|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/6954 |
14.11.2024 |
Iarraidh ar Thuairim Chomhairleach ó Chúirt CSTE arna cur isteach ag Cúirt Achomhairc Borgarting dar dáta an 8 Bealtaine 2024 i gcás Friends of the Earth Norway agus Young Friends of the Earth Norway v Rialtas na hIorua, arna ionadú ag an Aireacht Aeráide agus Comhshaoil agus ag an Aireacht Trádála, Tionscail agus Iascaigh
(Cás E-13/24)
(C/2024/6954)
Rinneadh iarraidh chuig Cúirt CSTE dar dáta an 8 Bealtaine 2024, iarraidh a tháinig ó Chúirt Achomhairc Borgarting (Borgarting lagmannsrett), a fuarthas i gClárlann na Cúirte an 23 Bealtaine 2024, ar Thuairim Chomhairleach i gcás Friends of the Earth Norway agus Young Friends of the Earth Norway v Rialtas na hIorua, arna ionadú ag an Aireacht Aeráide agus Comhshaoil (Klima-og miljødepartementet) agus ag an Aireacht Trádála, Tionscail agus Iascaigh (Nærings- og fiskeridepartemented), maidir leis na ceisteanna seo a leanas:
1.
Cad é an tástáil dlí a úsáidtear chun a chinneadh an ann do ‘leas poiblí sáraitheach’ de réir bhrí Airteagal 4(7)(c) de Threoir 2000/60/CE (1)?|
a. |
An bhfuil ceannasacht cáilithe leasa ag teastáil agus/nó an iad leasanna poiblí lena mbaineann tábhacht ar leith amháin atá ábhartha? |
|
b. |
Cad iad na príomhthosca a bheidh ann maidir le measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na leasanna poiblí a thugann údar leis an mbeart ‘sáraitheach’? |
2.
An féidir na breithnithe eacnamaíocha seo a leanas a bheith ina ‘leas poiblí sáraitheach’ faoi Airteagal 4(7)(c) de Threoir 2000/60/CE, agus más féidir, cad iad na coinníollacha faoina bhféadfaidh siad bheith amhlaidh?|
a. |
Breithnithe atá ina mbreithnithe eacnamaíocha amháin (i.e. an t-ollioncam ionchasach a ghintear ag na hoibríochtaí mianadóireachta atá beartaithe) |
|
b. |
Go nginfidh gnóthas príobháideach ioncam do scairshealbhóirí |
|
c. |
Go nginfidh gnóthas príobháideach ioncam cánach don stát agus don bhardas |
|
d. |
Go gcuirfidh gnóthas príobháideach ioncam pá ar fáil d’fhostaithe |
3.
An féidir na breithnithe eacnamaíocha seo a leanas a bheith ina ‘leas poiblí sáraitheach’ faoi Airteagal 4(7)(c) de Threoir 2000/60/CE, agus más féidir, cad iad na coinníollacha faoina bhféadfaidh siad bheith amhlaidh?|
a. |
Go nginfidh gnóthas príobháideach éifeachtaí fostaíochta (méadú ar ghníomhaíocht gnó áitiúil, ar fhostaíocht agus ar lonnaíocht) |
|
b. |
Soláthar domhanda rúitíle |
|
c. |
Rochtain na hIorua agus na hEorpa ar mhianraí criticiúla a áirithiú |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6954/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)