|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/7086 |
22.11.2024 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11697 – FORFARMERS / DLG / FORFARMERS TEAM AGRAR JV)
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2024/7086)
1.
An 13 Samhain 2024, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:
|
— |
ForFarmers N.V. (‘ForFarmers’, an Ísiltír), |
|
— |
team agrar GmbH (‘team agrar’, an Ghearmáin), faoi rialú DLG a.m.b.a. (‘DLG’, an Danmhairg), |
|
— |
ForFarmers team agrar GmbH (‘ForFarmers team agrar’ nó ‘an comhfhiontar’, an Ghearmáin), a bheidh faoi rialú ForFarmers agus team agrar. |
Gheobhaidh ForFarmers agus DLG rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar ForFarmers team agrar ina iomláine.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Is cuideachta beatha a fheidhmíonn go hidirnáisiúnta é ForFarmers agus tairgeann sé réitigh iomlána beatha le haghaidh feirmeoireacht bheostoic thraidisiúnta agus orgánach san Eoraip. |
|
— |
Is comharchumann Danmhargach é DLG atá gníomhach i réimsí an Bhia, an Fhuinnimh agus na Tithíochta, lena n-áirítear réitigh bheatha le haghaidh feirmeoireacht beostoic. |
3.
Is iad seo a leanas na gníomhaíochtaí gnó a bheidh ag ForFarmers team agrar (an comhfhiontar):|
— |
Táirgeadh agus soláthar beatha cumaisc ainmhithe agus beatha aonair/amhábhair aonair le haghaidh athchogantach, muca agus éanlaith chlóis agus seirbhísí trasloingsithe agus lóistíochta. |
4.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
5.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11697 – FORFARMERS / DLG / FORFARMERS TEAM AGRAR JV
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
Seoladh Ríomhphoist: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7086/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)