|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/6996 |
19.11.2024 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11481 – SYNOPSYS / ANSYS)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2024/6996)
1.
An 11 Samhain 2024 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
Synopsys, Inc. (‘Synopsys’, Stáit Aontaithe Mheiriceá), |
|
— |
Ansys, Inc. (‘Ansys’’, Stáit Aontaithe Mheiriceá). |
Gheobhaidh Synopsys rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar Ansys ina iomláine.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Is soláthraí domhanda bogearraí, uirlisí agus seirbhísí uathoibrithe dearaidh leictreonaigh agus táirgí agus seirbhísí maoine intleachtúla leathsheoltóra é Synopsys. |
|
— |
Is soláthraí domhanda bogearraí agus seirbhísí insamhalta innealtóireachta é Ansys, a sholáthraíonn raon leathan réitigh insamhalta lena ndéantar táirgí agus próisis a dhearadh, a thástáil agus a bharrfheabhsú ar fud tionscail éagsúla. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11481 – SYNOPSYS / ANSYS
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6996/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)