|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/7000 |
21.11.2024 |
Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 97(4), an chéad fomhír de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle in earnáil an fhíona
(C/2024/7000)
Laistigh de 3 mhí tar éis dháta an fhoilsithe seo, féadfaidh údaráis Bhallstáit nó údaráis tríú tír, nó duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige agus atá bunaithe nó a bhfuil cónaí air i dtríú tír, freasúra a thaisceadh leis an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).
DOICIMÉAD AONAIR
‘Río Negro’
PDO-ES-03003
Dáta an iarratais: 3.10.2023
1. Ainm le clárú
Río Negro
2. Cineál an táisc gheografaigh
ATFC – Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint
3. Catagóirí na dtáirgí fíniúna
|
1. |
Fíon |
4. Tuairisc ar an bhfíon (nó ar na fíonta)
Fíonta geala
Buí na tuí, agus imreacha óir á bhfáil le himeacht ama. Glé agus geal. Iad an-aramatach, bíonn príomh-dhea-bholaithe chun tosaigh agus ina theannta sin bíonn teirpéiní citris, bláthacha agus torthaíocha agus láithreacht shuntasach dea-bholaithe trópaiceacha agus úll. Cothrom sa bhéal le beagán aigéadachta agus iarbhlas searbh atá ina shaintréith díobh.
|
* |
Ní mór an neart alcóil iomlán uasta de réir toirte a bheith laistigh de na teorainneacha dlíthiúla a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha an Aontais. |
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte) |
|
|
Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte) |
12,00 |
|
Aigéadacht iomlán íosta |
4,50 gram in aghaidh an lítir arna sloinneadh mar aigéad tartarach |
|
Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
14,00 |
|
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir) |
180 |
Fíonta dearga
Dath dearg na silíní atá ina shaintréith díobh. Geal, dath idir meándéine agus ard-déine. Iad an-aramatach, bíonn príomh-dhea-bholaithe chun tosaigh agus ina theannta sin bíonn torthaí dearga úra (sútha talún, sútha craobh, cuiríní etc.) mar aon le blasanna bláthacha, spíosraithe, balsamacha, deataithe agus mianracha. Cothrom sa bhéal le beagán aigéadachta agus iarbhlas searbh atá ina shaintréith díobh.
|
* |
Ní mór an neart alcóil iomlán uasta de réir toirte a bheith laistigh de na teorainneacha dlíthiúla a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha an Aontais. |
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte) |
|
|
Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte) |
13,00 |
|
Aigéadacht iomlán íosta |
4,00 gram in aghaidh an lítir arna sloinneadh mar aigéad tartarach |
|
Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
20,00 |
|
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir) |
150 |
5. Cleachtais fhíoneolaíocha
a. Cleachtais fhíoneolaíocha fhíor-riachtanacha
Cleachtas saothraithe
Is é an dlús plandaithe íosta 2 500 planda in aghaidh an heicteáir. Níor cheart an líon plandaí in aghaidh an heicteáir a bheith níos mó ná 4 000.
Úsáidtear treilísiú sa chóras treoraithe chun gur féidir prúnáil ‘tródaim thríthoisigh’ a dhéanamh. Cineál prúnála a bhaineann go sonrach leis an limistéar, is éard atá i gceist leis na spoir a shuí ar an tródam ar fiar leis an bpríomhghéag.
Cleachtas fíoneolaíoch sonrach
Is í an uastáirgeacht 70 lítear d’fhíon dearg in aghaidh 100 cileagram fíonchaor.
I gcás fíonta geala, déantar na fíonchaora a dhíghasú agus téann an t-iomlán nó cuid díobh, 50 % ar a laghad, faoi thréimhse teagmhála craicinn roimh choipeadh. Déantar iad a bhrú agus a ghléghlanadh ansin trí shíothlú fuar. Tarlaíonn fíonóireacht ina dhiaidh sin ag teochtaí an-íseal, thart ar 15 °C.
Le haghaidh fíonta dearga, cuirtear gach fíonchaor, díghasaithe agus iomlán, in umair agus déantar maothú fuar roimh choipeadh orthu ar feadh tréimhse idir 3 agus 21 lá.
Ní mór na fíonta uile a chumhdaítear le ATFC ‘Río Negro’ a aosú agus a bhuidéalú sula gcuirtear ar an margadh iad. Is iad seo a leanas na híoscheanglais.
Fíon dearg: aosú íosta 11 mhí, nach mór 5 mhí díobh ar a laghad a bheith i soithí darach (cascaí nó bairillí de mhéideanna éagsúla) agus aosú i mbuidéil ar feadh 6 mhí eile ar a laghad ina dhiaidh sin.
Fíon geal ó fhíonchaora Gewürztraminer: aosú moirte, i soithí cruach dosmálta nó darach, ar feadh 3 mhí ar a laghad, agus 1 mhí amháin eile ar a laghad sa bhuidéal.
b. Uastáirgeacht
Cineálacha fíonchaor geal
|
|
9 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir |
|
|
63,00 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
|
|
Cineálacha dearga |
|
|
7 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir |
|
|
49,00 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
6. Limistéar geografach críochaithe
Baineann an limistéar geografach críochaithe le bardais Cogolludo, San Andrés agus Membrillera i gcúige Guadalajara. Áirítear ann na dáileachtaí seo a leanas ó Chóras Faisnéise Geografaí Dháileachtaí Talún na Spáinne (SIGPAC), a foilsíodh ar dháta chinneadh fabhrach an údaráis inniúil. Tá achar dromchla iomlán 472,80 heicteár tadhlach aige.
|
BARDAS |
POLÍGONO |
DÁILEACHT |
ACHAR DROMCHLA (ha) |
|
COGOLLUDO |
1 |
5138 |
22,45 |
|
COGOLLUDO |
1 |
5140 |
3,56 |
|
COGOLLUDO |
1 |
5141 |
156,15 |
|
COGOLLUDO |
1 |
5143 |
9,84 |
|
COGOLLUDO |
1 |
5144 |
3,35 |
|
COGOLLUDO |
1 |
5145 |
27,6 |
|
COGOLLUDO |
1 |
5160 |
7,09 |
|
COGOLLUDO |
1 |
5165 |
0,35 |
|
COGOLLUDO |
1 |
9002 |
3,47 |
|
COGOLLUDO |
1 |
9007 |
0,79 |
|
COGOLLUDO |
1 |
9008 |
5,59 |
|
COGOLLUDO |
2 |
5108 |
10,02 |
|
COGOLLUDO |
2 |
5109 |
39,27 |
|
COGOLLUDO |
2 |
5110 |
2,41 |
|
COGOLLUDO |
2 |
5135 |
8,28 |
|
COGOLLUDO |
2 |
5136 |
28,02 |
|
COGOLLUDO |
2 |
5137 |
2,03 |
|
COGOLLUDO |
2 |
5138 |
41,49 |
|
COGOLLUDO |
502 |
5789 |
2,43 |
|
MEMBRILLERA |
520 |
10001 |
50,67 |
|
MEMBRILLERA |
520 |
20001 |
29,1 |
|
MEMBRILLERA |
520 |
1 |
12,24 |
|
MEMBRILLERA |
519 |
1 |
3,06 |
|
SAN ANDRES |
504 |
2 |
0,71 |
|
SAN ANDRES |
504 |
3 |
1,04 |
|
SAN ANDRES |
504 |
4 |
0,46 |
|
SAN ANDRES |
504 |
5 |
0,29 |
|
SAN ANDRES |
504 |
6 |
0,23 |
|
SAN ANDRES |
504 |
7 |
0,15 |
|
SAN ANDRES |
504 |
8 |
0,23 |
|
SAN ANDRES |
504 |
9 |
0,29 |
|
SAN ANDRES |
504 |
10 |
0,14 |
|
IOMLÁN (ha) |
|
472,8 |
|
7. Príomhchineál / príomhchineálacha fíonchaor
|
|
Cabernet sauvignon |
|
|
Gewürztraminer |
|
|
Merlot |
|
|
Syrah |
|
|
Tempranillo |
|
|
Tinto fragoso |
8. Tuairisc ar an nasc (nó ar na naisc)
8.1. Mionsonraí an limistéir gheografaigh (tosca nádúrtha agus daonna).
Ithreacha
Tá limistéar ‘Río Negro’ déanta as ardchlár atá ag ardú go géar agus atá suite idir 940 agus 1 000 méadar ar airde. Tá na hithreacha aigéadach, níl mórán cailciam ná maignéisiam iontu, níl mórán ábhar orgánach iontu agus tá cion cré réasúnta ard iontu. Tugann an cion riandúile saintréith ar leith do na hithreacha: Tá siad ar bheagán strointiam agus ar mhórán rubaidiam agus bairiam.
Le tuiscint thraidisiúnta ar an ithir is féidir í a fheiceáil mar iarmhairt ar an aeráid agus ar neacha beo ag idirghníomhú mar oibreáin ghníomhacha, leis an gcineál carraige agus tírdhreacha mar oibreáin éighníomhacha. Ciallaíonn sé sin gur fearr is féidir tuairisc a thabhairt ar uathúlacht ‘Río Negro’ lena fhoraoisí féin, arb iad coillearnacha péine, aitil agus speiceas darach is saintréith dóibh, agus scrobarnaigh ina bhfásann cineálacha plandaí aramatacha go flúirseach.
Is féidir a rá gur agrai-éiceachóras é ‘Río Negro’ atá cumraithe go speisialta le haghaidh saothrú fíniúnacha agus a bhfuil roinnt tosca aibitheacha agus bitheacha mar shaintréith aige. I measc na dtosca aibitheacha tá airde, treoshuíomh agus claonadh. Sainmhínítear an limistéar le córas d’ailteanna doimhne, lena ndeighltear go fisiciúil é ón gcuid eile den chríoch. Bíonn tionchar díreach ag na tosca aibitheacha sin freisin ar an miocraeráid agus bíonn iarmhairtí bunúsacha acu amhail easpa seaca, báistí, gaoithe, rith chun srutha agus creimthe. Áirítear leis na tosca bitheacha na fíniúnacha féin agus na speicis foraoiseachta atá an-ghar dóibh.
An aeráid
Tá gnéithe ilchríochacha agus Meánmhara ag an aeráid. Tá raon mór laethúil ann mar gheall ar an dlús aeir níos ísle agus an iarmhairt ceaptha teasa laghdaithe mar gheall ar airde. Le linn na tréimhse aibithe, is minic a bhíonn na difríochtaí teochta idir lá agus oíche níos mó ná 20 oC.
Dealaítear ardchlár ‘Río Negro’ freisin mar gheall ar na dálaí a sholáthraíonn cosaint nádúrtha do na fíonghoirt ón sioc trom a dhéanann dochar do na limistéir máguaird. Is gnách go sleamhnaíonn an t-aer fuar níos troime síos na hailteanna a chruthaíonn an t-ardchlár go dtí na ceantair chomharsanacha íochtaracha. Ina theannta sin, de réir mar a ardaíonn siad go tapa chuig an ardchlár, comhdhlúthaíonn na sraitheanna aeir, lena gcruthaítear gaoth láidir. Feidhmíonn sé sin ar nós muileann gaoithe nádúrtha, a chuireann cosc le sioc radaíochta agus, dá bhrí sin, damáiste do na fíonchaora agus a gcáilíocht.
Rinneadh sraith cleachtas fáis ársa ar an agrai-éiceachóras seo, a d’athraigh agus a d’oiriúnaigh dálaí nádúrtha an limistéir seo de réir a chéile. Is limistéar é atá tiomnaithe do shaothrú fíonghort, murab ionann agus na limistéir chomharsanacha a bhí tiomnaithe go traidisiúnta d’fhás gránach. Áirítear na nithe seo a leanas leis na tosca suntasacha: na hábhair aolta a d’athraigh comhdhéanamh ceimiceach na hithreach de réir a chéile sa limistéar sonrach sin; cion íseal an ábhair orgánaigh i gcomparáid le limistéir chomharsanacha; agus coinneáil na gcloch toisc go ndéanann siad tairbhe do na fíniúnacha, cé gur baineadh iad as talamh arúil atá tiomnaithe d’fhás gránach.
Is cineál dúchasach fíniúna é Tinto Fragoso de chuid Cogolludo. Is cineál traidisiúnta é nach bhfuarthas aon áit eile ar domhan, agus faoi láthair is é ‘Río Negro’ an t-aon fhíon amháin a dhéantar as an bhfíonchaor sin atá ar fáil le ceannach. Is cruthúnas dobhréagnaithe é cineál áitiúil a bheith ann ar thábhacht an fhíonsaothraithe do mhuintir an limistéir sin ó thús ama. Mínítear ann freisin an gá atá leis na cleachtais fáis agus na cineálacha fíonchaor atá in úsáid a oiriúnú do na dálaí aeráide agus ithreach ar leith, atá an-difriúil le fíonghoirt eile sa limistéar máguaird.
8.2. Faisnéis maidir le cáilíocht nó saintréithe an fhíona atá ann de bharr na timpeallachta geografaí go bunúsach nó go heisiach
Saintréithe sonracha an fhíona a bhaineann leis an timpeallacht gheografach:
|
— |
Fíonta ag a bhfuil aigéadacht nádúrtha ard. |
|
— |
Tiúchan d’iain chailciam atá níos airde ná mar is gnách. |
|
— |
Ardleibhéal antóiciaininí iomlána. |
|
— |
Fíonta a bhfuil aigéadacht bheag agus iarbhlas searbh a bhaineann go sonrach leo acu nuair a bhlaistear iad. |
|
— |
Fíonta dearga a bhfuil dath caordhearg orthu, fiú nuair a aosaítear iad, agus déine datha idir meánach agus ard. |
|
— |
Fíonta a oireann go nádúrtha don aosú, cion meatocsaifeanóil níos mó. Tugann na comhdhúile sin blasanna spíosraithe agus deataithe do na fíonta, agus tagann siad as an gcleachtas tréimhse aosaithe níos faide a bheith acu. |
|
— |
Tugann an leibhéal ard teirpéine déine aramatach mhór agus tipiciúlacht ag a bhfuil blasanna bláthacha agus trópaiceacha speisialta. |
8.3. Nasc idir saintréithe an limistéir gheografaigh agus cáilíocht an fhíona
Tá a saintréithe ag na fíonta a dhéantar i limistéar ‘Río Negro’ mar gheall ar dhálaí nádúrtha eisceachtúla an iniaimh shléibhtiúil seo, chomh maith le hidirghníomhaíocht dhaonna. Leis na céadta bliain, bhí ar dhaoine cineálacha a roghnú, cleachtais fáis agus stíleanna fíonóireachta a oiriúnú do na dálaí sin, ar dálaí uathúla iad i ndáil leis an ithir agus leis an aeráid araon.
Cuidíonn pH íseal agus aigéadacht ard na n-ithreacha sa limistéar seo le haigéadacht nádúrtha na bhfíonta a mhéadú. Tugann siad blas searbhais, rud a chruthaíonn tipiciúlacht agus a thugann fad níos mó do na fíonta.
Eascraíonn an t-ardleibhéal cailciam sna fíonta as an idirghníomhaíocht chasta idir eilimintí san ithir. Is é an ceann is tábhachtaí de na hidirghníomhaíochtaí sin an fhéidearthacht ionadú a dhéanamh idir strointiam agus cailciam, mar aon le comhdhéanamh ar leith na n-ithreacha ‘Río Negro’. Is saintréithe díobh sin leibhéil cailciam a bhfuil níos ísle ná mar is gnách, rud a fhágann gur gá ábhair aolta a chur leo go tráthrialta, rud a fhritháiríonn saintréith aigéadach na n-ithreacha go páirteach. Tá leibhéil strointiam níos ísle fós ag na hithreacha, rud a chuireann ar chumas na bplandaí cailciam a ionsú ar bhealach níos éasca mar gheall ar easpa iomaíochta.
Tá éifeacht shuntasach ag an aeráid a thagann as an airde shuntasach ar shaintréithe fhíonta ‘Río Negro’. Tagann aibiú níos moille agus níos cothroime as an teocht níos séimhe i rith an lae. Cuidíonn sé sin leis an aigéadacht a chaomhnú, trí charnadh siúcra a mhoilliú, rud a ligeann do na craicne aibiú go hiomlán agus is féidir cainníocht níos mó comhdhúile úsáideacha a fhoirmiú dá bharr. Áirítear i gcomhdhúile den sórt sin leibhéal antóiciaininí atá thar a bheith ard, go háirithe an cineál nach gcailleann a ndath agus a thugann dath níos deirge don fhíon mar gheall ar a ndíghrádú mall; agus tainnin freisin a pholaiméiríonn go héasca agus atá milis go nádúrtha, mar gheall ar a haibiú fada, a sholáthraíonn toirt agus struchtúr. Tá baint ag an mbáisteach níos airde freisin, go háirithe na stoirmeacha a tharlaíonn ó lár mhí Lúnasa, le teochtaí i rith an lae a dhéanamh i bhfad níos úire agus níos séimhe le linn na tréimhse aibithe. Ina theannta sin, maolaíonn an bháisteach an t-imghalú ón bhfíniúin, rud a fhágann gur féidir aigéadacht níos mó a choinneáil, lena dtugtar cothromaíocht agus fad saoil don fhíon.
Tá radaíocht na gréine i bhfad níos déine ná i gceantair chomharsanacha. Fágtar leis sin go bhforbraíonn na fíonchaora craiceann níos tibhe, mar bheart cosanta, rud a tháirgeann déine aramatach níos mó agus a chuireann le tiúchan ard polaifeanól agus antóiciaininí.
Tá fíonta ‘Río Negro’ oiriúnach go nádúrtha don aosú, rud a raibh tionchar aige, ón tús, ar an modh táirgthe ar leith. Saintréith de sin is ea tréimhsí fada aosaithe, rud a thugann cion meatocsaifeanóil níos airde do na fíonta. Tugann na comhdhúile sin blasanna spíosraithe agus deataithe do na fíonta, agus tagann siad as an gcleachtas tréimhse aosaithe níos faide a bheith acu.
Cuidíonn na foraoisí flúirseacha atá thart timpeall ar fhíonghoirt ‘Río Negro’ freisin le leibhéal na dteirpéiní sna fíonta a ardú, agus dá bhrí sin a ndéine aramatach agus a dtipiciúlacht. Is amhlaidh atá toisc gur meitibilítí de na blátholaí de speicis gan áireamh de phlandaí aramatacha agus foraoise iad na haonteirpéiní. Téann na comhdhúile sin isteach san ithir trí dhianscaoileadh na nduilleog marbh, nó eisiatar iad ó fhréamhacha nó tagann siad mar shubstaintí so-ghalaithe ó chodanna aeir na bplandaí.
8.4. Réasúnaíocht le coinníollacha iarratasóra aonair
Tá saintréithe ag an limistéar geografach críochaithe atá an-difriúil leo siúd i limistéir chomharsanacha, mar a léirítear ag staidéar ag Ardscoil Theicniúil na n-Innealtóirí Talmhaíochta in Ollscoil Castile-La Mancha ar an aonad críche a chruthódh ainmniúchán tionscnaimh féideartha: ‘Río Negro’.
Léirítear sa staidéar sin go bhfuil ithreacha an ardchláir ar a bhfuil Río Negro lonnaithe éagsúil leis na hithreacha i limistéir chomharsanacha mar gheall ar a n-aigéadacht, a gcion íseal cailciam, a gcion cré réasúnta ard agus cineál a gcion riandúile ar leith: Tá siad ar bheagán strointiam agus ar mhórán rubaidiam agus bairiam. Is ithreacha ardfhorbartha iad sin, go minic le clúdach dromchla gairbhéil agus bailithe cré sna léaslínte ithreach fodhromchla, chomh maith le sáithiú agus leithscaradh iarainn agus mangainéise. Tugann deighilt ocsaídí iarainn sna léaslínte fodhromchla meascán dathanna do na hithreacha, meascán a bhaineann go sonrach leo. Go deimhin, uaireanta múnlaíonn próisis bhréag-ghléirthe forbairt na n-ithreacha sin agus déanann na próisis sin difear do na hithreacha mar gheall ar sháithiú sealadach. Is féidir é sin a fheiceáil i ndath na n-ábhar ithreach, i láithreacht mianraí cré agus i gcarnadh ocsaídí.
Cé go n-áirítear an limistéar geografach críochaithe laistigh de theorainneacha TGFC ‘Castilla’, tá saintréithe an-difriúil ag a fhíonta.
PARAIMÉADAR:
TGFC CASTILLA / ATFC RÍO NEGRO
Neart alcóil iarbhír íosta:
Fíonta geala 9 % / 12 %
Fíonta dearga 10 % / 13 %
Aigéadacht iomlán íosta, fíonta geala:
4 g/l / 4,5 g/l
pH uasta:
------- / 4
Cion íosta cailciam:
------- / 25 mg/l.
Antóiciaininí iomlána íosta i bhfíonta dearga:
------ / 250 mg/l.
Uastáirgeacht in aghaidh an heicteáir:
|
≤ 16 000 kg/ha |
≤9 000 kg/ha (fíonta geala) |
|
|
≤ 7 000 kg/ha (fíonta dearga) |
|
≤ 112 hl/ha |
≤ 63 hl/ha (fíonta geala) |
|
|
≤ 49 hl/ha (fíonta dearga) |
Is iarratasóir aonair atá ag déanamh an iarratais ar ATFC ‘Río Negro’ toisc go gcomhlíontar na coinníollacha le haghaidh an mhaolaithe a bhunaítear in Airteagal 95 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.
Is éard atá sa duine atá i gceist an t-aon táirgeoir sa limistéar geografach críochaithe. Níl ach aon saothraí fíniúna amháin (arb é an déantóir fíona é freisin) laistigh den limistéar críochaithe dá dtugtar tuairisc i roinn 4. Níl aon saothróir fíona ná déantóirí fíona eile, mar sin níl aon fhéidearthacht go mbeadh rannpháirtithe eile páirteach sa tionscadal faoi láthair. Féadfaidh táirgeoirí eile an t-ainm cláraithe a úsáid amach anseo, áfach, má bhunaíonn siad iad féin sa limistéar geografach sainithe, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach sa tsonraíocht táirge.
9. Coinníollacha fíor-riachtanacha breise
Creat dlíthiúil:
Sa reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise:
Pacáistiú laistigh den limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Déanfar na fíonta a bhuidéalú sna fíonlanna atá suite sa limistéar táirgthe mar go ndéantar an dara céim den fhíon a aosú i mbuidéil. Tarlaíonn próiseas laghdaithe sa tréimhse seo, rud a fheabhsaíonn cáilíocht na bhfíonta agus a chomhlánaíonn a mblas. Bíonn siad réidh le caitheamh nuair a bhíonn na tréithe orgánaileipteacha iontu a leagtar amach sna sonraíochtaí le haghaidh gach cineáil fíona.
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
(1) Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11.4.2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7000/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)