2024, i gcomhréir le hAirteagal 6(4) d’Ionstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin (1), thug Biúró Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI) fógra don Aontas Eorpach faoin iontráil seo a leanas sa Chlár Idirnáisiúnta:
Ainm : ‘Gështenja e Malësisë së Madhe’
Cineál an táirge: Castán
Tír thionscnaimh: an Albáin
Lena fhoilsiú seo, tugtar an ceart cur i gcoinne chosaint an ainm laistigh de chríoch an Aontais, de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus ar an bhforas a leagtar amach ann. Féadfar cur i gcoinne a thaisceadh leis an gCoimisiún, laistigh de 4 mhí féilire ón lá atá inniu ann, ag:
AGRI-GEOGRAPHICAL-INDICATIONS@ec.europa.eu
Féadfar féachaint ar an bhfógra sa Chlár Idirnáisiúnta atá ag EDMI ag an nasc seo a leanas:
Gështenja e Malësisë së Madhe_WIPO_database
(1) Ionstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha, (IO L 271 an 24.10.2019, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2019/1754/oj).
(2) Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha, (IO L 271 an 24.10.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1753/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7099/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)